Pota Focal Intergaelic
leek | meek | reek | see | seed
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
bhean iarrtha tearmainn asylum-seeking woman
" Is dráma é mar gheall ar bhean iarrtha tearmainn ar tharla rudaí uafásacha di ina tír féin - mharaigh saighdiúirí a tuismitheoirí, a seanathair, agus fiú a leanbh agus d'éignigh siad ise.
ag lorg dídine seeking refuge
" Ó tháinig an long lastais an Tampa i gcabhair ar dhaoine ag lorg dídine i mí Lúnasa, ba bheag aird a díríodh ar cheisteanna eile.
Bhíothas ag lorg láithreora a presenter was being sought
" Bhíothas ag lorg láithreora do chlár Gaeilge ar RTÉ, "Ecu! Ecu!", agus mhol beirt a bhí sna Fánaithe leis, agus a bhí bainteach leis an chlár, go dtabharfaí an post do Dhiarmuid.
a lorgaítear cabhair that help is sought
" Ach na laethanta seo má bhíonn ag teip orthu seo is minic a lorgaítear cabhair ó Ghardaí sa National Bureau of Criminal Investigation.
á lorg being sought
" Ardú €43 (ó €107 go €150 sa bhliain) atá á lorg acu.
folach bíog hide-and-seek
" folach bíog, cos istigh, caitheamh le marc .
cuartú airde the seeking of attention
" An bhfuil muid ag maireachtáil in aois na frithealaíne? Agus cad a spreagann daoine chun saothar a scriosadh? Dar leis an síceolaí David Freeberg gur cuartú airde, iompar atá imithe ó smacht agus seasamh diúltach in éadan údaráis atá taobh thiar de na gníomhartha seo.
á lorg being sought
" I measc na rudaí atá á lorg ag an ngrúpa seo ná go mbeadh taifead déanta ar páipéar de gach vóta ionas go bhféadfaí iad a chomhaireamh go neamhspleách dá mbeadh aon amhras faoin toradh leictreonach.
ar nós gasúirín a mbeadh folach bhíog ar siúl aige like a little child playing hide and go-seek
" Ansin chuaigh sé ar chúl géige, agus sheas sé comhthreomhar leis an ngéag, ag breathnú i leith faoi rún, mar a mheas sé, má mheas, ar nós gasúirín a mbeadh folach bhíog ar siúl aige.
ag lorg dídine seeking asylum
" In 2001, roimh an toghchán náisiúnta is deireanaí, dúirt an rialtas, le cuidiú an chabhlaigh, go raibh daoine a bhí ag lorg dídine ar bhád ar chósta thiar na hAstráile ag caitheamh a gcuid páistí i bhfarraige.
lucht lorgtha oibre those seeking work
" Fuair mé léargas an-suimiúil ansin ar shaol an inimircigh - agus mise ó thír atá mar bhall den Aontas Eorpach! Níor mhaith liom a shamhlú cén crá a bhíonn i gceist i gcás lucht lorgtha oibre ó thíortha eile.
a bhí á lorg acu that they were seeking
" Mar bharr ar an donas, tugtar le fios go raibh ar a laghad beirt sásta bás a fháil in onóir iad siúd a bhásaigh rompu, cé go raibh a fhios go maith acu nach raibh seans faoin spéir go mbainfidís na cúig éileamh a bhí á lorg acu amach.
a lorgaítear which is sought
" Is ar chumas labhartha sa Ghaeilge go príomha a dhíríonn an bonnleibhéal agus an gnáthleibhéal agus tá an inniúlacht a lorgaítear an-teoranta.
a lorgaítear which is sought
" Is ar chumas labhartha sa Ghaeilge go príomha a dhíríonn an bonnleibhéal agus an gnáthleibhéal agus tá an inniúlacht a lorgaítear an-teoranta.
bhíothas ag lorg cóipe a copy was being sought
" Ina gcás siúd, bhíothas ag lorg cóipe den ghrianghraf a bhí istigh leis an iarratas bréige a líomhnaítear a rinne Frank Connolly ar phas.
ag lorg cúitimh seeking compensation
" Níl dabht ar bith ann ach go bhféadfadh go mbeadh feidhmeannaigh de chuid na Ranna is na nOifigí Stáit nár tugadh marcanna breise dóibh ag cur an dlí orthu agus ag lorg cúitimh mar gheall ar an leithcheal a rinneadh orthu.
ag lorg tairiscintí seeking tenders
" Sna seachtainí beaga romhainn amach fógrófar go poiblí go mbeifear ag lorg tairiscintí don chonradh le hoifigí a thógáil ar an Muileann gCearr, i bPort Laoise agus i gCeatharlach.
maoiniú trasteorann a iarraidh to seek cross-border funding
" Mar gheall ar athruithe a thiocfas leis an chéad chlár eile de Chistí Struchtúracha na hEorpa 2007-13, beidh cead ag Albain maoiniú trasteorann a iarraidh faoin Territorial Co-operation Objective.
ag lorg aitheantais agus cúitimh seeking recognition and compensation
" Mhaígh Dixon gur beag seans go mbeadh Hirst ábalta an cóiriú céanna a dhéanamh trí chomhtharlú ar an oiread spotaí datha is a rinne sé féin agus, dá bhrí sin, go bhfuil sé ag lorg aitheantais agus cúitimh mar an dearthóir bunaidh.
d'fhéach siad le hí a chur chun cinn they sought to promote it
" “Bhí múinteoirí den scoth ann; chuir siad cuid mhór béime ar an teanga agus d'fhéach siad le hí a chur chun cinn sa scoil agus sa cheantar.
á lorg ag muintir Ghaoth Dobhair being sought by the people of Gaoth Dobhair
" Bhí suim faoi leith aige sa ghaelscolaíocht agus rinne sé abhcóideacht éifeachtach ar a son nuair ba ghá, mar shampla, nuair a dúnadh bunscoileanna i Rann na Feirste agus i nDún Chaoin, nuair a bhí scolaíocht dara leibhéal á lorg ag muintir Ghaoth Dobhair agus ag muintir Ros Dumhach agus, arís eile, nuair a bhí muintir Bhaile Munna ag iarraidh gaelscoil a bhunú.
ar thóir na gréine, seeking the sun,
" Ón uair a cuireadh tús le lonnaíocht na nEorpach sa tSír, mealladh turasóirí a bhí ar thóir na gréine, na trá agus bhruth na farraige chun an cheantair álainn seo.
agus iad sa tóir ar an gcustaiméir, while they are seeking out customers,
" Ach tarlaíonn an rud céanna do bheoir is a tharlaíonn do pháirtithe polaitíochta - athraíonn na grúdlanna an táirge agus iad sa tóir ar an gcustaiméir, agus éiríonn an táirge níos leimhe dá bharr.
bhíothas sa tóir ar thallann úr new talent was being sought
" Bhí tús agus deireadh maith i gceist, ach bhí an chuid sa lár cineál *shit*!” Ag an am sin – sa bhliain 1997 – bhíothas sa tóir ar thallann úr i mBaile Átha Cliath mar go raibh ráchairt as cuimse i ndiaidh a bheith ar fhuirseoirí Éireannacha sa Bhreatain.
níl drogall air poiblíocht a lorg. he's not afraid to seek publicity.
" Tá a aghaidh clúdaithe le *moko* (tatúnna traidisiúnta) agus níl drogall air poiblíocht a lorg.
ag féachaint leis an gceapachán is airde a bhaint amach seeking the highest appointment
" Is é seo an t-iontas is mó is dócha: go bhfuil fear gorm agus bean ag féachaint leis an gceapachán is airde a bhaint amach i réimse a mbíonn fir gheala, go príomha, ag plé leis.
aisíoc a lorg ar to seek a refund
" Má íocann tú cáin íoc mar a thuillir ÍMAT cláraigh leis an gcóras "féinseirbhís ÍMAT" atá curtha i bhfeidhm acu toisc go mbeidh tú in ann do chúrsaí cánach féin a bhainistiú ar líne ansin - agus aisíoc a lorg ar do chostais leighis srl.
ag féacháil seeking, attempting
" Bhí a chompánach, Stamper, beo ar fad, é ag bualadh chorp a chomrádaí lena ghaosán, ag féacháil lena bhogadh.
lorg stádais speisialta seeking special status
" Bhí a stailc ocrais (agus na cinn a tháinig ina dhiaidh) mar chuid d’fheachtas poblachtach a bhí ag lorg stádais speisialta mar phríosúnaigh chogaidh ó rialtas na Breataine do na cimí.
ag lorg moratóra seeking a moratorium
" Cúpla lá tar éis bhás na mbuamadóirí, d’eisigh an Seanadóir Stephen Smith ráiteas inar thug sé le fios go molfaidh an Astráil rún ag na Náisiúin Aontaithe ag lorg moratóra idirnáisiúnta ar phionós an bháis.
ag lorg an eolais seo seeking this information
" Bhí Liam ag lorg an eolais seo le blianta agus dar ndóigh bhí an caiséad caillte le blianta.
á santú seeking
" Beidh céim chun tosaigh sa bhreis á santú ag na cailíní i mbliana, an tríú háit sa Chomórtas Sé Náisiúin agus áit i gCraobh an Domhain i Sasana an bhliain seo chugainn, 2010.
fonn fíona seeking wine
" Ní dhéanaim ach sciuird a thabhairt ar Tesco de ghnáth, nuair a bhíonn fonn fíona orm ach thug mé aghaidh ar Theach Bhaile Mhaolmhuaidh (www.
cuardach díoltais seeking revenge
" Dá siúlfeá isteach i nduine tré thimpiste ar an tsráid, bheifeá múinte agus ag gáire ar a amscaí agus a bhí tú agus “nach mór an náire mé? Caidé an dóigh ar fhorbair muid mar speiceas ar chor ar bith?” Ach uair amháin a bhíos an duine i mbosca mór crua miotail, glasáilte, sábháilte, iompaíonn sé isteach ina mhaistín, ag cuardach díoltais do gach drochrud a rinneadh air i gclós na scoile.
lorg seek
" ” Is féidir a rá mar sin gur chuir Ard-Stiúrthóir Chomhaltais iarratas faoi bhráid na Roinne ag lorg €50,000 agus go bhfuair sé €3m ina áit.
lorgaíonn sé he seeks
" Is deacair é a léamh agus tá cúlra mí-ámharach, tragóideach fiú, aige a mheallann trua dó (ní hé go lorgaíonn sé é).
ag lorg seeking
" Seachtainí i ndiaidh fhógairt an ráitis seo, leagadh an balla agus tháinig deireadh le réim Honecker chomh maith leis an chóras chumannach Agus an balla imithe, thosaigh na sluaite ag pilleadh isteach anoir agus iad ar fad ag lorg saol nua dóibh féin.
Lucht Dídine people seeking asylum
" Tá Ging ina cheannaire ar Ghníomhaireacht na Náisiún Aontaithe um Lucht Dídine agus Oibreacha (UNRWA) agus ba mhinic é ar an scáilean mar dhuine den bheagán coimhthíoch taobh istigh den limistéar a bhí in ann cuntas neamhspleách a thabhairt ar a raibh ag titim amach ann le linn an ionsaithe 22-lá.
ag lorg tearmainn seeking refuge
" Nuair a thosaigh iarrthóirí na hÁise ag teacht i dtír as báid neamhúdaraithe ag lorg tearmainn go luath sna nóchaidí, cuireadh i bhfeidhm beartas na coinneála éigeantaí, ar bhonn tacaíochta dépháirtí.
lucht iarrtha tearmainn those seeking refuge
" Tá an dúnghaois seo i bhfeidhm fós, ach d’fhógair an Seanadóir Chris Evans, Aire Inimirce i rialtas náisiúnta an Lucht Oibre, anuraidh, beartas inimirce nua a bhí ní ba bháúla le lucht iarrtha tearmainn ná an cur chuige a bhí ag an bPáirtí Liobrálach agus é i gcumhacht roimhe sin.
ar thóir seeking
" Cé go mbainim taitneamh ar leith as na seanfhoinn, bím de shíor ar thóir ceoil úir.
ag lorg seeking
" Táimid tagtha go deireadh chéad ráithe Uachtaránacht Bharack Obama, agus mar is iondúil d'uachtarán nua, táthar á scrúdú go géar, féachaint ar éirigh go maith leis nó nár éirigh, agus ag lorg tuaranna don chuid eile dá thréimhse oifige.
lorg to seek
" Táimid tagtha go deireadh chéad ráithe Uachtaránacht Bharack Obama, agus mar is iondúil d'uachtarán nua, táthar á scrúdú go géar, féachaint ar éirigh go maith leis nó nár éirigh, agus ag lorg tuaranna don chuid eile dá thréimhse oifige.
lorg clú seeking fame
" Cuirfidh mé cruth orm féin ar nós ‘An Smaointeoir’ (le Auguste Rodin) agus ainneoin nach bhfuil mo chorp mar a bheadh lúthchleasaí Gréagach ann, is féidir liom a bheidh gléasta cosúil lena leithéid!’ Féachaint na Feachtasaíochta Chomh maith leis na daoine atá ag lorg clú sna meáin dóibh féin, tá iarrataisí ann fosta ó lucht agóidí frithchogaidh, daoine i mbun feachtaisí athraithe aeráide agus foréigean teaghlaigh.
dídean a lorg seek refuge
" Ar cheart an chathair a fhágáil agus dídean a lorg i ndeisceart na tíre nó fanacht i bPáras? An Maréchal Pétain Ar cheart muinín a chur sa Maréchal Pétain, laoch míleata na Fraince sa Chéad Chogadh Domhanda a tháinig i gcomharbacht ar rialtas Reynaud, a dúirt leis an bpobal: C’est le coeur serré que je vous dis aujourd’hui qu’il faut cesser le combat.
ag iarraidh na déirce seeking alms
" Bhí seisear sa chlann agus théadh siad uilig amach ag iarraidh na déirce i lár na cathrach nuair a bhí siad óg.
lorg to seek
" Beidh deis ag ollscoileanna airgead a lorg ón earnáil ghnó agus ceangal níos dlúithe a bheith acu leis an margadh.
Lorgaíos looked for, sought
" Lorgaíos uimhir chomhlacht tacsaí ó bhean an tí.
lorg seeking
" Aithnítear Robert Capa mar ghrianghrafadóir a chuir a shaol i mbaol ag lorg grianghraf a rinne fíorchur síos ar bhrúidiúlacht agus laochas na cogaíochta ar fud an domhain.
lorg to seek
" Tá coimhthiú áirithe tarlaithe dúinn le beagán de bhlianta anuas, agus ní dhéanfadh sé aon dochar a fhréamhacha a lorg.
á iarraidh being sought
" Tá neamhspleáchas á iarraidh ag na Uígir le fada an lá.
lorg seeking
" Luaigh sé an Iaráic, an Iaráin agus an Chóiré Thuaidh mar stáit a bhí ag tacú le sceimhlitheoireacht agus a bhí ag lorg airm ollscriosúla.
á lorg being sought
" Seo ceist ar fiú a phlé san am i láthair agus tairiscintí á lorg ag Foras na Gaeilge do fhoilsitheoir nuachtáin.
ar thóir seeking
" Ócáid sheachstairiúil ab ea Cluiche Ceannais Iomána na hÉireann 2009 agus foireann Chill Chainnigh ar thóir na ceathrú craoibhe as a chéile, agus fir Thiobraid Árann go cíocrach ag iarraidh iad a stopadh agus an chraobh a shantaíonn gach Tiobradach a bhuachan.
ar lorg seeking
" Tháinig na céadta míle thar muir is thar talamh ar lorg an mhiotail, agus rinneadh cathair de bhaile beag San Francisco thar oíche.
Lorg seek(ing)
" html) Coimhthíocha ar Lorg Adhmaid Ní hiad na hOgiek amháin atá ag cur fúthu i Mau anois, áfach.
iarraidh seek(ing)
" html ) Chuile sheans nár chuala tú mar gheall air, ach tá an ‘Brúghrúpa ar son Iosrael’ sa Bhruiséil chomh maith ag iarraidh an tionchar céanna a imirt ar bheartas eachtrach an Aontais Eorpaigh.
ag lorg seeking
" Tá ceathrú leath na tíre scriosta ag na múinteoirí, a chuaigh amach ar stailc ag lorg.
lorgtha sought
" Mar shampla, bhí tairiscintí lorgtha aige maidir le staidéar a dhéanamh ar theorannacha na Gaeltachta.
lorgódh would seek
" D’fhágfadh sin easpa airgid i sparán an IRFU chun pá tarraingteach a íoc le himreoirí, rud a chiallódh go lorgódh na himreoirí is fearr fostaíocht le clubanna móra Shasana agus na Fraince.
ag lorg seeking
" Bhí an t-iarratasóir ag lorg dearbhú go raibh dualgas bunreachtúil ann tiontú oifigiúil a chur ar fáil go comhuaineach don phobal i gcoitinne d'Achtanna de chuid an Oireachtais, ionstraimí reachtúla agus rialacha na Cúirte.
tóir ag na mná air sought after by the women
" Fear óg drúisiúil a bhfuil tóir ag na mná air, agus aigsean orthu, is ea Seán.
a lorg to seek
" Níor bhuail an smaoineamh Gosse an t-ainm a bhí ag an mhuintir dhúchais a lorg! Dhreap Gosse an charraig agus ba léir go ndeachaigh sí i gcion go mór air ón méid a scríobh sé fúithi ag an am: *“This rock is certainly the most wonderful natural feature I have ever seen.
Lorg seek
" Lorg neachtar na fírinne, an ghrá agus an mhaithiúnais, neachtar na simplíochta agus an tsonais.
a lorg to seek
" Bhí an ceart ag na daoine gorma gan dabht, a gcearta a lorg, ach bhí a lán daoine geala anuas ar na daoine gorma.
lorgóidís they’d seek
" Bhunófaí Coimisiún nó Coiste Comhairleach leis an scéal a fhiosrú agus lorgóidís tuairimí ó eagraíochtaí oideachais, cigirí, múinteoirí, tuismitheoirí, eagrais phobail mar aon le saineolaithe idirnáisiúnta.
Ar Lorg seeking
" Ar Lorg Ardmhá na Síochána =========== Thosaigh an turas, dar leis an iar-Phríomh-Aire, sular toghadh ar chor ar bith é.
déirc a lorg to seek alms
" An bhfeicfidh mé an t-earrach? Nílim in ann déirc a lorg.
an-tóir ar greatly sought after
" Scaoil sealgairí na mílte acu, mar go raibh an-tóir ar a gcraiceann, as ar rinneadh málaí láimhe, bróga agus earraí faisin eile nach iad.
ag iarraidh seeking
" Cuireann Josh glaoch gan deor ag iarraidh cabhrach ar an tseanmháthair ná faca sé le blianta.
ag lorg cúnaimh seeking help
" Tá fabhalscéal ag La Fontaine, An Criogar agus an Seangán1, ina bhfeictear an criogar ar cuairt chuig an seangán ag tús an fhómhair ag lorg cúnaimh go dtí go mbeidh an drochshéasúr thart.
ag lorg seeking
" Ní raibh beár ar bith san óstán ná ar an bhaile féin ar oscailt roimh a deich a chlog maidin ar bith, rud nár shásaigh Balor, ná nár shásaigh leath na ndaoine a bhí ag freastal ar an fhéile, agus iad ag dul thart ag lorg leigheas na póite.
ar thóir seeking
" Rinne an Ard-Chúirt cinneadh ag deireadh mí Dheireadh Fómhair seo caite go ndearna an stát faillí ar chearta ball den státsheirbhís nuair nár tugadh aitheantas di as a cumas i nGaeilge agus i mBéarla agus í ar thóir ardú céime.
ag iarraidh seeking
" Nach mór an trua nach ndeachaigh an dúramán ar a ghlúine fadó os comhair Chroim Dhuibh nó Aonghus an Cheoil nó Bhadhbh an Bháis nó cibé dia fir nó bandia a aithníonn sé, ag iarraidh comhairle faoi bhealach a leasa agus leas na tíre chomh maith.
an-tóir ar much sought after
" B’aisteach an rud é iriseoir mná i saol poiblí na hÉireann ag an tráth sin, gan trácht ar dhrámadóir mná, a raibh an-tóir ar a cuid tableaux vivants.
ag lorg seeking
" Ní bheidh orainn dul ag lorg airgid uathu arís go ceann trí bliana.
a lorg to seek
" Tá náire orainn gur gá dúinn cúnamh a lorg.
ag lorg seeking
" ”* Ní mó ná sásta a bhí Art Ó Maolfabhail ón Choimisiún Logainmneacha faoin treoir seo agus scríobh sé chuig údaráis phoist na Breataine ag lorg soiléiriú faoi.
oiread tóra so sought after
" Ní iontas ar bith é mar sin go bhfuil oiread tóra i gcónaí ag lucht tarraingthe grianghraif ar eachtraí spóirt, agus go mbíonn na meáin scríofa breac le grianghraif de gach cineál spóirt.
an-tóir ar greatly sought after
"an-tóir ar an Tansáin mar láthair thurasóireachta anois, idir cheantar Shliabh na Gile, nó Kilimanjaro, oileán coimhthíoch Sainsibeár agus ar ndóigh, na turasanna safari.
ag lorg seeking
" Tá sé riachtanach go leanfar de bheith ag lorg aitheantas rialtais don éileamh atá ann, i Ráth Tó agus in áiteanna eile fud fad na tíre, i measc tuismitheoirí do ghaeloideachais dá bpáistí.
a lorg to seek
" Caithfidh an Lucht Oibre an chodarsnacht soiléir a láimhseáil idir a bheith ag caint faoi Éamonn Gilmore a bheith ina Thaoiseach agus a bheith ag diúltú ag an am céanna aon iarracht a dhéanamh tacaíocht a lorg ó Shinn Féin agus ó iarrthóirí ar an eite chlé ar nós Joe Higgins, Finian Mc Grath, Catherine Murphy agus Séamas Healy, a mbeadh fonn orthu vótáil do Gilmore dá mbeadh An Lucht Oibre dáiríre faoi Gilmore a bheith ina Thaoiseach ar an gcéad rialtas eile.
thacaíocht a lorg seeking support
" Rogha Eile don Lucht Oibre: =========== Mura mbeadh an Lucht Oibre sásta a bheith ag brath ar thacaíocht a lorg ón *“ragbag of Independents and other hard left groupings”* mar a thug Róisín Shortall orthu le gairid, tá rogha eile ann do chomhghuaillíocht a bheadh níos seasamhaí.
an-tóir ar very sought after
"an-tóir ar na hOileáin Mhic Cùga i gcomhair bainiseacha agus mí na meala na laethanta seo, go háirithe i measc lánúineacha as Nua-Shéalainn, an Astráil agus as Meiriceá.
ag iarraidh tiontú seeking to turn
" Mar sin féin, chlis go dona ar an chineál caipitleachais a chleachtar sa tír seo, caipitleachas na caimiléireachta, agus cheapfá go mbeadh muintir na hÉireann ag iarraidh tiontú in aghaidh na ngnáthpháirtithe dá bharr.
cead á lorg aige seeking a permit
" Déantar tástáil shiceolaíoch ar dhuine ar bith san Fhionlainn a bhfuil cead á lorg aige arm a iompar.
ag lorg bia seeking food
" Cabhraíonn sé seo go mór leis an rón, éisc a cheapadh nuair atá sé ag lorg bia faoin uisce.
sa tóir ar fhostaíocht seeking employment
" Ar an taobh eile, áfach, d’fhéadfá a rá gurb é an t-aos óg is mó a bhfuil agus a mbeidh orthu imeacht as an tír sa tóir ar fhostaíocht mar gheall ar a bhfuil déanta ag an nglúin os a gcionn de dheasca díomailt airgid.
an té atá á lorg the person who sought it
" Ní hamháin sin, ach níl sé ceadaithe tuairisciú a dhéanamh ar an iarratas don urghaire ná an té atá á lorg a ainmniú.
an-tóir much sought after
" Bhí an-tóir, ba chosúil, ag muintir na hÉireann ar chlár amháin darbh ainm “Glee”, faoi chlub siamsaíochta ardscoile in Ohio.
iarrann cúnamh seeking help
" An Ciníochas ====== Fuair an Coimisiún 454 scairt ghutháin anuraidh a a bhain le leatrom ciníoch, bunús acu a bhain le cúrsaí fostaíochta a fuair an Coimisiún
“4,000 duine sa bhliain a iarrann comhairle ar an Choimisiún agus 400-450 sa bhliain a iarrann cúnamh an Choimisiúin chun cás dlí a thógaint agus cuirimid an cúnamh sin ar fáil do idir 100 agus 150 gach bliain.
bhíodh tóir air it used to be sought
" Ní éadach galánta é, ach ós rud é nach dtréigeann an dath agus é ar tuar faoi sholas na gréine, bhíodh tóir air le héadach tí a dhéanamh, cuirtíní agus clúdaigh adhairte, cuir i gcás, rudaí a bhíonn le níochán go minic.
an-tóir ar much sought after
" Is dócha go raibh an-tóir ar leithéidí Louis Vuitton, Cartier agus Prada i measc mhná na háite agus na fámairí mná araon.
ráchairt thar lear air sought after overseas
" Níl na fíonta chomh mór is atá an Chiantí agus an Borolo ach tá Montepulciano d'Abruzzo ar cheann de na fíonta Iodálacha is mó anois a bhfuil ráchairt thar lear air.
an-tóir much sought
" Samhlaímid go mbeidh an-tóir ag lucht leanúna Uí Riada ar an mbailiúchán seo agus fóirfidh sé freisin mar bhlaiseadh dá shaothar do ghlún nua.
de dhíth ar being sought by
" Ach de réir cosúlachta, bhí tréithe eile de dhíth ar mhuintir na hÉireann ins an Uachtaránacht.
bhí tóir freisin ar also sought after were
" Bhain mórán den turgnamh sin le húsáid drugaí agus le cúrsaí gnéis; bhí tóir freisin ar léargais spioradálta an Oirthir agus conas droim láimhe a thabhairt don tsaint agus don ábharachas a chruthaigh cuid mhór fadbhanna, na cogaí móra domhanda ina measc.
Bhí an ghealach ag imirt folach bíog the moon was playing hide and seek
" Bhí an ghealach ag imirt folach bíog linn ar chúl na scamall.
nach bhfuil tóir ar being sought
" Má tá saothar á chóipeáil, á íosluchtú, go dleathach nó mídleathach tá agat; is é an fhadhb is mó nuair nach bhfuil tóir ar an saothar; nuair nach bhfuil sé sa bhfaisean.
nach lorgaítear is not sought
" Is eisceacht í an próiseas comhairliúcháin seo mar sin, óir gurb iondúil nach lorgaítear moltaí ón phobal nuair a bhíonn leasuithe á ndéanamh ar fhormhór na reachtaíochta.