Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
go raibh na seacht bhfainic curtha uirthi that she had been well warned
" Ach dúirt sé leis féin ansin gur dóigh go raibh na seacht bhfainic curtha uirthi nó go raibh fógra beo tugtha di gan a theach a thaobhachtáil ar a bhfaca sí riamh.
go dtiocfadh leis a sheacht sáith codlata a dhéanamh that he could have slept soundly
" Bhí sé chomh tuirseach sin anois go dtiocfadh leis a sheacht sáith codlata a dhéanamh.
thiocfadh liom mo sheacht sáith gáirí a dhéanamh I could have laughed my fill
" An bhfuil a fhios agat seo, thiocfadh liom mo sheacht sáith gáirí a dhéanamh ach go bé gur ag cur scrúdú ort a bhí mé.
ar a seacht ndícheall doing their best
" Tháinig eascairdeas millteanach idir Ó Peann Luaidhe agus Fear na Súile Nimhe blianta fada ó shin nuair a bhí an bheirt acu ar a seacht ndícheall ag iarraidh éalú ó shéirse na searbhóige seineafóbaí sin, Ainbhlinn Ní Chonaill.
Mo sheacht mallacht my curse
" Mo sheacht mallacht ar an ríomhaire.
a seacht míle dícheall doing their very best
" Buíochas le Dia ní tharlaíonn an saghas iompar frithspórtúil seo an t-am ar fad agus is breá an rud é imreoirí agus foirne a fheiceáil ag déanamh a seacht míle dícheall chun an bua a fháil agus ag croitheadh láimhe lena chéile ag deireadh an chomhraic.
a seacht ndícheall their utmost
" Ach a mhalairt de scéal atá ann inniu - déanann gasúir Bhaváracha a seacht ndícheall an "caighdeán oifigiúil" a tharraingt chucu féin.
ar a seacht ndícheall doing their utmost
" Tá an Fhrainc agus an Ghearmáin ar a seacht ndícheall chun an leanbh a shábháil agus tá Éire ag súil nach sábhalófaí an leanbh go dtí go bhfuil sé ina broinn aici féin san Athbhliain.
ár seacht ndicheall our very best
" Rinneadh an teagasc go léir as Gaeilge, agus rinneamar ár seacht ndicheall gan Béarla a labhairt, fiú amháin nuair a bhíomar sa teach tábhairne.
ag déanamh ár seacht míle dícheall an bua a fháil doing our utmost to gain victory
" Bímid ag iomaíocht go tréan agus ag déanamh ár seacht míle dícheall an bua a fháil.
a seacht sáith more than enough
" Bhí a seacht sáith ag Louis agus Ciarán de bheith sínte ar an ghaineamh lá i ndiaidh lae agus chaithfí rud inteacht a dhéanamh fá dtaobh de.
mo sheacht ndícheall my utmost
" Ach céard faoin athrú a tharlaíonn de mheon an fhostaí a chaitheann tromlach a shaoil phroifisiúnta san eagraíocht chéanna? An bhfuil baol ann go n-éireoidh an duine sin "institutionalised", mar a deir an Béarla? "Tá an baol ann i gcónaí," a deir sí, "ach déanaim mo sheacht ndícheall chun troid ina choinne! Is é an rud is tábhachtaí ná teagmháil a dhéanamh le daoine.
seacht n-uaire níos cumhachtaí seven times more powerful
" Brú 45 bar a bhí i gceist leis an phíblíne sin ach tá an ceann atá á thógáil i Maigh Eo seacht n-uaire níos cumhachtaí.
a sheacht míle dícheall his very best
" Rinne sé a sheacht míle dícheall ar feadh dhá bhliain go leith chun foireann na hÉireann a ullmhú agus a threorú chomh fada le cluichí ceannais Chorn an Domhain sa Ghearmáin in 2006.
ar a seacht ndícheall doing their best
" Gnó ann féin atá sa turasóireacht ghníomhaíochta le tamall anuas agus de réir mar atá sí ag teacht chun aibíochta tá dream i nDún na nGall ar a seacht ndícheall ag díriú isteach ar lucht ceoil, seanchais agus staire a mhealladh go hiardheisceart an chontae.
ar a seacht ndícheall doing their best
" Gnó ann féin atá sa turasóireacht ghníomhaíochta le tamall anuas agus de réir mar atá sí ag teacht chun aibíochta tá dream i nDún na nGall ar a seacht ndícheall ag díriú isteach ar lucht ceoil, seanchais agus staire a mhealladh go hiardheisceart an chontae.
seacht fairsinge seven times more wide
" * Gluais • Glossary cuairteoirvisitor saoithiúilpeculiar prochógcave, hovel i gceann mo mharanaengaged in contemplation meanaawl a thriailto try oidíteachers dá ngníomhóinn mar a iarradh ormhad I acted as I had been told brocaisden le m’uillinnbeside my elbow ag stánadh uirthistaring at it go mínósachrudely an léaráid áirithe sinthat particular sketch sula gcuirfeadh sé forrán ormbefore he would address me dúil bheolive creature cruinniú mo mheabhrachthe gathering of my thoughts frídín deannaighdust germ m’fhabhramy eyelash aireattention glasuainevivid green donnliath na huaimhethe grey brown of the cave feisteas coimhthíochstrange attire seacht fairsingeseven times more wide leadhb leathana wide piece fionnachrithgoose-flesh tír shiocthafrozen country géagalimbs aeráid fhionnuar s'againneour cool climate ionsar achan rud sa phluaistowards everything in the cave Cliseadh Shráid Wallthe Wall Street Crash Géarchéim Munchenthe Munich Crisis slis creigea piece of rock ina dhornin his fist ionsormtowards me cén treo a léifinn íwhat direction I'd read it treoraitheguides toilteanachwilling comhléaráideoirífellow illustrators cúigear glaschraicneach eilefive other green-skinned creatures brollach is másaíbosom and thighs ag sciolladóireachtscolding ag fiafraí dá chéileasking each other dheamhan fonn ormI wasn't in the mood ghréasobairfancywork saothraithelabourers mo chuid líníochta féinmy own drawing mo shamhlaíocht féinmy own imagination a míniúto explain it tinfeadhinspiration leamhdull páistí fuaite earraí leathairthe children who sew leather goods sclábhlannasweatshops fá mo choinne féinfor myself a dhath ar bithanything i gceathrú inteacht eile den domhanin some other quarter of the world
sheacht ndícheall Fhathaigh Bhéal Feirste the best efforts of the Belfast Giants
" Ach i dtaca le Gretzky de, in ainneoin an chultais a leanann de i Meiriceá Thuaidh agus i dtíortha tuaisceartacha na hEorpa ina n-imrítear haca oighir – agus, gan dabht, in ainneoin sheacht ndícheall Fhathaigh Bhéal Feirste, an fhoireann haca a imríonn in Airéine na hOdaisé, chun an sóiscéal a chraobhscaoileadh in Éirinn – is é an fhírinne é nach sléachtann mórán deisceabal sa chuid eile den domhan go talamh roimh dhia mór an haca.
seacht gciliméadar seven kilometres
" Dá ndéarfadh aon duine liom coicís ó shin go mbeinn ag siúl seacht gciliméadar thar shléibhte Leosóta, agus sneachta ag séideadh i m’aghaidh, sneachta ar gach taobh díom agus mála mór trom ar mo dhroim, is cinnte nach gcreidfinn é.
seacht srónbheannach dubh seven black rhinos
" Thar an dá lá, chonaiceamar dhá leon déag agus seacht srónbheannach dubh.
seacht n-uaire ní ba mheasa seven times worse
" Má bhí Meiriceá go dona i gCorn Ryder, bhí Maigh Eo seacht n-uaire ní ba mheasa i gcluiche ceannais na hÉireann, ach ar chúiseanna difriúla.
chuir sin a sheacht n-iontas air. that really surprised him.
" Bhí a iníon iontach dáiríre faoi na cúiseanna seo agus chuir sin a sheacht n-iontas air.
ceann de sheacht n-iontas nádúrtha na cruinne. one of the seven natural wonders of the world.
" Glacaim leis go raibh na damháin alla fós thart ach ní fhaca mise iad agus, mar sin, ba chuma liom! Chaith mé lá amuigh ar an Mórsceir Bhacainneach, ceann de sheacht n-iontas nádúrtha na cruinne.
seacht nGradam Acadaimh seven Academy Awards
" Ba theacht le chéile stairiúil é agus thosaigh an bheirt acu ag obair ar shraith cartún dar teideal *Puss Gets the Boot *– cartúin a thug beirt de na carachtair is clúití i saol na beochana, Tom agus Jerry, chun beatha agus a bhain seacht nGradam Acadaimh do Hannah agus Barbera sna blianta a bhí le theacht.
ar a sheacht ndícheall doing his best
" Arra a fheara, tugaigí aire don Aire!’ Cé a bhí ann ach Pat Scarey, an t-aire stáit úr i Roinn na Galltachta; é ann in áit Éamó Uí Chaoimhnis, agus é ar a sheacht ndícheall ag iarracht aire an tslua a tharraingt air féin – rud nár chuir stró ar bith ar Dev Óg nuair ba ghnách leis féin dul chuig Féile na nGael seachas an chéad ionadaí a chur amach ina áit.
seacht n-oiread tuarastail seven times as much salary
" Deir siad fosta go mbeidh siad ag súil lena seacht n-oiread tuarastail as bheith ar dualgas seacht lá na seachtaine, Lá Nollag san áireamh, ag cinntiú nach mbíonn barraíocht brú ar an cheoltóir cáiliúil balalaika, Johnnyeski Connolleski, a bheas ag tionlacan na ndamhsóirí.
a seacht ndícheall they did their best
" Chuaigh siad go Sasana, rinne siad a seacht ndícheall ach anois tá siad níos sine, caite agus spíonta.
seacht scáileán teilifíse seven television screens
" Bhí slua mór Éireannach i láthair agus sé nó seacht scáileán teilifíse timpeall an tí sa chaoi is go raibh radharc breá ag gach duine ar an gcluiche.
ag obair ar a seacht ndícheall doing their utmost
" Tá daoine agus eagraíochtaí éagsúla ar fud na tíre ag obair ar a seacht ndícheall i rith an ama ar son na teanga.
ar mo sheacht ndícheall at my very best
" Chuaigh mé fríd leathanaigh an *Irish News* ar mo sheacht ndícheall ag iarraidh teacht ar dheá-scéala ón Tuaisceart.
seacht nó ocht n-iarraidh seven or eight times
" Freastalaíonn mic léinn ar sheimineáir dheireadh seachtaine ar an gcampas seacht nó ocht n-iarraidh sa bhliain.
seacht n-oíche áille seven lovely nights
" Bhí seacht n-oíche áille agam in Provence ag tús mhí Iúil.
a seacht sáith their fill, a plenty
" Creidim gurb é an rud atá mé ag iarraidh a rá, nó gur ól siad a seacht sáith.
a seacht ndícheall their utmost
" Cé gur mhóidigh rialtas SAM go ndéanfaidís a seacht ndícheall gan ligean lena leithéid d’ionsaí sceimhlitheoireachta tarlú arís, léiríonn scéal Sibel Edmonds nach féidir le muintir Mheiriceá mórán muiníne a bheith acu as an stát beart a dhéanamh de réir a bhriathair.
ar a seacht ndícheall at their level best, utmost
" “Níl sé i gceist agam aon duine a mhaslú”, arsa Babs, “ach dá mbeadh Henry Shefflin (a scóráil aon chúilín déag sa chluiche) agus araile ag imirt ar a seacht ndícheall, ní bheadh Átha Cliath chomh gar dóibh ar chlár na scór.
Le cuimhne na seacht sinsear from time immemorial
" org/) Le cuimhne na seacht sinsear, tá Ogiek Mau beo ar an tsealgaireacht agus ar an mbailiú meala is torthaí.
a sheacht ndícheall his level best
" Cén t-éacht? Cá bhfuil Ar Son na Cáise? Thig le Balor rún a scaoileadh libh anois, a léitheoirí dílse: bhí Ó Céidigh ar a sheacht ndícheall ag iarraidh Balor a sciobadh ó Beo Ar Éigean! chun alt úr aorach seachtainiúil a scríobh do Foinse: alt dar teideal Ar Son na Drúise! Ach ní raibh spéis dá laghad ag Balor i gcúrsaí drúise, ná in alt a scríobh do Sir Anthony O Reilly, ná do Sir Pádraig Ó Céidigh; agus chomh maith leis sin, mheall Sir Seosamh Ó Slua Muirí é le caoga a trí cent sa bhreis in aghaidh an ailt dá bhfanfadh sé le Beo Ár Éigean! Ní thig dílseacht a cheannach.
a sheacht ndícheall his level best
" Deir Enda Kenny go ndéanfaidh sé a sheacht ndícheall feabhas a chur ar a stíl cheannaireachta.
a seacht ndícheall her level best
" Pé rud eile fúithí, deineann sí a seacht ndícheall, fiú más éagóireach an dua céanna, chun a teaghlach mífheidhmiúil a chosaint.
bhí na seacht dteangacha a’m I had any amount of languages
" D'fhiafraigh sé díom, “Is Direánach thú agus tá baint agat le muintir Árann -- tuige a bhfuil gach teanga eile a’t - bhí na seacht dteangacha a’m faoin am sin – cén fáth a bhfuil gach teanga eile a’t nuair nach bhfuil Gaeilge a’t?” Ar ndóigh, ní raibh an deis a’m ar an teanga a fhoghlaim roimhe sin, dháiríre.
a seacht ndícheall their level best
" Rinne Rúnaí Stáit George Marshall agus Rúnaí Cosanta James Forrestal a seacht ndícheall a chur ina luí ar Uachtarán Harry Truman gan tacaíocht a thabhairt do na Síónaigh.
seacht faoin gcéad 7%
" Faoi thús na mílaoise bhí an nua-aoiseachas tagtha go chuile chearn den tír agus ní raibh ach seacht faoin gcéad de mhuintir na tíre ag brath ar an fheirmeoireacht mar ghléas beo.
bheith ina arracht na seacht gceann to become a spectacle
" Ar ndóigh, dhiúltaigh an tUachtarán Obama a bheith ina arracht na seacht gceann uilig, agus choinnigh a theastas sa tarraiceán.
sheacht n-iontas aiceanta seven natural wonders
" Is ceann de sheacht n-iontas aiceanta an domhain é an t-eas cumhachtach.
seacht scéal seven stories
" An duais: ‘Bás in Éirinn’! =========== Tá na seacht scéal sa bhailiúchán seo ar chuid de na gearrscéalta is fóinte i litríocht na Nua-Ghaeilge.
Fathach na Seacht gCeann the giant of the seven heads
" Cén fáth? Fathach na Seacht gCeann =============== Níl aon tír ar domhan a bhfuil ceannasaíocht chomh scaipthe is atá i Libia.
mo sheacht ndícheall my level best
" Dhúisigh mé ón ngeit agus bhí orm smaoineamh – ar dtús, céard sa diabhail a bhí ag tarlú, cuimhneamh conas an capaill a stad agus thar aon rud eile, mo sheacht ndícheall a déanamh fanacht ar a mhuin.
Seacht nAitheanta na hAthstraitéise the 7 commandments of the new strategy
" Mar sin, fógraím na foraitheanta seo a leanas: Seacht nAitheanta na hAthstraitéise ================= - Uimhir a hAon: Íocfar trí chéad Euro sa tseachtain le tuismitheoirí nó caomhnóirí páiste ar bith a fhreastalaíonn ar Ghaelscoil, fhad is a bhíonn an páiste sin ag freastal ar an Ghaelscoil, agus fhad is a fhoghlaimíonn an páiste sin ar a laghad abairt nua Gaeilge amháin in aghaidh an lae.
a seacht ndícheall their level best
" Ar aon nós, beidh áthas ar go leor “forchéimnithe” saonta go mbeidh níos mó airgid ag an amhantraí le caitheamh ar dhreamanna ar son chearta an duine atá ag déanamh a seacht ndícheall ar son an chine daonna.
sheacht n-iontaisí na Breataine Bige seven wonders of Wales
" ‘Eas’ is ciall le ‘rhaeadr’: is ar an mbaile seo atá an t-eas is airde sa tír agus áirítí é ar cheann de sheacht n-iontaisí na Breataine Bige sa tseanaimsir.
ar a seacht ndícheall doing their level best
" Bhí Roinn na Gaeltachta abhus, DCAL ó thuaidh agus Foras na Gaeilge ar a seacht ndícheall le linn an ama sin ag brú an mhúnla nua mhaoinithe seo, ina mbeadh na heagrais dheonacha á maoiniú ar bhonn tionscadail feasta in ionad deontas bliantúil a fháil.
mo sheacht ndícheall my level best
" “Mura bhfuil muintir na tíre sásta muinín a chur ionam, cén mhaith dom fanacht i saol na polaitíochta? Déanfaidh mé mo sheacht ndícheall… an pobal sa Fhrainc a chosaint, chun an Fhrainc a choimeád láidir.
a sheacht mallacht his seven expletives
" ” Agus leis sin, d’fhág sé slán agus beannacht ag cairde a chomhchumainn Ghaelaigh, agus a sheacht mallacht ar bhodaigh an pháirtí eile, agus d’imigh sé leis as go brách agus amach ar an doras.
Tá sé ar a sheacht ndícheall he’s doing his level best
" Tá sé ar a sheacht ndícheall ag iarraidh a leithéid a chur sa dlí le blianta fada anuas: muirear mór le híoc ag duine ar bith a labhródh oiread agus focal Béarla sa Dáil.
seacht nglór seven voices
" Nod ón gceann foirne ansin, agus seacht nglór ag éirí mar a bheadh macalla i ngleann sléibhe.
roghnaíodh seacht gcas seven cases were chosen
" Am ar bith a raibh Ó hEára os comhair na cúirte, dhiúltaigh sé seasamh, pléadáil nó an cúirt a aithint ach an bhliain sin, roghnaíodh seacht gcas ina bhfeadfaí saoirse a bhaint do chimí ar athchur ach iad an chúirt a aithint.
Seacht mbliana is fiche ó shin 27 years ago
" Seacht mbliana is fiche ó shin a ghlac mé páirt in Oireachtas na Samhna den chéad uair, agus thig liom a rá go neamhbhalbh gur bhain mé sult agus sásamh as achan uile cheann acu.
ndéanann Lehane a seacht ndícheall L. does her level best
" San athchóiriú seo feictear Ruth Lehane mar phríomhcharachtar an dráma, Bónapárt Ó Cúnasa, agus caithfidh mé a rá go ndéanann Lehane a seacht ndícheall leis an méid focal is línte atá aici, ach, is minic a chloistear botúin ina páirt i léiriú a shín níos faide ná uair go leith (gan sos).
seacht gceann seven heads
" ” Samhlaígí drochoíche Shathairn in Oirthear Bhéal Feirste: Ansin chonaic mé an beithíoch ag éirí as an bhfarraige, agus deich n-adharc agus seacht gceann air, agus deich gcoróin ar a dheich n-adharc, agus ainmneacha diamhaslacha ar a chinn… agus thug an dragan dó a neart agus a ríchathaoir agus a mhórchumhacht.
ag déanamh a seacht ndícheall doing their level best
" Beidh feachtas olltoghcháin ar siúl níos déanaí i mbliana agus beidh na páirtithe móra ag déanamh a seacht ndícheall tacú ó na luasc-vótóirí sna toghcheantair imeallacha a mhealladh.
seacht n-ionad seiceála éagsúil seven various checkpoints
" Ní rás atá ann ach ar mhaithe le leas na ndreapadóirí, ní mór duit poll a fháil i do chárta ag seacht n-ionad seiceála éagsúil i rith an bhealaigh.
cúig troithe agus seacht n-orlaí ar airde five foot seven inches tall
" I measc na gcnámh éagsúil, fuaireas iarsmaí d’fhear a bhí cúig troithe agus seacht n-orlaí ar airde, a bhí tógtha go maith agus a bhí idir seasca agus seachtó bliain d’aois nuair a fuair se bás, go díreach mar bhí Naomh Peadar é féin, de réir dealraimh.
b'annamh gan seacht ngad eile le scaoileadh agam le mo linn I was always caught up in about ten different other things
" Má tá tríocha bliain caite agam le ceird na filíochta, b'annamh gan seacht ngad eile le scaoileadh agam le mo linn.
ag aois seacht mbliana fichead at twenty seven
" B’éigean dó éirí as an imirt ag aois seacht mbliana fichead de dheasca a ghortaithe.
in aois seacht mbliana fichid aged 27 yrs
" Gabhadh Corby ag aerfort Denpasar i mBali sa bhliain 2004, agus í in aois seacht mbliana fichid.
i seacht gcríocha na héigse in the broad realms of poesy
" Ach rachaidh fós, agus beidh ainm in airde ar Dic Jones i seacht gcríocha na héigse.
ceann de na seacht bpeaca marfach one of the seven mortal sins
" ” Ar ndóigh, tá córas an rachmais bunaithe ar an tsaint, ceann de na seacht bpeaca marfach agus meastar nach mbíonn lucht pócair riamh sásta leis an mhéid airgid atá acu— súil le breis a mhilleann an cearrbhach.
Sheacht Suáilce an Rialtais the government’s seven virtues
" Nóta: Cuirfear fáilte roimh mholtaí na léitheoirí maidir le taighde le haghaidh alt eile faoi 'Sheacht Suáilce an Rialtais' i leith na Gaeilge.
le seacht mbliana anuas in the last seven years
" Tá ceithre chomórtas mhóra gailf ann ar a dtugtar ‘*majors*’ agus seachas comórtas na Máistrí a imrítear in Augusta Mheiriceá, tá gach ceann de mhórchraobhchomórtais an ghailf gnóthaithe ag Éireannaigh le seacht mbliana anuas: Craobh Oscailte na Breataine faoi cheathair, Craobh Oscailte SAM faoi dhó (Graeme Mc Dowell in 2010 agus Rory Mc Ilroy in 2011) agus Craobh an PGA faoi dhó (Harrington in 2008 agus Mc Ilroy in 2012).
séanna agus seachtanna sixes and sevens
" Ar dtús bhí mé ag séanna agus seachtanna, ach anois tá mé ar scamall a naoi.
seacht déag faoin déag seventeen per cent
" Tá praghas na dtithe tar éis ardú seacht déag faoin déag le roinnt míonna anuas sa Spáinn agus níl aon dóchas ag Carmen Rodríguez go dtiocfaidh feabhas ar an scéal seo.