Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
sciath chosanta protective shield
" Dúirt sé go gcosnaíonn an lionsa é go minic nuair a bhíonn air amharc ar rud tromchúiseach - oibríonn sé mar chineál sciath chosanta idir é féin agus an fíorshaol.
sciath shield
" I Learpholl, cuir i gcás, is é an chéad rud a fheiceann tú nuair a fhágann tú an príomhstáisiún ná dealbh den Ghinearál William Earle ó arm Shasana, clogad air, claíomh ina lámh aige agus a chos ar sciath Afracach.
sciath óir golden shield
" Tá mo chlogad crua, mo sciath óir, claíomh géar na lainne glaise agus mo phéire sleá fós crochta go teolaí ar na rachtaí agam fá bhun na tuí agus fós cha dtáinig an Ginearál de Chateaubriand fá scread asail de mo dhún," a mhaíonn Balor Iarghnóch.
sciath shield
" " Is breá leis an Scolardach Scolártha scíth a thabhairt dá sciath agus suí siar ar a sheithe ar feadh cúpla seachtain le spraoi a bhaint as an spórt náisiúnta.
sciath chosanta an tSaor-Phreispitéireachais the protective shield of Free Presbyterianism
" Go minic, bhí siad beo i saol polaitíochta an-bhunúsach, páirtí agóide, páirtí nach raibh de ról aige ach seasamh in éadan naimhde fuara a dtíre agus a gcreidimh, iad cumhdaithe le sciath chosanta an tSaor-Phreispitéireachais.
buaileam sciath braggadoccio
" Bíonn spórt ag baint leis an stocaireacht a dhéanann na hiarrthóirí agus a lucht tacaíochta, le dó phóstaeirí na bpáirtithe eile, le ciceáil mhuintir na bpáirtithe eile, le scrios oifigí na bpáirtithe eile; leis na mionnaí móra agus na mionnaí beaga, leis an bhualadh bos agus an buaileam sciath, leis na bréaga agus na gealltaí, leis an gheáitseáil agus leis na gothaí, ach fós níl sárú an chuntais fhada ann.
sciath chosanta protective shield
" Le linn 30 éigin bliain na dtrioblóidí, bhí Arm na Breataine ina chnámh spairne ag náisiúnaithe, ina sciath chosanta ag aontachtaithe an tuaiscirt, agus ina fhórsa cróga cosanta a cuireadh go hÉirinn le dhá dhream mharfacha a choinneáil óna chéile i súile na Sasanach.
sciath shield
" Bhí sciath speisialta le bronnadh ar an duine is fearr Buaileam sciath.
sciath chosanta protective shield
" thuirling an héileacaptarthe helicopter landed liáinblades of propeller crochtahanging níor rith sé leoit didn't occur to them bunoscionnwrong ródhéanachtoo late dírithe orthupointed at them inneallengine urchairbullets gan trácht ar an sléachtnot to mention the slaughter sa chlósin the yard ar a ghogaideon his hunkers lean a chomhghleacaithehe followed his colleagues socairstill reoitefrozen sceimhlitheterrified nach bhféadfaidís deoir a shileadhthat they couldn't shed a tear ar balllater á mbailiúbeing gathered sceimhlitheoiríterrorists idirbheartaíochtnegotiations á leagan go talamhknocking him to the ground ag screadaílscreaming sciath chosantaprotective shield sceonterror uafáshorror Téanam ort!Come along! róbónnarobots creathántremble sólássolace Ó bhaithis go bonn.
Lios na Scéithe Lisnaskea
" ” Tá Ivor ina chónaí i gCúil Raithin, ach bhuail muid le chéile ag an *Share Centre *ar Loch Éirne, in aice le Lios na Scéithe, le tionscadal Cholmcille a phlé.
sciath nuachtán a shield of newspapers
" Cé a bhí ina sheasamh idir mé agus maidneachan ach Éamonn Ó Doornail, an tEagarthóir Téagartha; clogad crua na ceartaiseachta fána cheann, sciath nuachtán crochta lena thaobh, claíomh géar na fíréantachta ina láimh dheas agus péire peann ina láimh eile, agus nuair a chonaic mé é gléasta mar a bhí agus solas niamhrach na húrmhaidine ag lonrú fríd a chuid gruaige cataí ciardhuibhe, dúirt mé gur mhór an trua nach raibh mo Canon EOS Digital liom nó nach gcreidfeadh duine ar bith ar chlár an domhain an chuma churata, oscartha, laochta a bhí air an mhaidin sin.
cuid mhaith buaileam sciath a lot of braggarting
" Ar ndóigh, tá cuid mhaith buaileam sciath ar siúl freisin ag cairde a bhfuil na teilifíseáin agus na fearais fuaime is mó acu, bíodh siad ceannaithe nó ar cíos! Beidh seans ag an lucht féachanna in Éirinnn an cluiche a fheiceáil freisin - beidh sé ar fáil ar ITV agus Sky Sports.
sleánna agus sciatha spears and shields
" Taobh amuigh, bhí buachaillí óga ag rith thart gléasta mar a bhíodh na Piochtaí, agus sleánna agus sciatha acu, agus bhí bean gléasta sa stíl Lochlannach i mbun cócaireachta i bpota mór dubh os cionn tine oscailte.
sciath protection
" Bhíodh pictiúir dhraíochta an *laterna* aige mar sciath in éadan oighear na spéirlinge lasmuigh.
sciath chíréibe riot shield
" Ar bhealach, is meafar cuí é an tóirse den riocht ina bhfuil an tSín faoi láthair ó tharla go bhfuil an smachtín is an sciath chíréibe á thionlacan ar fud na cruinne.
buaileam sciath braggadoccio
" Maith dom mar sin, a léitheoir chóra, mura mbím corraithe agus buaileam sciath ar siúl ag na scórtha míle duine dá bpáirtí thuas i bpríomhchathair na Sléibhte Creagacha.
ag bualadh sciath banging shields
" Tá príosúnaigh phoblachtacha ina seasamh go tostach ina gcillíní, na ballaí smeartha le cac agus bia, ag éisteacht go míshuaimhneach leis an racán taobh amuigh - áit a bhfuil dhá line eochróirí príosúin, gléasta ó bhun go barr in éadaí círéibe, ag bualadh sciath go fíochmhar le smachtíní.
sciath thar lorg a smoke screen
" Is dóigh gur sciath thar lorg dó féin atá ina luiteamas scríobh faoin dúlra áfach.
sciath shield
" Theacht dheirge an dá néal an mhaidin chiúin shamhraidh sin, chomh tiubh géar agus a nocht ball bán ar an lá, agus i ndiaidh dó *The Western People* agus *The Mayo News* a léamh ó chlúdach go clúdach, ghléas sé é féin fá choinne an chatha: clogad crua rothaíochta fána chasdlaoithe buí, sciath óir de Bhunreacht Fhine Gael crochta lena thaobh, claíomh géar na lainne glaise ina láimh dheas agus léine gheal ghorm an pháirtí ceangailte thart ar a cholainn chaol chaomh.
faoi sciath na díth ainm hiding anonymously
" Ach ar ndóigh, tá difir lá agus oíche idir na meáin a fheidhmíonn ar bonn dleathach agus eiticiúil agus scaoilteacht na ngréasán shóisialta, inar féidir le duine ar bith (faoi sciath na díth ainm, nó ainm cleite) rud ar bith ar chor ar bith a rá faoi dhuine eile, beag beann ar an fhírinne.
sciath na ganfhiosaíochta protection of anonymity
" Tugann scaoilteacht an idirlín ardán d’achan chineál cancráin a bheith ag caitheamh anuas ar dhaoine eile faoi sciath na ganfhiosaíochta.
sciath cosanta a defence
" Bheadh an baol ann fosta gur sciath cosanta a bheadh i bpróiseas rúnda do naimhde na teanga a bheadh ag iarraidh creimeadh faoi choim a dhéanamh ar a bhfuil bainte amach le blianta beaga anuas, mar a mheabhraigh an Coimisinéir Teanga dúinn: “Níor cheart cosaint na rúndachta nó an dorchadais a thabhairt dóibh siúd a bheith in aghaidh chearta teanga phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta.
mar sciath chosanta as a defence
" Bhí a chuid ídéalachais ardaigeanta féin, a chreideamh dobhriste, tacaíocht phobal náisiúnach Éireann, meas an domhain, grá a mhnaoi Muriel is a dheirfiúracha Mary agus Annie – é sin go léir mar sciath chosanta aige ar leaba a bháis i gcillín coimhthíoch san imigéin ar feadh na tréimhse míthrócairí sin dó, fá ghlas mídhleathach ag Gallaibh, i bhFómhar dubh na bliana 1920.
sciath shield
" Theacht dheirge an dá néal maidin chiúin san fhómhar, chomh tiubh géar agus a nocht ball bán ar an lá, ghléas Balor é féin fá choinne an tsiúil: clogad crua fána chloigeann caomh, dlochtán creamha ceangailte go docht thart ar a mhuineál, sciath titanium crochta lena thaobh, claíomh géar na lainne glaise ina láimh dheis agus dhá gha ina dhóid eile.
sciath a shield
" Má tá tú ar thóir a leithéid bí ag faire amach do: sciath GSM a chiallaíonn nach mbeidh ort an guthán a chur ar ‘mhodh eitleáin’ nó ‘Airplane Mode’; conas a láimhseálann na callairí na nótaí is ísle; agus an tacaíocht atá taobh thiar den iPod chun an brú ar an nascóir a laghdú.
sciath in éadan an truflais a shield against the rubbish
" Táid na DVD-anna seo uile ar na seilfeanna ar láimh liom - lón anama fá choinne na n-íos-sealanna, sciath in éadan an truflais, gairleog cosanta ar Filistíneachas *Hollywood*.
ní bhíonn aon bhuailim sciath ar bun acu they don’t brag about it
" Réalta móra an cheoil iad Téada ach ní bhíonn aon bhuailim sciath ar bun acu.
an buaileam sciath the braggadocio
" Gártha molta an tslua bhaile ina chluasaibh, níorbh é an fuadar báire, ná an buaileam sciath, ná an féinghlóire, ná an cruas fearaíoch, tréithe is dual don a lán, a bhí le sonrú ann.
Sciath Mhanann the Manx Shield
" Ba as Oileán Mhanann a athair agus bhog an teaghlach isteach ar an oileán sa bhliain 2000, nuair a bhí Tom seacht mbliana d’aois agus bhí a thuismitheoirí an-bhródúil as nuair a bhain sé an phríomhdhuais, Sciath Mhanann, ag Yn Chruinnaght, an fhéile bhliantúil, i 2003.
dearcadh agus buaileam sciatha a léiríodh the opinion(s) and boastfulness shown
" Chuir John-Paul Mc Carthy leabhar a scríobh John Paul Stevens faoi Bhunreacht na Stát Aontaithe i gcomórtas le dearcadh agus buaileam sciatha a léiríodh in Éirinn ag leathbhric an údair faoin mBunreacht abhus.