Pota Focal Intergaelic
sip | hip | shin | -ship | shop | skip
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
long ship
" Bhí sé ina raic le gairid faoin long a raibh na céadta ar bord uirthi a bhí ag lorg dídine san Astráil.
long lastais cargo ship
" Ó tháinig an long lastais an Tampa i gcabhair ar dhaoine ag lorg dídine i mí Lúnasa, ba bheag aird a díríodh ar cheisteanna eile.
long lastais cargo ship
" Ar dtús, rinneadh "géarrchéim" as scéal an Tampa, an long lastais as an Iorua a tharrtháil níos mó ná 400 duine arbh Afganastánaigh an chuid ba mhó acu.
Chuaigh a mbád go tóin poill Their ship sank
" Chuaigh a mbád go tóin poill agus iad ar an mbealach ón Indinéis go dtí an Astráil ag lorg tearmainn.
is iomaí long many's the ship
" Is teach solais traidisiúnta é a tógadh sna 1800í agus is iomaí long agus bád a shábháil sé ó a bheith briste ar na carraigeacha ó bunaíodh é.
an macasamhail de long gorta the replica famine ship
" Tá sé tábhachtach do Carey go mbeadh an obair dheisiúcháin ar an ionad cuimhneacháin críochnaithe faoi lár na míosa seo mar go bhfuil imeachtaí éagsúla in ainm is a bheith ar siúl ann nuair a bhainfidh an macasamhail de long gorta, an Jeanie Johnston, Nua-Eabhrac amach i mí Iúil.
báid mhonarchan factory ships
" Chaithfí, dúradh, báid mhonarchan ó thíortha eile a choimeád amach as uiscí na hÉireann.
long míolta móra whaling ship
" In Aibreán 1875 d'fhág an Catalpa, long míolta móra trí chrann agus 200 tonna, New Bedford i Massachusetts agus rinne a bealach trasna an Atlantaigh go dtí na hAsóir.
dá n-ionsófaí í if it (the ship) was attacked
" Dúirt sé go raibh siad in uiscí idirnáisiúnta agus dá n-ionsófaí í, go mbeifí ag fógairt cogaidh ar na Stáit Aontaithe.
long bhriste a sunken ship
" As Sasana a tháinig siad, agus iad ag tumadh chuig long bhriste cúpla míle i bhfarraige.
ar bord loinge on board a ship
" Bhí siad ar bord loinge ar a mbealach ón Astráil go dtí an Araib Shádach.
atá in ann an long a aimsiú who can find the ship
" Tá $10,000 á thairiscint ag eagras cearta ainmhithe d'aon duine atá in ann an long a aimsiú.
le longa agus iad ag dul thar bráid to passing ships
" Tagann teideal an leabhair ó na focail "*Skelligs calling*", a deireadh coimeádaithe theach solais oileán Sceilg Mhichíl le longa agus iad ag dul thar bráid.
reilig mórán long the graveyard of many ships
" Tá sé dochreidte gur chuir tú ceist orm faoi sin! Sílim go bhféadfainn dul agus an trá fhada Outermost a shiúl: na riasca, na dumhcha, na maidhmeanna fiáine toinne - reilig mórán long - na míolta móra caite i dtír uaireanta, an tsnámhraic agus an muirchur, reilig ag ceann amháin di ina bhfuil coirp gaolta agus cairde curtha, agus na tithe solais aonair atá mílte óna chéile ar dhroim an Outermost.
a ndeachaigh an long mhaorga go tóin poill that the stately ship sank
" Tar éis siúl suas an staighre álainn grástúil sa chéad ghrád agus ansin síos go dtí na buncanna cúnga sa tríú grád, agus fuaimeanna an ama agus na háite i mo chluasa, ba é an dúshlán ná feiceáil cé chomh fada is a d'fhéadfainn mo lámh a fhágáil brúite ar bhloc mór millteach leac oighir - a bhí ag an teocht nó an fuacht ag a raibh an t-uisce agus na cnoic oighir an oíche dhuairc sin a ndeachaigh an long mhaorga go tóin poill.
long mhór a large ship
" Idir Boston agus Berlin, is léir go bhfuilimid ar long mhór atá á tarraingt leis an taoide sall go Meiriceá.
longa ships
" Tá muinín ag lucht gnó agus ag polaiteoirí go bhfeabhsóidh an tseirbhís nua seo trádáil idir oirdheisceart na tíre, áit a bhfuil formhór na ndaoine, agus an Áis, trí Darwin, agus go mbeidh laghdú ar chostais iompair dá bharr seachas a bheith ag cur earraí ar longa ó Sydney agus Melbourne nó ar na bóithre idir Alice Springs agus Darwin.
longa a ghabháil to capture ships
" Bhí líon mór príosúnach (b'as Éirinn a bhformhór) i mbeairic in iarthar Sydney a chinn ar éalú, máirseáil ar Sydney, longa a ghabháil agus filleadh ar Éirinn.
tógáil long ship-building
" Bhíodh traidisiún láidir aicme oibre i mBéal Feirste de dheasca na dtionscal mór - tógáil long, innealtóireacht throm, agus dá réir, ar a tógadh clú Bhéal Feirste ag tús an 20ú céad - agus roimh na Trioblóidí, fuair an Northern Ireland Labour Party ceithre shuíochán i bparlaimint Stormont idir 1958 and 1962, ach b'in an buaicphointe.
ar an mbád bán on the emigrant ship
" Seachas an t-ábhar spéisiúil seo, an rud atá sáite i mo chuimhne faoin óstán ná go raibh folcadán in ionad cithfholcadáin i ngach seomra! Áit ghaofar ======= Le linn dúinn bheith i Nis, i dtuaisceart Eilean Leòdhais, thugamar cuairt ar Rubha Robhanais, an pointe is faide ó thuaidh sna h-Eileanan Siar (agus, táim ag rá leat, bhí sé gaofar!) Agus muid ag breathnú ar an Aigeán Atlantach sínte amach romhainn, smaoinigh mé ar na scéalta a bhí cloiste againn le cúpla lá anuas, faoi thubaistí mara, faoi na céadta duine óg agus iad ar an mbád bán go Meiriceá nó Ceanada, agus faoin tionchar a bhí ag a leithéid ar phobail bheaga na n-oileán.
longa tráchtála commercial ships
" Bhí iascairí gairmiúla, buachaillí bó, oibrithe iarainn, agus máirnéalaigh a bhíonn ag obair ar longa tráchtála, go híseal sa liosta fosta.
long taibhsiúil ghostly ship
" Léirítear i *Ghostship* long taibhsiúil, a rinneadh as fíorlong clúdaithe le péinteanna solasmhara, agus tháinig na sluaite go Cuan Átha Cliath le hamharc air nuair a bhí sé ar taispeáint.
Aerlonga air-ships
" B’fhéidir go mbeidh ceannlínte mar seo le feiceáil sna nuachtáin sa bhliain 2015: “Ardú 80% i bpraghas an pheitril agus an leictreachais ó 2005” “Iarnróid nua á dtógáil i lárlánaí na mótarbhealach” “Tá dul chun cinn á dhéanamh againn: anuraidh, tháinig 30% den fhuinneamh in Éirinn ó fhoinsí inbhuanaithe” “Aire Fuinnimh Inbhuanaithe ceaptha ag an Taoiseach” “Aerlonga ar ais mar mhodhanna iompair i spéartha na hÉireann” Ach cad a tharlóidh má tá an ceart ag na geolaithe, agus má tá buaic na hola ann cheana féin nó i ngar dúinn, agus má tá am an phlé thart? Seo mar a bheidh cúrsaí má tharlaíonn an bhuaic in 2007: “Logánú gan Rogha” ======= Samhlaítear anseo go dtarlóidh géarchéim nua ola in 2007 agus go méadóidh na praghasanna tuilleadh.
Longa seoil tráchtála commercial sailing ships
" Sa chas seo, léifimid scéalta mar a leanas: “Longa seoil tráchtála ar ais” “Pacáistiú plaisteach: ródhaor anois” “Suirbhé nua: bia áitiúil nó fiú ón ghairdín is mó a ithimid anois” “Laghdú mór sa líon gluaisteán ar na bóithre” Ag an chomhdháil, labhraíodh faoin tábhacht a bhain le fuinneamh a chaomhnú agus é a úsáid ar shlí níos éifeachtaí.
long bhraineach a princely ship
" “Agus nuair ba léir a acmhainn agus a chumas agus a inniúlacht do lucht a adhraithe d’íoc siad a gcuid deachúna agus cheannaigh sé teach flaithbheartach agus long bhraineach agus éadaí prionsúla.
an bád bán the emigration ship
" Ó bhlianta an chogaidh ar aghaidh, thóg plúr na bhfear is na mban óg an bád bán go Sasana.
longa ships
" An dara scéal ná an ráiteas ba dhéanaí ó Rialtas Cheanada faoin airgead mór atá le caitheamh acu ar threalamh míleata: $17 billiún dollar ar longa, ar eitleáin, ar héileacaptair agus ar leoraithe, de réir chuntas na seachtaine céanna.
an long eisimirceach the emigration ship
" Agus tá uaigh amháin ann do na daoine a fuair bás nuair a briseadh an long eisimirceach an *Canton* in 1849.
mar phlainc i longa. as planks in ships.
" D’úsáidtí iad mar phlainc i longa.
soláthar long cabhlaigh, supplying navy ships,
" Rinne na ceannaithe brabús maith as seo agus as soláthar long cabhlaigh, agus nuair a tháinig William III go dtí an port sa bhliain 1689 b’éigean dó praghas ard a íoc chun a arm a iompar go hÉirinn.
cabhlach séasca long a fleet of sixty ships
" Scríobhadh gur tháinig mac rí Shasana, is é sin John, mac Henry II, go hÉirinn le cabhlach séasca long chun smacht a fháil ar an tír.
na longa the ships
" **Agus na longa folamh, líontaí iad le táirgí na bplandálacha – siúcra, cadás, tobac agus moláis, mar shampla – agus thógtaí iad ar ais chun na hEorpa, áit a ndíoltaí iad.
ar bord na loinge on bord the ship
" Bhí abairt Mhanainnise ar an admháil a tugadh dom sa bheár ar bord na loinge Ben My Chree agus sinn ag seoladh amach as cuan Bhaile Átha Cliath tráthnóna gréine mí Lúnasa seo caite.
sean longchlós old ship yard
" Tá gailearaí acu fosta, Machines de L'Ile, atá suite i sean longchlós ar bhruach abhainn an Loire agus is féidir leis an ghnáthphobal na struchtúir seo a fheiceáil agus a bheith ag marcaíocht ar an eilifint, fiú.
ar loing by ship
" Ach na muilte atá le déanamh is le crochadh ar fud na hÉireann: Dá dtairbhe, fostófar roinnt daoine ar fud na tíre nach mbeadh ag obair dá n-uireasa, b’fhéidir; Ach na muilte a bheith crochta, séidfear an breosla chugainn saor in aisce gan a dhath a dhó ná smid smúite a scaoileadh san aer inár dtimpeall; Is lú an méid breosla dá réir a loscfar sna stáisiúin ghinte leictreachais agus is lúide an dochar imshaoil an méid sin; Is lú an méid gáis agus artola a allmhaireofar ar loing nó i bpíplíne feasta le haibhléis a ghiniúint in Éirinn, rud a fhágfas an t-airgead abhus inár measc.
longa iasachta foreign ships
" Agus an chluas bhodhar á fáil ón gcomhphobal idirnáisiúnta ag a n-achainí leis an iascach gan srian a stad agus le héirí as an dumpáil mhídhleathach, rinne iascairí na Somáile iarracht deireadh a chur leo iad féin, nó ar a laghad ‘cáin’ a ghearradh ar na longa iasachta.
long seoil sailing ship
" Tá an Presidio dúnta anois, agus í iompaithe ina páirc turasóireachta, agus an Embarcadero ina ceantar spaisteoireachta agus spraoi, ach is beag a athraíodh sna ceantracha sin go fóill, agus nuair a fheiceann tú long seoil ag bualadh tharat isteach i gCuan San Francisco, ba mhó ba chosúil le 1909 é ná 2009.
loingeas shipping
" Mar a gcéanna, is lú an loingeas lasta guail a thabharfas aghaidh ar an tír seo ar fharraige thuaisceart na hEorpa ag triall ar an tír seo, le gual, de bharr obair na dteaghlach seo.
long ship
" I dtús *Twelfth Night* de chuid Shakespeare, fiafraíonn Viola, príomhcharachtar an dráma, dá comhluadar, “Cén tír í seo, a chairde?” Bhuail stoirm an long ar a raibh sí ag taisteal agus cuireadh go tóin poill í.
long ship
" Bhí an páirtí mar a bhí long a mbeadh poll ann faoi líne an uisce ach hiarradh orm seasamh agus mheas mé gur fearr guth a thabhairt do na daoine seo taobh istigh den pháirtí in áit gan guth bheith acu ar chor ar bith,” arsa an Críostaí athbheirthe.
loinge ship
" Mholfainn go mór don té a éiríonn breoite ar bord loinge cuairt a thabhairt ar an ‘Mórsceir Bhacainneach’ ar mhuireitleán mar a rinne muidne le linn dúinn a bheith ar saoire sna hOileáin Chincíse.
ag brath ar loingeas depending on shipping
" Tá an trácht seo mar chuid den taispeántas, chomh maith le spola de Pathé news ón choimhlint sa chathair, rud atá iorónta leis na círéibeacha nua a bhí le feiceáil ar an teilifís, an mhí seo caite, 2011! I rith na gcaismirtí i 1911, bhí an *Walker Art Gallery* ag iarraidh taispeántas bliantúil suntasach, *‘the Liverpool Autumn Exhibition’* a eagrú, ach bhí siad ag brath ar loingeas agus ar an iarnród chun pictiúirí a fháil anall as tíortha éagsúla ach chuir an stailc agus na círéibeacha stad le seachadadh gach ruda: *”Delivery just now is impossible.
loingeas shipping
" Tá nasc brónach idir an t-oileán seo agus Learpholl, mar sheol cuid mhaith den loingeas a tháinig i dtír ansin as Abhainn na Mersey, cuir i gcás an Virginius le 476 paisinéir ar bord.
nuair a bhuail a long cloch is cuan when the ship docked
" Measadh go raibh tuairim is milliún go leith duine bailithe thart ar na bruacha nuair a bhuail a long cloch is cuan in Sydney ar 3 Feabhra 1954.
fhoireann loinge ship’s crew
" Ach beidh The Draken Harald Fairhair (DHF) ar an atógáil is mó riamh, le 25 péire maide rámha ann - sin bád 50 buille - agus le beirt ar gach maide sin 100 fear iomraimh ar an fhoireann loinge 150 duine.
an bhád bhán the emigrant ship
" Glactar leis go bhfuil saol na heisimirce athraithe go mór don imirceoir féin ó d’imigh na milliúin Gael ar an bhád bhán go Meiriceá agus go Ceanada in am an Drochshaoil.
phaisnéirí na loinge the ship’s passengers
" Tarrtháil na gcorp a bhí mar phríomhchúram ag muintir Halifax, muintir na cathrach seo a chuir an fháilte dheireanach roimh phaisnéirí na loinge.
a líon an bád bán who filled the emigrant ships
" " Bhí díospóireacht bhríomhar sa halla tar éis na n-aoíchainteoirí, agus cén fáth nach mbeadh, mar is dream eile iad a bhí tréigthe ag Rialtas Bhaile Átha Cliath anuas na blianta: na mílte a líon an bád bán le dul thar lear d’fhonn post a fháil.
bheith díbrithe go dtí an tSibéir to be shipped off to S.
" B’ionann domsa, ag an am sin, a bheith curtha go Gaoth Dobhair agus a bheith díbrithe go dtí an tSibéir! Bhí cairde déanta agam i gCois Fharraige agus is ann a bhíos chun préamhacha a chur síos.
cuideachta loingseoireachta a shipping company
" Bhí 600,000 acra ag an gcomhlacht chomh maith le hiarnróid is cuideachta loingseoireachta dá chuid féin.
ar an loing on the (prison)ship
" "I gcuid de na carcracha, ar an loing Argenta, i mBóthar Cromghlinne, ar an Churrach, ní raibh ach baicle bheag i mbun fhoghlaim na Gaeilge.
ar an mbád bán on emigrant ships
" Agus má bhí na mílte ón Rheinland ar an mbád bán chomh maith, ní tír le tréigean atá sa nGearmáin lenár linn féin ach tír le triall uirthi, ach oiread le Meiriceá fadó.
tar éis don long ollmhór a dhul go tóin poill after the massive ship sank to the bottom
" D’fhéadfaí an tairngreacht seo a thuiscint mar thagairt don neamairt tromchúiseach a cuireadh i leith Pirrie agus a chomhghleacaithe ar bhainistíocht Harland and Wolff tar éis don long ollmhór a dhul go tóin poill níos déanaí.
d’éirigh leis arbhar a fháil uaidh long he succeeded in obtaining grain from a ship
" Insítear gur tharrthaigh sé mairnéalaigh a bhí i mbéal an bháis ar an mbealach ar ais dó ón Talamh Naofa; gur thug sé páistí a bhí básaithe ar ais ar an saol; gur shábháil sé muintir Myra ón ocras nuair a d’éirigh leis arbhar a fháil uaidh long a bhí ar an mbealach go Byzantium ach nuair a shroich sí lucht trádála Byzantium, ní raibh gráinne amháin féin den arbhar in easnamh orthu! Cuireadh i ngéibheann é ar feadh seala i rith ré an Impire Diocletian, mar b'iondúil ag an am do Chríostaíthe.
d’inneall loingseoireachta nua of a new shipping machine
" Nuair a mhaslaíonn Captain Jackson iarrachtaí an Chigire Reid “seomra báis” nua-aimseartha cosúil le seomraí John Hopkins i mBaltimore a mhaisiú dó i Whitechapel, cuireann an cigire ceist ar an máinlia amhrasach: “*Should we not aspire so high you and I?*” Míshásamh Thuas Staighre ========== Dúnmharaítear póilín óg le linn dó dul i ngleic le bithiúnach brúidiúil a rinne iarracht pictiúirí d’inneall loingseoireachta nua a ghoid ón innealtóir.
briseadh was (ship)wrecked
" Mhínigh sé dúinn gur chaith siad seal ar Eilean Íle le chéile i 2000 nuair a nochtadh leacht cuimhneacháin do na hÉireannaigh a cailleadh ansin nuair a briseadh *The Exmouth of Newcastle* 28/4/1848.
d’fhoireann loinge a ship’s crew
" Tógadh leac chuimhneacháin ansin i 2009 i gcuimhne ar 19 d’fhoireann loinge a fuair bás i 1870 nuair a briseadh an Sydney ar 16 Samhain.
an bád bán the emigrant ship
" Tugann Bearnaí Ó Doibhlin cur síos ar ghné de truamhéile na staire, an bád bán a thug girsí is mná óga, amach as Teach na mBocht, anonn chun na hAstráile.