Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
Formhór na scoláirí most of the students
" "Formhór na scoláirí a bhí sa rang liom, ba dhochtúirí agus múinteoirí agus innealtóirí a dtuismitheoirí.
scoláirí agus mic léinn den scoth top scholars and students
" Cé nach bhfuil an institiúid ann ach le haon bhliain déag, tá sí tar éis scoláirí agus mic léinn den scoth a mhealladh, agus tá cáil uirthi ar an dá thaobh den Aigeán Atlantach mar áit atá thar barr ó thaobh scoláireacht na hÉireann de.
scoláire iomráiteach celebrated scholar
" " Bhí Keough ar dhuine den dream a bhí bainteach le hInstitiúid an Léinn Éireannaigh i Notre Dame a chreid gur cheart go dtosódh agus go gcríochnódh a gcuid iarrachtaí chun Ceannasaí a aimsiú leis an scoláire iomráiteach Seamus Deane.
go raibh mianach an scoláire mhóir ann that he had what it took to become a great scholar
" Tuigeadh go luath go raibh mianach an scoláire mhóir ann agus moladh dó tréimhse a thabhairt sa Bhreatain Bheag le Breatnais a fhoghlaim i gceart.
scoláire uachtaránachta presidential scholar
" " Tá na seoda seo, agus tuilleadh, curtha faoi bhráid an phobail ag an scoláire uachtaránachta James Warren, atá ag scríobh amach an ábhair atá ar na téipeanna seo de chuid Nixon, a bhí rúnda tráth, ó thosaigh an tÚdarás Náisiúnta Cartlann agus Taifead á gcur ar fáil don phobal ó bhí 1996 ann.
in ómós an scoláire in homage to the scholar
" Is dráma tábhachtach é dúinne i gConradh na Gaeilge i Learpholl, mar Craobh Sheáin Uí Dhonnabháin an t-ainm atá ar ár gcraobh anseo (bunaíodh í in 1896), in ómós an scoláire a bhí ag obair le Suirbhéireacht Ordanáis Éireann idir 1830 agus 1842.
scoláirí móra tuisceanacha great understanding scholars
" “Agus nuair a casadh scoláirí móra tuisceanacha air, Meiriceánaigh a bhformhór, thuig siadsan, nuair a bhí staidéar déanta acusan agus amhránaíocht dúchais as tíortha eile an domhain cloiste acu, dúirt siad leo féin, 'By dad, seo an *gold nugget*.
an líon ard scoláirí the high number of pupils
" An ndéarfá go raibh fabht éigin sa chóras a cheadódh a leithéid? Sin é go díreach atá ar bun de réir mo bharúlsa i gcás an líon ard scoláirí atá ag fáil díolúine ó bheith ag déanamh staidéir ar an Ghaeilge sa mheánscoil ach atá ag an am chéanna ag tabhairt faoi nuatheanga Eorpach amháin eile ar a laghad a fhoghlaim.
scoláire student
" Bhí sé de phléisiúr agus d’onóir agam casadh ar John Ghráinne féin níos mó ná deich mbliana ó shin agus mé ag freastal ar Choláiste Bhríde, Rann na Feirste mar scoláire.
beatha aoibhinn an scoláire the pleasant student life
" Ag tús na 1980í fuair sí scoláireacht le dul ar an Ollscoil i Meiriceá le bheith ag staidéar agus ag imirt leadóige ach in áit beatha aoibhinn an scoláire a chaitheamh, d'imigh Caitríona léi go Nicearagua agus go hEl Salvador, áit ar chuir sí faobhar ar a cuid polaitíochta.
beatha an scoláire the scholar’s life
" Aoibhinn beatha an scoláire Bhíos ag déanamh a léighinn; Is follas daoibh, a dhaoine, Gurab dó is aoibhne in Éirinn.
aoí-scoláire guest scholar
" Oileadh ina ailtire é agus go luath i ndiaidh dó an chéim a bhaint amach i gColáiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath chuaigh sé go Harvard mar aoí-scoláire.
Scoláire dícheallach a diligent student
" Scoláire dícheallach atá i bPeter.
scata scoláirí a thabhairt to bring a group of students
" Ansin, suas trí bhaile Brest linn, agus shín an Redadeg amach ar aghaidh ó thuaidh… I measc lucht reatha ar an lá, bhí Tangi an Ostiz, múinteoir spóirt i Skolaj Diwan Penn ar Bed (= Ceann (tíre) an Bheatha), atá ar tí scata scoláirí a thabhairt go hÉirinn ar turas peil ghaelach ar feadh seachtaine i mí an Mheithimh.
scoláirí bunaithe established scholars
" Bainfidh scoláirí bunaithe agus mic léinn úra araon taitneamh agus tairbhe as an saothar ildánach seo.
as scoláirí a choinneáil from keeping students
" An t-airgead a shaothraíonn na mná tí as scoláirí a choinneáil, tacaíonn sé le teaghhlaigh an morgáiste agus billí eile a íoc.
as scoláirí a choinneáil for keeping students
" Tá Scéim na bhFoghlaimeoirí Gaeilge fós ann ar ndóigh, is é sin an scéim ina n-íoctar mná tí Gaeltachta as scoláirí a choinneáil i rith an tsamhraidh.
thairg scoláirí éagsúla various scholars offered
" Oidhreacht na Cruinne ========= Mar urraim dá gcara, thairg scoláirí éagsúla aistí speisialta.
scoláirí díograiseach students are diligent
" Tá na scoláirí díograiseach agus is léir go bhfuil suim acu sa teanga.
glacadh le scoláirí ar bhonn tíreolaíochta accept pupils on a geographic basis
" Ina áit sin, beidh orthu glacadh le scoláirí ar bhonn tíreolaíochta.
ag fearadh fáilte is céad roimh scoláirí na seachtaine welcoming the week's scholars
" Bhí sé ina sheasamh ag barr an halla agus é ag fearadh fáilte is céad roimh scoláirí na seachtaine: “Níl ATM ar bith i nGleann,” a dúirt sé, “ach beidh mé féin ag dul chuig na Cealla Beaga maidin amárach.
nár bhac scoláirí leis an réimse amhránaíochta seo that scholars didn’t bother with this area of song
" Caithfear an leabhar a cheannach chun eolas a chur orthu seo! Fáth eile nár bhac scoláirí leis an réimse amhránaíochta seo chomh minic ná go mba mhodh thar a bheith pearsanta a bhí sa sean-nós.
scoláirí agus léachtóirí faoi bhrú damanta scholars and lecturers under desperate pressure
" Anois agus scoláirí agus léachtóirí faoi bhrú damanta chun ailt agus leabhair a fhoilsiú go rialta is go seasta, moltar do lucht acadúil díriú ar a gcuid taighde agus tuilleadh scríbhneoireachta a dhéanamh.
mar cheoltóir agus mar scoláire. as a musician and scholar.
" Labhair Robert McMillen leis an fhidléir, staraí agus socheolaí seo faoina shaol mar cheoltóir agus mar scoláire.
scoláirí na tíre the countrie's students
" I dtrátha an ama seo gach bliain, bíonn scoláirí na tíre ar bís le fáil amach cén breithiúnas a thabharfar orthu ina dtuairisc scoile.
Scoláirí sclártha hacker scholars
" Scoláirí sclártha agus daoine ar thit smaoineamh úr aisteach éigin isteach ina gcloigne atá faoi thrácht ag Roseanne Smith.