Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
Sheasaidís ar an gcosán they used to stand on the pavement
" Sheasaidís ar an gcosán taobh leis na paráidí ag impí ar Dhia báisteach throm a chur anuas ar na daoine a bhí páirteach iontu – mar a tharla sa scéal bíobalta faoi Shodam agus Gomóra.
ar bonn seasta on a constant basis
" An saol crua é a bheith os comhair ceamara sách minic chaon seachtain ar bonn seasta? BNC: Is obair chrua í, caithfidh tú i gcónaí a bheith ar an airdeall, caithfidh tú i gcónaí a bheith aireach faoi céard tá timpeall ort, céard tá ag tarlú sa domhan, bíodh tú i do láithreoir, nó id’ iriseoir, nó aon duine atá ag plé leis na meáin, mura dtuigfidh tú céard tá ag tarlú sa domhan mór, beidh sé sin soiléir! Ó chláracha do ghasúir, cláracha siamsaíochta, is cuma céard é an t-ábhar, mar ag deireadh an lae, tá bunús iriseoireachta leis an bpost.
chaoi ar sheas an Fhionlainn an fód how the Finns stood their ground
" Tá siad mórtasach as an chaoi ar sheas an Fhionlainn an fód i gcoinne an Airm Dheirg le linn an dara Cogadh Domhanda.
sheas mé ag breathnú ar I stopped to look at
" Bhí traein agam go haerfort Düsseldorf an tráthnóna sin, agus sheas mé ag breathnú ar an gclár ama sa halla mór feiceáil cén t-ardán a bhí uaim.
ar sheas mé ann which I stopped in
" Cosúlacht eile: sa gcéad bistro ar sheas mé ann tar éis dom lán na súl a bhaint as an taispeántas, céard a bhí ar siúl ann ach cluiche rugbaí i gcorn Heineken.
Is ar éigean gur sheas an puball the tent barely hung on
" Is ar éigean gur sheas an puball san ionad seiceála in aghaidh na síbe.
seasfaidh sé an fód ar son an Aontais he’ll support the Union
" Mhothaigh mé riamh gur aontachtach caolaigeanta den tseandéanamh a bhí ann agus níl amhras ar bith ann go seasfaidh sé an fód ar son an Aontais ach ag tús na bliana seo, chuala mé an tUasal Copeland ag caint ar oíche a chaith sé le daoine a bhí gan dídean.
a sheasann ar a mbonnaí féin who stand on their own two feet
" Nuair a sheasann aon iarrthóir le mórpháirtí náisiúnta, áfach, ní as féin a sheasann sé mar bíonn líonra tacaíochta proifisiúnta laistiar de agus buntáistí eile nach mbíonn ag na hiarrthóirí neamhspleácha a sheasann ar a mbonnaí féin i dtoghchán.
a sheasfaidh leo ar feadh a saoil which shall stand to them for the rest of their lives
" Foghlaimeoidh páistí óga scileanna úsáideacha foclóireachta leis an leabhar seo a sheasfaidh leo ar feadh a saoil.