Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
a gceann scríbe their destination
" Tá teachtaireachtaí ríomhphoist ar nós cártaí poist - tá siad oscailte agus is féidir le haon duine iad a léamh toisc go dtéann siad tríd a lán ríomhairí sula mbaineann siad a gceann scríbe amach.
a gceann scríbe their destination
" B'éigean do pháistí Protastúnacha dul chun an bhaile i *Land Rovers* na bpóilíní ar eagla go n-ionsódh scaifte Caitliceach iad a bhí ina seasamh idir iad agus a gceann scríbe.
cheann scríbe destination
" Go stairiúil bhí DC ina cheann scríbe do go leor inimirceach, ach tháinig méadú ar an líon daoine a bhí ag triall ar an chathair de réir mar a chuaigh an cogadh cathartha in El Salvador in olcas sna hochtóidí.
cheann scríbe destination
" Ag an am céanna, tá Éire i gcónaí chun tosaigh sa nuacht ó thaobh cúrsaí reatha de agus mar cheann scríbe do laethanta saoire.
cheann scríbe destination
" Ag an am céanna, tá Éire i gcónaí chun tosaigh sa nuacht ó thaobh cúrsaí reatha de agus mar cheann scríbe do laethanta saoire.
cheann scríbe destination
" Agus é ag caint faoin nós a bhí ag Bus Átha Cliath "The Pillar" a chur mar cheann scríbe ar na busanna a bhí ag dul isteach go lár na cathrach, mhol sé gur chóir do Luas an sampla sin a thógáil agus ainm úr a chumadh don chóras iompair a bheas ag dul isteach go dtí an tsráid.
ceann scríbe gan aithne unknown distination
" Chonaic sé grianghraf san *Irish Times* de theaghlach ón Afganastáin agus iad ag siúl trasna an fhásaigh go dtí ceann scríbe gan aithne, agus a sealúchas uilig leo i mbara rotha.
ceann scríbe polaitiúil political goal
" Ní scoirfidh an IRA go dtí go bhfuil ceann scríbe polaitiúil - é éiginnte faoi láthair - bainte amach.
cheann scríbe destination
" Ní gá don tiománaí ach a mhapa leictreonach a chur ar siúl agus beidh do cheann scríbe le feiscint air chomh maith leis an mbóthar is saoráidí chun tú a thabhairt ann.
ceann scríbe destination
" Ní fhaca mé comhartha ar bith do Phort an Chlóidh, an ceann scríbe a bhí agam féin.
ceann scríbe destination
" "Níl rudaí ach ina dtús … Nuair a bhíonn rath ar chúrsaí, turas a bhíonn i gceist agus ní ceann scríbe," a dúirt Keough.
ceann scríbe destination
" Is é an turas agus an cuardach féin an ceann scríbe.
ceann scríbe destination
" Bhí mé ag gabháil go maith sa Roinn Éadóchais, ag treabhadh liom; achan duine, chóir a bheith, sásta agam agus sásta liom, taobh amuigh de na (blípeanna) sin san ASTI nach mbeadh sásta le Flaitheas Dé féin - ceann scríbe atá i ndán dóibh go luath má bhíonn neart agamsa air.
ceann scríbe [their
" Tá "léarscáíl bhóthair" aimsithe ag tiománaithe phróiseas na síochána má thig le paisinéirí thraein na síochána aontú ar na stáisiúin a gcaithfear cuairt a thabhairt orthu - stáisiún an díchoimisiúnaithe, stáisiún an dímhíleataithe, stáisiún bhuanú na n-institiúidí - sula mbainfidh siad ceann scríbe amach.
ceann scríbe my destination
" Is iomaí uair gur shíl mé go raibh ceann scríbe bainte amach agam ach bhí an bóthar i gcónaí fada cnocach.
cheann scríbe destination
" Má osclaíonn tú leabhar taistil ar bith, chífidh tú go dtarraingeofar pictiúr meallach duit den Bholaiv mar cheann scríbe.
ceann scríbe the destination
" Os a choinne sin, is fada linn nár shrois muid ceann scríbe go fóill, is é sin córas seasmhach daonlathach a mbeadh toil phobal an Tuaiscirt go hiomlán leis.
nuair a bhain siad ceann scríbe amach when they arrived at their destination
" Bhí ar na mílte imeacht ar imirce, de bharr cúinsí eacnamúla a bheith chomh holc sin, ach tugadh aire mhaith dóibh nuair a bhain siad ceann scríbe amach (i Learpholl, mar shampla, mar a mhíníonn Tony Birtill ina alt an mhí seo).
ceann scríbe destination
" Ba bhreá liom mo cheann féin, *2 to 50*, a chur ann, go bhféadfadh daoine dul suas ó bhliain go bliain go ceann scríbe an leathchéid.
ag druidim le ceann scríbe approaching its destination
" " Ceart go leor mar sin, ach cad faoi ríomhairí glúine? Bhuel, tá siad sin sa chatagóir seo a leanas: "Gléasanna atá ceadaithe le linn na heitilte ach a bhfuil cosc orthu nuair atá an t-eitleán ag gluaiseacht ar thalamh, ag éirí de thalamh, ag druidim le ceann scríbe nó ag tuirlingt.
cheann scríbe deireanach last destination
" Sgoil Lionacleit ar Bheinn na Faoghla a bhí mar cheann scríbe deireanach sna h-Eileanan Siar.
chinn scríbe goal, destination
" Ainneoin go bhfeiceann muid fearg ar phoblachtánaigh nuair nach bhfaigheann siad a mianta, bíonn a fhios agat gur cuma leo, ar dhóigh, mar go bhfuil an traein ag bogadh i dtreo an chinn scríbe atá siad ag iarraidh a bhaint amach, is cuma cén casadh atá sa bhealach.
mo cheann scríbe my destination
" Bhí freastalaí cineálta ann, agus thaispeáin sí ar léarscáil dom cá raibh mo cheann scríbe.
a gcinn scríbe their destinations
" Ach tá buntáiste amháin ag na haerlínte: is féidir leo a gcinn scríbe a roghnú, agus seirbhísí nua a thosú.
nach sroicheann ceann scríbe riamh that never reach their destination
" Bíonn orainn cur suas le drochdhearadh i gcás na nguthán, droch-chaighdeán fuaime, teachtaireachtaí téacs nach sroicheann ceann scríbe riamh agus glaonna gutháin a stopann go tobann gan cúis ar bith.
ár gcéad cheann scríbe eile our next destination
" Lean muid ar aghaidh linn go dtí ár gcéad cheann scríbe eile: an seanmhuileann.
go bhfuil siad ar thairseach a gceann scríbe that they are on the threshold of their goal/destination
" Caithfidh siad cur ina luí ar a lucht tacaíochta agus ar a mbaill “gurbh fhiú an braon fola”, go bhfuil siad ar thairseach a gceann scríbe.
deich gceann scríbe is gnóthaí the ten busiest destinations
" Ach cad faoi thurais níos giorra? Dar le *Friends of the Earth*, as an deich gceann scríbe is gnóthaí ó aerfoirt Londan, d’fhéadfaí sé cinn a bhaint amach go tapa ar an traein (Glaschú, Dún Éideann agus Manchain sa Bhreatain féin agus Páras, Frankfurt agus Amstardam tríd an Tollán).
deich gceann scríbe is gnóthaí the ten busiest destinations
" Ach cad faoi thurais níos giorra? Dar le *Friends of the Earth*, as an deich gceann scríbe is gnóthaí ó aerfoirt Londan, d’fhéadfaí sé cinn a bhaint amach go tapa ar an traein (Glaschú, Dún Éideann agus Manchain sa Bhreatain féin agus Páras, Frankfurt agus Amstardam tríd an Tollán).
ceann de na cinn scríbe is mó éilimh one of the most popular destinations
" Loch álainn ======= Bhí go leor cloiste agam faoi Loch Bled, ceann de na cinn scríbe is mó éilimh sa tSlóivéin.
cinn scríbe destinations
" Ach d’ainneoin seo ar fad, tá Barcelona ar cheann de na cinn scríbe is mó éileamh san Eoraip faoi láthair.
cinn scríbe destinations
" Ach d’ainneoin seo ar fad, tá Barcelona ar cheann de na cinn scríbe is mó éileamh san Eoraip faoi láthair.
ag ceann scríbe at the end of the road
" Ní ábhar ró-éasca a dhéanamh as teanga na Gaeilge ach go mbeadh cainteoirí slachtmhara, maithe Gaeilge ag teacht amach ag ceann scríbe – sin an aidhm ba cheart bheith le múineadh na Gaeilge.
ár gceann scríbe our destination
" Chomh luath is a chonaic mé an mionbhus a bhí in ainm is muid a thabhairt go dtí ár gceann scríbe, dúirt mé liom féin nach raibh dóigh ar bith go mbeadh spás ann dúinn go léir agus d’ár malaí ar fad.
an chéad cheann scríbe the first destination
" Bhí na rudaí seo ar fad i gceist i Livingstone, an chéad cheann scríbe agam sa tír sin i lár na hAfraice a rug greim ar mo chroí agus ar mo shamhlaíocht: an tSaimbia.
níos tábhachtaí ná an ceann scríbe féin, more important that the goal itself,
" Tá siad ann sna paraimíleataigh a chreideann gurb í an choimhlint an rud is tábhachtaí, níos tábhachtaí ná an ceann scríbe féin, de réir dealraimh.
ár gceann scríbe our destination
" Faoi dheireadh, chonaic muid ár gceann scríbe trasna na farraige goirme.
mar cheann scríbe nua as a new destination
" Beidh sé mar cheann scríbe nua ag roinnt traenacha ó Mhaigh Nuad, chun scrogall Stáisiún Uí Chonghaile a sheachaint.
Imeacht le fána atá romham anois go ceann scríbe. I'll be going downhill from now until my destination.
" Imeacht le fána atá romham anois go ceann scríbe.
a rogha ceann scríbe Meiriceánach their choice of American destinations
" Ní chaillfidh an tSionainn gach seirbhís go Meiriceá, go háirithe i rith an tsamhraidh nuair a thagann formhór na turasóirí, ach is dócha nach mbeidh a rogha ceann scríbe Meiriceánach ag lucht gnó an cheantair níos mó.
mar cheann scríbe agam as my destination
" Lilongwe, príomhchathair na Maláive, a bhí mar cheann scríbe agam an uair seo.
Níor bhain sé a cheann scríbe amach. He didn't reach his destination.
" Níor bhain sé a cheann scríbe amach.
tá líon na gceann scríbe the number of destinations
" Is dócha gurb é an t-aon ábhar sásaimh atá againn ná go bhfuil Aer Lingus ag eitilt amach as Béal Feirste agus tá líon na gceann scríbe ar féidir le turasóirí ó na Se Chontae eitilt chucu ag méadú – rud a chiallaíonn gur tig linn an diabhal áit a fhágáil inár ndiaidh ar feadh dheireadh seachtaine fada!*Is iriseoir leis an* Irish News *i mBéal Feirste é Robert McMillen.
mar cheann scríbe as a destination
" Níl fágtha ag na múinteoirí bochta mar cheann scríbe anois ach áiteanna ar nós Barcelona agus Amstardam, Milano agus Heilsincí.
agus ar aghaidh linn chuig ár gceann scríbe. and off we went to our destination
" Is féidir linn Barry Whyte a thabhairt air, cé nárbh é sin a ainm i ndáiríre! D’oscail sé doras cúil an chairr agus léim mé isteach, agus ar aghaidh linn chuig ár gceann scríbe.
a cheann scríbe its destination
" Tóirse OilimpeachGo deimhin, ba le linn na gcluichí úd a cuireadh tús le nós an Tóirse Oilimpeach a thabhairt ar camchuairt idirnáisiúnta sula mbainfeadh sé a cheann scríbe amach.
ceann scríbe destination
" De thairbhe go bhfuil córas suite domhanda (GPS) ag beagnach gach tiománaí tacsaí i mBaile Átha Cliath, tá sé i bhfad níos simplí anois tiomáint timpeall na hardchathrach – go háirithe más é an ceann scríbe atá i gceist ná áit i gceantar "nua" atá lán d’árasáin nuathógtha agus de bhóithre atá díreach cosúil lena chéile.
rogha ceann scríbe choice of destination
" An rogha ceann scríbe Is é Sasana an rogha ceann scríbe atá acu ar fad in ainneoin drochstaid an gheilleagair ina bhfuil an tír sin faoi láthair.
cheann scríbe destination
" D'aistrigh mé chuig an mbus agus bhí mo cheann scríbe bainte amach agam níos lú ná uair an chloig tar éis dom tuirlingt, ar ocht dollar.
ceann scríbe journey's end
" Léiríonn sé go bhfuilimid beagnach ag ceann scríbe an aistir ar chuireamar tús leis dhá chéad bliain ó shoin.
cheann scríbe destination
" Is tír bhunaidh, tír idirthurais, nó tír cheann scríbe é beagnach gach tír agus is iomaí tír a bhfuil trí ghné na himirce ar siúl ann.
gceann scríbe destination
" Bhuail Faoi Ceann ar Aghaidh =============== Ní dhearna muidne mórán taighde ar na hOileáin Mhic Cùga thar óstán a chur in áirithe sular thug muid aghaidh ar an gceann scríbe seo.
gceann scríbe journey’s end
" I ndiaidh breis agus deich n-uaire an chloig a chaitheamh ar an mbóthar, bhí mé sásta go raibh ár gceann scríbe nach mór bainte amach againn.
cheann scríbe stop, destination
" Trá na hÍonghlaine ========== Bhí gloine seaimpéine againn san fharraige sular thug muid aghaidh ar an gcéad cheann scríbe eile, Trá Whitehaven ar Oileán Cincíse, an t-oileán is mó sa ghrúpa sin.
ar chinn scríbe journey’s end
" Ó nár dheas é, dá mb’fhéidir! Ach cá bhfuil a leithéid d’áit? Ní thig le duine ar bith a chur ina leith riamh go mbíonn Balor an Bhéil Bhinn ag sodar i ndiaidh na n-uaisle, ach, agus é ag iarraidh cinneadh a dhéanamh sa chás seo, smaoinigh sé ar chinn scríbe a bhí – nó a bheas – ag roinnt de mhaithe agus de mhóruaisle na tíre seo agus iad ag dul ar a laethanta saoire i mbliana.
Shroich mé ceann scríbe I reached my journey’s end
" Seansaol Bisiúil ======= Shroich mé ceann scríbe gan mórán stró, mé féin, beirt sagart a raibh an éide dhubh orthu agus féasóg go himleacán, mo sheanduine meidhreach nár bhain de a hata ar feadh an aistir, agus bean a dúirt liom go bhfuil deartháir aici ina dochtúir sa nGearmáin.
ceann scríbe journey’s end
" Príomhchathair na Gailíse í ceann scríbe na caminos éagsúla, siúd is nach í an chathair is mó sa chúige.
ceann scríbe a shroicheadh to reach the finish line
" An mbeidh siad in acmhainn freastal ar Chorn na hEorpa faoi mar a rinne a n-aithreacha rompu i 1988 an chéad uair a cháiligh foireann Phoblacht na hÉireann don mhórfhéile sacair seo? Ach, múineann gá seift agus ar nós dream 88, éireoidh le dream 2012 ceann scríbe a shroicheadh.
An turas seachas an ceann scríbe the journey rather than the destination
" An turas seachas an ceann scríbe a mheallann an duine spóirt, an dúshlán laethúil chun feabhais agus forbartha.
an dá cheann scríbe the two destinations
" Ós rud é gurb iad na Stáit Aonaithe agus an Bhreatain an dá cheann scríbe is mó a bhfuil tóir orthu i measc mac léinn idirnáisiúnta is tionscal é seo a bhfuil an-tábhacht ag baint leis ó thaobh an gheilleagair de.
tír cheann scríbe destination country
" Is léir mar sin gur tír cheann scríbe anois é Maracó seachas tír idirthurais, cé nach é an ceann scríbe ab áil le cuid mhaith de na himircigh a fhanann ann.
sula mbainfí ceann scríbe amach before reaching the journey’s end
" Romham amach bhí breis is 24 ciliméadar de shiúlóid ar thalamh garbh, sléibhtiúil ón Teach Dóite go dtí an Líonán ach níos tábhachtaí bheadh 2400m de dhreapadh thar dosaen sliabh le déanamh sula mbainfí ceann scríbe amach 13 uair an chloig níos déanaí.
Sracadh go Ceann Scríbe struggle to the bitter end
" Sracadh go Ceann Scríbe ========== Thar aon ní eile áfach, bhí a intinn soiléir faoin ngné den chluiche ba thábhachtaí a shaothrú agus a chur chun cinn i gcónaí: an bua.
an tír cheann scríbe the country of destination
" Is iomaí scéal faoi mhná á n-ionsaí ag daoine a thionlacann iad ar an turas ón tír dhúchais go dtí an tír cheann scríbe.
ceann scríbe journey’s end
" De ghnáth, bíonn neart siamsa ann freisin! Céard faoi na dúshláin a bhaineann le bheith ar an gcoigrích, áfach? Téann mórán Éireannach agus Sasanach bliain i ndiaidh bliana ar laethanta saoire chun na Spáinne – an ghrian ag spalpadh anuas orthu agus iad ina luí ar na tránna áille, deochanna a cheannaigh siad ar leath an phraghais a bheadh orthu sa bhaile ina nglaic acu, sona sásta ar feadh coicíse agus tuige nach mbeadh? Ach sin iad na hionaid saoire, ceann scríbe na dturasóirí.
bhain mé ceann scríbe amach I reached the place
" Mo léan géar, caithfidh gur ar rudaí eile a bhí aird agam an lá sin, mar nuair a bhain mé ceann scríbe amach, thuig mé nach raibh leabhar ar bith de mo chuid féin i mo mhála thíos.
mar cheann scríbe gastronomique as a gourmet destination
" Dá fheabhas í Parramatta mar cheann scríbe gastronomique, a bhuíochas san d’ealaín chócaireachta na bpobal éagsúla, nua agus sean, ba bheag eile anseo a thláthaigh dlúth iad.
bheadh ceann scríbe bainte amach aici she’d have reached her destination
" Bhí máilín olann ar iompar ag an mbean seo, rud le díol i nGaillimh nuair a bheadh ceann scríbe bainte amach aici.
a cheann scríbe his journey’s end
" B’iomaí scríob a bhí idir é agus a cheann scríbe.