Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
ag friotháladh serving
" Fanóidh muid go buan ag sclábhaíocht, más gá, ó Luan go Luan; ag scuabadh agus ag sciúradh go béasach in bhur dtithe bodaigh; ag freastal agus ag friotháladh go dúthrachtach in bhur dtábhairní; Inár searbhóntaí agus inár seirbhísigh, géilliúil agus cuideachtúil, sa chruth go dtig linn, mall agus luath, greim bídh a ghoid go tráthúil, deaslámhach, d'ár gcuid páistí gortacha ó chrúba craosacha bhur bhfuath.
Agus a chonách sin ar mhuintir na Gaeilge And it will serve Irish speakers right
" Agus a chonách sin ar mhuintir na Gaeilge má fhágtar gan ghuth iad, nó is fúthu féin stop a chur leis an síorchoilleadh.
Más buan mo chuimhne if my memory serves me right
" Más buan mo chuimhne is minic a chuala mé an focal *sheila* sa scannán *Crocodile Dundee* agus mo dhuine ag caint faoi na mná.
A chonách sin oraibh It serves you right
" Agus ós ag caint dúinn ar scliúchas sin Chorn na Cruinne, meabhraítear domh rud eile a déarfadh mo mháthair mhór fá dtaobh de na piteoga céanna: 'A chonách sin oraibh, a bhrealláin gan mhaith.
más buan mo chuimhne if memory serves me right
" Is é a bhí sí a mhaíomh, má thuig mé i gceart í agus más buan mo chuimhne, gur beag duine a mbíonn sé de phribhléid aige an draíocht chéanna a bheith air arís leis an léitheoireacht, ach ina áit sin gurb iad an teip agus an díomá is gnách a bheith i ndán don léitheoir fásta.
gur maith an iarraidh orm é that it serves me right
" "Tá a fhios agam féin gur maith an iarraidh orm é.
ag freastal serving
" Is méadú 50% a bheadh ansin ar na fórsaí Astrálacha atá ag freastal sa gcuid sin den domhan cheana féin.
A chonách sin ar roghnóirí na Leon it serves the Lions' seletors right
" Nach aisteach sin anois?” Agus cad é faoi chúrsaí rugbaí sa Nua Shéalainn agus tubaiste an tSathairn thragóidigh sin nuair a rinne Umaga agus Mealamu iarracht Brains Ó Drisceoil a chur ag fás bunoscionn as ithir mhéith Christchurch? “A chonách sin ar roghnóirí na Leon,” a cheasnaigh Balor Lúfar ar chluinstin dó mar a caitheadh go fealltach leis an Éireannach a bhí ina chaptaen orthu.
A chonách sin ar roghnóirí na Leon it serves the Lions' seletors right
" Nach aisteach sin anois?” Agus cad é faoi chúrsaí rugbaí sa Nua Shéalainn agus tubaiste an tSathairn thragóidigh sin nuair a rinne Umaga agus Mealamu iarracht Brains Ó Drisceoil a chur ag fás bunoscionn as ithir mhéith Christchurch? “A chonách sin ar roghnóirí na Leon,” a cheasnaigh Balor Lúfar ar chluinstin dó mar a caitheadh go fealltach leis an Éireannach a bhí ina chaptaen orthu.
más buan mo chuimhne if memory serves me right
" Ó bhíos i mo ghasúr, bhí gean agam ar mhuintir na nDéise de bharr Chraobh na hÉireann 1963, nuair a bhuail Cill Chainnigh iad in ainneoin gur scóráil siad sé chúl, más buan mo chuimhne, ach, go mí-ámharach do Phort Láirge, scóráil Eddie Keher 0-14.
fostaí is faide seirbhíse the longest-serving employee
" Is é Ó Ciardha an fostaí is faide seirbhíse i TG4 agus is é a smaoinigh ar an mhana “Súil eile” atá in úsáid ón tús.
más buan mo chuimhne. if memory serves me right.
" Ach fainic amháin, bhí an dearcadh céanna ag tiománaithe tacsaí deich mbliana ó shin, más buan mo chuimhne.
ag freastal serving
" Tá léitheoirí maithe aici agus tuigeann sí an margadh ar a bhfuil sí féin (agus Cois Life) ag freastal – foghlaimeoirí fásta agus daoine ar cainteoirí líofa iad ach léitheoirí falsa.
ag feidhmiú serving
" Dá bharr sin, tá Páirtí Lucht Oibre na hAstráile (Labor Party) ar ais i gcumhacht, agus tá Kevin Rudd ag feidhmiú mar an séú príomh-aire is fiche sa tír.
freastal attend (to), serve
" Dúirt sí leis go gcaithfí freastal chomh maith orthu sin gan Ghaeilge nó go raibh a gcuid Gaeilgle chomh lag sin nach dtiocfadh leo foghlaim i ranganna a bheadh go hiomlán i nGaeilge.
Más buan mo chuimhne, if memory serves
" Más buan mo chuimhne, níor chríochnaigh muid an leabhar sin riamh agus, dá bharr sin, ní raibh mórán eolais againn mar gheall ar thíreolaíocht na bhFritíortha.
ar fiannas serving
" Ó sin i leith tá 14,000 saighdiúir Astrálach tar éis sealanna a chaitheamh ar fiannas san Iaráic.
freastal serving
" Agus tá daoine ann a chreideann gur lean Paulson ag freastal ar a sheanchomhlacht agus é ag obair sa rialtas.
freastal serving
" Chuirfeadh sé seo deireadh leis an fhadhb seo go gcaithfidh daoine, tar éis dóibh a bheith tofa, a gcuid ama ag freastal ar an aidhm a bheith atofa an chéad iarraidh eile ina dhiaidh sin arís.
Más buan mo chuimhne If my memory serves me
" Más buan mo chuimhne, ní raibh léitheoirí in ann tráchtaireachtaí a fhágáil fiú: is cuimhin liom seirbhís eile a shuiteáil i gcód mo bhlag chun tráchtaireacht a chur i bhfeidhm.
d'fhriotháil beirt acu two of them served
" Bhí an-bhrón ar a cuid neachtanna agus nianna faoina bhás agus d'fhriotháil beirt acu, James agus Luke ag aifreann na marbh ag Teach Pobail Naomh Helen, Crosby, i dTuaisceart Merseyside.
Freastalaítear are served
" Freastalaítear sa mhainistir ar chuairteoirí ar mian leo seachtain shuaimhneach a chaitheamh ann i mbun urnaí agus machnaimh.
freastal serve
" com/), tugtar le fios gur bunaíodh an scoil chun freastal ar an bpobal Éireannach caitliceach a tháinig go St Germain leis an Rí Séamas - 1700 : Le roi d’Angleterre Jacques II, en exil en France, à Saint-Germain-en-Laye, vient demander à Saint Jean-Baptiste de la Salle d’ouvrir une école pour 50 jeunes Irlandais catholiques exilés.
freastal to serve
" Má ghlactar leis an phrionsabal sin, ciorruithe a dhéanamh i gcaiteachas Gaeltachta agus Gaeilge, cén fáth nach nglactar leis i dtaobh fhormhór an chaiteachais atá a dhéanamh ag an Stát, is é sin an infheistíocht ollmhór atá á déanamh go leanúnach ins na ceantair mhóra uirbeacha sa tír seo? Mar shampla an bhfuil an caiteachas atá an Stát ag déanamh sa Chóras tríú leibhéal atá lonnaithe, go príomha, ins na príomhchathracha ‘*targeted at those most in need*’? An bhfuil an lána breise a cuireadh leis an M50 i mBÁC ag freastal ar lucht na gannchoda? An Chéad Teanga Oifigiúil Tá airgead na Gaeltachta á chaitheamh de bharr an polasaí rialtais atá ann ó bhunú an stáit gurb í an Ghaeilge an chéad teanga oifigiúil agus go bhfuil gá lena forbairt agus lena buanú.
freastal serve
" Ní fhágtar, mar sin, ach an ghaoth agus an ghrian chomh maith le fuinneamh in-athnuaite eile, bithmhais agus cumhacht hidrileictreach, cuir i gcás, chun freastal ar riachtanais fuinnimh an 80 milliún duine atá ina gcónaí sa tír.
ba mhaith an mhaise would be well served
" Mar sin, ba mhaith an mhaise don rialtas a rogha ar son Údarás na Gaeilge a mhíniú.
freastal serving
" Bíonn muintir Hennessy ag freastal ar na huaisle.
ag feidhmiú serving
" Is é Shane Ross a bheas ag feidhmiú mar Rúnaí Preasa an Rialtais.
Freastalóidh shall serve
" Freastalóidh an Mosc ar phobal Mheiriceá i gcoitinne, agus cuirfidh sé aghaidh dhaonna ar Ioslam.
freastal to serve
" Go tobann, níor ghá do stáisiún freastal a dhéanamh ar an bpobal iomlán.
ag freastal serving
" I gCeanada is teanga mhionlaithe í an Fhraincis agus tá 31 Bord Oideachais ag freastal ar lucht na teanga sin.
freastal serve
" Déanfaidh seo freastal ar riachtanais airgid an stáit as seo go ceann trí bliana.
Freastalaítear ar are served
" Saothrú na Turasóireachta ============= Freastalaítear ar sheirbhísí phobal an tsráidbhaile, trí bhotháin ar leith eile don scoil, don phroinnteach, don obair cheardaíochta agus eile, agus iad ar fad lonnaithe taobh istigh de bhalla mór cruinn.
ag friotháil ar serving
" Chaith Hartigan an chuid ba mhó dá shaol ag friotháil ar mhuintir na tuaithe i mbailte éagsúla san Abhantrach Murray-Darling.
freastal ar to serve
" Tháinig na hionaid i bhfad níos luaithe go Meiriceá, ámh - chomh fada siar leis na fichidí, nuair a tógadh ‘sraithshiopalanna’ chun freastal ar lucht tiomána na tíre, a d'éirigh flúirseach san am sin.
freastal ar to serve
" Cuirfidh a cheapachán an-olc ar phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta, ach is tábhachtaí dá shaoiste an riachtanas atá ann freastal ar mhórtheaghlach an iarthair.
freastal ar serve
" “Tá an tAontas sábháilte, agus más mian leis an UVF freastal ar a mhuintir, thig leo sin a dhéanamh fríd obair a dhéanamh le daoine óga, le dreamanna pobail nó fríd an pholaitíocht.
freastal serve
" Úsáidfear an leictreachas a ghinfear chun freastal ní hamháin ar ghnáth-thomhaltóirí, ar fheirmeoirí agus ar lucht tionscail, ach chun uisce a chur suas an sliabh go taiscumar uisce atá seacht gcéad méadar os cionn chothrom na farraige.
ag freastal ar serving
" Ar íorónaí an tsaoil, agus Éamonn Gilmore ag dul isteach thar thairseach Theach Laighean mar Thánaiste agus é ina cheannaire ar an líon is mó Teachta Dála de chuid Pháirtí an Lucht Oibre i stair an Stáit, bhí duine de na daoine is mó meas sa pháirtí ag dul an bealach eile i ndiaidh saol mór fada ag freastal ar mhuintir a dháilcheantair féin agus ar mhuintir na hÉireann le 40 éigin bliain.
ag freastal serving
" Mar a thuigfí, níl rófhonn ar Chúirt Uachtarach na Stát Aontaithe rialú sa chás seo, ó rugtar an méid sin Meiriceánach thar lear cheana féin agus a dtuismitheoirí ag freastal sna fórsaí míleata.
fhreastal to serve, cater for
" Ceacht eile foghlamtha - is deacair an dá ghort sin, thuaidh is theas, a fhreastal nuair is barra an tsiombalachais atá á fhuirseadh agat.
bhfreastalaíonn serves
" 
Is é ról an ÚCÉ, a bunaíodh i 2009, "a chinntiú go bhfreastalaíonn an líon agus catagóirí na seirbhísí craolacháin a chuirtear ar fáil sa stát ar an gcaoi is fearr ar riachtanais mhuintir oileán na hÉireann, ag cuimhniú i gcónaí ar a dteangacha, ar a dtraidisiúin agus ar a n-ilchineálacht creidimh, eitice agus saíochta.
freastal maith well served
" Is féidir staidéar a dhéanamh ar an Léann Éireannach in ollscoileanna éagsúla san Astráil, in Ollscoil Melbourne fiú amháin, ach ní dhéantar freastal maith ar an nGaeilge.
iarracht freastal ar an attempt to serve
" Déanann Raidió na Life iarracht freastal ar réimsí éagsúla éisteoirí a bhfuil spéiseanna éagsúla acu agus atá ar caighdeáin Ghaeilge.
fhreastalóidh ar would serve
" cearnach ina mbeidh naoi ndánlann idirghníomhacha, athchruthuithe de dheiceanna agus de chábáin na loinge, amharclann taiscéalaíochta faoi uisce chomh maith le hionad comhdhála agus féastaí a fhreastalóidh ar 1000 duine in aon am amháin.
ag freastal go sásúil serving satisfactorally
" Aithníodh ag an am gur deis a bhí ann lena chinntiú go mbeadh an tAcht ag freastal go sásúil ar riachtanais phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta; go ndéanfaí soiléiriú ar chearta agus ar dhualgais teanga; agus go n-aimseofaí dóigh leis an ualach riaracháin agus maorlathais a bhaineann leis a ghearradh siar.
chun freastal ar riachtanais to serve the needs
" “Tá an bonneagar atá riachtanach chun freastal ar riachtanais lucht labhartha na Gaeilge ar tí a scriosta!” Sin téacs na teachtaireachta atá ag dul thart ó dhuine go duine i saol na Gaeilge san am i láthair mar a bheadh spideog ag eitilt ó chrann go crann.
fad is a bhí béile á roinnt while the meal was being served
" Shuigh mé in éineacht leis na ceoltóirí fad is a bhí béile á roinnt.
chun freastal ar an éileamh seo to serve this demand
" Faraor, tá sé fós deacair teacht ar mhúinteoirí líofa chun freastal ar an éileamh seo.
dáiltear sin mar that’s served as
" Ní chuirtear aon bhall dá ballaibh amú agus an buille maraithe buailte: beirítear na cluasa, mar shampla, leagtar i gcorcán le glasraí iad dá éis, agus dáiltear sin mar réamhghoblach, nó tapa.
ag freastal ar réimse níos leithne serving a broader range
" Mar sin de, is dóiche go bhfuil TG4 in ann a bheith ag freastal ar réimse níos leithne lucht féachana.
an ball foirne is faide the longest (serving) member of staff
ar fiannas serving, on duty
" Ní ball den Eagraíocht í an Astráil, dár ndóigh, ach bhí an Príomh-Aire, Julia Gillard, páirteach sa chruinniú mullaigh de bharr go bhfuil saighdiúirí de chuid Arm na hAstráile ar fiannas leis an gcomhfhórsa idirnáisiúnta san Afganastáin (Eagrán 116, Nollaig 2010).
nach le freastal ar that it is not to serve
" Ní ghá dhuit ach breathnú ar na bileoga aonteangacha agus na foirmeacha iarratais aonteangacha, atá ag cuid mhaith de na coláistí lena thuiscint nach le freastal ar dhaoine le Gaeilge atá na coláistí ann.
meánscoil nó tréimhse san arm críochnaithe time served in the army or in secondary school
" Tá orthu a bheith gan taifead coiriúil agus meánscoil nó tréimhse san arm críochnaithe nó fós ar siúl acu.
ag freastal orthu serving them
" Níl muinín ag an phobal sna húdaráis, agus feictear don phobal nach bhfuil an stát, ag leibhéal áitiúil, ag freastal orthu mar ba cheart.
ná roinnt a léinn orainn riamh may he continue to serve us with his learning
" Nár lagaí Dia a pheann ná roinnt a léinn orainn riamh.
freastal ceart a dhéanamh ar to properly serve
" Is mar gheall ar gur theip ar Raidió Éireann freastal ceart a dhéanamh ar an nGaeltacht a bunaíodh Raidió na Gaeltachta i 1972 agus mar gur theip ar an RTÉ freastal ar riachtanais na dteaghlach a bhí ag iarraidh gasúir a thógáil le Gaeilge a troideadh an feachtas le TG4 a chur ar bun.
theastaigh uaidh freastal ar he wanted to serve
" Agus nuair a bhí a ré mar imreoir caite theastaigh uaidh freastal ar a chontae dúchais trí dul i mbun foireann an chontae mar bhainisteoir, rud a rinne, agus d’éirigh le Ciarraí craobhacha a bhaint arís faoina stiúir tar éis aon bhliain déag a chaitheamh i bhfásach peile.
caithfidh an áit freastal ar the place has to serve
" Tógadh an otharlann áitiúil do dhaonra cúig mhíle duine, sna 1980í, ach caithfidh an áit freastal ar chéad míle duine sa lá inniu.
ag freastal ar serving
" Ar ndóigh ba ag freastal ar na margaí siúcra agus éadaí ar ais san Eoraip a bhí na trádálaithe.
le freastal ar an phobal to serve the people
" Tá an scéal amhlaidh ar fud na tíre agus ar fud na hEorpa – níl go leor sagart ar fáil le freastal ar an phobal agus an áit a bhfuil sagart, ní éisteann an pobal leis maidir le cuid de na ceisteanna is bunúsaí i saol an duine.
freastalaíonn sé ar it serves
" Dá bharr sin, freastalaíonn sé ar thuismitheoirí a dteastaíonn uathu oideachas lán-Ghaeilge dá bpáistí ar neamhchead don chúlra creidimh atá acu, mar feictear scoileanna ar an mbunús Caitliceach, Ilchreidmheach, agus Idirchreidmheach (Caitliceach / Protastúnach).
tá tú in ainm is a bheith ag freastal you’re supposed to be serving
" B’fhéidir nach dtuigfeadh daoine – tá teachtaí dála ag teacht as toghcheantair faoi leith, Gaillimh Thoir, Gaillimh Thiar, nó Maigh Eo, nó rud éicint mar sin, - ach nuair atá tú i do sheanadóir, tá tú in ainm is a bheith ag freastal ar phobal uile na tíre.
le sainchuspóir chun riar ar with the one intention of serving
" “Tá sé de rún againn ollionad pobail a thógáil le sainchuspóir chun riar ar an chreatlach oibre atá luaite agam cheana.
pianbhreith daortha orthu condemned to serve time in jail
" Is ea seo cnámha scéil an cháis cúirte inar dearna an t-iomrall ceartais thuasluaite: • Comhcheilg bhuamáil sceimhlitheoireachta sna seachtóidí; • Seisear de shliocht chomhphobal eitneach gafa, ciontaithe agus pianbhreith daortha orthu; • Na húdaráis in amhras faoin gcomhphobal seo as siocair iad a bheith ag tacú le feachtas ina dtír dhúchais neamhspleáchas a bhaint amach; • Admhálacha faighte faoi bhagairt, gan dlíodóirí i láthair agus gan síniú; • Fianaise bhréagach sa chúirt agus fianaise eile coinnithe siar ag na húdaráis; • Na seirbhísí rúnda lárnach sa chás; • Póilíní sa chás os comhair na cúirte ní ba dhéanaí; agus • Feachtas sna meáin leis an bhfíorasc a chur ar neamhní.
Mil na hÉigse le Dáileadh mellifluous poesy to be served up
" Mil na hÉigse le Dáileadh ========= Faoi Shamhain seo caite más ea, tharla ceol sa teach mór seo.
Dáiltear miasanna sicín chicken dishes (and pizza) are served
" Dáiltear miasanna sicín agus pizza faoi seach.
leath na pianbhreithe curtha i gcrích half of the sentence served
" Cé nach raibh ach leath na pianbhreithe curtha i gcrích ag Corby, chinn na húdaráis Indinéiseacha í a scaoileadh ar chuntair áirithe, ina measc siúd go mbeidh uirthi maireachtáil lena deirfiúr in Kuta, na Bali, go ceann trí bliana eile.
más buan mo chuimhne if my memory serves me well
" Chuala mé féin na cantairí blianta ó shin in Iarsmalann Uladh (an chéad chuairt acu ar an tuaisceart, in 2005 más buan mo chuimhne).
is beag earra a fhreastalaíonn ar few goods serve up
" Bíonn an-rachairt ar earraí chuimhneacháin le linn an Chorn Domhanda ach is beag earra a fhreastalaíonn ar fhaisean.
freastal ceart á dhéanamh ar being served properly
" Tábhacht na Nuála ======== Thuig muidne in Oideas Gael ag casadh na mílaoise nach raibh freastal ceart á dhéanamh ar phobal léitheoireachta na Gaeilge.
ag freastal ar mhargadh an-teoranta serving a very limited market
" Cuir Comhar i gcomórtas le Archaeology Ireland nó History Ireland, dhá iris atá ag freastal ar mhargadh an-teoranta chomh maith.
freastal ceart a dhéanamh orthu serve them properly
" An amhlaidh go bhfuil an Taoiseach ag iarraidh díoltas a bhaint amach in éadan ghluaiseacht na Gaeilge a chuir chomh binibeach sin in éadan a chuid moltaí i leith deireadh a chur leis an Ghaeilge mar ábhar éigeantach i ndiaidh an Teastais Sóisirigh? Ghlacfá an cheist a chur fosta: dá mbeadh meas ag an Aire Mc Hugh ar na pobail Ghaeltachta (beidh an Ghaeltacht is mó ó thaobh na tíreolaíochta de ina dháilcheantar an chéad iarraidh eile) nár cheart dó diúltú do thairiscint an Taoisigh ar an bhonn nach mbeadh sé ábalta freastal ceart a dhéanamh orthu? Dá olcas a cheapacháin, chuir an Taoiseach an lasóg sa bharrach nuair a d'fhógair sé go sotalach go mbeadh Gaeilge líofa ag an Aire Stáit roimh dheireadh an tsamhraidh.
ag riar mar is ceart dóibh serving them properly
" Is masla é sin do na páirtithe i Stormont go síleann mná nach bhfuil ceann ar bith acu ag riar mar is ceart dóibh.
dháileadh serve
" Bia intinne do PJ Mac Gabhann is ea gnó bialainne na Fraince agus tslí Fhrancach leis an mbia a ullmhú agus a dháileadh.
le freastal ar to serve
" Thosaigh ‘Teilifís na Gaeilge’ ag craoladh as Baile na hAbhann Oíche Shamhna sé bliana déag ó shin, i ndiaidh feachtas fada a troideadh d’fhonn bealach teilifíse a fháil le freastal ar lucht na Gaeilge.
mar lámhleabhar ag lucht staire go leor serve as a handbook for many historians
" Is é a thuairim go mbeidh an saothar seo mar lámhleabhar ag lucht staire go leor amach anseo.