Pota Focal Intergaelic
seed | shad | she | shew | shred
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
ag sileadh na ndeor shedding tears
" Thosaigh Cora ag sileadh na ndeor.
botháin shed
" Ba bheag an mhaith bratach na hÉireann a bheith ar foluain os cionn gach cró agus sciobóil agus botháin ó Chóbh go Málainn.
cé gur sileadh neart deora although a lot of tears were shed
" Agus ag tagairt do Pháirc an Chrócaigh, is cosúil go mbíonn an ghrian ag taitneamh i gcónaí ansin! Ní shílim gur thit aon deoir bháistí ann ar feadh an tsamhraidh ach oiread, cé gur sileadh neart deora ó am go ham! Aithním nach samhradh breá a bhí ag na feirmeoirí nó ag lucht saoire agus turasóireachta ach ag lucht leanta na gcluichí Gaelacha bhí samhradh den scoth de bharr fheabhas agus chaighdeán agus éagsúlacht na gcluichí éagsúla.
bhothán na ngabhar the goats' shed
" Chuaigh muid thar bhothán na ngabhar agus thuig mé díreach ansin cén fáth a bhfuil míchlú ar na hainmhithe seo mar gheall ar a mboladh.
scáthlán crúite milking-shed
" Tháinig tréad bó anuas an príomhbhóthar, ar a mbealach go dtí an scáthlán crúite.
nach bhféadfaidís deoir a shileadh that they couldn't shed a tear
" thuirling an héileacaptarthe helicopter landed liáinblades of propeller crochtahanging níor rith sé leoit didn't occur to them bunoscionnwrong ródhéanachtoo late dírithe orthupointed at them inneallengine urchairbullets gan trácht ar an sléachtnot to mention the slaughter sa chlósin the yard ar a ghogaideon his hunkers lean a chomhghleacaithehe followed his colleagues socairstill reoitefrozen sceimhlitheterrified nach bhféadfaidís deoir a shileadhthat they couldn't shed a tear ar balllater á mbailiúbeing gathered sceimhlitheoiríterrorists idirbheartaíochtnegotiations á leagan go talamhknocking him to the ground ag screadaílscreaming sciath chosantaprotective shield sceonterror uafáshorror Téanam ort!Come along! róbónnarobots creathántremble sólássolace Ó bhaithis go bonn.
doirte shed
" Nuair a chuireann tú san áireamh gur gluaiseacht iad a chaith 35 bliain ag troid in éadan Arm na Breataine, ba cheart go mbeadh an choimhlint idir iad féin agus an DUP furasta go leor – agus gan fuil ar bith doirte.
sil deoir shed a tear
" Féach na tubaistí go léir atá timpeall an domhain mar gheall ar ola, talamh agus airgead! A Mhuire, a mháthair, seinn port, abair amhrán, sil deoir, tabhair póg, réitigh do chás led' chomharsain más féidir.
le deora a shileadh to shed tears
" Cuireann na básanna fearg air, ach níl sé ansin le deora a shileadh.
b’iomaí deoir a sileadh many tears were shed
" Cúig bliana déag ó shin, b’iomaí deoir a sileadh in aerfoirt na tíre i ndiaidh na Nollag nuair a bhíodh ar na mílte Éireannach pilleadh ar an deoraíocht.
silte shed
" Tá deora Sarajevo, Srebrenice, Vukovar agus Mostar go léir silte.
mbothóig a shed
" Ba i mbothóig i gcúl an tí a bhí láthair an uafáis, an áit a dtéadh sé i bhfolach ón tsaol mhór chun a dhrochbheart a chur i gcrích.
scioból shed
" Bhí siad go léir ina gcónaí i rud beag a thabharfá scioból air, gan uisce reatha, gan leithreas, is gan chistin ann.
Is beag deor a shilfear few tears shall be shed
" Is beag deor a shilfear sa Roinn Oideachais, fágaim, má chuirtear deireadh leis an Chomhairle um Oideachais Gaeltachta agus Gaelscolaíochta (COGG) mar atá molta – teist mhaith ar a gcuid éachtaí oibre mar dhream a shnámh go minic in aghaidh na Roinne céanna.
scioból a shed
" html) Chaith sé breis agus ceithre bliana ar a theitheadh in iargúltacht an oileáin go dtí gur thángthas air agus é ina chónaí i scioból.
scioból shed
" Loisctear fómhar an Bharúin nuair a théann a scioból trí thine san oíche.
bothán shed
" Amach liom ar luas lasrach go dtí an bothán.
deor (shedding) a tear
" Cuireann Josh glaoch gan deor ag iarraidh cabhrach ar an tseanmháthair ná faca sé le blianta.
cuid den mheáchan sin a chailliúint shed some of that weight
" ‘An baile inar féidir le duine éirí tanaí’, an mana atá ag Brides-les-Bains agus is fíor go bhfeictear go fóill céatadán ard daoine atá tar éis titim chun feola timpeall an bhaile agus é mar sprioc acu cuid den mheáchan sin a chailliúint.
caoinfidh siad deoir they'll shed a tear
" Rachaidh na scéalta daonna i bhfeidhm ar chuid acu agus caoinfidh siad deoir anois is arís nuair a altófar roimh bhia nó nuair a bhreathnóidh siad ar a gclann féin ar aon aois le roinnt de na daoine a loiteadh in oibríochtaí na ladrann seo.
Scioból shed
" Chomh Fuar le Leacracha Ifrinn ================ Scioból fada fairsing íseal an chéad rud a chonaic muid.
Is beag deor i shilfear few tears shall be shed
" Is beag deor i shilfear i Sráid Mhaoilbhríde mar sin faoin ghreasáil a tugadh don Oifig.
duilliúr a sceitheann an choill foliage which is shed
" Thuig sé trí rud: cuireann na préamhacha srian le creimeadh na talún; bíonn foscadh faoi chraobh ó sceo na gaoithe agus ó dhó na gréine; agus is leasú créafóige atá sa duilliúr a sceitheann an choill sa bhfómhar.
ag tréigean íomhá na maitheasa agus na córa shedding the image of right and justice
" Bhí AFRICOM ag téamh ina chur i láthair i rith na bliana seo chuaigh thart, ag tréigean íomhá na maitheasa agus na córa.
scaoileadh leis an deoirín beag to shed a small tear
" Agus nuair a chuireann tú garmhac linbh i mbaclainn na hiníne, ‘*Solomon Northup Grantham*’, ar sise, an leaidín á chur in aithne dó, sin ‘cead’ á thabhairt ag Mc Queen dúinn éirí maothshúileach nó scaoileadh leis an deoirín beag.
Níor sileadh deoir in achan áit a tear wasn’t shed in every place
" Níor sileadh deoir in achan áit i Sasana ar bhás Margaret Thatcher, ba léir.
sileadh deoir a tear was shed
" Chaith Robert McMillen seachtain sách corrach le drámaí agus bhí sé ag seoladh leabhair, am ar sileadh deoir.