Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
seachantach distant, elusive
" "Tá eachtrannach agus seachantach ann.
seachantach evasive, non-committal
" Bímis ionraic i dtaobh na ceiste seo, seachas a bheith seachantach agus tostach.
dhathanna seachantacha elusive colours
" Tráthnóna eile agus mé i mo shuí san áit a mbím ag cuartú dhathanna seachantacha na spéire tháinig gasúr óg aníos os comhair m’fhuinneoige ar rothar agus stad sé ar an tsráid amuigh ag tarraingt anála.
éiginnte agus seachantach. unsure and evasive.
" In áit polasaithe soiléire, réalaíocha a bhain le saol laethúil na vótóirí ach a bhí difriúil go maith ó cibé polasaithe bhí na páirtithe eile a thairiscint, bhí Adams éiginnte agus seachantach.
sheachantach evasive
" In uair na cinniúna ní dhearna sé ach chaint dhéchiallach, sheachantach.
freagra séimh seachantach a smooth evasive answer
" Nuair a cuireadh ceist ar an Taoiseach in Ollscoil Harvard faoin ábhar seo ar na mallaibh, faoi an raibh sé i gceist ag an rialtas reatha aon athrú a dhéanamh ar an stádas vótála, thug sé freagra séimh seachantach agus é ag maíomh nach bhféadfaí é seo a dhéanamh i gcás na hÉireann leis an 70m gael a bhí thar sáile! Dar ndóigh, tuigeann an Taoiseach go rímhaith nach raibh sé sin i gceist ariamh, in aon fheachtas ar an cheist seo; níor moladh ariamh go dtabharfaí an vóta do gach uile imirceach a d’imigh as an tír ó thus ama ach go gcuirfidh teorainn chiallmhar de bhlianta leis, mar chúig nó deich mbliana a luadh leis.