Tá nós eile acu fosta: fágann siad leathghloine Rosé ar an bhord agus bailíonn siad leo chun an bhaile! Scannalach agus an méid sin ocrais agus gorta sa domhan! Ar scor ar bith, ní hiontas go bhfuil gach duine acu chomh caol le cú! **Pétanque**
Oíche amháin d’imir muid Boules, nó Pétanque mar a deir siadsan.
comhréireanna caola a chuid dealbhthe slender proportions of his statues
Dúirt Giacometti, agus é ag caint leis an léirmheastóir David Sylvester gur rud neamhdheontach a bhí ina mhodh oibre agus gur mheas sé féin go raibh fírinne agus beocht ag baint le comhréireanna caola a chuid dealbh nár mhothaigh sé nuair a d'amharc sé ar dhealbhóireacht chlasaiceach.
Bíonn laochra idéalacha uainn chun an chuid is uaisle dínn féin a nochtadh dúinn féin: Artúr, Robin Hood, Fianna Éireann na n-each seang, Éamon an Chnoic.