Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
scileanna gnó business skills
" " scileanna gnó ======= Cé go bhfuil sé deacair go leor maireachtáil mar ealaíontóir, tá Rachel sásta gur éirigh sí as an chúrsa sa dearadh a thosaigh sí i ndiaidh na hArdteiste sa Choláiste Margaíochta agus Deartha i mBaile Átha Cliath agus go ndeachaigh sí i dtreo na péintéireachta.
scileanna bainisteoireachta management skills
" Tá muinín ag daoine as a scileanna bainisteoireachta agus tá an tuairim ann go forleathan nach mbeidh deacracht dá laghad aige ag reáchtáil Italia Inc.
scileanna ríomhaireachta computer skills
" Cé go gceannaíonn cuid mhaith daoine ríomhairí chun gur féidir lena bpáistí óga iad a úsáid le scileanna ríomhaireachta a fhoghlaim, is beag úsáid a bhaintear astu tar éis dóibh a bheith bainte as an mbosca.
scileanna litearthachta literacy skills
" Níl scileanna litearthachta ar an gcaighdeán ba chóir a bheith, fiú ag na cainteoirí is fearr.
réimse scileanna a range of skills
" Teastaíonn obair - agus obair a bhfuil réimse scileanna ag baint léi - leis an gcuspóir sin a bhaint amach.
scileanna léitheoireachta reading skills
" I rith an ama sin ní raibh mórán deiseanna agam an teanga a labhairt, ach bhí feabhas ag teacht ar mo chuid scileanna léitheoireachta.
scileanna ríomhaireachta computing skills
" Faraor, ní gá gurb iad na daoine a chaill a bpost le tamall anuas na daoine a mbeadh na scileanna ríomhaireachta acu chun obair a dhéanamh san earnáil teileachumarsáide.
scileanna bunúsacha basic skills
" Stíl í atá bunaithe ar scileanna bunúsacha an chluiche, scileanna a dhéantar a láimhseáil agus a iomramháil go beacht agus go héifeachtach, le luas agus le máistreacht.
scileanna ríomhaireachta computer skills
" Roinnt blianta ó shin, bunaíodh tionscadal nua oideachais, Muintearas, áit a gcuirtear cúrsaí foghlamtha agus oiliúna ar fáil don phobal, cúrsaí a dhíríonn den chuid is mó ar fhorbairt scileanna ríomhaireachta.
a scileanna léirithe his production skills
" Dónal Lunny as a scileanna léirithe.
scileanna oiriúnacha appropriate skills
" Tá siadsan beag beann ar chreideamh - níl ach scileanna oiriúnacha ag teastáil uathu!" Deir Rosie gurb é an taighde is fearr dá bhfuil le fáil ar an ábhar ná an *2001 Social Attitudes Survey*.
scileanna maithe oifige good office skills
" Mar shampla, má tá scileanna maithe oifige agat, Microsoft Office san áireamh, go minic ní fhaigheann tú ach £5 (€7.
scileanna cumarsáide ar ardchaighdeán communications skills of a high standard
" Tá cuma mhaith orthu; gléasann siad go néata agus go faiseanta; tá líofacht chainte agus scileanna cumarsáide ar ardchaighdeán acu agus tá sé éasca réalta teilifíse a dhéanamh astu.
chothú scileanna cumarsáide fostering communication skills
" Grúpa deas bríomhar atá ann, gan leisce dá laghad orthu labhairt amach am ar bith! Is ar chothú scileanna cumarsáide agus ar chúlra cultúrtha na Gaeilge a chuirim an bhéim.
scileanna teicniúla na ceirde the technical skills of the trade
" Tá cuid acu le cloisteáil beo ar an aer, agus daoine eile ag obair leo sa stiúideo, ag meascadh na fuaime nó i mbun eagarthóireachta, agus iad ag foghlaim scileanna teicniúla na ceirde.
breis scileanna extra skills
" Is féidir leo breis scileanna a thabhairt do na daoine atá fostaithe cheana féin acu, is é sin traenáil a thabhairt dóibh.
scileanna bunúsacha teanga basic language skills
" Níor chuir sé fiacail ann nuair a dúirt go raibh ag teip go hiomlán ar an chur chuige atá againn faoi láthair mar nach mbíonn na scileanna bunúsacha teanga ag go leor d’aos óg na tíre ar fhágáil na scoile dóibh, ainneoin go gcaitheann siad ceithre bliana déag á foghlaim.
scileanna áirimh enumeration skills
" Cloistear go minic nach bhfuil ár gcuid scileanna áirimh thar moladh beirte ach go bhfios dom ní mholtar riamh gur cheart Matamaitic a bhaint ón churaclam.
ó thaobh scile, crógachta agus luas na himeartha as regards skill, bravery and the speed of the playing
" Ní raibh na cluichí iomána tríd is tríd thar barr go dtí seo i mbliana, áfach, ach fós buaileann siad aon chluiche eile ó thaobh scile, crógachta agus luas na himeartha.
scileanna maithe taidhleoireachta good skills of diplomacy
" Léirigh sé scileanna maithe taidhleoireachta nuair a chuir sé brú ar CLG Páirc an Chrócaigh a chur ar fáil do chluichí eile ar bhonn sealadach.
a scileanna ceannasaíochta her skills of leadership
" Fear ar fhuath leis polaitíocht Thatcher ach a raibh meas pearsanta aige ar a scileanna ceannasaíochta.
an easpa scileanna the skills shortage
" Cúis amháin atá leis sin ná an easpa scileanna atá i gcuid de na réimsí oibre anseo, rud nár thug Rialtas na hAstráile mórán suntais dó go dtí trí bliana ó shin.
scileanna taidhleoireachta diplomacy
" “Bhainfinn pléisiúr as an turas agus tá go leor daoine anseo (san ionad) a bheadh an-sásta mé a fheiceáil ag imeacht ón áit!” Is léir gur duine righin é Michael Krauss, a deir an méid atá ar a intinn agus nach bhfuil scileanna taidhleoireachta rómhaith aige, ach murach an righne sin bheadh go leor de shaibhreas theangacha mionlaigh Alasca caillte faoin am seo agus ní bheadh oiread airde ar chruachás theangacha an domhain.
scileanna múinteoireachta a fhoghlaim to learn teaching skills
" Tugann sé deis do na hamhránaithe traidisiúnta scileanna múinteoireachta a fhoghlaim agus tugann sé deis do na múinteoirí an amhránaíocht a shealbhú.
scileanna margaíochta, marketing skills
" Agus d'éirigh go hiontach leis an tionscal, a bhuíochas ar shárscileanna Shaun Greenhalgh – a bhí freagrach as an chóipeáil – agus a athair George, a mheall na saineolaithe lena scileanna margaíochta, mar a mheallfadh iascaire ardoilte an t-iasc isteach ina líon.
thaobh an dochair a rinneadh do scileanna tuismitheoireachta na nglúnta goidte in terms of the damage that was done to the parenting skills of the stolen generations
" De réir na tuarascála, tá drochthorthaí an pholasaí fós le sonrú i measc Bhundúchasaigh na hAstráile, ó thaobh an dochair a rinneadh do scileanna tuismitheoireachta na nglúnta goidte ach go háirithe.
scileanna an-mhaithe cumarsáide very good communication skills
" Níl bhíonn sé ag iarraidh jóc a insint duit gach cúig nóiméad agus is duine oscailte é a bhfuil scileanna an-mhaithe cumarsáide aige.
easpa scileanna bainistíochta a lack of management skills
" Níor sáraíodh aon dlí, ach deir daoine áirithe go léiríonn an eachtra seo go bhfuil easpa scileanna bainistíochta i gceist san FAI (dála Choiste Contae Chorcaí agus an IRFU?) agus go bhféadfadh an easpa seo deacrachtaí a chruthú agus an t-eagras ag iarraidh dul i mbun a ghnó ar bhealach cuí neamhspleách.
scileanna céanna same skills
" Is cosúil nach bhfuil na scileanna céanna ag Kenny ó thaobh tuairimí an phobail a mheas – dá mbeadh, ní dhéanfadh sé an scian a shá in Ahern le linn don chuid eile den domhan a bheith á mholadh go hard.
na scileanna fisiceacha. the physical skills.
" Is í an aidhm a bhíonn i gceist, dar ndóigh, ná bua a bhaint amach agus, dá bhrí sin, is gá cúram a dhéanamh de na próisis intinne chomh maith leis na scileanna fisiceacha.
scileanna maithe idirphearsanta could interpersonal skills
" ***Míbhuntáistí:*** Níl scileanna maithe idirphearsanta aige agus é ag plé lena chomhghleacaithe nó le grúpaí san earnáil iompair.
scileanna taidhleoireachta diplomacy skills
" ***Míbhuntáistí:*** Pearsantacht bhorb agus ghrod aige agus is cinnte nach mbeidh scileanna taidhleoireachta Ahern aige agus é i mbun cainteanna leis na pairtnéirí sóisialta.
scileanna praiticiúla agus acadúla practical and academic skills
" Tá iarchéimeanna lán-Ghaeilge Fiontar, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath, deartha le forbairt leanúnach ghairmiúil agus le scileanna praiticiúla agus acadúla na rannpháirtithe a threisiú agus iad a ullmhú do na gairmeacha taitneamhacha dúshlánacha atá ar fáil dóibh.
scileanna iontacha taidhleoireachta wonderful diplomacy skills
" Measaim go bhfuil an-jab á dhéanamh ag Máire Mhic Ghiolla Íosa agus is minic a bhíonn orm gar a iarraidh uirthi – tá scileanna iontacha taidhleoireachta aici.
Ag dul ó scil orm I couldn't fathom, understand
" Chuir sé an iontas orm a léamh san Irish Times, thiar sna seascaidí go raibh foirne sacair i nGaeltacht Dhún na nGall a raibh an Ghaeilge á husáid mar ghnáth-theanga chumarsáide i measc na n-imreoirí! Ag dul ó scil orm a bhí sé, cén chaoi a d’fhéadfá a bheith ag labhairt Ghaeilge agus ag imirt an chluiche ghallda.
scileanna scannáin film skills
" Bheadh scileanna scannáin Leni Riefenstahl de dhíth ar an té a léireodh teacht chun talún an tsaorspioraid eisceachtúil áirithe seo.
ar chlúití a scileanna ragairneachta whose drinking skills were more famous
" Tá ciúnas an bháis sa longlann anois agus an long dobháite ar ghrinneall na mara; tá sárpheileadóir, ar chlúití a scileanna ragairneachta ná a scileanna peile in amanna, ar shlí na fírinne mar gheall ar an iomarca fuisce agus fuair aicme oibre dílseach bás ina sluaite ag an Somme mar gheall ar impiriúlachas an gheilleagair.
an scil mhór seobh this great skill
" Agus ansin tá na tonntracha móra ag teastáil ón dream a bhfuil an scil mhór seobh acu, tig leofa dul taobh thiar idir na hoileáin anseobh agus tá sé sin acu.
i bhfiontar a bhfuil scil agat ann into a business you know something about
" De réir an chórais chaipitiligh, is éard a dhéanfas tú, do chuid airgid a chur i bhfiontar a bhfuil scil agat ann, seirbhís nó táirge a sholáthar agus biseach éigin an airgid a d’infheistigh tú ar dtús ann a chur i leith na gcostas, tuarastail na bhfostaithe agus i do leith féin.
Foghlaimeoidh páistí óga scileanna úsáideacha foclóireachta young children shall learn lexical skills
" Foghlaimeoidh páistí óga scileanna úsáideacha foclóireachta leis an leabhar seo a sheasfaidh leo ar feadh a saoil.
a gcuid scileanna a fhorbairt to develop their skills
" Ní luaitear go minic gur thug sé deis do dhaoine a raibh Gaeilge acu a gcuid scileanna a fhorbairt agus as sin d'fheabhsaigh gnéithe eile: an aisteoireacht i nGaeilge, an scríbhneoireacht i nGaeilge, forbairt na craoltóireachta i nGaeilge.
a bhfuil scil faoi leith acu who have a particular skill
" “Tubaist chríocnaithe ab ea Acht na Gaeltachta 2012, a brúdh tríd an Oireachtas, gan aon aird ar thuairimí pobal na Gaeltachta ná ar thuairimí na saineolaithe, a bhfuil scil faoi leith acu i dtaobh pleanáil teanga.
I bhfianaise scileanna síoda in light of the slick skills
" I bhfianaise scileanna síoda Ono, níorbh fhada óm’ bheola lear mór ceisteanna nuair a chéad chaitheas súil air, sa bheo, mar a déarfá, Aoine an Chéad Lá Samhna seo d’imigh.
Ná lig an iomarca scil ort féin don’t pretend to be too au fez with the material
" Ná lig an iomarca scil ort féin, b'fhéidir.
scileanna imeartha playing skills
" Tá an leabhar seo scríofa don ghnáthphobal, don duine óg nach bhfuil eolas ar bith aige faoin gcluiche, don imreoir géar cumasach gur maith leis snas a chur ar a scileanna imeartha chun buachan ar a chairde agus don duine uaillmhianach a dteastaíonn uaidh pairt a ghlacadh i gcomórtais fichille.
ag ligean scile air féin pretending to be skilled
" Tháinig sé go Ros Comáin an bhliain seo a chuaigh thart le cuidiú liom an mhóin a ghróigeadh, ach i ndáiríre is ag ligean scile air féin a bhí sé agus é ag plé le móin.
má chuirtear moltaí an Pháipéir Bháin ar Oideachas agus Scileanna i bhfeidhm if the recommendations of the White Paper on Education and Skills are implemented
" Tá an-dochar déanta ag príomhoidí áirithe i gcoláistí tríú leibhéal i Sasana do na hinstitiúidí a bhfuil siad i gceannas orthu agus tá eagla ar Tony Birtill go dtarlóidh an rud céanna sna scoileanna má chuirtear moltaí an Pháipéir Bháin ar Oideachas agus Scileanna i bhfeidhm.
rachaidh scileanna Corcoran go mór chun sochair Corcoran's skills will greatly benefit
" Measann Eoghan Ó Néill go rachaidh scileanna Corcoran go mór chun sochair earnáil na gaelscolaíochta ó thuaidh.