Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
Scaoileadh amach ar bannaí é he was let out on bail
" Scaoileadh amach ar bannaí é le haghaidh scrúdú leighis agus sin an dóigh ar chas mé féin air.
Bím ag iarraidh an t-amhrán a scaoileadh amach. I'm trying to let the song come out.
" AÓF: Nuair a bhíonn tú ag canadh céard leis a mbíonn tú ag éisteacht, taobh istigh de d'intinn féin? ENíC: Bím ag iarraidh an t-amhrán a scaoileadh amach.
scaoiltear amach an carbón the carbon is released
" Nuair a dhóitear peitreal, díosal nó breosla eile, scaoiltear amach an carbón a gabhadh agus an breosla á chruthú (ar feadh tréimhse milliún bliain i gcás na hola).
ag scaoileadh amach letting out
" "Is cuid den chultúr é"; "Níor gortaíodh éinne"; "Ní raibh ann ach fir óga ag scaoileadh amach a gcuid teannais".
scaoilfear amach shall be let out
" B’fhéidir go ngearrfar tréimhse ghairid air agus go scaoilfear amach go ciúin é i gceann cúpla bliain, nó b’fhéidir go ndéanfar sampla de agus go gcaithfidh sé an chuid eile dá shaol leis an bpláta beag.
Scaoil Amach an Bobailín let it rip
" html) Bhí mé le Raidió na hAoise ar feadh bliana agus bhog mé go RTÉ, ag obair ar Scaoil Amach an Bobailín le SBB agus Bláthnaid Ní Chofaigh, Michael Davitt agus Art Ó Briain.
lena racht a scaoileadh amach to release his exasperation
" An áit a bhfuil an dá phobal, muintir na hÉireann agus muintir na Polainne an-éagosúil lena chéile ina ndearcadh, dar le lánúin an scéil, is é go n-iompaíonn an tÉireannach ar a acmhainn grinn i ndeireadh báire lena racht a scaoileadh amach trí mhagadh faoi lucht pholaitíochta, lucht údaráis srl.
Scaoileadh an bobailín amach the top couldn’t be kept on the bottle
" Scaoileadh an bobailín amach, áfach.
Scaoil an Foras an ghaoth amach as an iris sin the F. let the wind out of that journal’s sails
" Scaoil an Foras an ghaoth amach as an iris sin chomh maith, cé go raibh díolaíocht 2,000 in aghaidh an eagráin ag an iris, níos mó ná Comhar agus Feasta agus an tUltach curtha le chéile.
Is iomaí ainmhí coimhthíoch atá scaoilte amach many an animal has been set free
" Is iomaí ainmhí coimhthíoch atá scaoilte amach san Astráil ó theacht an chine dhaonna agus atá ina n-anachain don chomhshaol, mar a míníodh in Eagrán 98, Meitheamh 2009, den iris seo.