Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
scata maith daoine a good number of people
"scata maith daoine sa gceantar ag coinneáil orthu ag iascaireacht i gcónaí, ach tá tuilleadh forbartha ag teastáil ar an obair sin.
scata naomh a crowd of saints
" (Admhaím, ar ndóigh, gur mó go mór an dochar a dhéanann iascairí na Spáinne, ach ní scata naomh iad iascairí na hÉireann.
scata imreoirí a crowd of players
" Tá súil agam nach bhfeicfimid scata imreoirí díbeartha go dtí an taobhlíne agus iad ag teacht is ag imeacht den pháirc go rialta i rith an chluiche.
scata leaideanna a crowd of lads
" Gluais • Glossary athinsintretelling ar dhlúthchuid de theagasc na Súifeach iad tráthwhich were once an integral part of the Sufis' teachings an iomarca tráchtatoo much traffic ar bíson tenterhooks sceitimínírapturous excitement ar leathadhwide open as mo shlíout of my way a stumpa amadáinyou out-and-out fool ar iasachton loan is baolachI'm afraid ag grágaílbraying go frascopiously thar fóirover the top taibhreamhdream brímeaning i do dhúiseachtawake cóisirparty scata leaideannaa crowd of lads óinseachfoolish woman ag tagairt domsareferring to me stuaicsullen appearance ní nach ionadhnot surprisingly truapity murach na mnáif it wasn't for the women Sall leis.
scata beag inimirceach a small number of immigrants
" Níl ach scata beag inimirceach i mBéal Feirste, ach tá níos mó ann ná mar a bhí.
ag breith ar an liathróid i lár scata imreoirí eile catching the ball in the middle of a crowd of other players
" Is cinnte go mairfidh a chuimhne agus a cháil go ceann i bhfad i measc na ndaoine a chonaic é ag léim go hard san aer agus ag breith ar an liathróid i lár scata imreoirí eile.
scata crowd
" Daoine as Conamara ======= Ag an am a thosaigh mé a fhoghlaim na Gaeilge bhí scata beag Gaeilgeoirí ó Chonamara ina gcónaí agus ag obair anseo.
scata leaideanna óga a crowd of young lads
" Taca an ama a thosaigh mé féin ag imirt leis na daoine fásta i gCumann Báire Chaoimhín, bhíomar i Roinn C den tSraith Shóisearach, agus cé nach raibh caighdeán iománaíochta an-ard againn, bhí scata leaideanna óga ag teacht chun cinn le chéile.
Scata oilithreach ag glacadh sosa ann. A crowd of pilgrims having a rest there.
" Scata oilithreach ag glacadh sosa ann.
thagadh scata mór daoine le chéile a big crowd of people used to gather at Blairgowrie
" Gach samhradh, thagadh scata mór daoine le chéile ag Blàr Gobharaidh le sméara a bhaint – saothraítear sútha craobh agus sútha talún agus torthaí eile sa cheantar sin – agus an-deis a bhíodh ann le céilithe a chur ar siúl agus ceol a sheinm.
scata seanbhan a crowd of old women
" Chonaiceamar scata seanbhan ag imirt chártaí, agus cúpla seanfhear ag bord snúcair sa tolglann.
scata gasúr a group of youngsters
" Cé go mba laoch mór na hiomána é ar feadh a shaoil ar fad beagnach, ba thábhachtaí leis scata gasúr a thraenáil maidin fhuar sa gheimhreadh ná comhluadar is spraoi.
scata beag a small group
" Leagan Meiriceánach is ea Scéim Ponzi de Scéim an Phirimid, ina gcuireann scata beag airgead isteach i rud, nach ann dó i ndáiríre, agus a fhaigheann airgead mór ar ais as.
scata some
" I bhfad amach ar eite dheis an Pháirtí, ámh, tá scata mionghrúpaí ag aontú in aghaidh rialtais Obama agus ceist mhór amháin á dtarraingt le chéile: ról an rialtais i saol na tíre.
scata a group
" Is dócha gurb í an phríomhcheist atá le cur agus muid ag iarraidh meabhair a bhaint as an gceapachán mar sin, an cúis sách maith tóir an phobail a bheith ar dhuine leis an duine céanna a roghnú i gcomhair post fíordhúshlánach? Ní foláir a chur sa mheá freisin gur fear é Maradona – bíodh go bhfuil sé ag teannadh le leathchéad bliain d’aois – a bhfuil go leor fadhbanna domhainfhréamhaithe dá chuid féin aige, ní áirím an cúram a bheith air faire amach do scata imreoirí éilitheacha, cuid acu an-teasaí ina mbealach féin.
scata group
" An scata nár thuig, mhínigh mé gur Mulrines a bhí uaim.
scata a few, gathering
" D'fhoghlaimíomar as na cinn atá foilsithe go dtí seo go raibh Aire Dlí agus Cirt na hÉireann féin amhrasach faoi eitiltí seachadadh urghnách tríd an tSionainn, go raibh an Vatacáin maslaithe ag iarratas na hÉireann eolas a fháil mar gheall ar shagairt phéidifileacha, agus nár chreid foireann taidhleoireachta Mheiriceánach i mBaile Átha Cliath an míniúchán a thug an Roinn Airgeadais dóibh faoi ráthaíocht na mbanc – agus níl iontu sin ach scata cáblaí a bhaineann le hÉirinn.
scata a group
" Gaoth Dobhair ======= Tionscadal eile a tharraing m’aird ó thaobh na gcluichí Gaelacha de ná ceann a rinne scata buachaillí as Pobalscoil Ghaoth Dobhair ar mhinicíocht an drochíde béil móide an droch-chaint a thugann imreoirí d’oifigigh an CLG i gcodarsnacht leis an iompar i gcás imreoirí rugbaí.
scata d’ógánaigh áitiúla a group of local youngsters
" Cuireadh bia traidisiúnta an réigiúin ar fáil taobh leis an mbia idirnáisiúnta agus rinne scata d’ógánaigh áitiúla taispeántas damhsa agus amhránaíochta.
scata ban a group of women
" Sa scannán seo, titeann scata ban ‘i ngrá’ (agus ‘as grá’) le fir éagsúla i gceantar turasóireachta Baltimore.
scata group
" Ní luaitear, áfach, gur ghlac scata Giúdach na hEigipte páirt san eachtra spiaireachta agus sceimhlitheoireachta Iosraelach ar a dtugtar Teagmhas Lavon trí bliain roimhe sin.
Scata éan siocbhána a group of frost-white birds
scata ban a group of women
" Oíche bhreá luath gan dinnéar, sin é a bheadh ann arís! Sheas muid i leataobh le scata ban a ligean tharainn.
Scata group
" Scata mór de thurasóirí óga a bhí páirteach sa raftadh agus bhí an-chraic againn sna fánsruthanna agus sna mioneasanna.
scata againn a group of us
" D'ith scata againn i mbialann cáiliúil darb ainm an *"Court of Two Sisters"* oíche amháin, bialann faoi chrainnte i gclós i lár cearnóg seanfhoirgintí.
scata a group
" Lán go Draid ====== Shuígh mé taobh le scata de na mná aosta.
scata acu a group of them
" Bíonn scata acu ag dul soir uair sa tseachtain, ar a laghad, chun cás na hÉireann a phléadáil sa tSin.
scata a group
" Anuas air sin, tá cuid de na gnáthóga a bhíodh in ann scata cóálaí a chothú lagtha mar gheall ar an mborradh faoi mhéid na ngás ceaptha teasa os ár gcionn.
scataí áirithe certain groups
" Níorbh ionadh é mar sin gur fhógair Tony Burke, an tAire Comhshaoil sa rialtas náisiúnta, le gairid go gcuirfí scataí áirithe na gcóálaí atá faoi phriacal ar liosta náisiúnta oifigiúil na n-ainmhithe faoi bhagairt.
scata leagan in various forms
" Tá fuíollach eolais ar fáil dúinn go léir agus scata leagan ar an eolas sin chomh maith.
scata scoláirí a thabhairt to bring a group of students
" Ansin, suas trí bhaile Brest linn, agus shín an Redadeg amach ar aghaidh ó thuaidh… I measc lucht reatha ar an lá, bhí Tangi an Ostiz, múinteoir spóirt i Skolaj Diwan Penn ar Bed (= Ceann (tíre) an Bheatha), atá ar tí scata scoláirí a thabhairt go hÉirinn ar turas peil ghaelach ar feadh seachtaine i mí an Mheithimh.
ná scata eile nor many more
" Murach deis an fhéinfhoilsithe a bheith agam, ní bheadh Tchouhov, Sapkota ná scata eile againn sa Ghaeilge.
thug muid scata daoine we brought a couple of people
" Chonaic muid anseo le cúpla cruinniú a thugas muid féin le chéilí, oíche Dé hAoine seo a caitheadh, thug muid scata daoine le chéilí a bhíof ag piocadh na bhfataí fadó agus tháinig os cionn céad duine le chéilí.
scata beag againn a small group of us
" Bhí scata beag againn ag breathnú go ciúin ar an leic nua nuair a dúirt fear go borb linn go raibh an focal “dúnmharfóir” in easnamh ag barr na leice.
scata imreoirí iarracht breith orthu a group of players try to catch them
" Bíonn cuid acu ard, cuid eile íseal; bíonn siad fada agus gearr, díreach, caol-díreach, leathan, agus is minic a bhriseann siad nuair a dhéanann scata imreoirí iarracht breith orthu.
de scata amháin of one group
" Sampla de scata amháin atá i gceist anseo ná Ollscoil Ottawa, ina bhfuilim féin ag obair.
bhuail mé le scata mór díobh I met a a great lot of them
" Cé go raibh “aithne” Twitter agam ar roinnt blagadóirí bia, bhuail mé le scata mór díobh anuraidh nuair a thug Avonmore cuireadh dom cuairt a thabhairt ar fheirm a sholathraíonn bainne dóibh.
i measc scata mac léinn óg a group of young students
" Ní hé go ndéarfainn gur phobal foirfe, éagsúil ar fad í an ghlúin óg sna Stáit Aontaithe anois, ach chónaigh mé i measc scata mac léinn óg ó chuile chearn den tír ar feadh bliana, agus ba aigne éagsúil ar fad a bhí acu ná mar a chloisimid sa nuacht i dtaobh Mheiriceá, agus ceapaim gur cheart solas a shilleadh air sin.
scata paiseanta daoine a passionate group of people
" Idir an dá linn, leanfaidh scata paiseanta daoine leo ag déanamh gach iarrachta an cosán a dhíriú dúinn: saineolaithe taithí an úsáideora.
scata gníomhairí polaitíochta a group of political activists
" An Chuach sa Nead Poblachtach ============ Scríobh mé cheana faoin Tea Party, scata gníomhairí polaitíochta ar an eite dheis a mheascann codanna d'fhealsúnacht an tsaormhargaidh, na náisiúntachta, agus an choimeádachais le chéile chun gluaiseacht trastíre a chruthú a bhfuil an-tionchar á imirt aige ar ghnóthaí polaitíochta na Stát Aontaithe.
scata de mhuintir an bhaile a group of townspeople
" Fear meisce a labhair go hoscartha agus go nimhe neanta inár n-éadan agus má bhí meisce air féin, ní raibh ar fhear an tí ná ar na daoine eile, scata de mhuintir an bhaile, a thug cead a chinn dó.
le scata as mo mheánscoil with a group from my secondary school
" Nuair a bhí mé sé bliana déag d’aois, chaith mé tréimhse san Afraic le scata as mo mheánscoil.
scata a group
" A sprioc? Méara Camden New Jersey – agus scata polaiteoirí eile a cheap DiMaso a bheith ar an bpócaíocht.
Bhailigh scata mór a large crowd (of media) gathered
" Bhailigh scata mór de lucht na meán i ngráscar lena chéile lasmuigh de gheata Kerobokan le giolcadh an ghealbhain ar lá a scaoilte.
scata a group
" Maidin inniu, an chéad lá de Lúnasa, beidh sé céad bliain ó rinne scata sufraigéidí faoi cheannasaíocht Mrs Lilian Metge iarracht Ardeaglais Lios na gCearrbhach a phléascadh.
scata mac léinn eile group of other students
" Taispeánadh dom ar Oileán an Bhlascaoid agus don scata mac léinn eile as Maigh Nuad cillín na leanaí a bhíodh in úsáid sa seansaol.
scata bithiúnach a gang of scoundrels
" Má bhuail, bhí scata bithiúnach ar an mbóthar rompu, ní nach ionadh, agus ba ghairid ina mbaiclí fáin iad, ina ropairí agus ina rógairí seachas ina ridirí.