Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
ag sealbhú teangacha acquiring languages
" " A hóige ======= Is léir nach raibh na fadhbanna céanna ag Anna ag sealbhú teangacha agus í ag éirí aníos.
sealbhú teanga language acquisition
" " A hóige ======= Is léir nach raibh na fadhbanna céanna ag Anna ag sealbhú teangacha agus í ag éirí aníos.
á sealbhú being taken up
" Cé mhéad de theangacha mionlaithe an domhain atá ar a dtoil ag Príomh-Aire agus ag go leor d’Airí rialtais na dtíortha nó na réigiún sin ina bhfuil siad á labhairt? Cé mhéad de theangacha mionlaithe an domhain a bhfuil rialtais náisiúnta ag ceapadh straitéisí fiche bliain ar a son? Agus in ainneoin na soiniciúlachta go léir in Éirinn, cé mhéad de theangacha mionlaithe an stáit seo a bhfuil cur amach réasúnta maith ag sciar suntasach den phobal orthu? Níl oiread agus ceann amháin de theangacha bundúchasacha Chalifornia á sealbhú ag páistí ná á foghlaim mar chroí-ábhar in aon scoil.
á sealbhú being obtained
" Ceaptar go maireann suas le caoga teanga fós ach is baolach nach bhfuil oiread agus ceann acu á sealbhú ag páistí.
sealbhú na Gaeilge Irish language acquisition
" Sa tsochtheangeolaíocht is mó atá a cuid spéiseanna acadúla agus tá taighde déanta aici i réimse na sícitheangeolaíochta, sealbhú na Gaeilge mar chéad teanga go háirithe.
nó sealbhú deamhanta or demonic possession
" Tugann an *‘Guy’* (Dawaele) cosaint di - a slánaitheoir? Ach nárbh eisean an péidifíleach le hiníon comharsan, agus nár bhodach é le síobaire mná lánfhásta a bhain di le fonn dó? Ar bheart dhíbeartha dheamhanta an tsuirí sa dá chás sin, nó sealbhú deamhanta? Sealbhú deamhanta, déarfainn.
bheinn buartha faoin sealbhú teangan I’d worry about language acquisition
" Ach thuigfinn dóibh siúd a chaitheann leis an nGaeilge mar mheán cumarsáide amháin agus nach mbíonn ag troid nó ag agóidíocht i gcónaí ar a son, go háirithe iad siúd a tháinig in inmhe le linn ré an tíogair Cheiltigh agus nach cuimhin leo na drochlaethanta nuair nach raibh leabhra Gaeilge ar fáil ar scoil, nuair a bhíodh daoine ag caitheamh anuas ar an nGaeilge go minic, nuair nach raibh pingin rua ar fáil don teanga - cé gur léir go bhfuil na drochlaethanta sin linn arís!” Cailleadh nó Caomhnú? ======== Agus nach fíor go bhfuil an t-aos óg ag tabhairt droim láimhe don Ghaeilge agus ag iompú ar an Bhéarla? “Cinnte ní féidir linne neamhaird a dhéanamh ar an iompú seo, agus bheinn buartha faoin sealbhú teangan ach ceapaim go dteastaíonn gníomh anois seachas a bheith ag clamhsán de shíor faoin bhfadhb.