Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
scríbhneoirí na conspóidíochta polemical writers
" Tharraingeodh siad aird, ar an chéad dul síos, ar an dóigh a mbíonn formhór na daoine sa tsochaí bhéasach an-cháiréiseach agus iad ag plé, cuir i gcás, Afra-Mheiriceánaigh nó Giúdaigh Mheiriceánacha, ach go mbíonn ealaíontóirí gríosaitheacha, scríbhneoirí na conspóidíochta agus lucht an ghrinn gháirsiúil den bharúil gur féidir tabhairt faoi Chaitlicigh.
scríbhneoir cónaithe writer in residence
" Chaith Cathal trí bliana mar scríbhneoir cónaithe in Ollscoil Chúil Raithín agus in Ollscoil na Banríona idir 1992-95 agus ansin sé mhí i mbun an phoist chéanna i nGaillimh i 1996, an bhliain chéanna a ceapadh é mar bhall d'Aos Dána.
scríbhneoirí fuinniúla, dúshlánacha energetic, challenging writers
" Mar ar fud na hEorpa tá scríbhneoirí fuinniúla, dúshlánacha ag inseacht scéal an duine.
scríbhneoir fógraí sign writer
" D'oibrigh Noonan mar mhaisitheoir agus mar scríbhneoir fógraí agus bhí sé ina bhall den Transvaal '98 Centenary Committee - poblachtánaigh a bhí in aghaidh riail na Breataine San Afraic Theas.
scríbhneoirí físeacha visionary writers
" Tá sleachta as saothar scríbhneoirí físeacha nua-aoiseacha mar Raymond Roussel agus Janis Karl Huysmans meascaithe isteach leis.
scríbhneoir aitheanta ar an cheist a recognised writer on the matter
" Ní féidir a shéanadh go raibh an-fhadhb ag an tír san am a chuaigh thart, ach anois? "Nílim ag rá nach bhfuil fadhb de shaghas éigin ag Albain a bhfuil cruth seicteach uirthi," arsa an Dr Mike Rosie, socheolaí in Ollscoil Dhún Éideann agus scríbhneoir aitheanta ar an cheist, "agus, cinnte, ní féidir aon rud eile ach 'seicteachas' a lua i gcás bhás Mark Scott.
scríbhneoir den chéad scoth a brilliant writer
" Thug sé “scríbhneoir den chéad scoth” uirthi.
scríbhneoir óráidí speech writer
" Gheobhaidh mé jab ceart litríochta duit: beidh tú mar scríbhneoir óráidí domsa, agus mé mar Thaoiseach.
scríbhneoir an eagarfhocail, the editorial writer,
" “Tá na laethanta sin thart le fada,” arsa scríbhneoir an eagarfhocail, ach mar a dúirt gníomhaí teanga amháin liom, tá an t-am a dtig le haontachtaithe a rá linn cad é le déanamh thart fosta.
faoi cheannas an scríbhneora cháiliúil under the leadership of the famous writer
" B’as scríbhneoirí an cheantair seo, ar ndóigh, faoi cheannas an scríbhneora cháiliúil Langston Hughes, a d’eascair an “Harlem Renaissance” sna tríochaidí.
ar shaothar an scríbhneora Chonallaigh seo on the work of this Donegal writer
" Ní thugann sé neamhaird ar shaothar an scríbhneora Chonallaigh seo ach is ar an duine féin a dhíríonn sé den chuid is mó.
níl bata agus bóthar tugtha ag scríbhneoirí dóibhsean. writers haven't gotten rid of them
" Ach, murab ionann agus go leor ceoltóirí, níl bata agus bóthar tugtha ag scríbhneoirí dóibhsean.
scríbhneoir, writer
" An bhfuil mé mícheart go hiomlán agus mé ag maíomh go bhfuil cosúlachtaí ann idir an cás hipitéiseach seo agus cúrsaí ceoil sa lá atá inniu ann? Cinnte tá dlúthdhioscaí neamhspleácha ag teacht amach atá go maith, ach an bhfuil siad chomh maith is a d’fhéadfadh siad a bheith? Sa litríocht, tá ról an-lárnach ag foilsitheoirí agus eagarthóirí, ag obair leis an scríbhneoir, ag tabhairt spreagadh agus comhairle dó/di leis an saothar is fearr a chur ar fáil.
de chuid an chumadóra agus scríbhneora aitheanta, by the well known writer
" Ní fhéadfadh duine gan dúil a chur sa chnuasach véarsaíochta is déanaí de chuid an chumadóra agus scríbhneora aitheanta, Tadhg Mac Dhonnagáin.
maidir le dearcadh pearsanta an scríbhneora seo regarding the personal view of this writer
" Ba ghá an focal “daoine” a úsáid ansin mar gheall ar go bhfuil na séimeantaic chomh tábhachtach sa chás áirithe seo – dá roghnófaí “fir” nó “fir óga” nó “buachaillí”, thabharfadh an rogha focail leid láidir maidir le dearcadh pearsanta an scríbhneora seo.
glúin nua scríbhneoirí agus iriseoirí new generation of writers and journalists
" Tháinig glúin nua scríbhneoirí agus iriseoirí chun cinn a bhuíochas dó.
líon níb fhairsinge scríbhneoirí a wider net of writers
" Ní bheadh aon fhoilseachán eile i gcomórtas leis an nuachtán seachtainiúil ó thaobh léitheoirí nó fógraí a mhealladh agus bheadh líon níb fhairsinge scríbhneoirí acu le tarraingt as.
scríbhneoir aithnidiúil well-known writer
" An Náire Shaolta ========= Osclaíodh an taispeántas ar Lá Fhéile Pádraig agus rinne an scríbhneoir aithnidiúil, Thomas Keneally, an oscailt oifigiúil.
na scríbhneoirí writers’
" Imeallachas na scríbhneoirí, imeallachas an ghutha Ghaelaigh, imeallachas na Gaeilge agus cé déarfadh nach mionlach i gcónaí sinn in Éirinn na linne.
a scríbhneoirí scripte ardchumais his highly talented scriptwriters
" ” B’fhéidir gur féidir le hUachtarán SAM muinín a bheith aige as na briathra míne a chumann a scríbhneoirí scripte ardchumais dó.
fhéile nua faoin scríbhneoir new festival about the writer
" Feictear saibhreas agus bunúlacht ina shaothar, agus b'shin an fáth gur thaitin Ó Nualláin linn agus tá suim fós ina shaothar, féach, cuirim i gcás i mbliana féin, an fhéile nua faoin scríbhneoir a thosaigh ar an Srath Bán i dTír Eoghain! Bhí ainm cleite eile ag Ó Nualláin ina shaothar grinn mar cholúnaí, an Cruiskeen Lawn, (an t-ainm is barrúla is dóigh), Myles na gCopaleen.
na scríbhneoir cantail bunailt linn the writers at the article bottoms
" Gearáin ==== Is léir ó na daoine a ghearán roinnt de na scríbhneoir cantail bunailt linn go gcaithfí gníomhú leis an scéal a réiteach luath nó mall.
bhí a theanga ina phluic ag an scríbhneoir the writer (LÓM) was jokingly
" Ar ndóigh bhí a theanga ina phluic ag an scríbhneoir Liam Ó Muirthile nuair a bhaist sé an t-ainm sin air mar níl aon cheist ach go bhfuil ag éirigh thar cionn leis an chóras Gaelscolaíochta cumas i bhfad níos láidre sa teanga a thabhairt dá scoláirí ná mar a bheadh acu i scoileanna lán-Bhéarla.
a rinne iarracht guth an scríbhneora a chur fé smacht which attempted to control the writer’s voice
" Ach ó thaobh Joyce de, feictear na cleasanna céanna i bprós Wallace is a fheictear in oeuvre an Éireannaigh: an bhéim chéanna ar an leadránacht nó “*paralysis*”, an íogaireacht chéanna dos na riachtanaisí fisiciúla daonna is bunúsaí, an diúltú céanna don íoróin agus don searbhas, mar aon le rialacha stairiúla liteartha a rinne iarracht guth an scríbhneora a chur fé smacht.
ar nós an scríbhneoir cáiliúil such as the famous writer
" Bhí Fine Gael, faoi thionchar an Language Freedom Movement ag an am, dream a bhí nimhneach in aghaidh na Gaeilge ar an gcuid is mó acu, cé go raibh corrdhuine páirteach leo nach bhféadfaí sin a chur ina leith ar nós an scríbhneoir cáiliúil ó Lios Tuathail, John B.
míshuaimhneas an scríbhneora the writer's unease
" com/articles/design-for-experience-promoting-empathy-for-users) le déanaí ba léir gur tháinig an t-alt in iomlán as míshuaimhneas an scríbhneora le linn turas in ardaitheoir a bhí blaisín rófhada dó.
géarchúis an scríbhneora oilte the trained writer’s sharp intellect
" Muna bhféadfaí éalú ón namhaid, ar a laghad d’fhéadfaí é a chur fé scrúdú agus úsáid á bhaint as géarchúis an scríbhneora oilte.
ionad scríbhneoirí agus léinn a writers’ and study centre
" Is ann atá an áit a dtugann siad Tŷ Newydd air, an Teach Nua, ionad scríbhneoirí agus léinn.
scríbhneoir scéinséiriúil writer of thrillers
" Arbh fhíor a rá go ginearálta gur scríbhneoir scéinséiriúil thú a bhíos ag cíoradh ceist choimhthíos an duine?** Séamas Mac Annaidh: Duine ón taobh amuigh, beagáinín aisteach, nach réitíonn leis na daoine eile atá thart air, tá imir de sin ann ceart go leor, ach leis an dá úrscéal sin, is dóigh go raibh mé ag iarraidh léiriú gur féidir leis an Ghaeilg cur síos ar aon tír, ar aon phobal, ar aon saghas duine.
an scríbhneoir Maorach the Maori writer
" Tá cáil ar an scríbhneoir Maorach Witi Ihimaera ní hamháin mar ghearrscéalaí, úrscéalaí agus drámadóir - fuair an script a scríobh sé don scannán Whale Rider roinnt blianta ó shin an-mholadh go hidirnáisiúnta fosta.
scríbhneoir céimiúil distingushed writer
" Úr te bruite! Tá éacht déanta ag (i)Beo!(/i) agus ag a scríbhneoir céimiúil Balor.
Fuair an domhan braonach, gleann na ndeor, an lámh in uachtar ar an scríbhneoir our dreary world, the vale of tears, overcame the writer
" Fuair an domhan braonach, gleann na ndeor, an lámh in uachtar ar an scríbhneoir David Foster Wallace le gairid.
scríbhneoir cáiliúil Béarla famous english writer
" Chas Tony Birtill leis an scríbhneoir cáiliúil Béarla, Patrick McGinley, ina áit dúchais, Gleann Cholm Cille, an mhí seo caite.
cuairt an scríbhneora the writer’s visit
" D’fhág cuairt an scríbhneora, Alex Hijmans, ar Éirinn le déanaí lón machnaimh ag Éilis Nic Aodhagáin ar an gcaoi a dtéann saíocht tíre eile i bhfeidhm ar an duine.