Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
dealbhóireachta saol na dealbhóireachta: the world of sculpture
" In ainneoin go mbaineann a shaothar le cúrsaí faisin agus *haute couture*, tá dlúthcheangal le saol na healaíne agus na dealbhóireachta le brath sa taispeántas seo.
adhmaid snoite carved, sculptured
" Úsáideann Treacy múnlaí plástair agus adhmaid snoite chun a chruthanna casta agus fíneálta a chruthú agus bíonn siad seo mar bhonn ar a gcuireann sé an t-éadach lena hataí a dhearadh.
dealbhóireacht bheo moving sculpture
" Is í an dealbhóireacht bheo (saothar a ghluaiseann le hinneall) a comhartha aitheantais.
dealbhóireachta poiblí public sculpture
" Ar an 19 Meitheamh, lainseáladh píosa dealbhóireachta poiblí a rinne an t-ealaíontóir áitiúil Locky Morris.
dealbhóireachta sculpture
" Caitheann Dorothy Cross súil aorach agus chliste ar chúrsaí inscne lena píosaí dealbhóireachta "Saddle" agus "Kitchen Table", saothar atá déanta as rudaí atá faighte aici in áiteacha éagsúla agus athraithe chun ráiteas dúshlánach a dhéanamh.
dealbh sculpture
" Chonaic mé dealbh mhór d'Oliver Cromwell i lár an bhaile agus tá an t-ionad féin suite os comhair Cromwell Avenue ((www.
píosaí sníodóireachta ildaite colourful pieces of sculpture
" Chuireadh sí taispeántais de cheardaíocht áitiúil ar siúl agus mheall na píosaí sníodóireachta ildaite a bhí crochta taobh amuigh den siopa an t-ealaíontóir Kenneth Webb, péintéir cailiúil a dhéanann stáidéar ar bhláthanna agus ar phortaigh Chonamara, isteach.
dealbhóireachta sculpture
" Tá saothar dealbhóireachta de chuid John Coen le feiceáil faoi láthair i ndánlann Uí Chionnaith.
dealbhóireacht sculpture
" Na modhanna traidisiúnta ======= Tá breis is 400 saothar le feiceáil i dtaispeántas na bliana seo, agus is ar na modhanna traidisiúnta - an dealbhóireacht agus an phéintéireacht - atá an bhéim den chuid is mó.
píosaí dealbhóireachta pieces of sculpture
" Chomh maith leis na binsí, beidh píosaí dealbhóireachta, gairdín luibheanna, agus lúbra ann, le cois rudaí eile.
dealbhóireacht sculpture
" Fógraíonn *graffiti*, T-léinte le manaí, bratacha, péintéireacht, múracha agus dealbhóireacht go bhfuil rud éigin daingean ionainn mar dhaoine a dhiúltaíonn do chaimiléireacht agus a chinntíonn go bhfuil an spiorad daonna beo.
píosaí dealbhóireachta pieces of sculpture
" Cad é a shílfidh muintir na cathrach, mar sin, den saothar is úire atá le feiceáil ar a gcuid sráideanna? Tá tréad bó i ndiaidh teacht go dtí an phríomhchathair, ní an cineál atá beo, dar ndóigh, ach píosaí dealbhóireachta, múnlaithe mar bha agus maisithe ar dhóigheanna éagsúla.
dealbhóireacht sculpture
" Tá tréithe láidre ailtireachta agus dealbhóireachta le brath ina saothar agus, gidh nach bhfuil an duine le feiceáil, tá "an corp" i láthair i gcónaí ar bhealach díreach nó indíreach.
dealbhóireacht ársa ancient sculpture
" Go deimhin, ní fada ó shin ó rinne an Taliban smidiríní den dealbhóireacht ársa ag léiriú an Bhúda in Bamiyan na hAfganastáine.
dealbhóireacht sculpture
" " Ní ealaíontóir foirmeálta é Clemente agus úsáideann sé réimse leathan meán, ina measc pastail, uiscedhath, líníochtaí dúigh, freascónna, ola agus an dealbhóireacht chun a chuid smaointe a nochtadh.
dealbhadóireacht sculpture
" Bhí dealbhadóireacht i gceist, péintéireacht, idir ola agus uiscedhath, líníocht, potadóireacht, saothair ríomhfhíse agus grianghrafadóireacht.
dealbhóireacht sculpture
" Tá breis is 40 píosa le feiceáil ann, ina measc dealbhóireacht, suiteálacha, grianghrafadóireacht, taibh-ealaín agus scannáin, agus tógann an t-ealaíontóir muid ar thuras, a dhéanann teagmháil fhisiciúil leis na céadfaí agus a spreagann iontas, greann agus, in amanna, míshuaimhneas ionainn.
píosa snoíodóireachta a piece of sculpture
" Faigheann an buaiteoir seic £30,000 agus píosa snoíodóireachta dar teideal “Bessie” leis an ealaíontóir Grizel Niven.
dealbhóireacht sculpture
" Is féidir péintéireacht, dealbhóireacht, fís-suitéalacha agus grianghraif a fheiceáil inti, ag baint leis an tréimhse ó 1850 ar aghaidh.
blúirí dealbhóireachta fragments of sculpture
" Is é croí an taispeántais na blúirí dealbhóireachta déanta as gaineamhchloch agus snoite go hachrannach álainn.
ar dhealbhóireacht chráifeach ar Oileán Í on holy sculpture on Iona
" Tá cuais mar seo le feiceáil ar dhealbhóireacht chráifeach ar Oileán Í agus in áiteanna eile.
dealbh sculpture
" I 1959 tógadh leacht cuimhneacháin ar an mbaile agus ní raibh ar a bharr ach dealbh de cheann de na Fergusons.
an t-aon dealbh de tharracóir the only sculpture of a tractor
" Is é an t-aon dealbh de tharracóir san Astráil agus b’fhéidir ar domhan.
bailiúchán iontach dealbh a great collection of sculptures
" Tá músaem níos sine béal dorais, faoi chúram Historic Scotland, agus bailiúchán iontach dealbh ón Ré Luath-Chríostaí a fuarthas go háitiúil ann.
dealbha sculptures
" Tá muidne in Éirinn cleachtaithe le maoiniú trasteorann a fháil don iliomad tionscadal tábhachtach – feirmeoireacht, gnó, dealbha ag ceiliúradh na síochána, agus a leithéidí sin.
taispeántais mhóra dealbhadóireachta big exhibitions of sculpture
" Táimid le seinnt in ionad ceoil i Sopparo Art Park, páirc ollmhór a bhfuil taispeántais mhóra dealbhadóireachta ann, gairdíní gleoite fiáine, siopaí agus stiúideonna d’ealaíontóirí.
samplaí gleoite dealbhóireachta agus ailtireachta the lovely examples of sculpture and architecture
" Ach, seachas sin go léir, fágann na samplaí gleoite dealbhóireachta agus ailtireachta atá le feiceáil gur fiú cuairt a thabhairt ar an reilig seo.
dealbha sculptures
" Mar sin, tá sé an-sásta go mbeidh dealbha Anthony Gormley, Another Place, le feiceáil ar bhruach an Mersey i rith na bliana sin.
cúpla dealbh dá chuid a few sculptures of his
" Bhí corp Ger leagtha amach i gcónra sa seomra tosaigh – síocháin ina aghaidh – bláthanna, cártaí agus cúpla dealbh dá chuid timpeall air.
agus an dealbh á críochnú aige. as he finished the sculpture.
" ***** Tá John Hoban ag caint ón altóir lá na sochraide, faoi na cainteanna fada a bhí aige le Ger cúpla seachtain roimh a bhás; faoin ealaín, faoin dealbh a bhí díreach críochnaithe aige, faoin saol, faoin tsíocháin a bhraith sé go domhain ina chroí agus an dealbh á críochnú aige.
snoíodóireacht. sculpturing.
" ” Canann sé amhrán; canann Bríde chomh maith; deir Herward, dlúthchara Ger, sliocht as an *Book of Invasions* – tuigim anois crógacht Ger – é i gcónaí ag iarraidh a lorg a fhágáil ar an domhan trí mheán na healaíne, trí fhilíocht, ceol nó snoíodóireacht.
dealbhóireacht sculpture
" **‘Domsa, is í an dealbhóireacht mo cholainn agus is í mo cholainn an dealbhóireacht.
dealbhóir timpeallachta environmental sculpture
" Níl mé ag caint faoi lámhdhéantúsáin ó chathair bháite Atlantis, Uí Bhreasaíl nó faoi radharc as an chéad sraith eile de na Pirates of the Caribbean, ach ar thionscadal atá ar bun ag an dealbhóir timpeallachta Jason de Caires Taylor, atá dírithe ar aird a tharraingt ar sceireanna coiréil an domhain agus ar chuidiú le timpeallacht na sceire a shábháil.
iarsmalann dealbhóireachta mara marine sculpture museum
" Baineann an saothar seo leis an iarsmalann dealbhóireachta mara is mó ar domhan atá cruthaithe ag de Caires Taylor ar chósta Cancún i Meicsiceo agus is é an sprioc atá aige ná 400 figiúr ar fíormhéid a shuíomh ar ghrinneall na farraige roimh an 24u lá de Mhí na Samhna.
dealbhadóireacht sculpture
" Thosaigh Philipsz a saol mar ealaíontóir dírithe ar an dealbhadóireacht ach ba í an tréimhse ama a chaith sí i mBéal Feirste mar iarchéimí an taithí ba mhó a chuaigh i bhfeidhm uirthi agus a chas i dtreo ceoil agus fuaime í.
saothair dhealbhóireachta pieces of sculpture
" Amharctar ar na saothair dhealbhóireachta agus ar na hearraí fínéalta ársa seo mar rudaí a bhí lán suntais agus tábhachta ó thaobh an chreidimh de.
dealbhóireacht sculpture
" Bhí an tionchar le feiceáil in achan ghné den tsochaí agus go háirithe ar an dreach fhisiciúil - an dealbhóireacht, an ailtíreacht agus an phéintéireacht agus ba iad na baincéirí fosta a thug tacaíocht do bharrshamaileacha daonnachais, an fhealsúnacht a spreag an Athbheochain sa chéad dul síos.
ndealbhóireacht na hÉigipte Egyptian sculpture
" Ba é an fhoirm stílithe, shiméadrach a chonaic sé i ndealbhóireacht na hÉigipte in iarsmalann i bhFlórans, áfach, is mó a chuaigh i bhfeidhm air, agus tá an tionchar seo le brath ar a shaothair sa taispeántas.
an tsraith dealbhóireachta the sculpture series
" Deir Christian Klemm, coimeádaí an taispeántais agus saineolaí ar Giacometti, go gcuireann an tsraith dealbhóireachta dar teideal L'Homme Qui Marche, seargán ag teacht amach as fearta i gcuimhne duit agus ainneoin na leochailleachta a bhaineann leo, go bhfuil láidreacht sna dealbha fosta.
ilghnéitheach dealbhóireachta multi-featured sculpture
" Míníonn Ciara Nic Gabhann roinnt de shaothar ilghnéitheach dealbhóireachta Éamoinn Uí Dhochartaigh a fuair bás ar na mallaibh.
Chorraigh taispeántas dealbhóireachta a sculpture exhibition moved
" Chorraigh taispeántas dealbhóireachta sa Róimh croí Chiara Nic Gabhann.