Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
bailiúchán na seanfhocal the proverbs collection
" Tá roinnt de na bogearraí a fhoilsíonn Fios Feasa dírithe ar dhaoine fásta, ar nós leagan Gaeilge den Bhíobla agus bailiúchán na seanfhocal, ach tá cinn curtha ar fáil do pháistí óga freisin.
seanfhocail proverbs
" Is maith liom a bheith ag déanamh staidéir ar bhéaloideas na hÉireann freisin, go háirithe na seanfhocail, na tomhais agus an scéalaíocht, agus mo chóip d'fhoclóir an Duinnínigh in aice láimhe.
an seanfhocal the proverb
" Fuair sé réidh leo i gceann trí mhí! Ha! Ní raibh an seanfhocal cloiste aige faoi sheacht mbliana ag foghlaim, seacht mbliana ag smachtú agus seacht mbliana ag máistriú.
Bíodh seanfhocal ag gach seanbhuachaill! Let every old guy have a proverb
" Cad é do bharúil, a Bhaloir? Bíodh seanfhocal ag gach seanbhuachaill! Is iomaí rud a thiocfadh linn a chur i gcrích dá mbeadh fiche míle ball de na Léinte Glasa ag siúl thart le camáin ina ndóideanna.
seanfhocal proverb
" Ní insíonn an ceamara bréag, mar a deir an seanfhocal, ach tá conspóid ar bun anois faoi iontaofacht pictiúr clúiteach amháin a ghlac Capa a thaispeáineann mílísteoir Spáinneach ag rith síos le fána á scaoileadh le hurchar agus é ag titim sa ghleo.
seanfhocal proverb
" Is iomaí seanfhocal a bhaineann le ballaí i nGaeilge ach, chan ionann agus seanfhocail eile, tá siad in oiriúint do shaol an lae inniu i mBéal Feirste.
seanfhocal proverb
" Duaiseanna ===== Beidh beirt bhuaiteoirí i gceist agus gheobhaidh siad mar dhuais an leabhar seo: Sé an Saol an Máistir ========== Filíocht Learaí Phádraic Learaí Uí Fhínneadha Le Gearóid Denvir Cluintear duine san áit nach bhfeictear é, a deir an seanfhocal, agus breis agus deich mbliana tar éis a bháis anabaí tá glór breá láidir soiléir sin Learaí Phádraic Learaí Uí Fhínneadha le cloisteáil an athuair.
i muinín seanfhocail aitheanta resorts to the well-known proverb
" Téann Gurvan i muinín seanfhocail aitheanta chun tábhacht na Briotáinise a léiriú: "Hep brezhoneg, Breizh ebet" (gan Briotáinis, Briotáin ar bith).
seanfhocal proverb
" Dream Buailte nó Dream a Buaileadh? ================== Deir seanfhocal linn, ‘an madadh a bhuailtear sa chloigeann, cuimhníonn sé!’ B’fhéidir gur ag cuimhneamh le fada a bhí muintir na hÉireann agus gurb ’in é an fáth a raibh na coiscéimeanna malltriallach le breis is céad bliain anuas: Cogadh na Talún, Cogadh na Saoirse as ar glacadh le mionn ‘don Rí’ le ‘Saorstát’ a bhaint amach.
seanfhocal ilteangach multilingual proverb
" ‘Insíonn fíon fírinne’ a deir an seanfhocal ilteangach, nath atá chomh fíor inniu is bhí riamh, óir léirímid tréithe sainiúla ár gcroí don saol mór nuair a bhíos an braon sa ghrágán againn.
lagchúiteamh nó ersatz ar sheanfhocail na Gearmáinise a poor substitute for German proverbs
" Murab ionann is Rialtas na Fraince, atá i ndiaidh an Commission générale de terminologie et de néologie a chur ar bun chun téarmaíocht nua a chruthú a shaibreoidh an Fhraincis agus a chosnóidh í ó thionchar an Bhéarla, tá Rialtas na Gearmáine sásta glacadh leis go dtiocfaidh na focail iasachta seo isteach sa Ghearmáinis agus go bhfeidhmeoidh siad mar lagchúiteamh nó ersatz ar sheanfhocail na Gearmáinise de réir a chéile.
De réir an tseanfhocail according to the proverb
" De réir an tseanfhocail, más deas do dhuine a chóta is deise dó a léine, ach níorbh amhlaidh a bhí cúrsaí an iarraidh seo.
fírinne sna seanfhocail truth in proverbs
" Bíonn fírinne sna seanfhocail, fírinne a sháraíonn cúinsí ama agus na nglúnta a chuaigh romhainn.
seanfhocail proverbs
" Tagróidh seisean do na leabhair Bhéarla ar fad is don Bhíobla agus tarraingeoidh mise as na seanfhocail agus as dearcadh na Gaeilge.
ndeir an seanfhocal the proverb says
" Cé go ndeir an seanfhocal gur treise an dúchas ná an oiliúint, creideann roinnt tráchtairí ar chúrsaí spóirt gur féidir níos mó dochair na maitheasa a dhéanamh nuair a théann an oiliúint thar fóir.
éirim an tseanfhocail gist of the proverb
" Bheadh sé mórán ar aon éirim an tseanfhocail ‘an tsúil amuigh, ní fearrde an teach a mbíonn sé ann’.