Pota Focal Intergaelic
ashy | say | she | sky | sly
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
an-séimh cotúil very gentle, shy
" Is cailín an-séimh cotúil í, agus níor mhaith léi go nglacfaí grianghraf di.
amharc amach as faoin dá shúil look out from under her eyes (shy)
" Bhí Eilís faiteach agus ní dhearna sí ach amharc amach as faoin dá shúil ar an bheirt a tháinig isteach.
cúthail shy
" De réir na dtuairisicí ar fad atá cloiste nó léite agam faoi Willie Clancy ba dhuine cúthail, séimh, umhal é.
ní raibh sé chun deiridh á chur sin in iúl he wasn't backward/shy about letting that be known
" Ní raibh dúil ar bith aige sa bhean a bhí Mark le pósadh agus ní raibh sé chun deiridh á chur sin in iúl ach an oiread.
cotúil bashful, shy
" Múnlaíonn an tsochaí thart timpeall orainn ár bhfuinneamh cruthaitheach, éiríonn muid cotúil agus cosantach maidir le muid féin a chur in iúl go pearsanta agus go macánta.
cúthalach shy
" Fé mar is eol duit, níl Meiriceánaigh cúthalach; tá siad breá sásta iad féin a chur os comhair an phobail agus a mhíniú chomh hiontach is atá an taithí atá acu.
cúthail shy
" Fear cúthail agus modhúil é Gearóid, a tógadh i gclann a cheol sular labhair siad.
faiteach shy, fearful
" Cad é an tionchar atá ag mothúcháin ar dhaltaí sna meánscoltacha? Cad é an tionchar atá ag na mothúcháin nuair a aistríonn siad ón mheánscoil go dtí an ollscoil agus cad chuige a bhfuil siad chomh faiteach sin agus go bhfuil an oiread sin beaguchtaigh orthu agus iad ag iarraidh a bheith ina gcainteoirí maithe.
cúthaile shy
" Thug mé faoi deara go raibh na mic léinn cúthaile ag caint níos minice nuair a bhí an cluiche seo ar siúl.
Glas-stócach cúthail a shy, callow youth
" Glas-stócach cúthail in aois a sé déag a bhí ann agus bhíodh sé an-uaigneach ar dtús.
cúthaileach shy
" Bhí mé óg agus cúthaileach ag an am.
a chúthailí is atá siad how shy they are
" Gardaí Éireannacha! D'aithneofá ar an toirt iad, a laghad sin datha ar a gcraiceann, agus a chúthailí is atá siad.
cúthail shy
" Bíonn an chuid is mó de na mic léinn cúthail, bíonn leisc orthu labhairt, bíonn eagla orthu go ndéanfaidh siad botúin.
níor chailín cúthail í. she wasn't a shy girl.
" Cailín ciúin a bhí ann, dar léi féin,ach níor chailín cúthail í.
cúthail faoi mo thallann féin shy about my own talent
" Bhí mé cúthail faoi mo thallann féin agus scríbhneoirí mar Patricia Grace, Keri Hulme (a bhuaigh Duais Booker) agus Apirana Taylor ag saothrú leo.
cúthail go leor quite shy
" Murab ionann agus na hÉireannaigh, bíonn muintir na tíre seo cúthail go leor nuair a bhíonn amhráin le rá.
modhúil agus cotúil, modest and shy,
" Bhí sé i gcónaí modhúil agus cotúil, áfach, agus chaith sé breacán aoire i gcónaí.
ní raibh mé riamh cúthail. I was never shy.
" “Bhí mé an-neamhspleách riamh; chuaigh mé sna gasóga nuair a bhí naoi nó deich mbliana agam agus níl samhradh tugtha agam i dteannta mo thuismitheoirí ó shin! Bhí mé an-ghníomhach agus an-chróga nuair a bhí mé óg, ní raibh mé riamh cúthail.
gur chóir do dhaoine a bheith cúthaileach that people should be shy
" Ní dóigh liom gur chóir do dhaoine a bheith cúthaileach maidir le hamhráin a fhoghlaim - scéal ár muintire atá iontu agus is linne ar fad iad.
cúthail shy
" Is cinnte go bhfuil tallann shuntasach ag baint leis an fhear ciúin cúthail seo Shaun Greenhalgh, agus b'fhéidir i ndeireadh na dála nár cuireadh tús leis an tionscal ar mhaithe leis an airgead.
cúthail shy
" Ní fear cúthail é an tOllamh John Belchem, ar Leas-Seansailéir é in Ollscoil Learphoill.
cúthaileach agus umhal shy and humble
" Fear an-speisialta is ea é, ach tá sé cúthaileach agus umhal mar dhuine.
cúthalach shy
" Ceangail bhúr gcriosanna tárrthála, a cháirde, faoi choinne thuras samhlaíochtúil go béal Ifrinn, agus ar ais! Más gnáthlead iontach íogair, cúthalach é Oskar, is beag atá gnách faoi Eli, an cailín óg andraigíneach béal dorais.
cúthaileach shy
" ‘Stócach lag cúthaileach ba ea é,’ a deir Maupassant.
cúthalach shy
" Na scríbhneoirí, bhí siad cineál cúthalach, mar a bhíonn daoine ealaíonta, ar bhealach an-deas.
fíorchúthail very shy
" Níl mórán Béarla ag Gurrumul, duine fíorchúthail nach labhraíonn leis an lucht féachana, ach bíonn an-éileamh ar na ticéid nuair a bhíonn sé ag canadh ag ceolchoirmeacha.
cúthalacha shy
" Bhí gach duine lán de cheisteanna agus bhí na páistí cúthalacha ag breathnú orm le súile móra iontais.
cúthaileach shy
" **CF: An bhfuil tú cúthaileach i do phearsa féin, mar ghlactar le sin go mbíonn an-chuid aisteoirí cuthaileach iad féin.
cúthail, modhúil shy and decent
" Bhí sí ag tarraingt scairf bhán siar agus aniar thar a héadan le taispeáint don chomhluadar gur chailín cúthail, modhúil a bhí inti.