Pota Focal Intergaelic
Scríobh focal Gaeilge nó Béarla. Type a word in Irish or English.
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
go seachtainiúil weekly
" Ag teacht amach go seachtainiúil a bhí sé agus é in ísle brí.
nuachtlitir sheachtainiúil weekly newsletter
" Cúpla bliain ó shin, is beag paróiste nach raibh nuachtlitir sheachtainiúil á foilsiú ann, lán de shaghsanna éagsúla cló.
dá n-ioncam seachtainiúil of their weekly income
" Má bhuaileann tinneas iad agus má bhíonn orthu cuairt a thabhairt ar dhochtúir agus oideas a fháil sa siopa poitigéara, tá an seans ann go mbeidh orthu idir 25% go 50% dá n-ioncam seachtainiúil a chaitheamh.
seachtainiúil weekly
" Chomh maith leis an gcolún seachtainiúil a chur ar fáil san *Irish Times*, scríobhann Ó Muirí léirmheasanna ar leabhair Ghaeilge trí mheán an Bhéarla sa nuachtán chomh maith.
go seachtainiúil on a weekly basis
" Déanann sé timpeall ochtó ceolchoirm sa bhliain le Kíla agus íoctar pá cúpla céad euro go seachtainiúil le gach ball den ghrúpa an bhliain ar fad.
go seachtainiúil on a weekly basis
" Cén obair a dhéantar i gCnaF ó lá go lá?***Seo a leanas samplaí den chineál oibre a bhíonn le déanamh: Clubanna a reáchtáil (60 go seachtainiúil thart timpeall na tíre).
colún seachtainiúil dúshlánach a challenging weekly column
" Bíonn altanna rialta agus colún seachtainiúil dúshlánach san *Irish Times*.
pá seachtainiúil na n-oibrithe is ísle pá the weekly pay of the lowest-paid workers
" Dúirt Paul McGill ó Community NI gur thit pá seachtainiúil na n-oibrithe is ísle pá sa tuaisceart anuraidh.
liúntas seachtainiúil. weekly allowance
forlíonadh seachtainiúil Gaeilge weekly Irish supplement
" Sa bhliain 2002, d'iarr muintir an nuachtáin *The* *Irish News – *foilseachán a bhfuil a oifig lonnaithe i mBéal Feirste – €700,000 sa bhliain ó Fhoras na Gaeilge le forlíonadh seachtainiúil Gaeilge a fhoilsiú, a chomhdhéanfaí de shé leathanach déag agus a chuirfí isteach ina nuachtán féin.
nuachtán seachtainiúil weekly newspaper
" Mura bhfuil sé d’acmhainn acu nuachtán laethúil den chaighdeán seo a fhoilsiú – agus creidim gur bunriachtanais iad na gnéithe sin thuas nach féidir a bheith beo dá n-éagmais i margadh iomaíoch na nuachtán – b’fhearr éirí as an bhfoilsiú laethúil agus nuachtán seachtainiúil a dhéanamh de *Lá Nua* arís, nó é a fhoilsiú dhá nó uair uaire sa tseachtain, agus díriú ar chúrsaí an Tuaiscirt den chuid is mó.
eascraíonn ranganna seachtainiúla weekly classes spring up from
" Go hiondúil, bíonn na ceardlanna ar siúl tráthnóna Dé Domhnaigh agus go minic, eascraíonn ranganna seachtainiúla as na ceardlanna sin.
nuachtán seachtainiúil weekly newspaper
" Ó mhí Aibreáin seo chugainn, áfach, tá rún ag Foras na Gaeilge gan maoiniú a bhronnadh feasta ach ar nuachtán seachtainiúil Gaeilge amháin agus tá siad ag iarraidh go mbeidh seirbhís leictreonach ag baint leis.
t-alt seachtainiúil weekly article
" An margadh dubh nó an morgadh bán? Comhartha eile den crise is ea an t-alt seachtainiúil, gach Luan, i Libération: La vie ric-rac.
seachtainiúil weekly
" Inniu INNIU, an nuachtán seachtainiúil Ghaeilge a bhíodh ann, nuair a bhíos ar scoil.
seachtainiúil weekly
" Dar le Blankfort, bíonn cruinnithe seachtainiúil ag an CGM le hardoifigeach nó le ceann stáit na mballstát AE.
seachtainiúil weekly
" Ach mar sin féin, chroithnigh go leor de phobal na Gaeilge nuachtán clóite seachtainiúil.
seachtainiúil weekly
" Cén t-éacht? Cá bhfuil Ar Son na Cáise? Thig le Balor rún a scaoileadh libh anois, a léitheoirí dílse: bhí Ó Céidigh ar a sheacht ndícheall ag iarraidh Balor a sciobadh ó Beo Ar Éigean! chun alt úr aorach seachtainiúil a scríobh do Foinse: alt dar teideal Ar Son na Drúise! Ach ní raibh spéis dá laghad ag Balor i gcúrsaí drúise, ná in alt a scríobh do Sir Anthony O Reilly, ná do Sir Pádraig Ó Céidigh; agus chomh maith leis sin, mheall Sir Seosamh Ó Slua Muirí é le caoga a trí cent sa bhreis in aghaidh an ailt dá bhfanfadh sé le Beo Ár Éigean! Ní thig dílseacht a cheannach.
seachtainiúil weekly
" Seans go mbeadh a fhios aige chomh maith cé mhéad a chosain siad agus cén tuarastal seachtainiúil ar a mbíonn siad dá bhfiafróinn de é.
eagraíonn siad imeachtaí seachtainiúla they organize weekly events
" ” Foilsíonn Mídia Periférica nuachtlitir áitiúil agus eagraíonn siad imeachtaí seachtainiúla ag a mbíonn téamá áirithe á phlé ag ógánaigh ó cheantair bhochta sa chathair ar fad.
aon nuachtán seachtainiúil any weekly newspaper
" Ach cuimnhnigh nach bhfuil aon nuachtán seachtainiúil i nGaeilge againn a thuilleadh.
laethúla agus seachtainiúla daily and weekly
" Is fada an staid reatha ó ré órga na meán Gaeilge ag tús an chéid seo nuair a bhí nuachtáin laethúla agus seachtainiúla againn, bealach raidió fadbhunaithe a bhí ina chuid lárnach de shaol an chainteora Gaeilge, neart irisí bríomhara agus stáisiún teilfíse nuálach a bhí chun seanteanga na nGael a theilgean isteach san fhiche haonú haois.
seachtainiúil in-íoslódáilte weekly downloadable
" Thiocfadh leat an mheitheal bheag a bheas ina bhun a shamhlú ag breathnú ar an chéile ar an gcéad lá acu san oifig, agus iad ag rá lena chéile: an mbeidh muid anseo amárach? An dtabharfaidh an Foras an t-am dúinn leis an bpáistín fionn seo a thógáil, nó an dtitfidh an tua go tobann orainn faoi mar a thit rómhinic san am a caitheadh? Agus cén saghas ainmhí aisteach idir-dhá-stól atá idir lámha againn ar aon nós? Nuachtán seachtainiúil in-íoslódáilte le gné éigin nuachta a bheas á uasdátú níos minicí ná sin? An n-éireoidh linn muinín an phobail a fháil don ainmhí aduain seo? An dara dúshlán ná dúshlán na samhlaíochta.
alt san iris seachtainiúil sin an article in that weekly magazine
" Ní raibh mí ann nach raibh alt san iris seachtainiúil sin faoin teicneolaíocht úrnua seo.
nuachtáin sheachtainiúla the weekly newspapers
" ie sain-ionad amach dó féin le linn do na nuachtáin sheachtainiúla Foinse agus Gaelscéal a bheith ar an saol agus, mar a léirítear thuas, chuaigh an iris mhíosúil ó neart go neart i rith an ama sin.
nuachtán seachtainiúil weekly newspaper
" Tá m’alt deiridh seolta ar aghaidh agam ’uig eagarthóir Ghaelscéal, le foilsiú san eagrán deiridh den nuachtán seachtainiúil Ghaeilge.
iris sheachtainiúil, weekly magazine,
" Chaith Justine McCarthy tréimhse fhada ag obair mar iriseoir leis an (i)Irish Independent(/i) agus anois tá sí ag feidhmiú mar Leaseagarthóir ar an iris sheachtainiúil, (i)Village(/i).
nuachtán seachtainiúil weekly newspaper
" Cothrom an ama seo dhá bhliain déag ó shin a seoladh an nuachtán seachtainiúil (i)Foinse(/i) agus Breandán Delap mar chéad eagarthóir air.
seachtainiúil weekly
" Molann sé go mba cheart iontaobhas a bhunú le tabhairt faoi nuachtán seachtainiúil Ghaeilge a fhoilsiú, leis an mbearna atá fágtha ag Foinse a líonadh.
nuachtán seachtainiúil Ghaeilge a sholáthar providing a weekly Irish newspaper
" Ceistíonn Donncha Ó hÉallaithe cur chuige Foras na Gaeilge maidir le nuachtán seachtainiúil Ghaeilge a sholáthar do phobal léite na Gaeilge.