Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
scaoilteacht mhorálta moral looseness
" pluais urchóide! Brocais bhrocach cháidheach! Caithfidh reachtaire na háite sin an tsíoraíocht ag stócáil thinte Ifrinn as scaoilteacht mhorálta an choláiste sin.
an scaoilteacht seo this looseness
" ” **Easpa Rialacháin**Ach is é an scaoilteacht seo agus an easpa rialacháin seo a thugann tábhacht agus ardán do na meáin úra.
scaoilteacht foirme freedom of form
" Baineann scaoilteacht foirme agus ábhair le traidisiún na nuafhilíochta dár ndóigh agus feictear an oscailteacht i dtaobh cúrsaí grá iontu.
scaoilteacht na ngréasán shóisialta the social networks' loose-tongue
" Ach ar ndóigh, tá difir lá agus oíche idir na meáin a fheidhmíonn ar bonn dleathach agus eiticiúil agus scaoilteacht na ngréasán shóisialta, inar féidir le duine ar bith (faoi sciath na díth ainm, nó ainm cleite) rud ar bith ar chor ar bith a rá faoi dhuine eile, beag beann ar an fhírinne.
scaoilteacht an idirlín the internet freedom
" Tugann scaoilteacht an idirlín ardán d’achan chineál cancráin a bheith ag caitheamh anuas ar dhaoine eile faoi sciath na ganfhiosaíochta.
is léir go mbíonn scaoilteacht áirithe it’s obvious that there’s a certain amount of freedom
" Má shamhlaímid cluiche le gort na polaitíochta is léir go mbíonn scaoilteacht áirithe i gceist leis na rialacha a bhíonn i dtreis sa gcluiche áirithe seo.