Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
tánaisteach secondary
" Dar leis féin gurb é an coincheap féin an ghné is tábhachtaí den ealaín agus gur rud tánaisteach é an ealaín féin a chruthú.
meánscolaíochta secondary schooling
" Rugadh agus tógadh Allen i nDroichead na Bandan in iarthar Chorcaí agus fuair sé a chuid meánscolaíochta i Hamilton High School, scoil buachaillí a bhí lonnaithe sa bhaile agus nach raibh galántacht ar bith ag baint léi, in ainneoin an ainm.
sna meánscoltacha in the secondary schools
" Cad é an tionchar atá ag mothúcháin ar dhaltaí sna meánscoltacha? Cad é an tionchar atá ag na mothúcháin nuair a aistríonn siad ón mheánscoil go dtí an ollscoil agus cad chuige a bhfuil siad chomh faiteach sin agus go bhfuil an oiread sin beaguchtaigh orthu agus iad ag iarraidh a bheith ina gcainteoirí maithe.
cúraimí tánaisteacha secondary tasks
" An deacracht is mó atá agamsa leis an bplean, áfach, ná go bhfuil an baol ann go bhfágfar *élite *i mBaile Átha Cliath, go mór mór sa dá roinn rialtais is cumhachtaí, an fhad is atá cúraimí tánaisteacha á ndéanamh thíos fán tír.
iar-mheánmhúinteoir Béarla former secondary school English teacher
" Is iar-mheánmhúinteoir Béarla mé agus, dála cuid mhór de mo chomhghleacaithe, bainim sult as sleachta le húdair áirithe a chur de ghlan mheabhair agus, uaireanta, a úsáid nuair a bhíonn deis oiriúnach ann.
meánscolaíochta secondary schooling
" D'fhreastail sí ar an mbunscoil áitiúil, ach ansin d'imigh sí go Contae Mhaigh Eo chun a cuid meánscolaíochta a fháil.
meánscoil príobháideach private secondary school
" Tá siad ag freastal ar scoil de chuid an rialtais faoi láthair ach an bhliain seo chugainn, rachaidh siad go dtí meánscoil príobháideach.
a chuid meánscolaíochta his secondary education
" ” Fuair Ó Ciardha a chuid meánscolaíochta i gColáiste Iarfhlatha i dTuaim, scoil chónaithe a bhí á rith ag an deoise.
meánoideachas saor free secondary education
" Faoin am a bhí an tríú duine sa chlann ann, bhí tús á chur le meánoideachas saor sa tuaisceart, i ndiaidh Acht Oideachais 1948.
an mheánscolaíocht secondary schooling
" Agus an mheánscolaíocht curtha di aici chuaigh Justine níosfaide fós ó bhaile agus aghaidh tugtha aici ar Choláiste na Tráchtálai Rathmines i 1977 chun staidéar a dhéanamh ar an iriseoireacht.
bailiúcháin thánaisteacha secondary collections
" Tá rún ag an Taisce bailiúcháin thánaisteacha a chur le chéile ina mbeidh ceol traidisiúnta ó thíortha eile, ní hamháin na tíortha is cóngaraí dúinn – Sasana, Alba agus an Bhreatain Bheag – ach tíortha i bhfad i gcéin fosta.
dírithe ar dhaltaí meánscoile. aimed at secondary school kids.
" “An chéad leabhar a scríobh mé, *Pounamu, Pounamu* (1972), bhí sé dírithe ar dhaltaí meánscoile.
meánscoil áitiúil local secondary school
" Agus mé i rang a sé sa scoil náisiúnta, chinn mo thuismitheoirí ar mé a chur go meánscoil áitiúil de chuid na mBráithre de La Salle.
ag fágáil na meánscoile leaving secondary school
" “*Come on* – tá 24 faoin gcéad de na páistí scoile ag fágáil na meánscoile agus iad neamhliteartha ó thaobh *an Bhéarla* de, gan trácht ar an nGaeilge.
áit thánaisteach a secondary place
" Ba é sin an chéad uair a leagadh coinníoll dá leithéid in aon tír ar domhan agus d’éirigh leis an scéal áit thánaisteach a bhaint amach ar chéad leathanach *The LA Times* go fiú.
mheánscoil secondary school
" Nuair a bhí mise ag déanamh staidéir ar an tíreolaíocht sa mheánscoil in Éirinn fadó, bhí léarscáileanna na hAstráile agus na Nua-Shéalainne ar an dá leathanach dheireanacha den atlas scoile.
ó ocht meánscoil éagsúla from eight different secondary schools
" (Paragraf 5) Ghlac níos mó ná 2,800 dalta ó ocht meánscoil éagsúla – idir scoileanna poiblí agus chinn táille – páirt sa suirbhé suntasach seo.
in ainneoin nár chríochnaigh sé a chuid meanscolaíochta riamh despite the fact that he never finished his secondary schooling
" D’éirigh leis na poist sin ar fad a bhaint amach in ainneoin nár chríochnaigh sé a chuid meanscolaíochta riamh.
cén mheánscoil which secondary school
" ” Ní gá dom a rá, is dócha, cén mheánscoil ar fhreastail Mac Con Iomaire uirthi.
mheánscoil secondary school
" Tá an páiste is sine agam le tosú ar mheánscoil an mhí seo.
éide meánscoile secondary school uniform
" Cá ndeachaigh an t-am? Conas mar a charn na coinní beaga sin thar na blianta ar fad le gur fhág siad mo mhac ina sheasamh os mo chomhair agus éide meánscoile air agus m’iníon – an babaí – faoi éide naíscoile? Chuirfinn ceist ar Naomh Agaistín ach ní dóigh liom go dtuigfinn an freagra.
mheánscoil secondary school
" Is minic ar ndóigh nach mbíonn athair na bpáistí ina gcónaí sa bhaile anois, rud a fhágann go bhfuil an baol ann nach mbeidh teagmháil rialta ag sciar maith de pháistí na hÉireann le fear go sroichfidh siad na luathdéaga, tráth a bhainfidh siad an mheánscoil amach.
hiarscoileanna secondary schools
" Go cinnte, is scéal ‘tigín go teach mór’ a scéalsa, agus lá a hainmnithe bhí meáin Nua-Eabhrac lán le agallaimh le daoine ina ceantar dúchais (an Bronx) agus sna hiarscoileanna, ag rá go mba mhór an t-uchtach a tugadh dóibh nuair a chuala siad gur ainmníodh í don chúirt.
meánscoil secondary school
" Chonaic mé líon mór cailíní i mo rang féin ar an meánscoil ag cloí le haistí dochta bia is dá bhfolach féin i slaodanna smididh, d’fhonn a bheith chomh caol le gáinne is chomh dóighiúil le bandéithe an phreasa.
meánscoile of secondary school
" ” Ní foláir nó gur tugadh an-aird ar fad uirthi le linn laethanta na meánscoile, mar sin.
mheánscoil secondary school
" Caitear gránáid láimhe isteach sa mheánscoil.
méanscoil secondary school
" com/fiachnaobraonain)) Thug sé iasacht leabhair dom Inside Transcendental Meditation, nuair a bhíomar ar an méanscoil.
meánscolaíocht secondary schooling
" Is beag Afra-Pharaguach óg a bhfuil meánscolaíocht aige agus is beag forbairt a dhéanfaidh an pobal gan daoine oilte.
meánscoil secondary school
" An gasúr is sine, tá sí sa meánscoil, tá sí trí bliana déag.
meánscoile secondary school
" Bhí cuma iontach snasta ar an chéad chúpla eagrán a bhí dírithe cuid mhór ar an aos óg, ar scoláirí meánscoile agus ar fhoghlaimeoirí.
meánscoil secondary school
" Bhí meánscoil anseo againn a ndéanfadh muid chuile shórt i nGaeilge go dtí an tríú bliain, ach bhí an múineadh trí Bhéarla chomh maith, bhíodh téarmaíocht á roinnt linn, agus bhí go leor nár thuig mé, ‘multiply and divide’ agus shíl roinnt daoine gur chineál hippy tú gur oileadh tú sa nGaeilge.
iarbhunscoile secondary school(s)
" I suirbhé ar an gceaintín scoile a rinneadh i measc 1,400 dalta bunscoile agus iarbhunscoile agus 255 tuismitheoir sa Fhrainc agus a foilsíodh ag deireadh 2009, tugtar le fios nach bhfuil 50% de dhéagóirí na tíre sásta leis an gcaighdeán bia a thugtar dóibh ar scoil.
thánaisteach secondary
" Dúradh ag an am go mbeadh an Rannán Seirbhísí Aistriúcháin ag aistriú reachtaíocht thánaisteach ar nós ionstraimí reachtúla agus go leanfadh Rannóg an Aistriúcháin ag aistriú reachtaíocht phríomhúil.
meánscolaíochta secondary school(ing)
" Ba sa bhliain 1977 a thosaigh an chéad scoil Diwan (ar nós naíonra) agus d’fhás córas bunscolaíochta agus meánscolaíochta as sin de réir a chéile.
mheánscoil secondary school
" Ní dóigh liom go gcuirfeadh tátail ghasra Ghaoth Dobhair ionadh ar aon duine agus tagann siad le mo thaithí féin (d’imir mé rugbaí sa mheánscoil agus peil agus iomáint taobh amuigh den scoil).
meánscoile secondary school
" Níl na figiúirí déanta againn ach déarfainn nach mbeadh mórán os cionn míle duine fágtha nuair a bheadh na daltaí meánscoile curtha as an áireamh.
meán scoile secondary school
" Luaigh an Taoiseach an lá céanna sin thuasluaite, 16 Feabhra 2011, nach raibh daltaí meán scoile in ann “cúig abairt Gaeilge a chur i ndiaidh a chéile” tar éis 13 bliain staidéir ar an Ghaeilg amhail is gur chruthú an méid sin nach raibh rath ar an gcóras.
meánscoile secondary school
" Bheadh fillteán gramadaí mar seo go feidhmiúil ar fad, ní hamháin do scoláirí meánscoile agus tríú leibhéal mar aon, ach do mhúinteoirí agus do dhaoine atá ag iarraidh an cuidiú chun cruinnis sa chaint agus sa scríobh a bheith ar aghaidh boise acu.
meánscoile secondary
" A bhuíochas sin do cheannaire Fhine Gael Enda Kenny, a d’fhógair gan dul i gcomhairle le duine ar bith go mbeadh an Ghaeilge ina ábhar roghnach do dhaltaí meánscoile th’éis an Teastais Shóisearaigh.
mheánscoil secondary school
" Ar maidin an 7 Aibreán, chuaigh Wellington Menezes de Oliveira, 23, isteach sa mheánscoil ar ar fhreastail sé féin tráth, sa bhruachbhaile Realengo i gcathair Rio de Janeiro.
Mheánscoil secondary school
" ” Chuaigh cúigear nó seisear ó bhliain Uí Uiginn sa Mheánscoil chuig institiúidí tríú leibhéal; cuid eile chuaigh siad isteach sa Státsheirbhís ach bunús acu, d’imigh siad ar an imirce.
dhaltaí meánscoile secondary pupils
" Más féidir in aon chor é mholfainn do dhaltaí meánscoile an deis a thapú dul ar aghaidh chuig an ollscoil.
ghnáthmheánscoileanna na hÉireann the usual Irish secondary schools
" Agus creid é nó ná creid: is fearr an Ghaeilge a bhíonn ag daltaí ghnáthmheánscoileanna na hÉireann tar éis na hArdteiste ná an Béarla a bhíonn ag a gcomhghleacaithe sa Bhrasaíl, áit a bpléitear an t-ábhar céanna sa rang Béarla bliain i ndiaidh bliana: an briathar to be.
athfhilleadh secondary relapse
" Cuirfidh an druga nua seo feabhas ar fheidhmiú na scamhóg, déanfaidh sé laghdú ar an bhfilleadh is athfhilleadh de ghalair a bhaineann leis an bhfiobróis agus tabharfaidh sé caighdeán beatha níos fearr d’othair.
córas feidhmiúil meánscolaíochta an effective secondary school system
" Le córas feidhmiúil meánscolaíochta do na Caitlicigh mheánaicmeacha faoi cheannas na hEaglaise agus le greim docht coinnithe ag sagairt ar theagasc na fealsúnachta agus na socheolaíochta sna hOllscoileanna Náisiúnta, ní hiontas ar bith é nach raibh mórán glacadh sa stát nua ‘neamhspléach’ sna 26 Contae, le smaointí réabhlóideacha polaitíochta ná le liobrálachas maidir le cúrsaí gnéis.
leasábhar secondary subject
" Ní hamháin go bhfuil beirt ag múineadh na Gaeilge san ollscoil sin (Tomás Ó hÍde agus Elaine Ní Bhraonaín), ach tá duine acu fostaithe go lánaimseartha ag an ollscoil cheana féin agus táthar in ann an Ghaeilge a dhéanamh mar 'mhíonúr', nó 'leasábhar' san ollscoil sin le tamall.
meánscoile secondary school
" Chuaigh mise amach ag obair nuair a bhí an dá pháiste, Seosamh Caoimhín agus Áine ina scoláirí meánscoile.
meánscoil secondary school
" Chaith mé deich mbliana i Ráth Cairn, ach ón aois 16 ar aghaidh bhí mé ar scoil i mBÁC mar ní raibh meánscoil Ghaeilge i Ráth Cairn ag an am.
meánscoil nó tréimhse san arm críochnaithe time served in the army or in secondary school
" Tá orthu a bheith gan taifead coiriúil agus meánscoil nó tréimhse san arm críochnaithe nó fós ar siúl acu.
sa reachtaíocht phríomha agus sa reachtaíocht thánaisteach in primary and secondary legislation
" Cé go dtugtar cuireadh don phobal i réamhrá eagrán 2012 aiseolas a chur isteach i gcomhair eagráin athbhreithnithe eile i gceann trí bliana, cá bhfágann sé sin lucht scríofa is múinte na Gaeilge san idirlinn? Chun údarás na Rannóige ar fhoilsiú agus athbhreithniú an Chaighdeáin Oifigiúil feasta a dhaingniú, tá Bille (nó leasú ar bhille) ullmhaithe, agus cuireadh faoi bhráid an tSeanaid é ar 18/9/2012, áit a ndeirtear: ciallaíonn ‘‘An Caighdeán Oifigiúil’’ caighdeán oifigiúil na Gaeilge, arna ullmhú ag Tithe an Oireachtais agus arna fhoilsiú faoi chóipcheart Rialtais, atá le húsáid sa reachtaíocht phríomha agus sa reachtaíocht thánaisteach agus mar an treoir le haghaidh scríbhneoireacht sa Ghaeilge (An Bille um Choimisiún Thithe an Oireachtais (Leasú), 2012 (Seanad) <ar fáil ag http://www.
meánscoil amháin sa tír one secondary school in the country
" Is ábhar roghnach í an Ghàidhlig in Albain agus níl ach meánscoil amháin sa tír a bhíonn ag teagasc trí mheán na teanga sin.
Níl an mheánscoil críochnaithe acu they haven’t finished secondary school
" Níl an mheánscoil críochnaithe acu fós – ach is fir iad Enderson Araújo (20) agus Tiago Davi (18) a bhfuil fís acu: teastaíonn uathu an saol i mbruachbhailte bochta a gcathair dhúchais Salvador a fheabhsú.
bheidh an mheánscoil críochnaithe ag shall be finished secondary school
" I Mí na Márta, nuair a bheidh an mheánscoil críochnaithe ag Enderson, cuirfidh Mídia Periférica tús le turais lae go Sussuarana, i gcomhpháirt le treoraithe cáilithe.
n-iar-bhunscoileanna secondary schools
" I gcás na n-iar-bhunscoileanna, tá 41 iar-bhunscoil sna 32 contae, (36 sna 26 Co.
ar fágáil na meánscolaíochta leaving secondary schooling
" 7% de na daoine le cumas sa Ghaeilge ar fágáil na meánscolaíochta, in ann a rá go labhraíonn siad Gaeilge go laethúil sa ghnáthshaol! Mholfainn an €1.
in achomaireacht scread asail don Ghaelcholáiste within an ass’s roar of the Irish language medium secondary school
" Anuas ar sin, níl aon chinnteacht ann go mbeidh an Ghaelscoil sin in achomaireacht scread asail don Ghaelcholáiste.
séanadh áit sa Ghaelcholáiste ar bhall amháin den teaghlach one member of the family was denied a place in an Irish medium secondary
" Ach bheadh sé áiféiseach dá mbeadh páistí i dteaghlach ag fáil a gcuid oideachais i scoileanna éagsúla siocair gur séanadh áit sa Ghaelcholáiste ar bhall amháin den teaghlach.
a bhí i bhfeidhm meánscoil which was in place in a secondary school
" Tharla a leithéid cheana i gcás John Stokes, gasúr de bhunadh an lucht siúil a mhaígh go ndearna an dúnghaois iontrála a bhí i bhfeidhm meánscoil i gCluain Meala, Co.
nach raibh soláthar meánscolaíochta cuí déanta that there wasn’t a proper provision of secondary education
" Rialaíodh nach raibh soláthar meánscolaíochta cuí déanta do Chipirigh Ghréigeacha a bhí ina gcónaí i dTuaisceart na Cipire agus a fuair a gcuid bunoideachais ina dteanga féin.
go maoineofaí an Mheánscoil that the secondary school would be funded
" hIarradh air féin agus ar cailín darb ainm Fiona Ní Mhearáin, a bheith mar chuid de thoscaireacht a rachadh go Stormont ag iarraidh an cás a dhéanamh go maoineofaí an Mheánscoil a bhí lonnaithe i gCultúrlann McAdam Ó Fiaich ag an am.
ag iarraidh meánscolaíocht Ghaeilge a sholáthar trying to provide secondary education in Irish
" "Bhí cruinniú eile againn ag a raibh Michael Ancram, Aire Oideachais ag an am, agus muid ag iarraidh meánscolaíocht Ghaeilge a sholáthar.
gur thaitin an mheánscoil chomh mór san liom that I enjoyed secondary very much
" Cúrsaí Oideachais ====== **CB: An mbainis sásamh as do laethanta ar scoil?** DÓC: Bhaineas ana-shásamh as mo laethanta sa bhunscoil i Scoil Naomh Eirc agus bhuamair a lán cluichí caide ann! Ní fhéadainn a rá gur thaitin an mheánscoil chomh mór san liom ach is blianta deacra iad na déaga.
oide meánscoile a secondary school teacher
" html) Ceann amháin a léimeann amach domsa go dtí seo (agus tá neart fós le léamh agam roimh an Satharn) ná an páipéar a scríobh Evelyn O Connor, oide meánscoile, faoin úsáid a bhaineann sí as meán sóisialta sa seomra ranga.
le scata as mo mheánscoil with a group from my secondary school
" Nuair a bhí mé sé bliana déag d’aois, chaith mé tréimhse san Afraic le scata as mo mheánscoil.
meánscoile secondary school
" Ómós Áite ==== Thosaigh sé amach mar mhúinteoir meánscoile go luath sna 1980í, tar éis dó céim sa zó-eolaíocht agus sa mhata a bhaint amach san ollscoil i nGaillimh.
slua de dhaltaí meánscoile na háite a crowd of local secondary school pupils
" Bhí slua de dhaltaí meánscoile na háite ina seasamh ar leataobh an bhóthair agus iad ag fanacht leis an mbus.
meánscoileanna secondary schools
" **CMacS: An fiú dul thart ag stocaireacht sna meánscoileanna faoi Dheis Breise na Gaeilge le haghaidh fostaíochta nuair nach mbeidh daoine in ann obair le heagras Gaeilge thar thréimhse trí bliana nó a leithéid?** AÓC: Níl an Foras ag rá a thuilleadh gur conarthaí trí bliana a bheas ag fostaithe agus dá bhrí sin ní éiríonn an cheist.
seal blianta i meánscoil some years ina secondary school
" Theagasc sé áireamh agus teangacha seal blianta i meánscoil in Éirinn ach ní raibh sé in ann rang a smachtú, agus nuair nach bhfuil, scaoileadh chun bealaigh é.
stócaigh na meánscoile uasaicme the young upper class secondary-school lads
" Tá radharc ag tús an scannáin Dead Poets Society, scannán a raibh an-ráchairt air tamall de bhlianta ó shin ina bpléitear an cheist – “Cad is filíocht ann?” Barúlacha thar a bheith spéisiúil a shíolraíonn ó stócaigh na meánscoile uasaicme sa scannán céanna agus óna múinteoir (an t-aisteoir Robin Williams i gcarachtar Mr Keating).
meánscoil secondary school
" Bhí na hailt chéanna á n-úsáid, mar a bheidh feasta, ag daltaí i mbeagnach gach meánscoil in Éirinn agus ag na mic léinn sna hollscoileanna is mó le rá ar domhan ó Mhoscó go Boston, ó Sydney go Uppsala, chomh maith leis an ghnáthdhuine le Gaeilge in Éirinn agus ar fud na cruinne.
meánscolaíocht na linne contemporary secondary education
" Am lóin, tús na n-ochtóidí agus sinn ag míniú dá chéile a bhrúidiúla is a bhíodh meánscolaíocht na linne, labhair fear amháin inár measc amach le fearg.