Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
sinsear senior
" Is cuma ógánach nó sinsear, Roinn A nó Roinn D, níl aon chluiche ná spórt in Éirinn inchurtha leis an iománaíocht.
foireann shinsear senior team
" I 1961 d'imir foireann shinsear Átha Cliath i gcoinne Thiobraid Árann i gCluiche Ceannais Iománaíochta na hÉireann.
na sinsir the seniors
" Agus sin an áit, de réir cosúlachta, ina dtosaíonn an bua ag na sinsir, is é sin ag an mbonnleibhéal.
shinsir ancestors
" Bhí an Béarla mar an tríú teanga sa cheantar inar shocraigh mo shinsir nuair a tháinig siad go Ceanada, am éigin idir 1820 agus 1851.
sinsear ancestors
" Mothaíonn an chuid is mó de mhuintir na hÉireann go bhfuil baint éigin acu leis an nGaeilge toisc go raibh Gaeilge ag a dtuismitheoirí nó ag seantuismitheoirí nó ag a sinsear i bhfad siar.
a shinsir his ancestors
" Rinne an FIA diantaighde ar a shliocht is a shinsir agus tá siad den bharúil láidir nár Ghaeil iad na Fomhóraigh.
cuid dá shinsear some of his ancestors
" "Cuirfidh muid an t-eolas ar fad amach ansin agus fágfaidh muid faoin chuairteoir féin breithiúnas a thabhairt," arsa Tolle, a fuair amach agus an t-ionad á dhearadh aige gur Chaitlicigh darbh ainm Brady cuid dá shinsear, a chuaigh ar imirce ó Ard Mhacha.
Chraobhchomórtas Sinsear Iomána na hÉireann All-Ireland Senior Championship
" Déanann grúdlann Guinness urraíocht ar Chraobhchomórtas Sinsear Iomána na hÉireann agus tá a gcuid fógraí ina thaobh an-chliste agus éifeachtach ar fad.
i ngrád na sinsear in the senior division
" Cluiche amháin eile agus bheadh siad i ngrád na sinsear i nGaillimh.
sinsear senior
" Ceapadh é ina bhainisteoir ar fhoireann sinsear Loch Garman i 1986.
stair ár sinsear the history of our ancestors
" An samhradh seo caite, thug mo dheirfiúr cóip domh de leabhar a raibh stair ár sinsear ann agus fuair mé eolas ann gur tháinig Dennis Byrne, sin-seanathair mo sheanmháthar, go Meiriceá thart fá 1820.
stair ár sinsear the history of our ancestors
" An samhradh seo caite, thug mo dheirfiúr cóip domh de leabhar a raibh stair ár sinsear ann agus fuair mé eolas ann gur tháinig Dennis Byrne, sin-seanathair mo sheanmháthar, go Meiriceá thart fá 1820.
na sinsir i bhfad siar the distant ancestors
" Is as áit éigin eile, mar sin, formhór na Meiriceánach, agus tá áit lárnach ag na sinsir i bhfad siar i *psyche *mhuintir na tíre.
a shinsear of his ancestors
" Ní róshásta a bhí Balor faoin athrú seo ar theanga a shinsear.
ár sinsear of our ancestors
" Mar is anseo atá aire á tabhairt do shaibhreas teanga, cultúrtha agus oidhreachta ár sinsear agus nár mhór an éagóir é neamhaird a thabhairt air sin.
an fhoireann sinsear the senior team
" Bhain an fhoireann sinsear Craobh an Chontae amach i 1996 agus Craobh Chomórtas Peile na Gaeltachta i 1997.
a shinsear his ancestors
" Rugadh Maier féin i mBrooklyn agus is Caitlicigh Éireannacha, Sasanaigh agus Liútaraigh Ghearmánacha iad a shinsear.
mo shinsear my ancestors
" Grá do mo shinsear, is dócha, a déarfá a spreag mé.
féiniúlacht ár sinsear féin the identity of our own ancestors
" Ach ní bheimid in ann glacadh leis an dearcadh seo go dtí go dtuigfimid féiniúlacht ár sinsear féin - daoine a labhair an Ghaeilge agus a chuir a ndearcadh domhanda féin in iúl tríd an teanga.
a sinsear their ancestors
" Tá an traidisiún béil an-tábhachtach agus tá na fabhalsceálta agus na finscéalta a choimeád a sinsear beo mar chuid lárnach fós den chultúr láidir Faróch.
teanga a sinsear the language of their ancestors
" Is fíor gur de bhunadh na hÉireann cuid de na mic léinn, agus bheireann na ranganna seo deis dóibh teanga a sinsear a fhoghlaim, ach, do na daoine nach bhfuil dúchas Éireannach acu, níl ann ach go bhfuil grá acu do theangacha, nó do chultúr agus do cheol na Éireann, agus bheireann seo seans dóibhsean an grá sin a fhorbairt.
ár sinsear our ancestors
" Bhíomar mórálach cheana féin as ár dtimpeallacht anseo, as an chaoi ar thug ár sinsear aire don talamh thar na blianta.
ár sinsir our ancestors
" Tháinig ár sinsir anall anseo as timpeall deich n-áit éagsúla: Cill Dara, Muineachán, Ros Comáin, agus Uíbh Fháilí ina measc.
na sinsir the elders
" Thuig Gascar go neamhstainceach, umhal gurb é ab oiriúnaí don phost, agus ghlac sé go neamhdheifreach, sciobtha, drogallach, mear leis an gcinneadh a dhein na sinsir chríonna.
na sinsir chríonna the wise elders
" Thuig Gascar go neamhstainceach, umhal gurb é ab oiriúnaí don phost, agus ghlac sé go neamhdheifreach, sciobtha, drogallach, mear leis an gcinneadh a dhein na sinsir chríonna.
ná a sinsear than their ancestors
" Tá súil ag an bpobal go bhfuil na heolaithe seo beagán níos eolaí ná a sinsear a chuir tús leis an bhfadhb beagnach 70 bliain ó shin.
sinsear senior
" An fáth go bhfuil an moladh seo á dhéanamh agam ná go dtosaíonn na himreoirí is fearr ag imirt le foireann sinsear agus gan iad ach 19 nó 20.
ár sinsear our ancestors
" Cén chaoi a ndéarfása i nGaeilge chruinn nádúrtha go bhfuil páiste *"obese"*, nó chomh ramhar sin nach leor an focal "ramhar" le cur síos a dhéanamh air? Ceist í sin, ar ndóigh, nach smaoineodh ár sinsear uirthi, óir ba mhinic an easpa bia, agus ní a mhalairt, a bheith ag dó na geirbe acusan.
fé mar a dhein ár sinsear like our ancestors did
" Creidim gur maith an rud é simplíocht a choimeád os mo chomhair fé mar a dhein ár sinsear.
ár sinsear our ancestors
" San áit go raibh ár sinsear barainneach, tá muidine ag díomailt airgid go rábach.
ar an bhfoireann shinsear on the senior team
" Thug sé Craobh na hÉireann leis sa ngrád faoi 21 freisin (faoi dhó) agus faoin tráth seo bhí sé ar an bhfoireann shinsear freisin.
dá shinsear of his ancestors
" Gobshiites gach aon uile dhuine dá shinsear, bíodh a fhios agat; Gobshiites cruthanta! Ná creid na seanscéalta a chuala tú ar scoil fá dtaobh de mhuintir Uí Néill agus Lámh Dhearg Abú agus Cogadh na Naoi mBliana agus an cac sin ar fad.
a sinsir their ancestors
" Tá an-tóir air, go háirithe mar gur mian leis na mílte duine ar tháinig a sinsir as Lios Mòr níos mó eolais a fháil faoina bhfréamhacha.
iontach maslach dá sinsear very insulting to their ancestors
" Bhí sé mar chuid de thraidisiún na mBundúchasach riamh anall gan Uluru a dhreapadh, toisc, dar leo, go mbeadh sé iontach maslach dá sinsear a leithéid a dhéanamh.
a shinsear his ancestors
" Bhí a shinsear sáite sa cheol ina gceantair dhúchais, Contae Lú agus tuaisceart Chontae na Mí.
teanga ár sinsir the language of our ancestors
" D’fhiafraigh sé de, suas lena bhéal, an raibh aon mheas aige ar an Ghaeilge, agus seo mar a d’fhreagair Enda: “Ó a Bhaloir, a chara, is mór is fiú do chách meas a bheith acu ar an Ghaeilge, nó is í teanga ár sinsir í, gan dabht, gan amhras, gan bhréag, gan aon agó.
ar thraidisiúin a sinsear on the traditions of their ancestors
" Bíonn "Little Britain"* *le feiceáil ar TVNZ, agus bíonn na buachaillí scoile (fiú agus iad aois na hardteiste) gléasta i mbríste gearr agus stocaí fada ar nós Shasanaigh na ndaichidí! Ach i ndáiríre, tá an bhratach seo ríthábhachtach do go leor daoine sa Nua-Shéalainn, mar go gcuimhníonn siad ar thraidisiúin a sinsear agus ar shaighdiúirí sna cogaí domhanda (seanaithreacha, aithreacha agus uncailí na glúine atá sa tír faoi láthair).
gur chloígh a sinsear leis an modh éifeachtach taistil seo. that their ancestors stuck to this efficient mode of transport.
" Tá an t­-ádh dearg ar mhuintir Melbourne gur chloígh a sinsear leis an modh éifeachtach taistil seo.
sinsear diaga. ancestors.
" Ach, murab ionann agus séipéil, ní léirithe de naoimh iad baill adhmaid na Maorach, ach léirithe dá sinsear diaga.
ar fhoireann shinsear iomána Átha Cliath. on the senior Dublin hurling team
" Crainn thacaAg druidim le deireadh na seachtóidí, bhí Mick agus a dheartháireacha ina gcrainn thaca ar fhoireann shinsear iomána Átha Cliath.
cluiche na sinsear. the senior game
" Bhí gach rud go breá – an bua ag Gaillimh sna mionúir – go dtí gur cuireadh tús le cluiche na sinsear.
foireann shinsir senior team
" Mura bhfuil Aontachtaithe sásta a admháil nach peaca marfach é lámh Chaitlicigh a chroitheadh, cén seans atá ann go ndéanfaidh siad comhobair fhiúntach le Sinn Féin? Dúirt Martin McGuinness, mar shampla, gur dhiúltaigh Peter Robinson comhráiteas a bheadh scríofa ag an bheirt acu a chur amach ag gabháil comhghairdis le foireann shinsir Thír Eoghain a bhain craobh na hÉireann i mí Mheán Fómhair.
ocht mbonn sinsir eight senior medals
" Bhuaigh sé ocht mbonn sinsir Uile-Éireann, dhá bhonn mionúir Uile-Éireann, naoi mbonn sinsearach i gCraobhchomórtas na Mumhan, ceithre bhonn sa tSraith Náisiúnta, trí bhonn déag i gCraobhchomórtas Chontae Chorcaí le Ruagairí an Ghleanna agus ocht mbonn déag i gCorn an Bhóthair Iarainn leis an Mumhain.
oidhreacht ár sinsir our ancestral heritage
" Bhí mé ag iarraidh tacaíocht a thabhairt don Ghaeilge agus don Ghaeltacht – an tobar sin nach dtugann muid cuairt air leath rialta go leor le muid féin a thumadh in oidhreacht ár sinsir agus le casadh go hómósach arís leo siúd a choinnigh an lóchrann lasta sna laethanta dorcha.
iaroifigeach sinsir a former senior officer
" Chuir iaroifigeach sinsir de chuid an CIA síos ar thacaíocht Iosrael le Hamas mar: “*a direct attempt to divide and dilute support for a strong, secular PLO by using a competing religious alternative*.
sinsear senior
" Maidir le tuairim Bhabs, ní thagaim leis ar fad toisc nach bhfaca mé féin riamh foireann as Cill Chainnigh, foireann scoile ná faoi aois, sinsear na sóisear, nach raibh ar a míle dícheall chun cluiche a bhuachan, bíodh sé ina chluiche sraithe, craoibhe nó eile.
peacaí a shinsir original sins
" É ag díol as peacaí a shinsir sa Roinn i dtaobh an socrú de €128m a rinne a réamhthachta sa Roinn, an Dr Michael Woods, leis na hOird Eaglasta agus slánú stáit á thiomnú orthu.
sinsir senior
" Tréaslaím le Róisín Uí Shúilleabháin, cathaoirleach Cumann Peile na bPiarsach, agus lena buíon oibrithe deonacha a rinne gaisce as cuimse chun comórtas peile na bliana a eagrú chomh maith agus a rinne, agus tréaslaím leis na buaiteoirí, Ard Ratha as Tír Chonaill sa chomórtas sinsir, Oileáin Árann sa chomórtas sóisear, agus le Naomh Anna, Leitir Mór, i gcomórtas na mban.
sinsir of (our) ancestors
" Nuair a leagas mo chos ar Oileán Í, bhraitheas macalla ár sinsir timpeall orm.
a sinsir of their forebears
" Cé go bhfuil na comhphobail seo sna limistéir ina raibh cónaí ar an muintir dhúchais le corradh is daichead míle bliain anuas, níl na daoine iontu ag maireachtáil ar modh traidisiúnta a sinsir, mar shealgairí-cnuasaitheoirí.
shinsir senior
" Corcaigh agus Ciarraí a bhuaigh an chraobh shinsir iomána agus peile faoi sheach an bhliain sin, rud a léirigh gurb é an status quo de réir traidisiúin a bhí i réim san am.
stair a sinsir their ancestors' history
" Léiríonn sé seo go bhfuil an-spéis ag daoine i stair a sinsir.
Le cuimhne na seacht sinsear from time immemorial
" org/) Le cuimhne na seacht sinsear, tá Ogiek Mau beo ar an tsealgaireacht agus ar an mbailiú meala is torthaí.
abhcóidí sinsir senior counsel
" ” An bhfuil údair na tuarascála seo a mhaíomh i ndáiríre go bhfuil an líonra sóisialta Gaeilge ar aon dul leis an chumann rugbaí nó gailf nó le seancharbhat na scoileanna príobháideacha? Samhlaím an focal “elite” in Éirinn le dream beag daoine faoi phribhléid: lucht an rachmais, abhcóidí sinsir, amhantraithe airgeadais, forbróirí, baincéirí, comhairleoirí leighis, tiarnaí talún Angla-Éireannacha srl.
sinsir forebears
" Maíonn na ‘Moslamaigh Bhurmacha,’ mar a thugann siad orthu féin, go raibh a sinsir ag cur fúthu in Arakan na céadta ó shin.
shinsear forebears
" Ministir Preispitéireach ab ea a athair (nach maireann) agus tháinig a shinsear as Tír Eoghain go Sasana, isteach trí Learpholl, tuairim na bliana 1850.
shinsir senior
" Agus é gan ach seacht mbliana déag d’aois roghnaíodh é ar fhoireann shinsir an chlub agus in aois a ocht mbliana déag d’imir sé a chéad chluiche le foireann Phoblacht na hÉireann.
fhoireann sinsir senior team
" Is é is ábhar don leabhar ná tuairisc Uí Sheancháin ina chuid focal féin ar a sheal mar iománaí ó bhí sé ina ghasúr go dtí an lá a d’fhág sé slán lena chomrádaithe ar fhoireann sinsir Phort Láirge.
Peaca an tSinsir original sin
" Peaca an tSinsir? ========= Ba ag an phointe ama seo a thagann Luther chun tosaigh.
iománaíocht sinsir senior hurling
" Mar a dúirt Seamus Brennan, go ndéana Dia grásta air, is “iománaíocht sinsir” an cluiche polaitiúil ag an leibhéal seo, agus d'fhág na Glasaigh ródhéanach é le cúl an bhua a bhaint.
sinsear the forebears
" Is é sin, seanchríoch Chineál Chairbre, sinsear mhuintir Uí Fhlannagáin Tuath Rátha i bhFir Manach.
a sinsear forebears
" Agus tá siad tinn tuirseach de na coimhthígh atá ag cur isteach ar an tír aonchineálach a d’fhág a sinsear acu.
a gcomhghleacaithe sinsir their senior comrades
" 
Ar an 26u Márta 2007, chonaic muid Ian Paisley agus Gerry Adams fána lile Cásca, ina suí le chéile, a gcomhghleacaithe sinsir thart orthu agus iad ag fógairt go mbunófaí feidhmeannas ag Stormont ar an 8ú Bealtaine, feidhmeannas ina mbeadh náisiúnaithe agus aontachtaithe ag roinnt cumhachta lena chéile.
dár sinsear from our forefathers
" Baineadh bia dár sinsear, cruinníodh i stórais agus seoladh amach as an tír é bíodh go raibh daoine ag ithe a chéile le hocras céad seasca bliain ó shin.
a shinsir of his forebear’s
" Ach cén fáth a bhfuil fliúit a deineadh ó chrann a shinsir á iompar leis aige lá earraigh agus an sneachta ag leá ina thuilte? Is fada ó baineadh ceol as fliúit a sheanathar.
sinsear forebear(s)
" Cuimhnímis go bhfuil sinsear an Phreispitéirigh leis na céadta bliain.
sinsir forebears
" Ní deacair a shamhlú go mbíodh ár sinsir ar feadh na mílte bliain róghafa le cur chun cinn na beatha le bheith ag plé le caitheamh aimsire.
imeachtaí an lae inniu agus imeachtaí ár sinsear daily events and events of our forebears
" Ag Coimhthiú ===== Tagann cumhacht scripteanna Milch as traidisiún fealsúnachta agus stairiúil ar leith, an traidisiún sin a chuireann bearna idir imeachtaí an lae inniu agus imeachtaí ár sinsear.
le hais a sinsear unlike their forebears
" Bíodh is go bhfuil traidisiún láidir imirce sa Ghailís le céad éigin bliain, shílfeá gur leasc go mór leis an nglúin atá suas anois imeacht ón tír (agus a gceart sin acu) le hais a sinsear.
dá gcuid sinsear for those gone before them
" Ba dheacair dóibh ná do lucht éisteachta aige baile fiú, ciall a bhaint as aitheasc poiblí a chaith anuas ar an stair go huile is go hiomlán, agus a thug cuireadh do dhaoine bunphrionsabail intleachtúla neamhstairiúla a dhearadh dóibh féin agus dá gcuid sinsear.
thagann anuas chugainn ó na sinsir comes down to us from our forebears
" Thuigeas ón gcéad chúig neomat ina cuideachta go raibh aithne agam uirthi ó chianaibh - aithne a shíolraigh ó cheann de na mistéir nach soilsítear bun ná barr di dúinn - an chomhthuiscint nach bhfuil aon mhíniú ann di ach an rud a thagann anuas chugainn ó na sinsir - an t-ábhar sin a ritheann saor sa bhfuil, a luíonn domhain sa gcnámh agus nach feas dúinn i gceart a bhun ná a bharr ná a bhrí.
mo shinsir my forebears
" Is iad mo shinsir iad, mo chomharsana ó thaobh na tíreolaíochta de dá scoiteacht ó thaobh ama is atá muid.
baill sinsir an rialtais senior members of government
" Nuair a theip ar chóras baincéireachta na hÉireann sa bhliain 2008 léiríodh dúinn na lochtanna a bhain le rialachas geilleagair na tíre – go raibh an rialtóir airgeadais mífheidhmiúil, go raibh an roinn airgeadais féin neamhinniúil, agus nach raibh spéis ag baill sinsir an rialtais i gcúrsaí geilleagair, agus dá mbíodh, nach raibh sé ar a gcumas iad a thuiscint nó a stiúradh.
scéal do shinsir your forebears’
" Nárbh fhearr gan aird ar bith a thabhairt orthu?** Páidí: Ar léigh tusa stair na hÉireann riamh, a Bhaloir? An bhfuil scéal do shinsir ar eolas agat? Naomh Colm Cille, Pádraig Sairséal, Wolfe Tone, Dónall Ó Conaill agus Pádraig Mac Piarais a dúirt linn go neamhbhalbh ina gcuid scríbhinní gan ligean don lucht buí cos a chur ar thalamh naofa Ard Eoin.
ach cuid den eachtraíocht a bhí i gcnámha a shinsear just some of the adventures that came naturally to him
" I ndúnáras Calvi cois farraige a rugadh é, agus má chuir a chuid fiosrachta thar sáile go Meiriceá é, ní raibh ansin ach cuid den eachtraíocht a bhí i gcnámha a shinsear.
mo shinsear my ancestors
" 
 "Le blianta beaga anuas, diaidh ar ndiaidh, mhothaigh mé mé féin ’ mo mhealladh ar ais go Gaillimh agus nuair a rinne mé staidéar measartha domhain ar mo chraobh ghinealaigh, mhothaigh mé go raibh mé féin beo beathach i saol na ndaoine seo de mo shinsear a chuaigh romham.
mo cheap sinsir my family tree
" Cnoc Muaidhe ===== "Baineann ábhar na n-amhrán atá ar Clocks leis an taithí saoil as ar fáisceadh iad ach ní raibh mé iarraidh amhráin a scríobh agus iad bunaithe ar gach scéal i mo cheap sinsir.
as teach agus as tailte do shinsir from your ancestral house and lands
" Ní drochshaol go dtí é, i ndiaidh thú a ruaigeadh as teach agus as tailte do shinsir le bheith i do sprioc ladrainn i gcampa teifeach.
Thit an croí as móramh ár sinsir most of forebears lost their courage
" Thit an croí as móramh ár sinsir d’aon léim amháin in aon ghlúin amháin.
a sinsear their ancestors
" 5 milliún Ceanadach go bhfuil baint ag a sinsear le hÉirinn.
tháinig a sinsear ar imirce their ancestors emigrated
" Deir an mhórchuid acu go bhfuil gaol acu le hÉirinn, ag maíomh gur tháinig a sinsear ar imirce go Ceanada agus gurbh é an ceangal sin a spreag iad chun iarracht a dhéanamh an Ghaeilge a fhoghlaim.
Láimhsigh Ár Sinsear Níos Measa our forebears handled a lot worse
" Láimhsigh Ár Sinsear Níos Measa ============== Níor chóir dúinn bheith ag déanamh trua dúinn féin.
a aithint mar theanga a shinsear to recognise it as the language of his forebears
" Bhí an Ghaeilge beo beathach ar achan taobh de, cé gur thóg sé tamall air an Ghaeilge a aithint mar theanga a shinsear.
nach bhfuil neart acu ar pheacaí a sinsir who can’t help the sins of their forebears
" Déarfadh lucht a cháinte go ndéanann a leithéid de chleachtas éagóir ar dhaltaí nach bhfuil neart acu ar pheacaí a sinsir.
shuíomhanna ar a bhfuil iarsmaí dár sinsir le feiceáil sites where relics of our forebears are to be seen
" Anois, de bharr an chúrsa sheandálaíochta, bainim níos mó sásamh as cuairt a thabhairt ar sheanfhothracha mainistreach, ar iarsmalanna, nó ar shuíomhanna ar a bhfuil iarsmaí dár sinsir le feiceáil.
i dteagmháil le mo shinsir in touch with my forebears
" Luigh mé siar ar bhinse atá tógtha in aice leis an charn, ag amharc ar an thírdhreach álainn, bolg le gréin, ag éisteacht leis na héin agus an ghaoth, i dteagmháil le mo shinsir.
shinsear na nGael go croí ionam of the forebears of the Irish speakers affected me in my core
" Nuair a sheas mé os comhair na fianaise, chuaigh an tuiscint ar éadáil agus ar acmhainní shinsear na nGael go croí ionam.
lena mhuintir agus lena shinsir with his family and his forebears
" Bhí aoi thar a bheith speisialta ag an teacht le chéile ar an bhaile sin, fear a thaistil iomlán an bhealaigh ó Washington DC le bheith lena mhuintir agus lena shinsir chun bliain an *Gathering* a cheiliúradh ina gcomhluadar.
nár múchadh an dé ina sinsir the spark of life in their forebears wasn’t extinguished
" Mothaíonn muintir na Gaeilge ar feadh roinnt laethanta nár múchadh an dé ina sinsir, is má buaileadh iad go dona sa saol, níor síobadh de dhromchla an domhain iad ar aon chuma.
foireann sinsir senior team
" An chéad lá a thosnaíos in Ollscoil Luimnigh, ba é sin an chéad lá agam ag traenáil le foireann sinsir Chiarraí chomh maith - 18 Meán Fómhair 1993.
a gcuid sinsir a a leanstan to follow their forbears
" Ní raibh an ghlúin úr a bhí ag teacht i méadaíochta i ndiaidh an chogaidh ábalta a gcuid sinsir a a leanstan chuig na longchlóis Cois Chluaidh.
urlabhra a sinsear the forbears’ speech
" Agus seo anois lán a' tí i gCriccieth agus urlabhra a sinsear chomh líofa ina mbéil 's a bhí nuair a chas Lloyd George le Michael Collins i 1921 le ceist na hÉireann a réiteach.
ar throid ár sinsir go fíochmhar ina éadan which our forebears fought fiercely against
" An bhfuil an baol ann go bhfuil an tuar ag teacht fán tairngreacht i dtaobh an steiréitíopa náisiúnta, ar throid ár sinsir go fíochmhar ina éadan? Cumas Teanga sa Mheá ========== Eascraíonn an cheist ar ndóigh faoi cad is brí le bheith id’ Éireannach sa lá atá inniu ann? An bhfuil an té a ghlac páirt i Lá Mór na Gaeilge an mhí seo caite chun cearta a éileamh do chainteoirí Gaeilge a dhath níos Éireannaí ná deisceabail Ross O Carroll Kelly a bheas ag tarraingt ar Staid Aviva ar Lá 'le Pádraig le tacaíocht a thabhairt do Choláiste na Carraige Duibhe nó do Chlongowes Wood i gcluiche ceannais rugbaí scoileanna Chúige Laighean? Ar cheart idirdhealú a dhéanamh feasta idir an t-ionannas Gaelach agus an t-ionannas Éireannach? Ní thig a shéanadh ach an oiread go bhfuil a rian fágtha ag cultúr na n-imirceach a tháinig chun na tíre seo le linn réimeas an Tíogair Cheiltigh ar an aitheantas dúchasach fosta.
de mo shinsear féin of my forebears
" Agus an lá le lucht na mbothán! Tá duine de mo shinsear féin ar fhoireann na háite.
bPolannais ghlan a shinsear his forebears perfect Polish
mo shinsear my forebear(s)
" “Tháinig mo shinsear anseo ar dtús i 1831, na Mc Loughlins ó Glascorn (.
i dteanga a shinsir in his heritage language
" Ceart bunúsach go leor é d’aon ghasúr óg a bheith ábalta cáilíocht a bhaint amach i dteanga a shinsir.
i measc a sinsear in their ancestry
" Bunaíodh an Astráil mar áitreabh pionóis agus tá muintir na tíre bródúil as an oidhreacht a eascraíonn as an stair sin, ach go háirithe má aimsítear daoránach i measc a sinsear.
mo shinsir my forebears
" Cad chuige a bhfuil an oiread sin spéise aici sa teanga? “Bhuel, ní ón ngaoth a fuair mé é! Bhí spéis mhór ag mo shinsir sa nGaeilge, fiú mo sheantuismitheoirí a rugadh i Sasana.
ba bhinn lenár sinsir romhainn iad our forebears thought them sweet
" Tá míle mantra ag an dúlra agus ba bhinn lenár sinsir romhainn iad: Sgolghaire luin Doire an Chairn, búithre an daimh ó Aill na gCaor, ceól le gcolladh Fionn go moch, lachain ó Loch na dTrí gCaol.