Leoga, arsa muid, nárbh é an spá is túisce a tharraing cáil ar Brides-les-Bains sula raibh aon chaint ar sciáil? Agus idir an teach allais, is é sin, an sabhna, agus an seomra gaile, an seacúsaí faoin aer agus an cith ilfheidhmeach, ní raibh lá aiféala orainn gur ansin a chríochnaíomar an tseachtain sciála.