Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
a mhacasamhail something similar
" Tharla a mhacasamhail anuraidh agus moladh do na mílte duine a gcuid uisce a bhruith.
go bhféadfadh a mhacasamhail tarlú that something similar could happen
" " Creideann sé go bhféadfadh a mhacasamhail tarlú i go leor tíortha eile sa réigiún.
taithí den chineál céanna a similar experience
" Gach seans go mbeadh taithí den chineál céanna agat dá mba rud é gur thiomáin tú trí shráideacha áitiúla Brooklyn nó Queens nó na Bronx.
a mhacasamhail something similar
" Go díreach mar atá Oireachtas na Gaeilge ag Gaeil na hÉireann mar phríomhócáid chultúrtha na bliana, tá a mhacasamhail ag na Breatnaigh fosta, is é sin an tEisteddfod.
a mhacasamhail seo something similar to this
" Beidh a mhacasamhail seo agus tuilleadh curtha i bhfeidhm sna boird eile ach, go fóill féin, ní dócha go mbeidh bord ar bith ábalta fanacht taobh istigh dá bhuiséad sa bhliain atá amach romhainn.
a mhacasamhail de bhualadh a similar beating
" Maíonn cara Bhrian, Anthony, ní hamháin gur thug baill áirithe ón Gharda Síochána bualadh dó féin sa stáisiún ach gur tugadh a mhacasamhail de bhualadh freisin do Bhrian Rositter.
a mhacasamhail de bhualadh a similar beating
" Maíonn cara Bhrian, Anthony, ní hamháin gur thug baill áirithe ón Gharda Síochána bualadh dó féin sa stáisiún ach gur tugadh a mhacasamhail de bhualadh freisin do Bhrian Rositter.
ná a macasamhail a tháirgfear in Éirinn than similar ones produced in Ireland
" Mar sin, beidh béim níos mó ar an “logántacht” – mar gheall ar chostais iompair ní bheidh earraí a dhéanfar i monarchana ar an taobh eile den domhan, agus a sheolfar anseo, níos saoire ná a macasamhail a tháirgfear in Éirinn.
a mhacasamhail de phort a similar tune
" In óráid a thug sé i Washington le gairid, bhí a mhacasamhail de phort á sheinm ag Peter Robinson.
a mhacasamhail something similar
" Má rinne dream amháin éagóir, rinne an dream eile a mhacasamhail.
a mhacasamhail de phost a similar job
" “Sílim gur seo ceann de na rudaí is mó a thugann ardú misnigh domsa, go bhfuil anois glúin óg tagtha ar an bhfód a fheiceann go bhfuil gairm bheatha thaitneamhach, nuálach, ardteicneolaíochta le baint amach sa nGaeilge agus gur féidir leat, nuair a thograíonn tú, imeacht ón nGaeilge agus siúl isteach in aon stáisiún teilifíse eile in aon áit ar domhan agus a mhacasamhail de phost a fháil.
slí bheatha den chineál céanna a similar career
" Tá a dheartháir Eli ag imirt mar *Quarterback* do na New York Giants, agus bhí deartháir eile, Cooper, ag pleanáil slí bheatha den chineál céanna go dtí gur leagadh é le tinneas.
ar an dul céanna le saothar eile dá chuid, similar to another work of his,
" ” Agus mé ar tí fágáil, thaispeáin Tadhg an tionscadal atá idir lámha anois aige dom, leabhar nua do dhaoine fásta, ar an dul céanna le saothar eile dá chuid, *Gugalaí Gug*, a foilsíodh do pháistí.
ar dhéanamh an tseanchinn thriantánaigh similar to the old triangular one
" Tá iarracht déanta ag na húdaráis fál a thógáil ar dhéanamh an tseanchinn thriantánaigh agus tá séipéal ar an láthair a bhfuil a thúr ó 1637, ach thug mé suntas don bhratach a bhí ar foluain os cionn na pailise - an Union Jack féin, gan tásc na tuairisc ar bhratach Mheiriceá.
a mhacasamhail something similar
" Tá an t-am ag duine éigin a mhacasamhail – *I mBostún Cois Cuain* – a scríobh, leabhar a chuirfeadh síos ar an teanga thall agus ar na daoine – ó Rooster Cogburn go Mad Dog Coll – a labhair Gaeilge.
Saothar den chineál céanna a similar work
" Saothar den chineál céanna is ea *Cúpla Focal *agus é gach pioc chomh snoite leis an leabhar eile.
róchosúil le too similar to
" Ina measc, tá "Máirseáil Phaddy Clarke", válsa nó dhó nach bhfuil teideal orthu go fóill, amhrán beag grá nach bhfuil tite ar thalamh slán go fóill, amhrán eile faoi dhílseacht - a bhfuil an iomarca focal ann, sílim - agus amhrán eile atá róchosúil le "Everybody Hurts" le REM.
inchurtha similar
" Bíodh is nach bhfuil a gcáil inchurtha le cáil na ngrúpaí móra mar U2, mar shampla, tá lucht leanúna an-díograiseach acu.
is cosúla í le it is most similar to
" ************** Thug na hÉireannaigh an Ghaeilge go Manainn tuairim is 500 AD agus is cosúla í le canúintí Gaeilge oirthear Uladh (nach maireann) ná aon chanúint eile de na teangacha Gaelacha.
mar a gcéanna similar to
" Tá an scéal mórán mar a gcéanna in achan tír agus daoine in isle brí faoi todhchaí a dteaghlach agus a ngaolta.
mhacasamhail of similar type
" ‘Pathe News’ ó Shasana an mhacasamhail a bhí ann i mBéarla, ach thug ‘Amharc Éireann’ súil eile, súil Ghaelach, do mhuintir na hÉireann i bhfad sular bunaíodh TG4.
Is ionann sin that's similar
" Is ionann sin agus €100,000 sa mheán gach mí le hocht mí déag anuas! Suim airgid é seo atá sa bhreis ar an mhéid a fhaigheann na hAirí mar chúiteamh ar a gcuid costas mar Theachtaí Dála, atá flaithiúil go maith iontu féin, agus a fhoilsítear go tráthrialta i nuachtáin éagsúla mar thoradh ar iarratais tríd an Acht um Shaoráil Faisnéise (ASF).
Murab ionann if not similar to
" An tAiséirí Murab ionann agus dornálaithe, cuir i gcás, deirtear go bhfuil sé ionann is dodhéanta ag lucht rothair teacht ar ais mar iomaitheoirí tar éis dóibh éirí as an spórt ar feadh scaithimh ar an ábhar gur spórt thar a bheith dian é a éilíonn leibhéal an-ard aclaíochta, nirt agus crógachta.
fearacht similar to
" Measann an t-Ollamh Georges go bhfuil 25 mamach andúchasach ar a laghad bunaithe anois san Astráil, agus fearacht Oileán Mhic Guaire, tá an-dochar déanta acu do na hainmhithe bunaidh, ach go háirithe do na fiachait.
céanna similar
" Feictear an claonadh céanna sa líon mac léinn in ollscoileanna eile ar nós Toulouse-Le Mirail agus Montpellier 3.
dála similar to
" Iarbhall den National Front is ea Nick Griffin, dála Andrew Brons, an Feisire Eorpach eile atá acu anois i Yorks & Humberside.
ar nós similar to
" Rugadh agus tógadh Charlie i Londain Shasana, ach is mar Éireannach a tógadh é ar nós go leor eile de shliocht na nGael a rugadh agus a tógadh thar lear.
cosúil le similar to
" Is cainteoirí Tuirciceacha iad na Uígir, rud a chiallaíonn go labhraíonn siad teanga atá cosúil leis an Tuircis.
fearacht similar to
" Cónaíonn formhór mhuintir dhúchais na hAstráile sna cathracha agus sna bailte, fearacht mhuintir eile na tíre, ach tá cónaí ar mhionlach nach beag acu ina ndúichí traidisiúnta.
ionann similar
" Mar a dúirt an tUascán Ó Sáirsint, comhghleacaí le Molt Ó Gorm Liath sa Chomhaontas Glas: “Is ionann pictiúr agus míle focal, agus is ionann agallamh liomsa agus céad míle focal.
ana-chosúil very similar
" Tá Gaillimh, gan dabht, ana-chosúil le Ciarraí.
is ionann it's similar
" pdf) Anois, de réir an Fhoclóra Bhig, is ionann falcaire agus lúbaire, agus deir Ó Domhnaill faoin duine a bheadh ag cúigleáil, ag cártaí, abraimis, gur ag déanamh caimiléireachta a bheadh sé nó gur calaois a bheadh déanta aige.
cosúil similar
" Tá formáid an CD ROM cosúil leis an dá theideal eile Amhrán is Fiche agus Amhrán is Fiche Eile: bíonn focail an amhráin le feiscint ar an scáileán, le liathróidín ag imeacht roimhe ag léiriú cad iad na focail atá á rá; tá “backing tracks” ann chun go bhféadfadh tú na hamhráin a rá i stíl karaoke; tá aistriúchán Béarla de na focail ar fáil ar an CD; tá áis ann chun na focail a phriontáil amach; agus tá ceachtanna samplacha do mhúinteoirí ag léiriú an tslí a fhéadfaí úsáid a bhaint as na hamhráin sa seomra ranga.
dála similar to
" Ní raibh ach mórábhar amháin i mbéal an phobail san Astráil agus sinn ag druidim le deireadh na bliana: an Scéim Trádála Astaíochtaí (STA).
dálta similar
" ” Ainneoin, dálta Gerry Adams, go bhfuil daoine ag rá nach bhfuil a fhios againn iomlán an scéil fá Iris Robinson, caitheann muid ligean di teacht thart ar an ghalar atá uirthi.
Dála similar to
" Dála lucht déanta fíona, bíonn blianta níos fearr ná a chéile ag lucht cheist na Gaeilge ach bíodh nach bhfuil 2010 ach ina tús fós, tá an chuma ar an scéal gur bliain den scoth a bheidh ann dóibh siúd a choiméadann beo an traidisiún ársa seo.
fearacht similar to
" Bhí an t-anam súite as ardimreoirí cruthaitheacha fearacht Messi agus Tévez agus ba bheag den chíocras – rud a samhlaíodh riamh le sárfhoirne na hAirgintíne san am a caitheadh – a bhí le sonrú sna luathchluichí cáiliúcháin a d’imir siad d’fhonn áit i gCorn an Domhain a bhaint amach.
a leathbhreac a similar amount
" An dream a chuireann amach táirgí, caithfidh siad a thuiscint go bhfuil an ghaelscolaíocht bunaithe in achan chontae agus d'achan dalta tá bordáil ar thriúr aintíní agus a leathbhreac uncal, tuismitheoirí, deartháireacha agus deirfiúracha, cairde agus gaolta eile.
Dála similar to
" Dála Humptaí Dumptaí ====== Ansin ar an 27 Bealtaine, bheartaigh muid tuairisc eile a dhéanamh ar an ábhar.
macasamhla similar
" Tá siad ag caitheamh an t-uafás airgid ar bhunú forais úra a théann in iomaíocht lena macasamhla san iarthar.
mhacasamhail similar, likeness
" Machnaigh ar an bhFéin, an Féin gan a mhacasamhail, airdeall uasal.
bheadh ar aon tuairim would be of similar view
" ”* (Ar ndóigh is iomaí duine a bheadh ar aon tuairim le sin anois i bhfianaise an praiseach a rinne muid dár gcóras baincéireachta le traidfil blianta anuas!) Ach fán am ar thug Blair faoin phróiseas síochána bhí athruithe móra tagtha ar dheisceart na hÉireann, idir gheilleagar agus dul chun cinn i gcúrsaí cultúir is spóirt: *“In the space of a few years it was no longer the backward old South that was looked down upon, but the North.
Ar nós similar to
" Ar nós an dá thaobh a mhaítear ar gach scéal, is cosúil go bhfuil dhá dhearcadh (ar a laghad) ar thíreolas iarthar na Briotáine, áit a tugtar ‘Finistère’, nó ‘deireadh na talún’ uirthi i bhFraincis, ach ‘Penn ar Bed’, a chiallaíonn focal ar fhocal ‘ceann an bheatha’, nó 'deireadh an domhain’ atá ar an áit sa mBriotáinis.
cosúil leis similar to
" Dúrt gur cheapas go raibh sé siúd tar éis teacht go hÉirinn, cosúil leis an CAI mar ionadaí dos na Bainc mhóra, i ndáiríre, agus cheapas go rabhadar ag píonósú an ghnáthlucht oibre, daoine bochta, daoine dífhostaithe, daoine ar pinsean chun fiacha ollmhóra lucht specúiléireachta a íoc.
ana-chosúil very similar
" **SMM: Tá an dá ainm Líos Póil agus Liosbón ana-chosúil lena chéile.
is ionann stádas status is similar
" De réir an tsuirbhé náisiúnta a rinne an tAthair Mac Gréil le gairid, tá seasamh ard ag an nGaeilge agus ag Gaeilgeoirí agus, ar ndóigh, is ionann stádas a bheith ag teanga agus rath a bheith ar theanga.
Dálta similar to
" Dálta daoine bochta ar fud na n-oileán seo, is ar na daoine is laige a thitfidh an t-ualach is mó sna ciorruithe atá le déanamh - seandaoine, páistí, daoine atá tinn mar ní thig leo troid in éadan an chórais.
dálta similar to
" Spréigh sé a dhá sciathán amach agus d’iompaigh sé a dhá bhois in airde, dálta Big Jim Larkin ar Shráid Uí Chonaill.
bhí cúrsaí amhlaidh matters were similar
" ) Bíonn gach Tosú Conspóideach ================ Bhí conspóid bainteach leis an dámhachtain ón chéad lá riamh, mar a léirigh an scéal thuas, agus bhí cúrsaí amhlaidh leis i mbliana, mar a mhíneoidh mé thíos.
Cosúil leis similar to
" Cosúil leis an gcnádán, caithfidh an t-aosach an-chuid ama ar an talamh agus má fheiceann tú an tEarc Luachra ag taisteal nó ag bogadh, mar lapadán, bíonn sé ag lámhacán.
dála similar to
" Is minic lucht na heite deise i gceannas sa stát sin, ach dála na hÉireann, is polaiteoirí ‘den lár’ iad, a bheadh chomh sásta céanna plé le ceardchumainn agus a bheidís ag deighleáil le comhlachais tráchtála.
ar aon intinn of similar mind
" Tá sé ráite ag cara le Lantos go raibh an tUngárach ar aon intinn lena chomhthíreach agus dlúthchara Soros maidir le daonlathas agus cearta daonna a chur chun cinn.
a Leathbhreac a similar bus
" Leathbhus Soir agus a Leathbhreac Siar ===================== Bhain muid triail as an mbus áitiúil lá eile chun cuairt a thabhairt ar bhaile Avarua.
nach ionann mise is I’m not similar
" Nuair a thosaigh mé isteach go gearánach ar an ábhar seo dúirt m’fhear chéile liom nach ionann mise is ‘gnáthdhaoine’.
macasamhail na n-ionad similar centers
" An CRD ==== Agus coimhlint ag dul ar aghaidh céad míle suas an bealach, chinn Ruane agus scaifte eile daoine macasamhail na n-ionad a bhí á maoiniú ag Trócaire thar lear a bhunú, ach é a lonnú in iarthar Bhéal Feirste.
lena macasamhail de bhailte with similar areas
" **SMM: Nár cheart na bailte go léir a bhfuil an Ghaeilg acu, ó Chill Ghallagáin soir go Port a’ Chlóidh agus an Corrán Buí, a chur le chéile in éineacht lena macasamhail de bhailte istigh ar an Muirthid, thart ar an Eachléim?** BNC: Bíonn siad ag caint ar na clusters seo a bhunú.
Cosúil leis similar to
" Cosúil leis an mBrasaíl, tá ar dhuine a dteastaíonn uaidh gunna a cheannach cead a fháil ó na póilíní.
Dála na Brasaíle like, similar to
" Dála na Brasaíle, caithfidh an duine seo a chruthú nár ciontaíodh é as coir riamh.
cleasanna den chineál sin similar skills
" Cead Báis á Síniú ag Máthair ============ Mar chuid den chúrsa, bhí orthu dul suas ar na cnoic in éineacht liom le hairdrianú agus cleasanna den chineál sin a chleachtadh.
cosúil le leithéidí similar to people like
" Léiríonn teideal an taispeántais go bhfuil sé d’aidhm aige scéal na nÉireannach abhus ina iomláine a chur ar fáil, seachas an dearcadh simplí seanda go raibh na hÉireannaigh go léir a tháinig chun na hAstráile cosúil le leithéidí an Cheallaigh agus a mhuintire.
an-chosúil le very similar to
" An raibh pointe ann nuair a ghéill muid d'fhorlámhas an chaipitleachais agus chaith an ceart sóisialta isteach i mbosca bruscair na staire? Cén bhliain inar thug an margadh an buille marfach don stát i gcúrsaí geilleagair? Sa chaint a thug an staraí John Gray, chuir sé síos ar an dóigh ar láimhseáil tíortha éagsúla géarchéimeanna geilleagair ó Bhoilgeog na Mara Theas i 1720 (atá an-chosúil le géarchéim na linne seo) go dtí an an Spealadh Mór a lean Cliseadh Shráid Wall i 1929.
macasamhala replicas, similar samples
" Spéisiúil go maith, is minic gur macasamhala iad desna híomhánna diúltacha céanna a ceanglaíodh leis na Gaeil in imeacht na gcéadta bliain anuas.
cosúil le similar to
" Sa *Pygmalion*, cosúil le gach saothair ón drámadóir seo, feictear na saintréithe le Shaw, na nathanna géara, an greann agus aoir shóisialta.
dála oiread bochtán eile similar to other such poor people
" Ní toisc go raibh air bliain i ndiaidh bliana a dhéanamh arís, ach toisc go mbíonn air a bheith ag obair le linn am scoile le greim a chur ina bhéal, dála oiread bochtán eile sa Bhrasaíl.
ar cóimhéid of similar size
" Anois, freagairt do cheiste, bealach na hIoruaidhe, bealach na Scigirí agus tíortha beaga eile atá ar cóimhéid linn ó thaobh daonra dhe agus atá beo agus atá ag fáil an lámh in uachtar orainn ar mhargaí! Chuir muide ceithre mhíle dhéag tonna bradán feilme ar fáil sa tír seo i mbliana.
mo dhála féin similar to myself
" An té nach bhfuil is nach raibh fiacha air, mo dhála féin, fós féin, baintear tuairim is €200 de gach mí thar mar a bhaintí cúpla bliain ó shin.
dálta bhainisteoir fhoireann spóirt similar to sports team manager
" Ach dálta bhainisteoir fhoireann spóirt atá gar do bhun na sraithe, ní mheasfar Nesbitt mar is ceart go dtí go bhfeicfidh muid é ag tabhairt aghaidh ar na fáthaigh sa DUP agus i Sinn Féin.
is amhlaidh is similar
" I dtuaisceart na Nigéire is amhlaidh atá chomh maith.
an-chosúil very similar
" Mheas mé go raibh an dá thír seo ar thaobh eile na cruinne an-ghar do chéile agus an-chosúil lena chéile um an dtaca sin.
dála na similar to
" Go deimhin is é ráite na náisiúnaithe Gailíseacha nach í an Spáinn in aon chor í, ach gur tír inti féin agus náisiún ar leith í an Ghailís, dála na Catalóine agus Thír na mBascach.
fearacht similar to, like
" Is mac sparáin, nó marsúipiach é tharla go bhfuil sparán ina gcothaítear an gamhain, nó an *‘joey’*, ag an gcóálaí baineann, fearacht na n-ainmhithe marsúipiacha eile.
Cosúil le han-chuid similar to a lot
" Cosúil le han-chuid dá scannán (*Alien, Thelma and Louise*) tá beirt bhan mar phríomcharachtair sa scannán seo.
fearacht similar to
" Ach is daoine iad na sagairt seo, fearacht Íosa Críost féin, nach raibh sásta a mbéal a choinneáil druidte nuair a chonaic siad éagóracha thart orthu, ná go raibh géarghá le rudaí a athrú.
Dála similar to
" ) Dála Mary óg sa drama, caismirt idir dronga ab ea an t-ábhar le bás Rhys Jones, agus labhair a mháthair ag preasagallamh, mar a dhéanann Sal sa drama seo.
a leithéid eile and other similar resources
" !) Agus ar bhrú cnaipe is féidir teacht ar léirmheasanna, grianghrafanna, sainsuíomhanna, blagmhíreanna agus ar eolas beo go deimhin trí *Twitter, Flickr, Instagram, Facebook* agus a leithéid eile.
a mhacasamhail similar
" Tarraingt na gCos ======== Gan a mhacasamhail de reachtaíocht is i gcúirteanna na tíre a shocrófar aighnis den chineál seo.
fearacht similar to
" Tá dúnghaois inimirce na hAstráile ar mhórcheist chonspóideach íogaire abhus le fada an lá, fearacht tíortha go leor eile sa Chéad Domhain.
Ar nós similar to
" Ar nós Uí Ifearnáin, thug Mac Géibheannaigh misneach agus féinmhuinín d’fhoireann a bhí in ísle brí go mór ó thaobh na peile de, agus taobh istigh d’achar gearr bhí Corn Mhic Uidhir ina seilbh acu.
ar aon dearcadh teanga liom of similar language outlook
" Chuaigh sé i bhfeidhm orm go raibh duine eile i mo chompal ar aon dearcadh teanga liom.
Ach oiread le similar to
" Ach oiread le Ros Comáin nó Eamhain Macha áfach, ní bhíonn séimhiú ar an ainm dílis ‘Mantán’ sa tuiseal ginideach i measc cainteoirí dúchais Chonnacht.
ar chúiseanna gaolmhara ach neamhspleách ar a chéile for similar but unrelated but reasons
" Tháinig borradh mór i réimsí an aistriúcháin, na téarmaíochta agus na foclóireachta thart ar an am céanna ar chúiseanna gaolmhara ach neamhspleách ar a chéile – Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003, tionscadal téarmaíochta focal.
Dálta áiteanna eile similar to other places
" Dálta áiteanna eile, thug na bancanna ó thuaidh méid sheafóideach airgid amach ar iasacht le go gceannódh daoine díomhaoine idir 2000 agus 2008 gan sciar mhaith de bheith aisíoctha, tá líon na morgáistí níos ísle inniu ná mar a bhí sé i 1994.
atá cosúil le marcaíocht ar chapall similar to horse riding
" Feictear PSY, nó Jae-sang mar is fíorainm dó, gléasta go kitschúil i suíomhanna éagsúla agus é ag déanamh damhsa atá cosúil le marcaíocht ar chapall.
macasamhail den dealbh a statue similar to the one
" Ní raibh fhios againn gur féidir linn macasamhail den dealbh i mBaile Átha Cliath a fháil do Learpholl.
gurb ionann an triail sin is that trial is similar to
" Ar Maos in Umhlaíocht ========== Mhínigh sé an fhadhb seo do dhochtúir Breatnach amháin agus dúirt go gceapann Éireannaigh a théann fé bhráid na ndochtúirí gurb ionann an triail sin is a “mar a ghabhfá isteach ós comhair maithe móire nó tiarna talún fadó, ar crith agus go humhal.
cosúil leis ar an fhód similar to him alive
" , bhraith sé nach raibh mórán eile cosúil leis ar an fhód.
don dá áit bonn araon both places just similar
" Tá oileán i lár ’chaon bhaile díobh, ard aerach uasal ar leataobh na habhann, agus infheistíocht mhaith ag teastail le cic ar aghaidh a thabhairt don dá áit bonn araon.
Is annamh a chítear a gcomhghile sin seldom does one see a similar brightness
" Dá mbeadh ceathrar dá samhail sin againn dob’ oirearc an tabhartas ó Dhia iad, ach monuar! Is annamh a chítear a gcomhghile sin de réalta i gcuanta na spéire liteartha….
is cosúla le most similar to
" Cén tír san Eoraip is cosúla le Tuaisceart Éireann? B’fhada mé gan freagra na ceiste sin.
ní mar a chéile na rialacha a shainíonn the rules which define (political particularity) are not similar to
" Nó lena chur ar shlí eile, ní mar a chéile na rialacha a shainíonn pairticleárthacht na polaitíochta agus pairticleárthacht na moráltachta.
mar a bheadh gaineamh ann similar to sand
" Tá na holl-léirsithe sa Bhrasaíl faoi láthair mar a bheadh gaineamh ann.
a mhacasamhail d'ábhar físe similar visual material
"a mhacasamhail d'ábhar físe ag TG4 le seacht mbliana déag anuas gan trácht ar na cláracha Gaeilge a rinne RTÉ ó bhunú an stáisiúin i leith.
ar aon cheardaíocht leo they were of similar construction
" Agus cé nach dóichí go raibh báid na nGael ar aon chruth leo, bhí siad ar aon cheardaíocht leo nó is slatracha agus craiceann atá iontu.
gléas ar déanamh an dordveidhil an instrument of similar shape to the bass viol
" Bíonn dord ag na ceoltóirí freisin, gléas ar déanamh an dordveidhil ach gan air ach beagán nótaí.
Dálta similar to
" Dálta RTÉ ó dheas, is eagraíocht í BBC NI atá ann le dearcadh an rialtais a chur chun cinn i measc, mar a déarfadh Bryan Dobson, na n-amadán.
Dálta an lá inniu similar to today
" *’ Dálta an lá inniu, bhí géarchéim airgeadais sa tír ag an am agus bhí an tAire buartha nach raibh costasú ceart déanta ar go leor de na moltaí agus nach bhféadfaí leithéidí stáisiún teilifíse a chur ar bun ‘*in the foreseeable future.
ar an gcaoi chéanna in a similar way to
" Is cuid luachmhar d’oidhreacht bheo na hEorpa í, ar an gcaoi chéanna leis na portaigh.
amhail similar to
" Cén fáth a gcuirfeá rudaí amú nuair nach bhfuil gá agat leo ar an gcéad dul síos agus go bhfuil tú sona ina n-éagmais cíbe ar bith? Ní diúltú iomlán do shaol an lae inniu é - ná diúltú don domhan mar a fheidhmíonn sé faoi láthair chun aghaidh a thabhairt ar an bhfásach iargúlta amhail Ord manach Trapach nó Búdaíoch.
achan teach mar a chéile every single house similar
" Shíl mise go raibh achan teach mar a chéile, bhfuil a fhios agat, nuair nach raibh fhios agat a dhath níos fearr.
an-chosúil leis very similar to
" ” Ina leabhar deireanach roimh a bhás, scríobh Garret FitzGerald rud éigin a bhí an-chosúil leis an méid sin i Ireland in the World.