Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
sa chéad seo caite in the last century
" ) Ba in Árainn Mhór a bhí cónaí ar Róise Rua Mhic Grianna (Róise na nAmhrán), duine de na hamhránaithe sean-nóis ba thábhachtaí i dTír Chonaill sa chéad seo caite.
níor fhoghlaimíos iad ach an bhliain seo caite I only learnt them last year
" D'fhoghlaim mé cuid acu na blianta fada ó shin, cuid eile níor fhoghlaimíos iad ach an bhliain seo caite.
i gcaogaidí an chéid seo caite in the Fifties of the last century
" Imircigh a d’fhág Éire i gcaogaidí an chéid seo caite ab ea tuismitheoirí Joyce, Marr (Maher) agus Morrissey; glúin rompu siúd a thug athair Rourke an bád bán air féin.
aon cheann de mhóramhráin an chéid seo caite. any of the great songs of the last century.
" Bhuail mé le DJ Gearmánach ón stáisiún clúiteach ceoil Raidió Bremen a chreid go raibh an t-amhrán ar aon dul le “Non, Je ne Regrette Rien” le hEdith Piaf nó aon cheann de mhóramhráin an chéid seo caite.
imeachtaí na míosa seo caite last month's events
" Ba bhreá liom a léamh, dá mbeadh Karl Marx beo inniu, cad é an chiall a bhainfeadh sé as imeachtaí na míosa seo caite nuair a tháinig an poblachtánachas agus aontachas an DUP le chéile den chéad uair riamh.
go deireadh an chéid seo caite. until the end of the last century.
" D’aistrigh breitheamh an t-amhrán go Maoiris don chead uair in 1878, ach ní raibh mórán tráchta ar an leagan sin go deireadh an chéid seo caite.
ar theicneolaíocht na haoise seo caite. on the technology of the last century.
" Cé go maítear go minic go bhfuil an tír seo ceannródaíoch maidir le gach gné d'fhorbairt na teicneolaíochta nua-aimseartha, is cosúil go bhfuil na gardaí ag brath fós ar theicneolaíocht na haoise seo caite.
an mhí seo caite. last month
" Dúthracht Más í an phatuaire a thréithrigh na toghcháin sin, ba í an dúthracht ba mhó a bhí le haithint ar na toghthóirí Polannacha an mhí seo caite.
an bhliain seo caite, last year
" An t-am seo an bhliain seo caite, d’fhógair mé go raibh m’albam féin – a rabhas ag obair air le blianta – curtha i gcrích, nach mór, agus go rabhas cinnte go n-eiseofaí an t-albam san athbhliain.
tús na haoise seo caite beginning of the last century
" Bhain an Astráil neamhspleáchas amach ag tús na haoise seo caite agus ó shin i leith déantar ard-ghobharnóir a cheapadh a fheidhmíonn mar ionadaí bhanríon nó rí na Ríochta Aontaithe.
a cailleadh an mhí seo caite, who died last month,
" Chas mé féin den chéad uair ar Sheán Ó Tiarnaigh, a cailleadh an mhí seo caite, ar chúrsa Gaeilge de chuid na heagraíochta Daltaí na Gaeilge (www.
i ndiaidh phraiseach na seachtaine seo caite after the mess of last week
" Is léir go bhfuil inchreidteacht á cailleadh ag páirtí Gerry Adams, go háirithe i ndiaidh phraiseach na seachtaine seo caite.
bhficheadaí an chéid seo caite 1920s
" Cúrsaí treabhchais de, is ionann gan freastal ar thórramh duine bocht a dúnmharaíodh agus taobhú na treibhe, is dóigh, ach an té a mhaireann i bhficheadaí an chéid seo caite, tá sé in am aige a thuiscint nach bhfuil slí dá iompar a thuilleadh, slí a dhéanann réidh an achair don mharú sheicteach i saol na linne seo.
seo caite last
" Athcraoladh an tsárshraith raidió 'Glórtha ón Gorta' le Cathal Póirtéir (1997) an mhí seo caite, mí na Samhna, agus chuir na guthanna agus na scéaltaí a chuala mé ar an chlár, an leabhar *'Irish, Catholic and Scouse, The History of the Liverpool Irish 1800-1939*' le John Belcham (Ollscoil Learphoill, 2007) i gcuimhne dom.
míosa seo caite last month
" Is féidir le matamaiticeoirí dul i ngleic leis an saghas áilleachta seo de bharr shaothar fear amháin thar aon duine, fear a chuaigh ar shlí na fírinne i lár na míosa seo caite.
An mhí seo caite last month
" An mhí seo caite roinn mé carn mhór suíomhanna leat agus mé ag súil go gcabhródh siad le do chuid siopadóireacht Nollag.
seo caite last
" Más cuimhin leat m'alt faoin ábhar seo an t-earrach seo caite, is cuimhin leat mé ag rá go raibh buíon amháin ag baint tairbhe as an tobthitim seo - lucht an *Tea Party*, gluaiseacht den eite dheis a raibh sé mar aidhm acu na Daonlathaigh a chartadh as oifig, an bille shláinte a aisghairm, agus rialtas Mheiriceá a thabhairt ar ais don lucht gnó.
lár na haoise seo caite the middle of the last century
" Mar gheall ar a áit lárnach idir tuaisceart agus deisceart, d'fhás an chathair go tapa mar cheanncheathrú trádála agus tionscail, agus d'éirigh go seoigh leis go lár na haoise seo caite, nuair a bhog na mílte Gormach as stáit an deiscirt chuici, agus theith muintir an chine ghil amach.
an mhí seo caite last month
" Tá na mílte míle bealaigh idir cathair Rio de Janeiro sa Bhrasaíl agus an chathair bheag Alphen aan den Rijn san Ísiltír, ach bhain an dá áit na ceannlínte idirnáisiúnta amach ar an údar céanna an mhí seo caite: d’fholmhaigh beirt ógfhear a gcuid gunnaí le daoine neamhurchóideacha gan fáth ar bith, sular chuir siad iad féin den tsaol.
eachtraí na míosa seo caite last month’s incidents
" Ar an drochuair, léiríonn eachtraí na míosa seo caite sa Bhrasaíl agus san Ísiltír go bhfuil fírinne éigin ag baint leis an dearcadh sin.
an mhí seo caite last month
" Go dtí an mhí seo caite, ba mhionpháirtí polaitiúil náisiúnach iad nach raibh ach cúig shuíochán san Eduskunta (Dáil na Fionlainne) acu.
an tseachtain seo caite last week
" Bhí mé ag léacht an tseachtain seo caite mar chuid den fhéile úr, Left Belfast.
an mhí seo caite last month
" Nuair a theilg na Naitsithe na mílte buamaí anuas ar shráideanna Béal Feirste 70 bliain ó shin an mhí seo caite - maraíodh suas le míle duine - cuireadh páistí amach chun na tuaithe le hiad a choinneáil slán, ach baineadh geit as muintir na tuaithe nuair a chonaic siad cad é chomh lag, gannchothaithe is a bhí na páistí, bhí déistin orthu.
sheachtóidí an chéid seo caite 1970s
" Cé mhéad cainteoirí agus foghlaimeoirí Gaeilge a bhí i Meiriceá Thuaidh? Agus, ó is léir go bhfuil líon na bhfoghlaimeoirí ag titim le tamall, cad is féidir a dhéanamh chun seo a athrú? Cérbh é an réalta eolais ab fhearr i Meiriceá Thuaidh ab fhéidir a léiriú mar mhúnla d'athshlánú teanga? Mar a tharla, bhí an chomhdháil ar siúl i gceantar inár chas cainteoirí Fraincise sruth an Bhéarla ar ais ó sheachtóidí an chéid seo caite anuas.
faoi Shamhain seo caite last November
" Tá roinnt mhaith machnaimh déanta agam ar rotha mór an tsaoil le déanaí ó thit sé ar mo chrannsa teach mo mháthar baiste a fholmhú, tharla go bhfuair sí bás, an bhean bhocht, faoi Shamhain seo caite.
ag tarraingt ag deireadh na míosa seo caite near the end of last month
" Ach mar a bheadh súil an tairbh ar an ghiobal dearg, is ar léine bhándearg Mhicí Wallace a bhí súil nimhe Bhaloir ag tarraingt ag deireadh na míosa seo caite.
lár an chéid seo caite the middle of the last century
" Bhain Seán Ó Síocháin cáil amach mar amhránaí ar chláir raidió i lár an chéid seo caite agus seo an t-aon taifeadadh leis atá ar fáil.
amach as dorchadas an chéid seo caite out of the darkness of the last century
" Ní hionann cuimhne a bheith agat agus tú a bheith spreagtha chun gnímh ar son na córa ach is mithid dúinn fá dheireadh thiar dul i ngleic leis na tromluithe atá ag crá daoine agus muid ag sleamhnú go malltriallach amach as dorchadas an chéid seo caite.
alt na míosa seo caite last month’s article
" Réiteach amháin ar cheist na hinimirce neamhdhleathaí, a pléadh in alt na míosa seo caite, ná stádas dleathach a bhronnadh ar inimircigh lasmuigh den dlí.
ag deireadh na míosa seo caite at the end of last month
" Bhí a fhios agaibh go raibh Balor calma curata, a chairde, ach an raibh barúil ar bith agaibh díreach cé chomh cróga is atá laoch na litríochta? Bhuel, ag deireadh na míosa seo caite thug sé cuairt neamhoifigiúil ar Bhanríon na hEorpa, Angela Regina Merkel (ARM mar ghiorrúchán) ceannaire neamhthofa na hEorpa.
Ceann d’íomhánna bróin na bliana seo caite one of last year’s sad images
" Ceann d’íomhánna bróin na bliana seo caite, greanadh ar an scáileán againn é i mí na Nollag.
go huile is go hiomlán sa chéad seo caite in the last century entirely
" Cén réiteach a bhí ag an gcóras caipitleach ar an bhfadhb seo, más ea? Braithim féin gur athraigh tionscal na fógraíochta an dearcadh coiteann a bhíodh suas i leith an ghrá go huile is go hiomlán sa chéad seo caite.
le hais na bliana seo caite as against that of last year
" Ní bheidh aon chíoradh ar shiocair chogaidh na bliana seo le hais na bliana seo caite, ná ar chóir dul chun sleantracha le tír amháin thar a chéile? Fearann Ladrainn Críocha ár nDomhnáin =============== Troideadh breis is trí scór cogadh ó dheireadh an Dara Cogadh Domhanda i leith agus maraíodh trí oiread daoine leo.
alt na míosa seo caite last month’s article
" Mífhonn Comhrá na Múinteoirí ============= Bhí Balor ag iarraidh agallamh a chur ar phríomhoide scoile faoin chíor thuathail seo, ach i ndiaidh alt na míosa seo caite inar chuir ár dtuairisceoir tuisceanach agallamh ar Dháithí Mac Dúthrachta, príomhoide Ghaelscoil na Gaeilge Gaelaí, ní raibh príomhoide ar bith sásta dul i mbun cainte leis.
Le linn an chéid seo caite during the last century
" Le linn an chéid seo caite, aimsíodh os cionn scór cloch Oghaim sa mBreatain Bheag.
lár na haoise seo caite the middle of the last century
" Faoi Pholl Cnaipe de ======== Má shílimid go mbaineann an chontúirt eithneach le lár na haoise seo caite, áfach, tá dul amú orainn.
an fómhar seo caite last autumn
" Tá a fhios ag an domhan mór gur saolaíodh leanbh di an fómhar seo caite ach coinníonn sí formhór na scéalta seo faoi rún.
luathbhlianta an chéid seo caite the early years of the last century
" Bhí an cogadh do-aithnid seo ar siúl idir 1788 agus luathbhlianta an chéid seo caite, thart ar na teorainneacha mallghluaiste idir na ceantair a bhí sealbhaithe ag na coilínigh Eorpacha agus dúichí an mhuintir dhúchais.
deireadh na bliana seo caite the end of last year
" Nuair a bhásaigh Nelson Mandela ag deireadh na bliana seo caite léirigh na milliúin duine ar fud na cruinne an t-ardmheas agus an t-ómós a bhí acu air.
Faoi Shamhain seo caite last November
" Mil na hÉigse le Dáileadh ========= Faoi Shamhain seo caite más ea, tharla ceol sa teach mór seo.
i lár na míosa seo caite the middle of last month
" aspx)) Maidir leis an mhéid a bhí le rá ag an Bhanríon Eilís faoin Tuaisceart sa lá atá inniu ann, ar an drochuair chonaic muid i lár na míosa seo caite Tuarascáil Chomhairle na hEorpa ar an Ghaeilge ina bhfuil Rialtas na Breataine agus Tionól Thuaisceart Éireann cáinte go géar.
ochtóidí an chéid seo caite 1980s
" Bhí sé follasach don domhan mór in ochtóidí an chéid seo caite go raibh na hainmhithe mara thuasluaite i mbaol a n-éaga agus chuir Coimisiún Idirnáisiúnta an Mhíl Mhóir státchairde uilechoiteann ar a seilg sa bhliain 1986.
an mhí seo caite last month
" Chuir mé aithne ar chuid den phobal Éireannach seo agus mé ar cuairt go Buenos Aires an mhí seo caite agus b'ábhar iontais agus lúcháire dom é.
An chéad seo caite the last century
"An chéad seo caite, bhí na pobail Éireannacha druidte, scartha leo fein ar na feirmeacha agus ar na estancios (feirmeacha ollmóra), agus phós Éireannaigh Éireannaigh eile.
tús na haoise seo caite the start of the last century
" Iniúchadh a bhí sa taispeántas sin ar shaothar ealaíontóirí Éireannacha ceannródaíocha a thaistil chun na Fraince agus níos faide ó bhaile le staidéar a dhéanamh ar ealaín nua-aimseartha na hEorpa ag tús na haoise seo caite.
mhí seo caite last month
" Is scáthán den saol é an dráma láidir, The Matchbox, a léirigh Frank Mc Guinness den chéad uair an mhí seo caite.
an chéid seo caite of the last century
" Chuir Mícheál Ó hAodha spéis i scéal fir as ceantar Thrá Lí a raibh lámh aige i gcinniúint a lán d’Éireannaigh an bháid bháin i leath deiridh an chéid seo caite.
leath tosaigh an chéid seo caite in the first half of the last century
" Chuaigh John-Paul Mc Carthy ag póirseáil trí thuairimí lucht saothraithe litríocht na Gaeilge leath tosaigh an chéid seo caite le treoir ó leabhar an Ollaimh Philip O Leary, Gaelic Prose in the Irish Free State, 1922-39.