Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
scileanna gnó business skills
" " scileanna gnó ======= Cé go bhfuil sé deacair go leor maireachtáil mar ealaíontóir, tá Rachel sásta gur éirigh sí as an chúrsa sa dearadh a thosaigh sí i ndiaidh na hArdteiste sa Choláiste Margaíochta agus Deartha i mBaile Átha Cliath agus go ndeachaigh sí i dtreo na péintéireachta.
na hoibrithe neamh- nó leathoilte the non- or semi-skilled workers
" Is anois a fheicimid an difríocht idir na hoibrithe neamh- nó leathoilte agus iad siúd le hardoideachas atá ag obair i rannóga taighde agus forbartha na gcomhlachtaí ilnáisiúnta.
scileanna bainisteoireachta management skills
" Tá muinín ag daoine as a scileanna bainisteoireachta agus tá an tuairim ann go forleathan nach mbeidh deacracht dá laghad aige ag reáchtáil Italia Inc.
buíon oibre ardoilte highly skilled workforce
" Ní féidir taighde agus forbairt a dhéanamh gan buíon oibre ardoilte, agus ní féidir buntáiste iomaíoch a choimeád, gan trácht ar a fhorbairt, gan taighde agus forbairt.
ba sciliúla most skilled
" I bhfocail eile bhuaigh foireann Átha Cliath ar na trí fhoireann ab fhearr a bhí ann ag an am, foirne ar a raibh na peileadóiri ba sciliúla agus ba cháilúla in Éirinn acu.
scileanna ríomhaireachta computer skills
" Cé go gceannaíonn cuid mhaith daoine ríomhairí chun gur féidir lena bpáistí óga iad a úsáid le scileanna ríomhaireachta a fhoghlaim, is beag úsáid a bhaintear astu tar éis dóibh a bheith bainte as an mbosca.
scileanna litearthachta literacy skills
" Níl scileanna litearthachta ar an gcaighdeán ba chóir a bheith, fiú ag na cainteoirí is fearr.
bua na fiontraíochta entreprenual skills
" Mura bhfuil bua na fiontraíochta ag mná agus mura féidir leo a ngnó féin a reáchtáil go héifeachtach, tá féideartheacht eile ann: obair a fháil in "ionad áilleachta".
réimse scileanna a range of skills
" Teastaíonn obair - agus obair a bhfuil réimse scileanna ag baint léi - leis an gcuspóir sin a bhaint amach.
ceardaithe oilte skilled craftspeople
" Bhí an uirlis féin ligthe i ndearmad ach chuaigh Derek chun na hUngáire - tír a raibh cáil ar a lucht déanta duilcaiméirí - áit a bhfuair sé ceardaithe oilte a bhí ábalta leagan comhaimseartha den tiompán a chruthú.
scileanna léitheoireachta reading skills
" I rith an ama sin ní raibh mórán deiseanna agam an teanga a labhairt, ach bhí feabhas ag teacht ar mo chuid scileanna léitheoireachta.
scileanna ríomhaireachta computing skills
" Faraor, ní gá gurb iad na daoine a chaill a bpost le tamall anuas na daoine a mbeadh na scileanna ríomhaireachta acu chun obair a dhéanamh san earnáil teileachumarsáide.
nach bhfuil chomh hoilte céanna who are not quite as skilled
" Sin patrún atá le feiscint i Sasana freisin - tá Sky ag díriú orthu siúd nach bhfuil chomh hoilte céanna is atá na daoine a bhí ag baint úsáide as an tseirbhís go dtí seo.
scileanna bunúsacha basic skills
" Stíl í atá bunaithe ar scileanna bunúsacha an chluiche, scileanna a dhéantar a láimhseáil agus a iomramháil go beacht agus go héifeachtach, le luas agus le máistreacht.
ilscileach multi-skilled
" Is gá a bheith ilscileach sa ghnó seo agus is fearr an deis a thabhairt do dhaoine fás agus forbairt a dhéanamh ná go mbeadh an rud céanna ar bun acu gach lá.
shainscileanna specialised skills
" Cad iad na laigí agus na láidreachtaí a bhaineann leis an gcomhlacht? Tá an comhlacht bunaithe ar shainscileanna eagarthóireachta agus táirgthe agus ar bhreithiúnas na stiúrthóirí i gcúrsaí coimisiúnaithe.
scileanna ríomhaireachta computer skills
" Roinnt blianta ó shin, bunaíodh tionscadal nua oideachais, Muintearas, áit a gcuirtear cúrsaí foghlamtha agus oiliúna ar fáil don phobal, cúrsaí a dhíríonn den chuid is mó ar fhorbairt scileanna ríomhaireachta.
a scileanna léirithe his production skills
" Dónal Lunny as a scileanna léirithe.
scileanna oiriúnacha appropriate skills
" Tá siadsan beag beann ar chreideamh - níl ach scileanna oiriúnacha ag teastáil uathu!" Deir Rosie gurb é an taighde is fearr dá bhfuil le fáil ar an ábhar ná an *2001 Social Attitudes Survey*.
buanna ceannasaíochta leadership skills
" "Beidh a thaithí agus a chuid buanna ceannasaíochta mar imreoir agus mar bhainisteoir an-luachmhar dúinn agus muid ag déanamh ár ndíchill an saincheadúnas seo a thabhairt ar ais go barr an NBA, an áit ar cheart dó a bheith.
an-oilte very skilled
" "Tá na comhairleoirí sa státseirbhís an-oilte agus an-dúthrachtach i gcónaí agus ba cheart gur go hannamh a lorgófaí comhairle ó shaineolaithe ón taobh amuigh.
scileanna maithe oifige good office skills
" Mar shampla, má tá scileanna maithe oifige agat, Microsoft Office san áireamh, go minic ní fhaigheann tú ach £5 (€7.
scileanna cumarsáide ar ardchaighdeán communications skills of a high standard
" Tá cuma mhaith orthu; gléasann siad go néata agus go faiseanta; tá líofacht chainte agus scileanna cumarsáide ar ardchaighdeán acu agus tá sé éasca réalta teilifíse a dhéanamh astu.
oilte skilled
" An rud a chuireann iontas uirthi ná chomh hoilte is atá go leor dá cuid scoláirí.
oilteacht skill
" Leabhar léannta ó pheann saoi le léann; is léir sin ar líofacht agus ar oilteacht na scríbhneoireachta aige.
oilte skilled
" Tá deacracht ann daoine oilte a fháil agus tógann sé tamall fada oiliúint a chur ar dhaoine.
chothú scileanna cumarsáide fostering communication skills
" Grúpa deas bríomhar atá ann, gan leisce dá laghad orthu labhairt amach am ar bith! Is ar chothú scileanna cumarsáide agus ar chúlra cultúrtha na Gaeilge a chuirim an bhéim.
scileanna teicniúla na ceirde the technical skills of the trade
" Tá cuid acu le cloisteáil beo ar an aer, agus daoine eile ag obair leo sa stiúideo, ag meascadh na fuaime nó i mbun eagarthóireachta, agus iad ag foghlaim scileanna teicniúla na ceirde.
neart postanna ardscile plenty of high-skill jobs
" Cruthófar neart postanna ardscile dá bharr agus bainfidh gnólachtaí sa cheantar an-leas eacnamúil as.
oilteacht skill
" Daoine a bhfuil céim acu agus daoine fásta a léiríonn oilteacht i nGaeilge agus i mBéarla a ligtear isteach ar an gcúrsa a sheasann 24 seachtain.
breis scileanna extra skills
" Is féidir leo breis scileanna a thabhairt do na daoine atá fostaithe cheana féin acu, is é sin traenáil a thabhairt dóibh.
Sárscil excellent skills
" Sárscil agus cumas iománaíochta a léirigh foirne Chorcaí agus Thiobrad Árann an lá sin.
oilteacht skill
" Daoine a bhfuil céim acu agus daoine fásta a léiríonn oilteacht i nGaeilge agus i mBéarla a ligtear isteach ar an gcúrsa a sheasann 24 seachtain.
oilte skilled
" Bhí sé aitheanta mar ealaíontóir oilte *chiaroscuro *agus rinne sé a shaibhreas as portráidí.
oilte skilled
" CÓD: Is fear fliúite é Johnny a sheinneann an veidhlín níos minicí ná an fhliúit, sárcheoltóir é atá oilte i mórán saghsanna eile ceoil, ar nós an cheoil chlasaicigh (múineann sé an fhliúit chlasaiceach) agus snagcheoil, ach ar mo chuma féin, tá a chroí i gceol Shliabh Luachra.
na bunscileanna seinnte the basic playing skills
" Is dócha freisin go raibh sé ar cheann des na chéad phíosaí a chóirigh an chéad ghrúpa ceoil ina raibh mé, do réamhbhabhtaí Slógadh – píosa simplí ach álainn ceoil a bhí éasca go leor a sheinnt gan ach na bunscileanna seinnte foghlamtha againn.
na bunscileanna seinnte the basic playing skills
" Is dócha freisin go raibh sé ar cheann des na chéad phíosaí a chóirigh an chéad ghrúpa ceoil ina raibh mé, do réamhbhabhtaí Slógadh – píosa simplí ach álainn ceoil a bhí éasca go leor a sheinnt gan ach na bunscileanna seinnte foghlamtha againn.
scileanna bunúsacha teanga basic language skills
" Níor chuir sé fiacail ann nuair a dúirt go raibh ag teip go hiomlán ar an chur chuige atá againn faoi láthair mar nach mbíonn na scileanna bunúsacha teanga ag go leor d’aos óg na tíre ar fhágáil na scoile dóibh, ainneoin go gcaitheann siad ceithre bliana déag á foghlaim.
scileanna áirimh enumeration skills
" Cloistear go minic nach bhfuil ár gcuid scileanna áirimh thar moladh beirte ach go bhfios dom ní mholtar riamh gur cheart Matamaitic a bhaint ón churaclam.
bunscileanna an cheoil basic musical skills
" Níor tháinig bunscileanna an cheoil go héasca chugainn agus dá bharr sin bhí ár gceol lán amscaíochta agus poll.
ó thaobh scile, crógachta agus luas na himeartha as regards skill, bravery and the speed of the playing
" Ní raibh na cluichí iomána tríd is tríd thar barr go dtí seo i mbliana, áfach, ach fós buaileann siad aon chluiche eile ó thaobh scile, crógachta agus luas na himeartha.
scileanna maithe taidhleoireachta good skills of diplomacy
" Léirigh sé scileanna maithe taidhleoireachta nuair a chuir sé brú ar CLG Páirc an Chrócaigh a chur ar fáil do chluichí eile ar bhonn sealadach.
a scileanna ceannasaíochta her skills of leadership
" Fear ar fhuath leis polaitíocht Thatcher ach a raibh meas pearsanta aige ar a scileanna ceannasaíochta.
an easpa scileanna the skills shortage
" Cúis amháin atá leis sin ná an easpa scileanna atá i gcuid de na réimsí oibre anseo, rud nár thug Rialtas na hAstráile mórán suntais dó go dtí trí bliana ó shin.
poist oilte skilled jobs
" Bogearraí a dhearann an comhlacht seo agus arís is poist oilte atá i gceist.
scileanna múinteoireachta a fhoghlaim to learn teaching skills
" Tugann sé deis do na hamhránaithe traidisiúnta scileanna múinteoireachta a fhoghlaim agus tugann sé deis do na múinteoirí an amhránaíocht a shealbhú.
níos oilte more skilled
" Is minic lucht blagadóireachta níos oilte ina réimse saineolais féin ná na hiriseoirí a bhíonn ag plé leis ó am go chéile.
a bhuíochas ar shárscileanna thanks to the great skills
" Agus d'éirigh go hiontach leis an tionscal, a bhuíochas ar shárscileanna Shaun Greenhalgh – a bhí freagrach as an chóipeáil – agus a athair George, a mheall na saineolaithe lena scileanna margaíochta, mar a mheallfadh iascaire ardoilte an t-iasc isteach ina líon.
scileanna margaíochta, marketing skills
" Agus d'éirigh go hiontach leis an tionscal, a bhuíochas ar shárscileanna Shaun Greenhalgh – a bhí freagrach as an chóipeáil – agus a athair George, a mheall na saineolaithe lena scileanna margaíochta, mar a mheallfadh iascaire ardoilte an t-iasc isteach ina líon.
léiritheoir an-oilte a very skilled producer
" Ba é Lance a mhol gur chóir dom dul chun cainte le seanchara linn – léiritheoir an-oilte darb ainm dó Shea Fitzgerald.
Ceoltóirí oilte skilled musicians
" Ceoltóirí oilte agus daoine áille atá iontu – daoine a thug a gcuid ama dom ar bheagán airgid, nó saor in aisce.
thaobh an dochair a rinneadh do scileanna tuismitheoireachta na nglúnta goidte in terms of the damage that was done to the parenting skills of the stolen generations
" De réir na tuarascála, tá drochthorthaí an pholasaí fós le sonrú i measc Bhundúchasaigh na hAstráile, ó thaobh an dochair a rinneadh do scileanna tuismitheoireachta na nglúnta goidte ach go háirithe.
scileanna an-mhaithe cumarsáide very good communication skills
" Níl bhíonn sé ag iarraidh jóc a insint duit gach cúig nóiméad agus is duine oscailte é a bhfuil scileanna an-mhaithe cumarsáide aige.
le cumas teanga iarratasóirí a mheas, to assess language skills of applicants
" Is slat tomhais éifeachtach agus neamhspleách é Teastas Eorpach na Gaeilge, ar féidir leis an bhfostóir úsáid a bhaint as le cumas teanga iarratasóirí a mheas, seachas an riachtanas “Gaeilge líofa ag teastáil” a bheith luaite ar fhoirm iarratais, riachtanas atá ró-oscailte agus teibí.
na bunscileanna the basic skills
easpa scileanna bainistíochta a lack of management skills
" Níor sáraíodh aon dlí, ach deir daoine áirithe go léiríonn an eachtra seo go bhfuil easpa scileanna bainistíochta i gceist san FAI (dála Choiste Contae Chorcaí agus an IRFU?) agus go bhféadfadh an easpa seo deacrachtaí a chruthú agus an t-eagras ag iarraidh dul i mbun a ghnó ar bhealach cuí neamhspleách.
scileanna céanna same skills
" Is cosúil nach bhfuil na scileanna céanna ag Kenny ó thaobh tuairimí an phobail a mheas – dá mbeadh, ní dhéanfadh sé an scian a shá in Ahern le linn don chuid eile den domhan a bheith á mholadh go hard.
oilte iontu araon skilled in both of them
" Ní hamhlaidh é i gcás Ní Dhuibhne; is fearr léi saothar a chumadh as an úr sa dá theanga oifigiúla agus tá aitheantas saothraithe aici mar údar atá oilte iontu araon.
na scileanna fisiceacha. the physical skills.
" Is í an aidhm a bhíonn i gceist, dar ndóigh, ná bua a bhaint amach agus, dá bhrí sin, is gá cúram a dhéanamh de na próisis intinne chomh maith leis na scileanna fisiceacha.
scileanna maithe idirphearsanta could interpersonal skills
" ***Míbhuntáistí:*** Níl scileanna maithe idirphearsanta aige agus é ag plé lena chomhghleacaithe nó le grúpaí san earnáil iompair.
scileanna taidhleoireachta diplomacy skills
" ***Míbhuntáistí:*** Pearsantacht bhorb agus ghrod aige agus is cinnte nach mbeidh scileanna taidhleoireachta Ahern aige agus é i mbun cainteanna leis na pairtnéirí sóisialta.
scileanna praiticiúla agus acadúla practical and academic skills
" Tá iarchéimeanna lán-Ghaeilge Fiontar, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath, deartha le forbairt leanúnach ghairmiúil agus le scileanna praiticiúla agus acadúla na rannpháirtithe a threisiú agus iad a ullmhú do na gairmeacha taitneamhacha dúshlánacha atá ar fáil dóibh.
scileanna iontacha taidhleoireachta wonderful diplomacy skills
" Measaim go bhfuil an-jab á dhéanamh ag Máire Mhic Ghiolla Íosa agus is minic a bhíonn orm gar a iarraidh uirthi – tá scileanna iontacha taidhleoireachta aici.
an-oilte highly skilled
" ” Is beirt cheoltóirí an-oilte iad an bheirt bhall eile atá le Cathy in Unwanted.
óráidíocht oratory skills
" Chuaigh óráidíocht Obama i bhfeidhm go mór orm.
togail inbhe building skill, empowering
" Tha goEvents an sàs ann a bhith a' togail inbhe agus a' leasachadh gnìomhachasan cruthachail air feadh na Gàidhealtachd 's nan Eilean.
ardoilte highly skilled
" Tá cúirt uachtarach in Éirinn, agus an ról ceanann céanna aici agus atá ag ceann Mheiriceá (ar ndóigh, tá codanna go leor de Bhunreacht na hÉireann bunaithe ar Bhunreacht Mheiriceá), ach is annamh é i mbéal na ndaoine mar atá ceann Mheiriceá, agus is beag Éireannach, fiú iadsan atá ardoilte, a d'fhéadfadh baill na Cúirte Uachtaraí a ainmniú.
shaincheird special skill
" Rinne Susperregui, a mhúineann Cumarsáid in Ollscoil Thír na mBascach agus an ghrianghrafadóireacht mar shaincheird aige, mionscrúdú ar an phictiúr agus maíonn sé nach bhfuil tírdhreach an phictiúir ag teacht le tírdhreach Cero Muriano.
Ceird stáitse stage skill
an-oilte very skilled
" Tá an t-imreoir idirchontae an-oilte ar gach bealach agus in ann é féin a chosaint go maith, ach ní fíor sin ag gach grád den chluiche.
ceird a skill
" An té a bhfuil ceird aige ach go seáineann duine eile nach bhfuil an cheird i gceart aige, níl aon olc go dtí é.
oilte skilled
" Tá muintir óg na hÉireann saoithiúil, oilte, uaillmhianach agus ábalta.
oilteacht skill
" Ritheann sé liom, agus ní den chéad uair, dá mbeadh an CLG, ach oiread leis an Rialtas féin, dáiríre faoin nGaeilge a chur chun cinn, go mbeadh méid áirithe de chluichí móra an tsamhraidh beo ar TG4 – ní hé nach bhfuil an oilteacht agus an saineolas ag an stáisiún.
oilte trained, skilled
" Mhínigh Ó Tuairisg gur thapaigh siad an deis le bheith ag obair le beirt atá chomh oilte leo agus a bhfuil a oiread sin tallainne acu agus gur thug an nasc deis dóibh leathnú amach mar chompántas chomh maith le lucht féachana níos mó a aimsiú.
ealaíon trick, skill
" Bhunaigh Ciarán mac int Saír (9 Meán Fómhair) Cluain Mac Nóis sa bhliain 545 agus níor dúnadh é go dtí an bhliain 1552 – breis is míle bliain - nuair a bhí an Sasanach ag foghlaim ealaíon an Pax Britannica abhus, ealaíon a cuireadh chun cinn trasna mhórchodanna den domhan ar ball.
níos inniúla more skilled
" Ach bhí iománaithe na háite níos inniúla ar na cúil a aimsiú agus dob é an cúl a d’aimsigh Naoise Ó Lionáird a chuir Na Breathnaigh chun cinn agus bhí an bua ag fir Chois Fharraige ar éigean leis an scór dhá chúl agus naoi gcúilín i gcoinne trí chúilín déag.
hoibrithe láimhe manually skilled workers
" Is iad na hoibrithe láimhe, na hoibrithe sa tionscal tógála, abraimis, nó na hoibrithe monarchan, a bheidh thíos leis má chuirtear na leasuithe i bhfeidhm.
a oilte how skilled
" Ba phribhléid dom a bheith ag breathnú ar imreoirí chomh maith le Fabregas, le Nasri, le Tevez, le Arshavin, le Silva ag léiriú a oilte is atá siad os comhair mo dhá shúil.
ceird na réiteoireachta the skill of refereeing
" Chuaigh mé chun cainte le hAodán le déanaí agus roinn sé go leor dá chuid smaointe i dtaobh ceird na réiteoireachta liom.
buanna advantages, skills
" Is féidir talamh slán a dhéanamh de go mbeidh an teicneolaíocht is nua-aimseartha in úsáid ag lucht gnó agus ag polaiteoirí na tíre chun a gcuid spriocanna a chur i gcrích – tá sé tábhachtach go mbeadh na buanna céanna ag an lucht forásach agus timpeallachta, chun dúshlán mar is cóir a thabhairt do na beartais a théann thar fóir.
cleasanna den chineál sin similar skills
" Cead Báis á Síniú ag Máthair ============ Mar chuid den chúrsa, bhí orthu dul suas ar na cnoic in éineacht liom le hairdrianú agus cleasanna den chineál sin a chleachtadh.
an-oilte very skilled
" Tá Villeneuve an-oilte mar cheardaí scannáin.
scileanna scannáin film skills
" Bheadh scileanna scannáin Leni Riefenstahl de dhíth ar an té a léireodh teacht chun talún an tsaorspioraid eisceachtúil áirithe seo.
ar chlúití a scileanna ragairneachta whose drinking skills were more famous
" Tá ciúnas an bháis sa longlann anois agus an long dobháite ar ghrinneall na mara; tá sárpheileadóir, ar chlúití a scileanna ragairneachta ná a scileanna peile in amanna, ar shlí na fírinne mar gheall ar an iomarca fuisce agus fuair aicme oibre dílseach bás ina sluaite ag an Somme mar gheall ar impiriúlachas an gheilleagair.
an-oilte ar very skilled
" Bhí meascán daoine de gach aois ag dul timpeall, cuid acu an-oilte ar an sciáil agus an chuid eile fós ag dul i dtaithí uirthi.
an cheird a mhúineadh dhúinn to teach us the skills
" Ba cheart dhúinn nuair a thairg siad, sna seachtóidí, an cheird a mhúineadh dhúinn.
chomh hoilte sin so skilled
" Bhí sé chomh hoilte sin – go háirithe ó thaobh seiceanna bréagacha a chruthú de – gur thug an FBI post dó sa deireadh.
breathnaitheacha observatory (skills)
" Caithfidh, freisin, nach bhfuil ceann ceart á thabhairt acu ach an oiread do scileanna breathnaitheacha na ndeartháireacha Foenkinos, ná d’éacht na beirte aisteoirí.
a gcuid imeartha the playing (skills)
" Beidh foireann peil ghaelach na scoile ag feabhsú a gcuid imeartha i gcluichí nuair a chasfaidh siad i gcoinne foirne óga i Sord agus i mBaile an Chaistil.
d’fhoghlaim sé an cheird i dtosach he honed his skills in the first instance
" Fear de na hardstiúrthóirí ag BBC Alba, Alan Esslemont, is ag TG4 a d’fhoghlaim sé an cheird i dtosach.
mhiotalóir sároilte a highly skilled metallurgist
" De réir Uí Oireachtaigh, is féidir an Chí-ró seo, an t-aon earra amháin a bhfuil ealaíontóireacht den scoth ag baint leis atá fágtha sa suíomh, a chur síos do Assicus, a bhí ina mhiotalóir sároilte.
an cheird craft, skill
" D’iarr sé orm agallamh beirte a scríobh, ach ní raibh tuiscint cheart agam ar an cheird ar chor ar bith.
chomh ghéarchúiseach oilte as sharp and skilled
" Ní minic a chruthaítear scoláire chomh ghéarchúiseach oilte le Gearóid Ó Crualaoich.
is daonna á chailliúint againn we’re losing one of the most human (of skills)
" Tá ceann de na scileanna is daonna á chailliúint againn: an machnamh domhain.
an scil mhór seobh this great skill
" Agus ansin tá na tonntracha móra ag teastáil ón dream a bhfuil an scil mhór seobh acu, tig leofa dul taobh thiar idir na hoileáin anseobh agus tá sé sin acu.
stuama, oilte, deisbhéalach prudent, skilled, well spoken
" Níl siad sásta nach bhfuil sé ar bhonn uile-Éireann, ach dar linne, má táimid le freastal ar na pobail as a dtagaimid agus seasamh ar son a gcearta siúd, caithfimid ár gcás a chur chun cinn i bhfoirm ionadaithe poiblí atá stuama, oilte, deisbhéalach, atá in ann taighde a dhéanamh agus cás a throid ar na ceisteanna ar fad atá tábhachtach don phobal.
gcócaire oilte skilled chef
" Ach ag an ndeireadh thiar thall, is féidir linn an ceol glórach sotalach de chuid New Orleans a aithint mar phearsantacht eile ann féin sa chlár, pearsantacht ar leith a labhraíonn linn leis an muinín chéanna a chloistear ón ollamh radacach feargach a chaitheann anuas ar bhotúin President Bush gach oíche ar *Youtube* (John Goodman) agus a labhraíonn ón gcócaire oilte a dhéanann iarracht éalú óna chathair thnáite (Kim Dickens ó *Deadwood*).
Foghlaimeoidh páistí óga scileanna úsáideacha foclóireachta young children shall learn lexical skills
" Foghlaimeoidh páistí óga scileanna úsáideacha foclóireachta leis an leabhar seo a sheasfaidh leo ar feadh a saoil.
oilte skilled
" An mbeidh iománaithe óga, oilte Chorcaí rómhear agus rólúfar d’iománaithe Átha Cliath, nó an seasfaidh an taithí agus an sracadh fada atá gnóthaithe ag fir na hardchathrach le roinnt blianta anuas leo leis na Corcaigh a chloí? Agus céard faoi Luimneach agus an Clár? Garchomharsana is ea iad dar ndóigh, agus is cinnte go mbeidh coimhlint an-ghéar eatarthu.
ar na peileadóirí is deise stíl agus is oilte one of the most stylish and skilled players
" Is breá an rud é An Cábhán a fheiceáil i bPáirc an Chrócaigh arís agus tá súil agam go mbeidh cluiche maith ag Martin Ó Duinn in aghaidh Chiarraí mar go bhfuil sé ar na peileadóirí is deise stíl agus is oilte atá feicthe agamsa i mbliana.