Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
siocair because
" Tá Sinn Féin, agus fiú amháin na haontachtóirí sa Tuaisceart, ag cáineadh na bpáirtithe, go háirithe Fianna Fáil, siocair nach miste leo Sinn Féin a bheith mar pháirt den rialtas sa Tuaisceart ach ansin go bhfuil siad ag rá go gcaithfear deireadh ar fad a chur leis an IRA sula dtig leis an pháirtí a bheith sa rialtas sa Deisceart.
siocair go bhfuair sé an ceann caol den mhargadh because he got the poor end of the bargain
" Bhí suim ag Féilim i gcónaí san éadach agus bhí siad siúd ann a shíl gur chothaigh sé an tsuim sin siocair go bhfuair sé an ceann caol den mhargadh ó thaobh na dóighiúlachta de.
Siocair because
" Siocair Fear na Súile Nimhe bheith ar laethanta saoire, tá deirfiúr óg Bhalor, Balorina, ag feidhmiú mar sceach sa bhearna.
siocair sprionga meirgeach ar an phioga because of a rusty spring on the peg
" ) Is minic a bhí spota buí ar mo dhrár féin - é ann siocair sprionga meirgeach ar an phioga lenar cheangail mé mo dhrár úr-nite ar líne an níocháin.
siocair na monarchain because of the factories
" Nuair a d'éirigh obair fairsing ó 1970 ar aghaidh, siocair na monarchain i nGaoth Dobhair, phill go leor ar a bhfód dúchais.
as siocair because
" Déanann sé a ndéanann sé as siocair go ndearna sé riamh é.
as siocair because of the fact
" Agus cén áit a bhfuil an tÁras úr le tógáil? Cén áit eile ach ar Oileán Ghabhla! Is cuma sa tsioc léi nach mbeidh focal Gaeilge le cluinstean thart uirthi ar Ghabhla as siocair nach bhfuil duine ar bith ina chónaí ann; dar léi go mbeidh sí ábalta teanga ársa na nGael a shú isteach ó na clocha agus ón bhrobh.
siocair nár thuig sé because he didn't understand
" ” a dúirt Balor, agus é rud beag náirithe siocair nár thuig sé go raibh na dílseoirí chomh cogúsach faoi Ghaeilgeoirí a mhaslú ina dteanga féin, “ach, caidé faoi na cluichí? Níl meas madaidh agaibhse ar na cluichí Gaelacha.
siocair nár cuireadh i bhfeidhm na treoirlínte a bhí leagtha síos because the guidelines that had been laid down were not implemented
" Rialaigh an chúirt go raibh an otharlann faillíoch siocair nár cuireadh i bhfeidhm na treoirlínte a bhí leagtha síos le dul i ngleic leis an ghalar.
siocair nach mbíonn siad ag caint leo because they don't talk to them
" Tá Araibis líofa aige agus measann sé féin nach dtuigeann iriseoirí cad é mar a mhothaíonn gnáth-Arabaigh siocair nach mbíonn siad ag caint leo ar na sráideanna.
siocair go bhfuil cosúlachtaí móra because there are big similarities
" Uaireanta, bhí buntáiste ag an té a raibh Gaeilge Uladh aige siocair go bhfuil cosúlachtaí móra idir an dá chanúint ó thaobh stór focal agus gramadaí de.
siocair go bhfuil cosúlachtaí móra because there are big similarities
" Uaireanta, bhí buntáiste ag an té a raibh Gaeilge Uladh aige siocair go bhfuil cosúlachtaí móra idir an dá chanúint ó thaobh stór focal agus gramadaí de.
siocair go bhfuil cosúlachtaí móra because there are big similarities
" Uaireanta, bhí buntáiste ag an té a raibh Gaeilge Uladh aige siocair go bhfuil cosúlachtaí móra idir an dá chanúint ó thaobh stór focal agus gramadaí de.
an tsiocair the excuse
" Dealraíonn sé, mar shampla, nach mbíonn ach an tsiocair ó dhaoine anseo le bláthanna a cheannach dá gcairde.
siocair nár fhóir siad because they didn't suit
" Fiú amháin, brúdh daoine amach as an scoil siocair nár fhóir siad ar chúis amháin nó ar chúis eile don scoil.
siocair go dtig leat foghraíocht na bhfocal a chluinstin because you can hear the pronunciation of the words
" I gcás na Gaeilge de, is áis iontach foghlama iad na podchraolta seo siocair go dtig leat foghraíocht na bhfocal a chluinstin fad is atá tú á léamh.
siocair é a chaitheamh in éineacht le cúpla pionta. because of taking it with a couple of pints
" Ní amháin go gcuireann sé brí agus spiorad sa té a thógann é, ach smaoinígí air seo – ní bhfuair duine ar bith riamh bás siocair é a chaitheamh in éineacht le cúpla pionta.
as siocair an dearcaidh dhiúltaigh atá ag na húdaráis ó thuaidh i leith na Gaeilge. because of the negative attitude of the northern authorities with regard to the language
" ***Fógraíocht trí Ghaeilge: an cosc atá curtha uirthi ag an fheidhmeannas ó thuaidh:*** Le linn ghéarchéim *Lá Nua*, tugadh le fios dúinn an drochbhail atá fágtha ar ghluaiseacht na Gaeilge i gcoitinne as siocair an dearcaidh dhiúltaigh atá ag na húdaráis ó thuaidh i leith na Gaeilge.
as siocair because
" Mar shampla, as siocair go mbíodh baill foirne as láthair de bharr tinnis go minic – agus de thairbhe go raibh go leor deacrachtaí ag an ghrúpa ó thaobh cainteoirí Ultaise a earcú – ní raibh a fhios ag aon duine cad iad na cúraimí nó na freagrachtaí a bhí orthu.
siocair cause, reason
" Ní thugtaí cuireadh dóibh le bheith páirteach ann sa chéad dul síos, agus is ríléir nach raibh aon siocair acu le bheith ag cuimhneamh le háthas ar an gcéad lá a tháinig na coilínigh i dtír.
siocair because
" Ach dar le de Valera, b’amhlaidh gur thábhachtaí i bhfad é caomhnú na Gaeilge le linn géarchéime dá chineál siocair nach raibh sí i riocht sách láidir le go bhféadfaí an obair sin a chur ar an mhéar fhada: “Sa chaoi ina bhfuil an saol fá láthair, ta a lán neithe gur deacair dúinn gan suim, agus suim an-mhór do chur ionnta.
siocair because
" I bhfocail eile tá ceithre huaire níos mó de sheans agat a bheith i do phríomhoide más fear thú siocair go bhfuil a trí oiread fear ina bpríomhoidí ná mná.
siocair as, because
" Gá aici aire a thabhairt do chúraimí níos cóngaraí do bhaile fosta siocair go bhfuil líon suíochán Dhún Laoghaire laghdaithe go ceithre cheann agus Aire na Leanaí, Barry Andrews, mar leathbhádóir aici i soitheach atá ag dul go tóin poill go tiubh gasta.
siocair reason
" An dara siocair, brat na hÉireann - an comhartha síochána idir an ghlaise agus an flannbhuí – a bheith ar foluain i gceantar na Heights.
tsiocair ghearáin cause of complaint
" Foinse Maoinithe - Foinse Easaontais Is é an tsiocair ghearáin a bhí acu, go dteastaíonn ó Madame Pécresse, dar leo, nach mbeidh na huachtaráin ollscoile ag brath go hiomlán ar mhaoiniú an stáit mar atá siad faoi láthair agus, dá thoradh sin, go mbeidh neamhspleáchas níos mó acu i bhforbairt cúrsaí agus i gcaiteachas caipitil.
siocair cause
" D’fhógair an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte 429 básanna go dtí tús mí Iúil, ach mhol siad ansin gur féidir talamh slán a dhéanamh de gur ulpóg na muc is siocair le haon chás ina bhfuil comharthaí ulpóige i gceist ó shin i leith.
siocair because
" Drochsheans go leanfar, áfach, ag toghadh seachtar déag ball as bord de scór don Údarás siocair gur eagraíocht níba leithne a bheadh ann a bheadh ag freastal ar chur chun cinn na teanga sna fiche sé chontae ina iomláine.
siocair because
" D’fháilteofaí go speisialta roimh aon chuidiú dá chineál, siocair deireadh a bheith tagtha leis na scéimeanna REPS.
siocair because
" Ní thig a thuar cad é mar a éireoidh le Foinse sna míonna amach romhainn siocair nár tugadh faoina leithéid de fhiontar ariamh cheana.
tsiocair reason, cause
" Seanscéal agus meirg air a bhí sa tsiocair a bhí taobh thiar den ruaille buaille.
Siocair reason
" Siocair Mhaith le Clogaid Ní mór a rá áfach go bhfuil cúis an-mhaith agus chiallmhar leis an riail nua agus é sin, oiread cosanta agus is féidir a bheith ag gach imreoir maidir le buillí isteach ar an gcloigeann agus ar an éadan.
shiocair reason(s)
" Fiúntas? Cén fáth go mbacfá leis? Tá dhá shiocair mhaithe leis.
siocair because
" Thiocfadh an rud céanna a rá faoi chomhdhlúthú na gcoistí pobail agus eagrais phobail áirithe atá faoi lán seoil ag Roinn na Gaeltachta faoi láthair, siocair go raibh fógra tugtha ag an Aire Ó Cuív le fada go raibh géarghá le bearta cuíchóirithe dá leithéid.
siocair reason
"siocair mhaith leis an dá chiall a bheith leis an fhocal ‘léirsteanach’.
shiocair reason
" Ar mhodh agus ar shiocair éicin nach dtuigim, braithim go bhfuil spreacadh fanta in go leor againn in Éirinn le gníomh úr aisteach éicin a dhéanamh go fóill.
as siocair áiféiseach on a ridiculous pretext
" Mac léinn eile sa scoil a mharaigh é as siocair áiféiseach, is cosúil.
Siocair cause
" Siocair Amhrais Tháinig amhras ar an gCoimisiún um Fhuinneamh Adamhach faoi chúrsaí slándála ag NUMEC sna 60í luatha agus faoin mhéid Iosraelach a bhí ann.
as siocair as a result of
" Tabharfar vótaí d’iarrthóirí agus gheobhaidh siad suíochán i bParlaimint *Westminster* as siocair a dhaingne is atá siad ar son na haontachta leis an Bhreatain nó a dhaingne is atá siad ar son an ceangal sin a bhriseadh.
siocair because
" Murab ionann is Roinn na Gaeltachta, Údarás na Gaeltachta, COGG agus tuilleadh nach iad, tháinig Foras na Gaeilge slán ón tua a bhí molta ag Colm McCarthy, siocair gur eagraíocht trasteorann é.
siocair because
" Mar sin bhí bunús le hargóint Phól Uí Mhurchú gur cheart go mbeadh rialacha na cúirte, seachas pacáiste iomlán d'ionstraimí reachtúla, ar fáil dó siocair gur bhain na rialacha sin go sonrach lena ghairm.
siocair because
" Bhí a chuid naimhde bailithe ina sluaite líonmhara, drong díobh taobh amuigh den doras siocair brú a bhí ag teacht ón leathdhrong taobh istigh.
siocair reason
" Ach, dar ndóigh tá siocair eile go bhfuil Ciarraí ceannasach ó thaobh na peile: an pheil seachas an iománaíocht a bheith mar chéad rogha (cé is moite de thuaisceart an chontae) i measc an aosa óig, rud a thugann buntáiste dóibh i gcoinne na gcontaetha eile ina bhfuil an iománaíocht in uachtar.
siocair mhaith good reason
" Níor gan siocair mhaith a tugadh máthair/athair ‘críonna’ ar dhaideo agus ar mhaimeo, mar ba iontach an ‘chríonnacht’, nó gaois an tsaoil, a bhí cruinnithe acu agus ba an-sás oiliúna agus oideachais in aon teaghlach a leithéid.
Siocair because
" Princeam na Rónóige ========== Siocair fad agus méid a gúna, tugadh cead speisialta di damhsa na scuaibe a dhéanamh le scuab fiacla, seachas le scuab urláir.
siocair because
" Tréigean an Dúchais =========== Creidim go láidir nár chaill pobal na hÉireann muinín ionainn siocair gur chloígh muid go dílis lenár seanluachanna.
siocair because
" Ó na hochtóidí i leith, bhí ceardchumainn na seirbhíse poiblí ag iarraidh go gcealófaí córas na marcanna breise d’arduithe céime siocair go raibh cuid dá mbaill nach raibh cáilithe do na marcanna seo den bharúil go raibh leatrom á imirt orthu.
ba shiocair leis was the cause
" Glas lochtach a ba shiocair leis an tsáinn a raibh sí agus toisc nach gcónaíonn aon duine eile léi, ní raibh éinne ann a thiocfadh i gcabhair uirthi.
Bíodh siocair agaibh ar fad let everyone have a cause
"Bíodh siocair agaibh ar fad! Bígí feargach faoi chúrsaí,” a deir sé.
ar son na siocrach sin for that cause
" Agus má bhíonn siocair ag duine, dar leis, is mó seans go mbeidh an duine gníomhach ar son na siocrach sin.
an tsiocair reason
" Áit fhíorálainn atá inti ach siar sna 1970í agus mé ag fás anois, bhí féile ar siúl dar teideal Culchie Come Home, mar bhí oiread sin eisimirce ó Choillte Mach an t-am sin," ar sí, ach ní sin an tsiocair ar thosaigh sí ag cur suime sa pholaitíocht.
cion siocrach an ainm the reason for the name
" Ach an aimsir a bheith in arraíocht, beidh cion siocrach an ainm, fad an tsléibhe, le tabhairt faoi deara go soiléir.
siocair ghearáin a cause for complaint
" Tá aigne an léigir beo beathach go fóill! Búistéireacht ====== Sin ráite, le tamall beag anuas, tá aitheantas a thabhairt, diaidh ar ndiaidh, go raibh siocair ghearáin ag Caitlicigh/Náisiúnaigh an tuaiscirt, rud a shéantar go minic.
Siocair eile another reason
" Siocair eile gur thiontaigh na daoine in aghaidh Fhianna Fáil is ea gur ísligh siad oifigí an stáit.
siocair because
" Tá sé seo ag tarlú siocair nach bhfuil ag éirí le hiarrachtaí féinrialaithe an tionscail.
Is é is siocair le it’s the cause of
" Is é is siocair le 20% de na hailsí sa tír agus 21% de na galair croí.
ag fáil bháis gan siocair dying needlessly
" Beidh ar an rialatas chuile iarracht a dhéanamh saoráidí FC a chur sna hotharlann, aird cheart a thabhairt ar chúram i leith na FC agus a gcuid gealltanas a chomhlíonadh toisc go bhfuil an iomarca daoine leis an FC ag fáil bháis gan siocair sa tír seo.
siocair an chogaidh the reason for the war
" (Féach nasc ‘Dinar an óir, siocair an chogaidh’ ar dheis.
cén tsiocair what reason
" Bhí borradh faoi gach rud ar feadh i bhfad agus ní raibh rialtas ar bith ag iarraidh é a cheistiú, ba chuma cén tsiocair a bhí leis.
siocair because
" Tharraing sé aird ar seo siocair go raibh comhlachtaí stáit áirithe ag maíomh go raibh deacrachtaí acu daoine le líofacht Ghaeilge a earcú chun cloí lena ndualgais reachtúla i leith na Gaeilge.
cén tsiocair what reason
" Jeremiah Curtin ===== **SÓC: Tuigim gur bhunaigh tú Craobh de chuid Chonradh na Gaeilge sa chathair, cén t-éileamh a bhíonn air agus cén tsiocair a spreagadh thú lena chur ar bun?** JG: Le Craobh Curtin i 1993, bhí mé ar lorg áit shóisialta do dhaoine ionas go mbeadh siad in innimh an Ghaeilge a chleachtadh taobh amuigh den choláiste; ag céilithe, damhsaí agus araile.
Is siocair mórtais it’s a matter of pride
" Is siocair mórtais san Iorua go bhfuil an longbhád ag dul ar an turas farraige seo agus mar aitheantas don obair a rinne an tOllamh Stephen Harding, bhronn Rí na tíre, Harald V, ridireacht air i Mí Eanair - Ridire Den Kongelige Norske Fortjensteorden is ea é anois!
Is siocair amháin é seo this is one reason
" (Is siocair amháin é seo leis an fhás ar CBT mar chéadatán den ollioncam sa chuid is mó de thíortha an ECFE le fiche bliain anuas).
ina siocair chaismirte cause of rioting
" Bhíodh na heachtraí cuimhneacháin chéanna ina siocair chaismirte go hiondúil idir fórsaí slándála éagsúla an rialtais agus lucht an chuimhneacháin i rith an fhiche bliain a lean bás Palach gur dhíbir agóidí na Réabhlóide Veilbhite na Cumannaigh ó chumhacht.
siocair because
" É sin ráite, braithim gur cheart an líon Seanadóirí a thoghtar ó na coláistí a choinneáil mar atá siocair gurb é an painéal is daonlathaí atá ann.
siocair due to
" (Tharla réabhlóidí geilleagair eile roimhe sin ar ndóigh, an t-athrú sealbhaíochta siocair na n-acht talún ó na 1880í i leith, cuirim i gcás, ach aisteach go leor, níor tháinig ann i gceart don réabhlóid thionsclaíoch in Éirinn).
faoin tsiocair why
" '* Is é sin, is féidir leis na póilíní duine ar bith a stopadh agus ceist a chur air/uirthi faoin tsiocair a bhfuil sé san áit ina bhfuil sé, ach níl cead acu a shonraí pearsanta a éileamh muna bhfuil coir i gceist.
Siocair an Oilc the cause of damage
" Siocair an Oilc ===== Tá ceist ann freisin faoi na cúiseanna atá leis an easpa torthúlachta i dtalamh na Saiheile.
as siocair amháin nó eile for one reason or another
" Tá ceist na Gaeltachta i mbéal an phobail arís as siocair amháin nó eile.
Siocair Buairimh a cause for immediate concern
" Siocair Buairimh ======= Bíodh is go bhfuil cion ar an gcóála ag muintir na hAstráile, táthar imníoch le blianta beaga anuas faoina mharthanacht i ngeall ar roinnt tosca, lena n-áirítear athrú aeráide, caillteanas gnáthóige, galair, ionsaithe madra agus timpistí bóthair.
siocair because
" Chuir Cathaoirleach an Údaráis, Liam Ó Cuinneagáin, feoil ar an tuairim sin nuair a dúirt nach dtig postanna sa Ghaeltacht a shéanadh ar dhaoine gan Ghaeilge siocair go mbeadh a leithéid ag sárú dlithe na hEorpa.
siocair nach raibh sé sásta because he wasn’t content
" Ach is mór an meas atá aige orthu siúd a chaitheann a saol go dílis agus go neamhbhalbh de réir bhriathar agus shampla Saor Adhmaid Nasaireit, an Giúdach Palaistíneach a bhfuair údaráis na Róimhe réidh leis ar an chros siocair nach raibh sé sásta a bhéal a choinneáil druidte.
ba shiocair leis were behind it
" Cúrsaí polaitíochta ba shiocair leis, dar leo, thar aon rud eile.
siocair because
" Is léir, ar ndóigh, nach eisceacht í Oifig an Ombudsman siocair gur inis an Coimisinéir Teanga, Seán Ó Cuirreáin, do Chomhchoiste Oireachtais ar na mallaibh go bhfuil breis is 70 scéim eile fós gan réiteach.
siocair due to the fact
" Bhí go leor eolais agam ar Thoraigh roimh ré siocair gur léigh mé roinnt mhaith ar stair agus ar mhuintir an oileáin blianta ó shin.
siocair because
" Phléigh mé le Jenny é, anseo sa bhaile, agus tharraing mé siar ag an bhomaite dheireanach siocair go bhfaca mé blianta fada amach romham gan oiread is focal amháin Gaeilge i mo shaol.
siocair gur dréachtaíodh é i ré eile because it was drafted in another era
" Ach dálta achan rud eile, tá nithe áirithe de nach bhfuil fóirsteanach do shochaí ilchultúir an lae inniu siocair gur dréachtaíodh é i ré eile.
Ar an tsiocair chéanna for the same reason
" Ar an tsiocair chéanna, ní bhraithim go bhfuil sé fóirsteanach go mbeadh suíochán ar an chomhairle ag an Phríomhbhreitheamh ó tharla go bhféadfadh sé tarlú go mbeadh air nó uirthi breith a thabhairt i dtaca le bunreachtúlacht píosa reachtaíochta a chuirfí faoi bhráid na Comhairle.
Is ar an tsiocair seo for this reason
" Is ar an tsiocair seo atá comhairlí cathracha ag súil go mbeidh ioncam fógraíochta in ann an bhearna seo a líonadh, d’ainneoin barúil chuid den phobal go bhfuil an toradh gránna.
An tSiocair the reason
" An tSiocair ==== Tá teoiricí éagsúla ann maidir le cad a spreag na dúnmharuithe.
Ba shiocair bróin dúinn it was a cause of sadness to us
" Ba shiocair bróin dúinn i Learpholl nuair a chaill muid an fidléir cáiliúil Seán Mac Con Mara (1928-2012) roimh Nollaig agus sciob an bhliain úr an Conraitheoir dílis Proinsias Mac Íomhair (1937-2013) uainn ansin.
siocair because
" An fáth nach bhfuiltear á dteilgean thart i gceantair íogara na cruinne faoi láthair, siocair lucht an ionsaithe a bheith éiginnte faoi theicneolaíocht a namhad.
ba shiocair leis which caused
" Creideann Feyerabend gurbh í an ainriail radacach seo ba shiocair leis an réabhlóid Choparnaiceach agus le dul chun cinn na heolaíochta trí chéile, leis.
siocair because
" Bhíothas a rá gur chuma le Benedict XVI agus le ceannairí eile na hEaglaise, faoin titim siar in Iarthar na hEorpa, siocair an Eaglais a bheith ag fás sna tíortha atá faoi fhorbairt.
Cad ba shiocair le hiompar gan choinne what caused the unexpected behavior
" Ualach na Tarrthála ar an Iar-Cheann Feadhna ======================= Cad ba shiocair le hiompar gan choinne Uí Dhrisceoil? Ní mór a rá ar dtús nach cóir aon leithscéal a dhéanamh ar a shon, ach is féidir tosca áirithe a chur san áireamh má tá míniú ag teastáil ar a iompar neamhghnáthach.
Siocair Achrainn a cause of dispute
" Siocair Achrainn ======= Chuir an tUachtarán Bill Clinton a shíniú le hacht Comhdhála a chuir cosc iomlán ar phósadh aerach sna Stáit Aontaithe i 1996.
siocair gur séideadh an puball ar shiúl because the tent was blown away
" Mhínigh sé dom nach raibh aon ionad seiceála ar bharr an chnoic a thuilleadh siocair gur séideadh an puball ar shiúl! Thug sé comhairle dúinn, dul síos le mala a luaithe is a thiocfadh linn agus bealach a roghnú nach mbeadh róbhaolach.
As siocair rud éicint because of something
" As siocair rud éicint a thit amach i saol roinnt daoine, is féidir leo glacadh níos fearr le deacrachtaí agus le dúshláin, an lámh is fearr a fháil orthu, an chuid is mó den am, agus go minic, tairbhe a bhaint as na deacrachtaí céanna.
Ní bheidh aon chíoradh ar shiocair chogaidh na bliana seo there won’t be any discussion about the reasons for this year’s war
" Ní bheidh aon chíoradh ar shiocair chogaidh na bliana seo le hais na bliana seo caite, ná ar chóir dul chun sleantracha le tír amháin thar a chéile? Fearann Ladrainn Críocha ár nDomhnáin =============== Troideadh breis is trí scór cogadh ó dheireadh an Dara Cogadh Domhanda i leith agus maraíodh trí oiread daoine leo.
ag brath ar shiocracha áirithe na linne agus na háite depending on conditions of time and place
" Luann Rolston na teagmhálacha a bhí idir Éireannaigh agus daoine eile nár den chine gheal iad, anseo in Éirinn, i dtíortha na himpireachta, i Meiriceá Thuaidh, an caidreamh acu difriúil, ag brath ar shiocracha áirithe na linne agus na háite.
siocair because
" Ní gá gur drochrud é sin mar gur iomaí iardhalta a bhaineann mí-úsáid as an bhuntáiste seo agus nach gcuireann a gcuid páistí go bunscoil lán-Ghaelach siocair fios maith a bheith acu go mbeidh tearmann ar fáil faoin seancharbhat scoile.
mórán siocracha le seo many reasons for this
" Bíonn mórán siocracha le seo: is é an príomhrud go bhfuil eolas ag níos mó siúlóirí anois ar An Spáinn mar thír sléibhte.
raibh cimí áirithe spreagtha ar shiocracha éagsúla particular prisoners were inspired for various reasons
" " Níor Lia Duine ná Inspreagadh ============== Cad é a spreag na daoine seo i dtreo na Gaeilge? An dtabharfadh siad lá airde ar an teanga mura mbeadh an choimhlint pholaitiúil ag dul ar aghaidh ag an am chéanna? Measann Feargal go raibh cimí áirithe spreagtha ar shiocracha éagsúla.
as siocair iad a bheith ag tacú le because of their support for
" Is ea seo cnámha scéil an cháis cúirte inar dearna an t-iomrall ceartais thuasluaite: • Comhcheilg bhuamáil sceimhlitheoireachta sna seachtóidí; • Seisear de shliocht chomhphobal eitneach gafa, ciontaithe agus pianbhreith daortha orthu; • Na húdaráis in amhras faoin gcomhphobal seo as siocair iad a bheith ag tacú le feachtas ina dtír dhúchais neamhspleáchas a bhaint amach; • Admhálacha faighte faoi bhagairt, gan dlíodóirí i láthair agus gan síniú; • Fianaise bhréagach sa chúirt agus fianaise eile coinnithe siar ag na húdaráis; • Na seirbhísí rúnda lárnach sa chás; • Póilíní sa chás os comhair na cúirte ní ba dhéanaí; agus • Feachtas sna meáin leis an bhfíorasc a chur ar neamhní.
an tsiocair is mó atá leis an bhorradh thall the biggest reason for the growth over there
" Seansreanga Gutháin ========== De réir na tuarascála ‘*The Whole Picture: Where America’s Broadband Networks Really Stand*’ leis an ghrúpa *Information Technology and Innovation Foundation*, is é an polasaí iomaíochta an tsiocair is mó atá leis an bhorradh thall.
an tsiocair chéanna leis the same reason for it
" Agus tá an tsiocair chéanna leis ar dhá thaobh an Atlantaigh: an bhochtaineacht agus easpa oideachais.
siocair an ghanntanais airgid due to lack of money
" Nó, an é gur lú an líon daoine atá in ann deoch mheisciúil a cheannach go rialta, go háirithe daoine óga, siocair an ghanntanais airgid? Níl na Daoine Chomh Splanctha ============= Tá smaointe eile ann nach mbeifeá ag súil leo.
siocair mhaith nach bhfeicfí cuid acu a good reason some of them shouldn't be seen
" Caitheann muid ar fad na brístí beaga i rith na bliana! Mo náire thú – Eagarthóir) Ar scor ar bith, a Eagarthóir fhaiseanta an bhríste bhig, chonacthas cosa áirithe nach bhfacthas leis na scórtha bliain, agus siocair mhaith nach bhfeicfí cuid acu.
ach an tsiocair is mó atá ann but the biggest change
" Tá neart cúiseanna leis an athrú seo, ach an tsiocair is mó atá ann, athbheochan a chur isteach i dtionscal na gcarranna.
cáineadh go trom thú siocair you were condemned because
" **Balor: John, nach fíor gur cáineadh go trom thú siocair an bealach ar iompair tú thú féin sa CIA nuair a bhí George W Bush mar Uachtarán?** Brennan: Ní thuigim an cheist.
an tsiocair the cause
" Ina leabhar cáiliúil “*The Myth of the Rational Voter*”, mhaígh Bryan Caplan gurb í míréasúnacht an vótálaí an tsiocair is mó le drochpholasaithe sna tíortha daonlathacha (in áit na brústocaireachta nó na caimiléireachta cuirim i gcás).