Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
áras seandaoine an old people's home
" “Fuair mé glao tamall ina dhiaidh sin ó fhear a mhínigh dom gurbh é a sheanathair marbh an seanduine cráite agus, nuair a chonaic mise é, go raibh sé i ndiaidh a bhean chéile a chailleadh bliain roimhe sin agus gurbh éigean dó bogadh isteach in áras seandaoine i mBré.
a rachaidh chun sochair na seandaoine which will benefit the old people
" Lena chois sin ar fad, tá an tAire Sláinte Mary Harney ar tí tionscnamh a fhógairt a rachaidh chun sochair na seandaoine a bhfuil aire á tabhairt dóibh sa bhaile.
seandaoine old people
" Dálta daoine bochta ar fud na n-oileán seo, is ar na daoine is laige a thitfidh an t-ualach is mó sna ciorruithe atá le déanamh - seandaoine, páistí, daoine atá tinn mar ní thig leo troid in éadan an chórais.
Seandaoine á mbruith old people being boiled
" Seandaoine á mbruith, á bhfriochadh agus á róstadh ar ghrille, á ndó agus á n-ithe ag beithigh allta, á n-ionsaí ag madraí, á n-adhlacadh beo, á dtarraingt as a chéile ag capaill …….
cúram seandaoine caring for our senior citizens
" Ceisteanna a bhaineann le tógáil clainne, le cúram seandaoine agus le daoine bochta.
go rabhthas ag caitheamh go dona le seandaoine that old people were being badly treated
" Léirigh clár faisnéise ar RTÉ an mhí seo caite go rabhthas ag caitheamh go dona le seandaoine i dteach altranais i mBaile Átha Cliath, ach ní haon eisceacht é an cás seo – tá a leithéid an-choitianta ar fud na tíre.