Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
siosmaideach sensible
" Saol praiticiúil siosmaideach a bhí ann, agus ní raibh mórán spáis ann don tsamhlaíocht.
níos siosmaidí more sensible
" Tá tuilleadh polasaithe nua ag teastáil, gidh go bhfuil súil agam go mbeidh siad níos siosmaidí ná an ceann áirithe sin.
siosmaideach sensible
" “Fear siosmaideach thú, a Bhaloir; fear seoigh fosta; fear saoithiúil, seanchríonna, suadhach; agus sin an tuige gur roghnaigh mé tusa as measc iriseoirí uile na Gaeilge chun an t-agallamh seo a chur orm.
siosmaideach sensible
" Tá mórán le rá acu atá siosmaideach faoi chúrsaí foilsitheoireachta agus léitheoireachta.
siosmaideach go leor sensible enough
" Chan sé an fhírinne ach, má chan féin, bhí Mac Grianna siosmaideach go leor gan a chuid comrádaithe scoile a bhodhrú lena chuid léitheoireachta; bhí sé tugtha don súgradh agus don chuideachta oiread céanna le gasúir eile a aoise agus thuig sé, is léir, nach bhfóirfeadh an maíomh as leabhair don chuideachta a bhí á coinneáil aige.
úsáid shiosmaideach sensible use
" Lena chois sin, tá uirlisí taighde úra ar fáil anois d’iriseoirí trí chnaipe a bhrú, ach úsáid shiosmaideach a bhaint astu.
cinneadh siosmaideach a dhéanamh, to make a down-to-earth decision
" Masla do chumas phobal na hÉireann cinneadh siosmaideach a dhéanamh, ab ea an tuairim a nocht ár gCoimisnéar Eorpach, Charlie McCreevy, ar na mallaibh nuair a thug sé le fios gur staicín áiféise a bheadh ionainn san Eoraip dá mba rud é nár ghlac muid le Conradh Liospóin.
siosmaideach down-to-earth
" Cinneadh siosmaideach, mar sin, a bhí sa chinneadh a rinne Foras na Gaeilge deireadh a chur leis an mhaoiniú a thugann siad do nuachtán laethúil, de réir mo bharúlsa.
go siosmaideach wisely
" ” Chuireas mar cheist ar Cathy: “Labhair tusa, de réir gach tuairisce ag an am, i ndiaidh na hEoraifíse, ar son Dervish ar fad, agus ba thusa a labhair arís, go siosmaideach, le Rónán Mac Aodha Bhuí ar Raidió na Gaeltachta ina dhiaidh sin.
siosmaideach a clever
" Go deimhin, éilíonn a leithéid freagra siosmaideach ó phobal na Gaeilge.
siosmaideach intelligent, wise
" " Gaois an Fhocail Is nós le státseirbhísigh a bheith ríchúramach agus siosmaideach leis na focail a úsáideann siad i gcruinnithe agus go deimhin sna miontuairiscí a scríobhtar ar na cruinnithe sin.
is siosmaidí more sensible
" Tá ócáidí ann fosta nuair is siosmaidí agus nuair is saoire i bhfad scaifte airí agus a gcuid comhairleoirí is státseirbhísigh a eitilt in aon árthach amháin.
siosmaideach wisely
" An té a amharcfas roimhe go misniúil agus go siosmaideach, nó ar an láimh eile, an té a dhearcfas roimhe agus a tchí an chontúirt.
siosmaideach sensible
" Má fheiceann tú aon táirge faoi lipéad Gaeilge, déan an rud siosmaideach.
fhorbairt go siosmaideach develop wisely
" a bhainistiú agus a fhorbairt go siosmaideach.
siosmaideach wise
" Bhí CLG siosmaideach i gcónaí agus sílim go mbeidh.
Is siosmaideach an méid sin that’s sensible
" Is siosmaideach an méid sin óir chonaic an scríbhneoir seo an méid sin go díreach le gaelscoil eile roinnt blianta roimhe sin inár fágadh an obair go léir faoi aon duine amháin, cé nach raibh gasúr aige féin.
go siosmaideach cleverly
" Arís eile, titfidh sé ar eagarthóir an nuachtáin nua a chinntiú go n-úsáidfear a chuid acmhainní teoranta go siosmaideach le go ndéanfar freastal ceart ar riachtanais na léitheoirí.
siosmaideach wise
" Bhíog mé, mar is dóigh liom gur siosmaideach an dearcadh é sin i ré a mbítear ag moladh luí le teicneolaíocht in éineacht le droim láimhe a thabhairt do ‘chultúr’, amhail is a rá nár theagmhaigh cultúr agus an teicneolaíocht lena chéile sa saol riamh roimhe seo.
siosmaideach wise
" Fuair Balor an-léaró ina óige ar oibriú na polaitíochta agus tá a léacht ar an ábhar le roinnt aige linn san alt siosmaideach seo.
comhairle shiosmaideach wise council
" Murab é an rud is costasaí a cheannófas tú, is é an dara rud is daoire a deir Daragh Ó Tuama agus tugann sé comhairle shiosmaideach san alt seo i dtaobh carr a cheannach ar athláimh.