Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
sciorta piece
" Ba é mo mhian riamh a bheith céim ar chéim leis na díospóireachtaí agus leis na forbairtí sin uilig nó, cé gur mheas mé gurbh amaideach an mhaise ag acadúlaithe agus ag criticeoirí na nua-litríochta Gaeilge dul i ndeabhaidh i sciorta ar bith den díospóireacht nuair nár ghá ná nár thairbhe dóibh é, ba é gort sin na critice an gort a bhínnse ag iarraidh a shaothrú.
sciortaí meánaoiseacha medieval skirts
" I rith an lae, bhí grúpaí beaga de chailíní feicthe agam, agus iad gléasta suas i sciortaí meánaoiseacha, ag canadh amhrán traidisiúnta, *"Cé qu'è l'ainô"* (An té atá sna hArda).
bhí sí ag iarraidh greim fáithime a choinneáil ar an sciorta she was trying to hold on to the hem of the skirt
" Bhí Dearbhall tamall ag déanamh sin nó bhí sí ag iarraidh greim fáithime a choinneáil ar an sciorta agus suí isteach san iarraidh amháin.
Na sciortaí róghearr, na sála ró-ard. The skirs too short, the heels too high.
" Na sciortaí róghearr, na sála ró-ard.
ag caitheamh sciorta éadrom wearing a light skirt
" Bhí sé fuar agus fliuch taobh amuigh ach bhí mise ag caitheamh sciorta éadrom agus *flip-flops*.
sciorta uirthi nár chlúdaigh tada a skirt on her which didn't cover anything
" Agus mo bhean imithe isteach go dtí an leithreas i gceann de na hóstáin, tháinig beag chugam, sciorta uirthi nár chlúdaigh tada agus blús ar an easpa clúdaigh chéanna.
sciorta den ádh a bit of luck
" Teastaíonn sciorta den ádh go minic chun an toradh atá riachtanach ó fhoireann a ghnóthú.
sciorta den ádh an element of luck
" Sílim go mbíonn sciorta den ádh ag baint leis.
agus sciorta den ádh a bheith leo and had they a bit of luck
" Dúirt chuile dhuine go mbeadh sé deacair, fíordheacair, ach dá n-imreoidís chomh maith is a bhí siad in ann, chomh maith is a d’imir siad sna cluichí roimhe seo agus sciorta den ádh a bheith leo, go mb’fhéidir go dtiocfadh leo an bua a fháil.