Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
seasmhach steadfast
" Feiceann Simon Jones íoróin ag baint le daoine a thugann "dílseoirí" orthu féin a bheith ag déanamh ionsaí ar thaispeántas faoi arm na Breataine ach tá sé seasmhach ina chuid tuairimí faoin téacs atá ann agus ní bheidh sé ag athrú rud ar bith.
seasmhach stable
" De bharr gurb iad cúinsí oidhreachtúla agus aistí bia ón am a chuaigh thart is cúis le raimhre go minic, agus de bharr go dteipeann ar 95-98% d'aistí bia thar trí bliana, tá an méid seo le rá ag an NAAFA: "Tá sé ag éirí soiléir gur fearr do dhaoine a bhfuil claonadh acu a bheith ramhar fanacht ag meáchan trom, ach seasmhach, agus díriú ar aclaíocht phearsanta in áit na tanaíochta.
córas seasmhach daonlathach a stable democratic system
" Os a choinne sin, is fada linn nár shrois muid ceann scríbe go fóill, is é sin córas seasmhach daonlathach a mbeadh toil phobal an Tuaiscirt go hiomlán leis.
táille seasmhach set fee
" Íocann an t-úsáideoir táille seasmhach, seachas táille in aghaidh an nóiméid.
seasmhach stable
" San idirlinn, tá sé práinneach go ndéanfaí infheistiú sa chomhlacht má táthar le bonn maith, seasmhach a chur faoi.
bonn seasmhach firm base
" Tríd is tríd, caithfear fáilte a chur roimh na cinntí seo mar go gcuireann siad bonn seasmhach faoi thábhacht na Gaeltachta mar cheantar luachmhar oidhreachta.
seasmhach stable
" Ní fios fós an leor an méid sin le rialtas seasmhach a thabhairt don Iodáil go ceann cúig bliana.
go seasmhach constantly
" Is ar éigean go mbainfidh siad é sin amach ó tharla iad a bheith ag fáil idir 22-24% den vóta go seasmhach i bpobalbhreitheanna éagsúla.
seasmhach persistant
" Rinne an teaghlach neart píosaí bréige ina dhiaidh sin, agus cé nár éirigh leo i gcónaí an bob a bhualadh, bhí siad i dtólamh seasmhach ina gcuid iarrachtaí.
gnéithe seasmhacha constant aspects
" ” *STDs* agus galair mheabhracha – gnéithe seasmhacha de shaol na hollscoile.
is seasmhaí most constant
" Séard a dhéantaí go traidisiúnta le daoine mar iad ná an matán is seasmhaí, a aithint agus córas leictreonach a thógáil timpeall ar an matán sin le deis a thabhairt don duine scríobh nó caint fiú ar nós an réaltólaí Stephen Hawkings.
seasmhach constant
" Ina theannta sin, agus costas na hartola ag ardú go seasta, bhí costas seasmhach ar an gcumhacht eithneach.
sheasmhach steady
" Má bhí sé róthe thíos, tá sé anois rófhuar, le gaoth sheasmhach ag síobadh tríd an mbearna seo idir an dá leithinis.
is seasmhaí steadiest
" Agus is é Roinn Slándála Dúiche SAM ceann de na margaí is seasmhaí atá ag Iosrael.
seasmhach sound, steady
" Tá an chuma ar an scéal go bhfuil cúrsaí craoltóireachta seasmhach.
seasmhach steady
" Maíonn an rialtas go bhfuil sé mar aidhm acu líon na ngcainteoirí a choinneáil seasmhach fán am a chuirfear daonáireamh na bliana 2021 le chéile.
seasmhach firm
" Bhí cuma an-bhreá ar Pháirc an Chnoic, an féar gearr mar ba chóir do chluiche iománaíochta, an dromchla mín agus an fód seasmhach.
staid seasmhach a period of stability
" Measaim gur cheap daoine, b’fhéidir go raibh morgháistí ollmhóra acu is a leithéid, go bhféadfaidís saghas staid seasmhach a bhaint amach sa tír leis an rialtas céanna i ndeireadh na dála.
seasmhach go leor supportive enough
" Thuig siad faoin am sin go raibh na coistí timpeall na tíre seasmhach go leor leo.
thar a bheith seasmhach very solid
" Cosúil le Comórtas Peile na Gaeltachta, gach áit ina raibh sé riamh, fágadh coiste thar a bheith seasmhach ina dhiaidh.
measartha seasmhach fairly steady
" Tá daonra an oileáin measartha seasmhach le deich mbliana anuas.
seasmhach, ionraic, ciallmhar constant, honest, sensible
" Tchítear do dhaoine nach bhfuil cothrom na Féinne á fháil acu agus nach bhfuil an córas pleanála seasmhach, ionraic, ciallmhar.
fás réidh, seasmhach a slow steady growth
" **SMM: Nár cheart daoibh cruthú thar cinn sa gcéad ollthoghchán eile, tharla Labour a bheith dá milleadh féin le dúnghaois déine Bhanc na hEorpa agus an Choiste Idirnáisiúnta Airgeadaíochta? Mura gcruthaíonn sibh thar cinn, comharthóidh sé go bhfuil rud éicint as alt ar fad, nach fíor dom é?** TÓC: Sílimse gurbh fhearr fás réidh, seasmhach a fheiceáil sa bpáirtí ná fás thar oíche, mar a chonaic mé i bPáirtí an Lucht Oibre san olltoghchán deireanach.
Bhí an obair seasmhach the work was steady
" Bhí an obair seasmhach agus bhí na coinníollacha oibre measartha maith.
mar chomóradh ar a ngrá seasmhach in commemoration of their longstanding love
" Rinneadh an dealbh, atá le feiceáil in aice le Droichead na Lánúineacha i bPairc Khreschatyi sa Chív mar chomóradh ar a ngrá seasmhach, agus, tráthúil go leor, is áit í sin a dtagann lánúineacha nuaphósta lena ngrá a chur in iúl dá chéile.
bhealach seasmhach córasach a systematically sound way
" Dar le Seosamh Mac Donnacha, mar shampla, duine d’údair an taighde a spreag an Straitéis: “Níl Straitéis bheo againn atá á cur i bhfeidhm ar bhealach seasmhach córasach.
seasmhach stable
" Míníonn Brian Ó Broin an tslí a n-oibríonn córas polaitíochta na Stát Aontaithe agus cén fáth a bhfuil sé chomh seasmhach sin.
sheasmhach consistent
" Níor mhiste leis dá mbeadh Alfa Romeo aige ach, ach an oiread lena phearsantacht stuama sheasmhach, is í praiticiúlacht an bua is mó atá ag a charr.