Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
sheanadóir senator
" I gcás Burke, bhí an Taoiseach breá sásta é a ainmniú ina Aire, agus i gcás Lydon is é an Taoiseach a d'ainmnigh é mar sheanadóir.
iar-Sheanadóir former Senator
" Tá go leor gaiscí tábhachtacha déanta aige a bhféadfadh sé maíomh astu, áfach, dá mba mhian leis: is iar-Ghobharnóir é ar Bhanc Ceannais na hÉireann, iar-Rúnaí ar an Roinn Airgeadais, iar-Uachtarán ar Acadamh Ríoga na hÉireann, iar-Chathaoirleach ar APSO, iar-Sheanadóir, iar-Sheansailéir ar Ollscoil na hÉireann, príomhchomhairleoir Sheáin Lemass nuair a bhí Éire ag plé ballraíochta sa Chómhargadh (mar a bhí air ag an am).
an seanadóir cáiliúil the famous senator
" Thuar Teddy Kennedy, an seanadóir cáiliúil, go mbeadh dhá theach na Comhdhála ar ais i seilbh na nDaonlathaithe roimh i bhfad.
an seanadóir cáiliúil the famous senator
" Thuar Teddy Kennedy, an seanadóir cáiliúil, go mbeadh dhá theach na Comhdhála ar ais i seilbh na nDaonlathaithe roimh i bhfad.
seanadóir gorm a black senator
" Má thoghtar Ford, beidh seanadóir gorm i ndeisceart na Stát Aontaithe den chéad uair ó aimsir an chogaidh chathartha.
nuair a ghnóthaigh an Seanadóir Glas Bob Brown duais when the Green Senator Bob Brown won a prize
" Bunaíodh é sin i 1990 nuair a ghnóthaigh an Seanadóir Glas Bob Brown duais gurbh fhiú $50,000 é.
deichniúr seanadóirí a ainmniú, to name ten senators,
" Dá n-iarrfá ar chéad duine ar shráid ar bith in Éirinn deichniúr seanadóirí a ainmniú, ní bheadh tuairim ag an chuid is mó acu.
trí scór seanadóir sixty senators
"trí scór seanadóir sa Seanad agus baineann siad suíochán amach ann ar bhealaí éagsúla.
ag bodhrú na seanadóirí deafening the senators
" Bheadh sé istigh sa Seanad ag bodhrú na seanadóirí agus ní bheadh am aige a bheith ag bodhrú leath dhaonra na hÉireann ó gach ardán halla pobail ó Chóbh go Málainn.
Ceapadh an Seanadóir Stephens Senator Stephens was appointed
" Ceapadh an Seanadóir Stephens ina rúnaí parlaiminte sa rialtas nua.
seanadóir óg young senator
" Mura bhfuil ainmneacha na beirte seo cloiste agat go minic le bliain anuas, caithfidh go bhfuil tú bodhar: Hillary Clinton, bean an iar-uachtaráin Bill Clinton, agus Barack Obama, an seanadóir óg ó Chicago.
Seanadóir Senator
" I ndáiríre, roghnaigh an Páirtí Daonlathach a n-iarrthóir uachtaránachta na míonna fada ó shin, an Seanadóir Barack Obama, agus roghnaigh seisean a iarrthóir leasuachtaránachta, an Seanadóir Joe Biden, cúpla lá sular cuireadh tús leis an gcoinbhinsiún féin.
seanadóir anaithnid an unknown one from the oldies joint
" “Ní hé nach bhfuil a leithéid tuillte acu,” a dúirt seanadóir anaithnid i Seanad Éireann lá i ndiaidh na cáinaisnéise.
beirt sheanadóirí two senators
" Mar chuid lárnach den ullmhúchán intinne, bhí John McCain agus Joseph Lieberman, beirt sheanadóirí a mhol an tAcht um Shaoradh na hIaráice i 1998, ag tacú leis an Iarácach corbtha Ahmad Chalabi mar chomharba ar Saddam Hussein ó 1991 ar aghaidh.
Seanadóirí golden oldies
" com/encyclopedia/Crom-Cruach) Seanadóirí bochta na hÉireann! Is gairid nach mbeidh fiú an méid a fhaigheann Balor bocht á fháil acu, nó deir Enda Aoibhinn Aoibhiúil go scorfaidh sé an Seanad má éiríonn leis riamh rialtas a chur le chéile.
seanadóirí senators
" Cá bhfuil na seanadóirí? Sin í an cheist is mó atá ag déanamh scime do phobal Wisconsin i láthair na huaire.
ná ar a bheith i do sheanadóir nor about being a senator
" Is dóigh liom nach raibh mórán eolais a’m ar Sheanad Éireann ná ar a bheith i do sheanadóir roimhe seo ach go raibh fhios a’m roinnt daoine a chuaigh romham, Nioclás Ó Conchobhair agus Pól Ó Foighil mar a déarfá, agus níor thuig i ndáiríre cén bunús a bhí acub ó thaobh a bheith ag ceapadh reachtaíochta agus mar sin de, ach tá tuiscint i bhfad níos fearr a’m anois ar an ról poiblí.
an iomarca de na Seanadóirí faoi cheangal ag na páirtithe too many of the Senators restrained by the parties
" (Chonaic mé le linn na díospóireachta ar Bhille na Gaeltachta Seanadóir ón bhfreasúra ag iarraidh córam agus é ag siúl amach é féin, tar éis dhó córam a iarraidh!) Ach ’sé an fhadhb is mó leis an Seanad ná go bhfuil an iomarca de na Seanadóirí faoi cheangal ag na páirtithe, agus in áit a n-intinn féin a dhéanamh suas faoi reachtaíocht nó leasú ar reachtaíocht, bíonn iachall orthu treoir a thógáil ón bpáirtí.