Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
á lámhach being shot
" Is éard atá i gceist agam ná an líon mór fear dubh atá á lámhach agus a marú ag na póilíní, fir, go minic, nach mbíonn fiú armtha.
lámhachadh é he was shot
" Tar éis an chonartha i 1921 bhí Patrick King ina oifigeach san arm náisiúnta, ach d'fhan George King san IRA agus lámhachadh é ar an 6 Feabhra 1923 agus é seacht mbliana is fiche d'aois.
á scaoileadh being shot
" Léirigh sé féin sampla den rud seo nuair a dúirt sé in agallamh go raibh an dóigh a bhfaca sé trí dhuine dhéag á scaoileadh le linn Dhomhnach na Fola ar cheann de na heachtraí is mó a chuaigh i bhfeidhm air ina shaol.
urchair shots
" Cad é mar is féidir a bheith cinnte fá iompar an UUP sa todhchaí? Cad é fá na dílseoirí atá ag baint úsáide as na hairm atá acu - scaoil siad urchair leis an PSNI seachtain ó shin! Tá cinnteacht ag teastáil ó achan dhream, chan amháin ó aontachtaithe.
cúpla urchar a few shots
" Tháinig galtán de chuid na Breataine a bhí feistithe le gunnaí sa tóir orthu agus scaoileadh cúpla urchar leis an gCatalpa.
bhoc mór big-shot
" Tá an Toy-Boy is mó acu uilig anois ina bhoc mór ó thuaidh, an buachaill bréagáin bréige bréagach sin Ian Mór an Páiseadóir, an fear a dúirt riamh anall gur aige féin amháin agus ag a Shlánaitheoir, dar ndóigh, a bhí iomlán na fírinne agus an chirt (seachas nuair a bhíonn a Shlánaitheoir bog ar na Pápaigh, dar ndóigh.
scaoileadh daoine people were shot
" Bhain na Naitsithe díoltas brúidiúil amach - scaoileadh daoine, gabhadh daoine eile agus dódh sráidbhailte.
urchair shots
" Gan mhoill ina dhiaidh sin bhí urchair - ó phiostail na bpóilíní, agus an tslua - le cloisteáil.
scaoileadh urchair shots were fired
" Tháinig an IRA chun cinn arís i 2002 le linn na gcoimhlintí idir pobal an cheantair agus a gcomharsanaigh i Cluan Place - arís, scaoileadh urchair, gortaíodh daoine ach níor maraíodh aon duine.
scaoil iar-chomhghleacaithe de chuid Haddock sé huaire é former colleagues of Haddock's shot him six times
" Ag deireadh mhí na Bealtaine, scaoil iar-chomhghleacaithe de chuid Haddock sé huaire é i dtuaisceart Bhéal Feirste le linn dó bheith amuigh ar bannaí agus é ag fanacht le breithiúnas na cúirte.
buille maith a good shot
" Andrews nó Augusta agus gach liú agus béic uathu gach uair a bhuail imreoir Eorpach buille maith.
áit ar lámhachadh bundúchasaigh. where the natives were shot.
" “Ní raibh Alasca riamh mar a bhí an *Wild West*, áit ar lámhachadh bundúchasaigh.
Níor scaoileadh Indiaigh ar bith in Alasca. No Indians were shot in Alaska.
" Níor scaoileadh Indiaigh ar bith in Alasca.
a lámhachadh le piostal, who was shot with a pistol,
" I measc na n-iarsmaí tá creatlach duine de na coilínithe a lámhachadh le piostal, agus giuirléidí beaga a thóg na coilínithe leo ó Shasana.
nuair a scaoileadh liom. when I was shot at.
" Ní raibh mé féin ach cúpla bliain sna Stáit Aontaithe nuair a scaoileadh liom.
scaoil sé urchar leis féin. he shot himself.
" Agus é 53 bliain d’aois, bhuail pian sa cheann é; bhí brionglóid uafásach aige, agus ansin scaoil sé urchar leis féin.
gura slán an scéalaí! don't shot the messenger!
" “Tá sé contúirteach teachtaireachtaí a chur i scannáin – gura slán an scéalaí! Baineann an scannán le fir sna seachtóidí, ach baineann sé le fir an lae inniu chomh maith.
inár lámhachadh é in which he was shot
" Bhí Sean Bell é féin ar meisce cheana féin, agus bhí sé ag tiomáint an chairr inár lámhachadh é féin agus a bheirt chairde.
scaoileadh leis shot
" Ar chuireadar iad féin in aithne mar phóilíní sular thosaíodar ag scaoileadh leis na híospartaigh? Is cosúil nár chuir.
i raon na gcluas. in ear shot
" “*People just keep ringing looking for tickets,*” a deir duine d’fhoireann an Triskel Arts Centre le King agus mé i raon na gcluas.
nuair a scaoileadh é de thaisme when he was shot by accident
" Sna cúigí ciúineAisteach le rá níor cailleadh fiú duine amháin de na saighdiúirí Astrálacha i gcoimhlint armtha le linn na cúig bliana forghabhála – cailleadh saighdiúir amháin nuair a scaoileadh é de thaisme ina seomra leapa lena phiostal féin.
boic mhóra big shots
" Labhair mé le hiriseoir airgeadais sa Bhrúiséil a dúirt go mbreathnaíonn boic mhóra Londáin ar McCreevy mar dhuine acu féin.
lámhachadh was shot
" Martin Luther King ina cheannaire agus ina urlabhraí ar son chearta an chine ghoirm, ach lámhachadh agus maraíodh é i mí Aibreán 1968 i Memphis, Tennessee agus cuireadh siar fuascailt na nGormach le blianta.
Scaoileadh was shot
" Scaoileadh an Constábla Stephen Carroll fríd an chloigeann agus é ina shuí ar shuíochán chúil i gcarr de chuid an PSNI.
ar iompadh na boise like a shot, immediately
" Go dtí go gcreidfear in achan teach in Éirinn gur éigníodh agus gur maraíodh gasúir in institiúidí na tíre a bhí faoi stiúir an stáit agus na n-ord Caitliceach in éineacht, níltear ag íoc mar is cóir leis an tslua bhocht daoine a sheol na breithimh isteach sna hinstitiúidí ar iompadh na boise.
seat shot
" Tá céad seat an scannáin (na céadta imirceach ag siúl ón fharraige iseach ar an móinéar) ar an tosach is cumhachtaí a chonac ar aon scannán le fiche bliain anuas.
á scaoileadh being shot
" Ní insíonn an ceamara bréag, mar a deir an seanfhocal, ach tá conspóid ar bun anois faoi iontaofacht pictiúr clúiteach amháin a ghlac Capa a thaispeáineann mílísteoir Spáinneach ag rith síos le fána á scaoileadh le hurchar agus é ag titim sa ghleo.
ngar-seat close shot
" ‘Antichrist’, le Lars Von Trier Ná himigh i ngiorracht scread asail do ‘Antichrist’ le Lars Von Trier, fan iomlán glan ar an scannán a scoilt Féile Scannán Cannes ina dhá leath i mbliana, má cheapann tú nach bhfuil seans dá laghad, ‘dá laghad’ a deirim, go bhféadfaí go mbeadh fiúntas agus dleathacht ealaíne de shaghas éigin i scannán ina bhfuil neart míreanna mar seo a leanas tríd síos:- bean a ghearrann a brillín di féin le deimheas mór garraíodóireachta, nó siosúr maintín, ní fhéadfainn a bheith cinnte cioca gléas gearrtha a d’úsáid sí - i ngar-seat ollmhór caol díreach os comhair an cheamara, í dulta glan iomlán as a meabhair le ciontacht a mhíneod ar ball; an bhean chéanna i lár seisiúin suirí lena fear roimhe sin nuair a d’fhág sí gan aithne gan urlabhra é tar éis a mhagairle a bhataráil le ceap adhmaid, mar gur theastaigh uaithi eisean a ghortú as a ról féin sa chiontacht thuasluaite.
t-urchar shot
" Cé go bhfuil iarsmalann bheag a dhéanann cur síos air, tugtar "Músaem an Séú Urlár" air, agus sin an méid (is cosúil gur ón séú urlár sa Texas School Book Depository a scaoil Lee Harvey Oswald an t-urchar).
lámhachadh was shot
" Go bhfuil traidisiún fada buachaillí bó ann, agus, ar ndóigh, gur ann a lámhachadh an bheirt Meiriceánach ba thábhachtaí ariamh i stair na hÉireann: John F.
scaoil shot
" Agus nuair a scaoil an Chóiré Thuaidh cúpla diúracán i mí Iúil, 2006, d’inis Bush d’iriseoirí, “*the fact that a nontransparent society would be willing to tee up a rocket and fire it without identifying where it’s going or what was on it means we need a ballistic missile system*.
cuir urchar shot
" scaoil anois mé – cuir urchar idir mo dhá shúil, tarraing an truicear – déan gasta é agus cuir deireadh leis an bore-fest a bhfuil mé á chéasadh leis anseo.
scaoil fired, shot
" An Bhréag in Áit na Fírinne Deir an saighdiúir a mharaigh é, Jonathan Holden, gur de thaisme a scaoil sé an t-urchar a scinn den talamh sular mharaigh sé Mc Anespie.
urchair shots
dhá sheat two shots
" Tá seanchloiste againn gur ‘bréag’ atá á hinsint agat dá luaithe a chuirfidh tú dhá sheat le chéile.
fhocal scoir parting shot
" Agus mar fhocal scoir, dá n-imreodh gach imreoir de réir na rialacha agus uaisleacht agus ceart is cóir ina chroí, dá mbeadh meas ag gach imreoir ar na rialacha agus ar imreoirí eile, ní bheadh gá ar bith le réiteoirí agus bheadh na Scigirí ag Corn an Domhain an bhliain seo chugainn!
Scaoileadh was shot
" Scaoileadh sa chloigeann agus sa bhrollach é.
hurchair shots
" Cloistear na hurchair á scaoileadh scaití i lár an bhaile má bhíonn an ghaoth ag séideadh as an aird cheart.
urchar a shot
" Sádh sa chos é agus scaoileadh urchar san aer chun ‘eagla a chur a chur air’, dar leis na póilíní.
scaoil shot
" Bhain an scéal le marú cúigear, a bhí páirteach i máirseáil le linn stailce sa bhliain 1931, nuair a scaoil saighdiúirí ó Arm na Sualainne leis na stailceoirí.
fhocal scoir a parting shot
" Scríobh sé mar fhocal scoir, *“At a time when commercial messages to children on TV are under real pressure from regulators, it makes much more sense to explore channels that are not facing the same pressure.
seatanna of shots
" An Cur Chuige ======= Muna bhfuil scannánóir sásta am a chiorrú trí mhontage seatanna gearra a cur le chéile, caithfidh sé gluaiseacht leanúnach a chruthú sna seatanna fada a úsáideann sé.
lámhachadh was shot
" Is mac é Seosamh le Michael Mallin, duine de cheannairí 1916 a lámhachadh i gCill Mhaighneann i ndiaidh Sheachtain na Cásca.
Scaoil shot
" Scaoil sealgairí na mílte acu, mar go raibh an-tóir ar a gcraiceann, as ar rinneadh málaí láimhe, bróga agus earraí faisin eile nach iad.
mearphictiúr a quick shot
" Cruthaigh fionnán praiseach mná ar imeall an trí scór, tabhair miongháire seasta bréige di, cuir tuin chainte isealaicme Astrálach ina béal, agus, mar nod do chur síos Mitterand ar Thatcher, tabhair ‘beola Monroe agus súile Caligula’ di, agus ansin tá mearphictiúr breactha agat, sceitse beag tapaidh den tseanmháthair bhlúsach Janine ‘Smurf’ Cody, matrarc thréad fuilteach mac a dhúnmharaíonn gan taise ná cúis chuile dhuine a thagann idir iad agus a gcraos don maoin éasca, is dá sábháltacht féin, is chun ‘onóir’ tóin-in-airde an teaghlaigh a shásamh.
mar fhocal scoir as a parting shot
" Agus mar fhocal scoir, tá Balor an Baothán i ndiaidh fios a chur ar phaidrín speisialta, ceann beannaithe ag an Phápa, le bronnadh ar Éamó Ó Caoimhnis.
tharraing sé he shot
" Ba é an grianghrafadóir oifigiúil é, Frank Hurley, ar bord an *Endurance* agus tharraing sé grianghraif den bhád sáinnithe sa leac oighir ar an fharraige ar feadh naoi mí i 1915.
Mar fhocal scoir as a parting shot
" - Mar fhocal scoir, amharcaigí siar ar dhea-rúin na bliana seo a chuaigh thart.
focal scoir parting shot
" Fágaimis an focal scoir ag Victor Frankenstein a dúirt go raibh sé ag iarraidh ‘rún na bhflaitheas agus ifrinn a fhoghlaim’.
Mar fhocal scoir as a parting shot
" Mar fhocal scoir ar an ábhar, rinne sé bagairt mar seo a leanas: ní mór aghaidh a thabhairt ar aon chliseadh ar dhílseacht do rialacha na heagraíochta agus níl ach réiteach amháin ar an gceist agus is é sin tacaíocht airgeadais a choinneáil siar ó chontaetha a sháraíonn rialacha an amaitéarachais.
scaoileadh marbh í she was shot dead
" Bhí Mary 22 bliana d’aois nuair a scaoileadh marbh í i mí Aibreáin 1984 agus í ag teacht amach as an Aifreann lena hathair, an breitheamh Tom Travers, agus lena máthair.
bpoic hurling shots
" Tá an tsamhlaíocht in ann seanlaochra a bheochan dúinn, mórgacht a chur lena ngaiscí, orlaí lena n-airde, fad lena bpoic, iontas lena ngíomhartha, uaisleacht lena bpearsa agus glaine lena gcroí.
Scaoileadh urchair shots were fired
" Scaoileadh urchair ón taobh náisiúnaíoch agus na céadta dílseoir ag déanamh ionsaí ar an iamhchríoch bheag poblachtánach agus creidtear gur gunnadóir easaontach a bhí freagrach.
scaoil shot
" Dhá lá ina dhiaidh sin, rinneadh iarracht cimí na caismirte a shaorú as carr carcrach agus scaoil na saighdiúirí leis an slua.
lámhachadh was shot
" Nuair a rinne garda slándála an tsiopa, Mark Mac Phail, iarracht an léasadh a stad, ardaíodh an gunna, agus lámhachadh Mac Phail faoi dhó, uair amháin san aghaidh, agus uair eile tríd an gcroí.
scaoilte shot
" Tá na painéil maisithe le sreang dheilgneach agus míreanna gearrtha as páipéir nuachta chomh maith le portráidí de na daoine a maraíodh Domhnach na Fola, graffito de shaighdiúr Sasanach, radharcanna sráide as ceantar dílseach i mBéal Feirste agus pictiúr d’amhrastach IRA scaoilte.
ba mhinic a intinn ag scinneadh his mind often shot
" Foirfeoir a bhí i da Vinci ach ba mhinic a intinn ag scinneadh ó ábhar go hábhar gan go leor acu a thabhairt chun críche agus ar an dóigh sin, ní raibh a ráta táirgiúlachta i gcaitheamh a shaoil riamh ard.
mar bhuille scoir as a parting shot
" Agus, mar bhuille scoir, an apacailipsis chinniúnach ina n-alptar an domhan agus gach a mhaireann air in aon imbhualadh eadarphlainéad amháin.
An Buille Scoir the parting shot
" An Buille Scoir ====== Sa tríú cuid, déanann seaniníon Stephen iarracht rúndiamhra an chogaidh a thuiscint caoga bliain níos déanaí.
seat fada na gceannteideal the title lead-in long shot
" Reilly – Michael Longstreet Kate Winslet – Nancy Cowan Christoph Waltz – Alan Cowan Fuil i bpáirc shúgartha i Manhatten le linn seat fada na gceannteideal – buachaill óg deich mbliana d’aois a thugann sceilp de bhata do bhuachaill óg eile a bhaineann dhá déad as a charbad.
taoscáin fuisce shots of whisky
" Cuireann bodacht, mímhúinteacht agus maistíneacht Waltz alltacht ar a bhean Winslet, agus chuir riamh, ach nár fhéad sí é sin a chur in iúl go dtí gur thug an chogaíocht bhinbeach go léir agus na taoscáin fuisce misneach di; tiomáineann géilliúlacht agus filistíneacht Reilly a bhean mhóiréiseach Foster thar imeall na foighne freisin ; pléascann Reilly chomh maith céanna – scread príomhordúil an fhir chéile, an *‘regular guy’* ar beagán oideachais ag cur suas thar na blianta fada le mustar, soncanna beaga agus tón ardmhórálta na soithe ardnósaí a phós sé fada siar, céastóir néaróiseach a bhíonn de shíor ag sodar i ndiaidh na barántúlachta agus na bréag-ghalántachta araon.
sciurd éan amach tharam a bird shot out by me
" Bhíog mé nuair a sciurd éan amach tharam ag screadaíl.
Scaoileadh dhá urchar two shots were fired
" Scaoileadh dhá urchar, laistigh den veain céanna, gníomh a thug bás na beirte – bhí lámh curtha ina mbás féin acu.
lámhachtha shot
" Is cuimhin liom maidin amháin ag dul síos go dtí an scoil ar Bhóthar na bhFál agus bhí carr agus é clúdaithe ach bhí triúr ban tar éis a bheith lámhachtha istigh ann.
nár scaoil sé urchar he never shot
" Agus tuairisc an chromáin ríoga curtha ag Scott, thug sé le fios go ndeachaigh sé féin ar mhuin eilifinte cúpla geábh, ach nár scaoil sé urchar fúithi riamh.
Scaoileadh leis was shot at
" Scaoileadh leis an bhuachaill aon bhliain déag d’aois agus é ag siúl abhaile ó thraenáil sacair ag 7.
scaoileadh roinnt urchar i sráid de leataobh some shots were fired in a street to one side
" Bhí mé mall ag dul isteach sa phub, mar scaoileadh roinnt urchar i sráid de leataobh ar mo bhealach ansin agus chuir an tródam slándála a rinne na póilíní moill orm.
scaoil shot
" Ba é a dúirt an méid sin sular scaoil na hOráistigh é.
tharraing mé grianghraf de I took a shot of him
" Caithfidh mé a admháil go raibh imní orm nuair a rinne Leo Varadkar amhlaidh - bhí mé ag smaoineamh ar cheannlíne na nuachtán an lá dár cionn! (Níor tugadh aire don Aire!) Ach ní dheacaigh sé thar fóir agus tharraing mé grianghraf de.
Síos liom de rite reaite I was down like a shot
Mar fhocal scoir my parting shot
" Éirí chun Imeachta ======= Mar fhocal scoir (beagnach!) molaim an blag íontach seo <http://pillownaut.
dá mba mise a chuir na hurchair ann as though I shot him
" Beidh siad ag amharc go hamhrasach orm, dá mba mise a chuir na hurchair ann agus é ag tiomáint chun a chuid oibre.
ndéantar iad a lámhach le luaidhe they’re shot with lead bullets
" 6 milliún duine sáite isteach ansin faoi smachtbhannaí na mblianta, gan chead dul thar thrí míle i bhfarraige agus go ndéantar iad a lámhach le luaidhe, nó tine ghealáin - fosfar bán - a chartadh ón aer orthu, ó am go chéile, le cead an domhain chláir.
Mar bhuile scoir as a parting shot
" ‘Il Divo’ le Paola Sorrentino (An Iodáil 2008) Artificial Eye ART436DVD ==================== Mar bhuile scoir tiomnaím ‘Il Divo’, scéal Guilio Andreotti, Príomh-Aire na hIodáile (seacht n-uaire!) do chleas polaitiúil na hÉireann.
Loisc sé leis he shot at
" Loisc sé leis an múinteoir, Lauren Rousseau, urchar san aghaidh, agus thosaigh sé ag tabhairt faoi pháistí an ranga.
ar ais chun na Muirthéachta Glaise ar iompú na boise back to the Green Revolution like a shot
" Dá ngríosófaí sluaite frith-Warfalla an oirthir, nó Aos Imazigh an iarthair ina gcoinne roimhe seo, bheadh sé róluath agus thiocfadh leis an Warfalla astu féin an tír a thabhairt ar ais chun na Muirthéachta Glaise ar iompú na boise.
ach amháin gur scaoileadh urchar marfach but just that the fatal shot was fired
" Ba léir gur throid an bheirt, ach ní raibh an cúisitheoir in ann a chruthú cé a thosaigh an troid nó cé mar a chríochnaigh sé, ach amháin gur scaoileadh urchar marfach.
diúracán aimsire a theilg muintir na hIorua in airde a weather rocket which the Norwegians shot up
" Ba é an rud a bhí ann ná diúracán aimsire a theilg muintir na hIorua in airde chun staidéar a dhéanamh ar na Gealáin Thuaidh.
scaoil shot
" (scaoileadh isteach sa bheár agus scaoil duine de na póilíní fear a thug iarraidh éalú ach ar an dea-uair, níor phléasc an buama.
gur scaoileadh a fear chéile that her husband was shot
" An rud is iontaí, duine amháin acu, i ndiaidh an ionsaí a raibh sé féin freagrach as, bhí sé ar ais sa bheairic leis an scairt gutháin éigeandála a fhail! Eisean a ghlac ráitis ó na híobartaigh! Ag seoladh an leabhair, bhris Ann Cadwallader síos agus í ag caint ar bhean a bhí chomh briste sin nuair a fuair sí amach gur scaoileadh a fear chéile gurbh éigean í a cheangal síos ar thocht san otharlann.
scaoil shot
" Mharaigh an tIRA beirt pháiste i Warrington, Cheshire i dtús na bliana, agus i mí na Samhna scaoil an UFF ochtar i nGlas-stiall, Contae Dhoire.
Níor scaoileadh wasn’t shot
" Níor scaoileadh Daidí na Nollag nuair a thug sé cuairt orainn abhus ar na mallaibh.
scaoil shot
" Chuir céad Ghobharnóir na coilíneachta, Arthur Phillips, díorma agartha le chéile agus scaoil na saighdiúirí aon duine den mhuintir dhúchais a dtáinig siad air sa cheantar, beag beann ar inscne nó ar aois.
scaoil shot
" Mná na Síochána ======= Ar an 10 Lúnasa 1976, lá deas grianmhar, bhí Anne Maguire agus a triúr páistí ag siúl ar Bhóthar Fhionnachaidh nuair a scaoil Arm na Breataine Danny Lennon, ball den IRA, agus é ag tiomáint cairr ar a raibh na saighdiúiri sa tóir.
t-urchar shot
" Níorbh as an nGrassy Knoll a caitheadh an t-urchar cinniúnach i leith an Chinnéidigh a deir Brian Ó Broin.
scaoil fired, shot
" Dar le Robert McMillen, níor scaoileadh amach fírinne scéal dúnmharú Aidan Mc Anespie go sea.
scaoileadh le shot
" Sular scaoileadh le slua NICRA i nDoire, bhí corraí ar dhaoine go leor mar gheall ar an Imtheorannú gan Triail a cuireadh i bhfeidhm sna Sé Chontae mí Lúnasa 1971, mar is maith is cuimhin le Tony Birtill.