Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
sliocht offspring
"sliocht Dwyer scaipthe ar fud na hAstráile anois agus bhí triúr acu i láthair ag an Aifreann cuimhneacháin Domhnach Cásca.
sliocht passage
" Bhí gach sliocht a thagair don Aire Cosanta Jim Gibbons marcáilte ar an gcáipéis sin.
shliocht offspring
" Is de shliocht agus de shíol an bhandé Duibhne (Dovinia) - ainm atá greanta ar chlocha oghaim na leithinise - iad muintir Chorca Dhuibhne.
sliocht descendants
" Tá cúis chúirte ar siúl le hocht mbliana ag sliocht na lorgairí ag iarraidh $84 milliún (cúiteamh agus cumas infheistíochta san áireamh).
do shliocht ár sleachta for our children's children
" Mar gheall ar a n-íobairt, tá sé de dhualgas orainn anois cabhrú lena chéile agus domhan nua cothrom carthanach síochánta a chruthú do shliocht ár sleachta.
sliocht offspring
" Ach tá taobh eile ag an ainmhí seo, mar murab ionann agus formhór na gcat is ar an alcól a mhaireann sliocht an Tíogair Cheiltigh.
sliocht descendants, offspring
" Bhí sé i gceist againn ó thosach díriú ar mhuintir na hÉireann, idir leanaí scoile agus dhaoine fásta, *agus *ar an sliocht Éireannach ar fuaid an domhain.
sleachta passages
" Má shiúlann tú thart ar an taispeántas, beidh tú ábalta sleachta a léamh as leabhair staire, nó sleachta as díospóireachtaí polaitiúla ó aimsir an Ghorta, atá ar taispeáint ar bhallaí an struchtúir.
sliocht excerpt
" " An chéad lá sa scoil, léigh an múinteoir Béarla, Tomás Breathnach, sliocht as leabhar agus d'fhiafraigh sé de na daltaí cad é a mbarúil faoi.
de shliocht Éireannach of Irish descent
" Ní raibh eolas ar bith aici ar an chultúr Gaelach ná ar an teanga ar feadh na mblianta agus níor thuig sí fiú gur de shliocht Éireannach í féin.
de shliocht Éireannach of Irish descent
" Go bhfios dom ag an am, ní duine de shliocht Éireannach a bhí ionam.
sliocht inimirceach descendants of immigrants
" Taobh amuigh de na Bundúchasaigh, is inimircigh an chuid eile de dhaonra na tíre, nó sliocht inimirceach, nó sliocht na ndaoine a tugadh chun na tíre i gcoinne a dtola.
de shliocht Éireannach of Irish descent
" Go mbunófaí Ollscoil lán-Ghaelach sa Ghaeltacht agus, tríd an idirlíon, go gcuirfí a cuid cúrsaí ar fáil do dhaoine de shliocht Éireannach timpeall an domhain.
de shliocht Éireannach of Irish descent
" Soilseadh an ghrian! Sin an rud atá á rá ag Tim Carey agus ag go leor daoine eile i Nua-Eabhrac ar de shliocht Éireannach iad, agus ní go díreach toisc gur mhaith leo laethanta leisciúla samhraidh a fheiceáil tar éis aimsir chomh léanmhar sin a bheith ann i rith an gheimhridh.
sleachta passages
" Agus tú ag siúl timpeall an taispeántais, d'fhéadfá sleachta a léamh as leabhair staire, nó ó dhíospóireachtaí polaitiúla a tharla roimh aimsir an Ghorta, ar bhallaí an struchtúir.
chuig a sliocht to their offspring
" Sa bhliain 2001 chuaigh grúpa mór de mhuintir Áranna anonn ar cuairt chuig a sliocht agus níos luaithe i mbliana tháinig 57 de bhunadh Oileán na mBéabhar abhaile ar cuairt ar feadh cúpla oíche.
sleachta excerpts
"sleachta as saothar scríbhneoirí físeacha nua-aoiseacha mar Raymond Roussel agus Janis Karl Huysmans meascaithe isteach leis.
a shleachta sin their offspring
" Cad é a dhéanfadh na glúnta atá fós le teacht, gan trácht ar a shleachta sin agus ar shleachta a sleachta.
sleachta excerpts
" Tá breis is 2,000 uair an chloig curtha ar fáil, agus tá caint bhladhmannach agus ghránna Nixon mar gheall ar na hÉireannaigh le fáil sa charn is déanaí a cuireadh ar fáil - a bhfuil sleachta díobh foilsithe in eagrán mhí Mheán Fómhair den iris *The Atlantic Monthly*.
sleachta passages
" Is iar-mheánmhúinteoir Béarla mé agus, dála cuid mhór de mo chomhghleacaithe, bainim sult as sleachta le húdair áirithe a chur de ghlan mheabhair agus, uaireanta, a úsáid nuair a bhíonn deis oiriúnach ann.
sliocht excerpt
" ) Seo sliocht as dán atá le fáil sa Bodleian Library, Oxford, a scríobhadh síos sa 15ú haois agus ar dúradh faoi gurbh é Colm Cille féin a chum.
de shliocht Éireannach of Irish descent
" Daoine eile a bhfuil cónaí orthu i dtíortha éagsúla ar fud an domhain (ar daoine de shliocht Éireannach cuid acu agus ar dream an chuid eile nach bhfuil aon cheangal acu le hÉirinn) a dhéanann gach iarracht an teanga a shealbhú agus a úsáid chomh minic agus is féidir leo.
de shliocht mhuintir na tuaithe of country background
" Is de shliocht mhuintir na tuaithe, is é sin muintir na hÉireann uile, céatadán ard, b'fhéidir chomh hard le 80% in áiteanna, de bhaill CLG san ardchathair.
sleachta as dánta excerpts from poems
" Uaireanta scríobhainn seanfhocail agus sleachta as dánta ar na cártaí.
sleachta excerpts
" “Bíonn sleachta ó na scannáin seo á n-úsáid an t-am ar fad i gcláracha faisnéise comhaimseartha,” a deir Marcus.
sleachta as dánta excerpts from poems
" Uaireanta scríobhainn seanfhocail agus sleachta as dánta ar na cártaí.
duine dá shliocht one of his descendants
" Thug duine dá shliocht an bád d'Ard-Mhúsaem na hÉireann i 1944 agus bhí sé le feiceáil i Músaem na Mara i nDún Laoghaire idir 1972 agus 2000.
a sliocht their descendants
" Go minic tagann a sliocht go hIarsmalann Ulapul lena bhfréamhacha a aimsiú.
de shliocht Éireannach agus Eorpach of Irish and European descent
" Charles, áit a bhfuil inimircigh de shliocht Éireannach agus Eorpach ina gcónaí taobh le taobh.
ag tagairt do shleachta éagsúla ón mBíobla referring to various excerpts from the Bible
" Go tobann, tá na haerthonnta, agus leathanaigh litreacha na nuachtán, lán, agus gach fear agus bean mhire ag tagairt do shleachta éagsúla ón mBíobla mar chruthúnas ar cén bealach a vótálfadh ár Slánaitheoir sa reifreann seo dá mbeadh sé beo.
duine éicint dá shliocht one of his offspring
" leathnaíonn siadthey spread is tú ag dul tharstuas you pass them duine éicint dá shliochtone of his offspring éachtfeat ag maíomh asboasting about it brogús camphusacha sour-faced humourless person ina intinn míoltóigein his midge mind a mhalairtthe opposite próistethin, spindly person ag cur chuige ná uaidhbothering him a mhímhúineadhhis unmannerliness an ghráin shíoraídeep hatred faoi tharcaisneheld in contempt dá mbeadh breith ar a n-aiféala ag daoineif people could undo what they had done seaftaíshafts corrdhuinethe odd person deargscabhaitéaraa total blackguard airdheed nuair a thitidíswhen they used to fall ag tochas a mhullaighscratching the top of his head rúnintention é a dhíbirtto drive him out go raibh diomar airthat there was something wrong with him plódaícrowds Ag tairiscint breabanna.
sleachta as na nuachtáin excerpts from newspapers
" Déanaim iarracht meascán maith de stór focal ag baint le téamaí nua agus pointí gramadaí a theagasc, agus sleachta as na nuachtáin nó as dán le Nuala Ní Dhomhnaill nó Cathal Ó Searcaigh a léamh gach lá.
sliocht offspring
" Caithfimid bheith dóchasach go mbeidh dearmad glan déanta faoin mbliain 2025 nó 2035 ar óráid sin Tony Blair faoi chúrsaí núicléacha, ach go mbeidh sliocht Wavebob (agus b’fhéidir sliocht Pelamis agus Archimedes freisin) ag soláthar ár gcuid leictreachais dúinn – go glan agus go hinbhuanaithe.
a sliocht their descendants
" Agus má tá an oiread sin tábhachta ag baint le himeascadh, mar atá á rá ag an rialtas faoi láthair, nár chóir go mbainfeadh sé sin freisin leis na daoine a thug Béarla anseo i dtosach agus a sliocht agus go gcloífí leis na teangacha a bhí anseo roimhe sin? Tá Dáithí Ó Colchúin ina chónaí i Sydney.
de shliocht Maracach of Morrocan descent
" As an Bheilg í Atlas ach is de shliocht Maracach í agus canann sí in Araibis.
de shliocht Maorach of Maori descent
" * Is duine de shliocht Maorach é Ihimaera, agus tá sé an-bhródúil as a oidhreacht.
ag léamh sleachta as scéal eachtraíochta reading excerpts from an adventure story
" Theo Weber ag treorú shruth na hócáide; a mhac Aonghus ag léamh giota as fógra báis a scríobhadh faoi Phádraig; deartháir Phádraig ag léamh sleachta as scéal eachtraíochta a scríobh Pádraig nuair a bhí sé sna déaga; fear céile Nuala (iníon Theo) ó Mheicsiceo ag seinnt giotáir agus ag canadh amhráin a chum sé don ócáid.
sleachta an-ghairid very short excerpts
" Roghnaíonn Mac Uistín sleachta an-ghairid as aistí Béarla an Phiarsaigh, "The Murder Machine" agus "Ghosts", mar shampla.
sliocht an excerpt
" ” Canann sé amhrán; canann Bríde chomh maith; deir Herward, dlúthchara Ger, sliocht as an *Book of Invasions* – tuigim anois crógacht Ger – é i gcónaí ag iarraidh a lorg a fhágáil ar an domhan trí mheán na healaíne, trí fhilíocht, ceol nó snoíodóireacht.
sleachta éagsúla various excerpts
" Tá an triúr seo agus foireann óg chumasach, idir Éireannaigh agus Indiaigh, ag iarraidh cnuasach a chur le chéile ina mbeidh sleachta éagsúla ó scríbhneoireacht an dá chultúr, ag dul siar go dtí an mhiotaseolaíocht, go dtí an fhilíocht, agus iad a chur i gcomparáid lena chéile.
sliocht excerpt
" Feicimid sa sliocht beag féin na téamaí a chíor Mac Grianna ina chuid gearrscéalta agus ina chuid úrscéalta.
ag léamh sleachta reading excerpts
" Beidh údair aitheanta na Gaeilge mar Gabriel Rosenstock, Ríona Nic Chongáil agus Tadhg Mac Dhonnagáin ag léamh sleachta óna saothar go poiblí in áiteanna éagsúla ó Bhaile Átha Cliath go Gaillimh; ó Aontroim go Ciarraí.
sleachta as an leabhar sin extracts from that book
" Tá Lunny ag léamh mhórshaothar Sheosaimh Mhic Grianna, *Mo Bhealach Féin*, faoi láthair agus tá sé beartaithe aige sleachta as an leabhar sin a fhí isteach sna píosaí ceoil atá á scríobh aige d’Fhéile an Earagail.
shliocht sleachta (the) descendants
" Tháinig tionóntaithe Caitliceacha as an tsáinn a raibh siad ó shin agus díoladh a mbanc leis an Danske Bank Group trí bliana ó shin mar nár riachtanach a thuilleadh é do shliocht sleachta an dreama a bhunaigh é.
shliocht inimirceach born of immigrants
" Bean de shliocht inimirceach (athair as Maracó, an mháthair as an Ailgéir), is í ‘la femme symbole’ de chuid rialtas Sarkozy, fianaise (b’fhéidir!) nach bladar é an chaint seo ar fad ar ré nua na hoscailte.
de shliocht na nGael of Irish descent
" Ba é an chéad uachtarán Caitliceach ar na Stáit Aontaithe, an chéad duine de shliocht na nGael.
shliocht breeding
" ” Ceapaim go mba é an sóisialach as Dún na nGall, Peadar O Donnell a dúirt go mba de shliocht graibéara gach tiarna talún.
sleachta excerpts
" Nóta Buíochais: Gabhaim buíochas leis an Ollamh Dáibhí Ó Cróinín a chuir ar fáil na sleachta as scríbhinní Phallaidigh, atá reicthe agam san alt seo.
sliocht an excerpt
" Dhiúltaigh sé teacht, mar fuair Mac Suibhne bás ar stailc ocras agus d'fhoilsigh Breandán sliocht as an litir a chuir Laffan chuig an GLC: "Many people would assume that there was an association between a series with such a title and more recent Provo/ INLA hunger strikers.
shleachta offspring
" Diongónna a thugtar ar shleachta na madraí seo agus maítear gur de bharr iomaíochta le haghaidh bia leis na madraí nua a díothaíodh tílicín na hilchríche.
sleachta excerpts
" Is fiú súil a chaitheamh ar na sleachta de atá amuigh ar youtube cheana féin chomh maith.
shliocht offspring
" Rugadh agus tógadh Charlie i Londain Shasana, ach is mar Éireannach a tógadh é ar nós go leor eile de shliocht na nGael a rugadh agus a tógadh thar lear.
sliocht piece
" Seo daoibh anois, más ea, smaointe doimhne, duairce, domhaiseacha eagarthóir na liarlóige leimhe leibidí seo: Balor: Den chéad uair riamh tá an deis agam agallamh a chur ar eagarthóir Beo Ar Éigean!, ach fós tá mé cinnte nach gcuirfidh tú an sliocht seo ar bharr an leathanaigh bhaile.
sliocht descent
" An t-aon duine den chine geal i gceantar plódaithe, ina bhfuil sliocht na nAfraiceach a tugadh mar sclábhaithe chun na Brasaíle ag streachailt leis an saol go laethúil, tá Alex ag iarraidh teacht ar rún mhuintir na háite: conas a éiríonn leo saol sona a chaitheamh in áit atá beo bocht? Rugadh Alex Hijmans in Heemskerk, san Ísiltír, i 1975.
shliocht excerpts
" com/watch?v=4mpLvUY8TUE Is léir ón dá shliocht sin go bhfuil ‘Away We Go’ go mór fá chomaoin luathscannáin Woody Allen.
sliocht excerpt
" 4% á mholadh go náisiúnta! An sliocht as tuairisc Choiste na gCiorraithe a tugadh ag tosach an ailt seo thuas, tugann sé le fios go bhfuil an t-airgead a chaitear ar scéimeanna sa Ghaeltacht á thógáil amach as cistí airgid dóibh siúd ‘atá ar an ghannchuid’.
an-sleachta great pieces
" Tá an-suim agam sa Farmers Journal mar bíonn an-sleachta sa Farmers Journal ar an saol talmhaíochta, feilméireachta agus lár tíre.
de shliocht Caibíl of Kabyle descent
" Thug imreoir clúiteach eile Zinedine Zidane, Francach de shliocht Caibíl na hAilgéire, léargas maith ar chluiche seo na mbocht ar chlár teilifíse a craoladh ar TG4 ar na mallaibh.
sleachta excerpts
" Bainim ana-thaitneamh go deo as an leabhar - meascán de dhialann Mháire agus sleachta as litreacha abhaile a chruinnigh a máthair.
shliocht racmasach a wealthy family
" Ón Confessio tá a fhios againn gur tháinig Pádraig ó shliocht racmasach áit éicint sa Bhreatain, gur tugadh go hÉirinn é mar sclábhaí ag 16 bliana d’aois, gur aimsigh sé Dia le linn a thréimse i mbraighdeanas agus gur iompaigh sé ar phaidreoireacht, rud a thug suaimhneas dhó.
gearradh sleachta agus greamú cutting and pasting tracts
" Cén sórt taighde atá déanta acu mar sin? Taighde oifige, cinnte, mar déanann sé gearradh sleachta agus greamú ón *Lonely Planet Guide* agus ón *SAC Report*.
sliocht an excerpt
shliocht Mharacó of Moroccan extraction
" An tráthnóna céanna, chonaic muintir na hÍsiltíre ógánaigh Mhuslamacha, stócaigh óga de shliocht Mharacó a bhformhór, ag damhsa agus ag ceiliúradh ar shráideanna na hOllainne.
shliocht descent
" Sular chaill sé a shuíochán san olltoghchán trí bliana ó shin, ba é an t-aon duine amháin de shliocht bundúchasach a bhí ina fheisire sa pharlaimint náisiúnta.
sleachta excerpts
" Tá altanna ón iris á n-úsáid mar ábhar teagaisc ag múinteoirí meánscoile agus ag lucht múinte na Gaeilge do dhaoine fásta, agus tá sleachta á n-úsáid i dtéacsleabhair agus i scrúduithe scoile ó thuaidh agus ó theas.
sleachta excerpts
" Chuir imtheorannaí amháin, Art McMillen as Béal Feirste, litreacha go rialta chuig an Ionad as an Cheis Fhada, nó Cluain Cheise mar a thugtaí ar an áit chomh maith, agus d’fhoilsítí sleachta astu sa nuachtlitir ansin.
sliocht an excerpt
" Léigh Roddy Doyle, buaiteoir Duais Booker 1993, sliocht as a úrscéal *‘The Dead Republic’* mar chuid den fhéile scríbhneoireachta *‘Writing on the Wall’* (WOW) i Learpholl ag tús an tsamhraidh.
beidh a shliocht ar an ngnó the business shall be likewise
" Má bhíonn an t-eolas ar fad faoi do chustaiméirí, nó custaiméirí féideartha, gan ord nó eagair, beidh a shliocht ar an ngnó - ní bheidh an saol oibre ró-éasca.
sliocht an excerpt
"sliocht as dialann mairnéalaigh, Lees, in aice leis an ghrianghraf den chluiche seo: *“Tom Crean, our Irish giant, had a fine way of falling on one and then sitting on one’s chest until the ball was well out of the way,”* a scríobh sé.
tá a shliocht ar it’s evident
" Ar an drochuair, nuair a atógadh na foirgnimh sna 1950í, ní raibh go leor ama, airgid ná cruthaitheacht ailtireachta ag na daoine, agus tá a shliocht ar an áit go dtí inniu féin.
sliocht excerpt
" Creidfidh an tSúil an Ní a Fheiceann Sí =================== Is léir go raibh an file óg ag cuimhneamh ar a taithí phearsanta faoin tuath nuair a scríobh sí an dán, ach go háirithe an cheathrú líne sa sliocht thuas.
sliocht ár sleachta for generations
" Beimid go léir, agus sliocht ár sleachta, ag íoc as an dearcadh sin go ceann tamaill, i saol an airgeadais agus i saol na timpeallachta araon.
sleachta excerpts
" Seo sleachta as an gcomhrá a tharla i ndiaidh léiriú an scannáin: - **Fear óg sa lucht féachana**: ‘Céard atá le foghlaim ag pobal na tíre seo ón scéal seo ar fad?’ - **Ó Seighin**: ‘Gan a gcuid a ligean uatha; na hacmhainní nádúrtha ar leis an bpobal iad a chosaint’.
A shliocht orthu signs on them
" A shliocht orthu, tá rath ar a gcóras siadsan thall ó shin.
shliocht extraction
" au/exhibitions/irish_in_australia/personal_stories/) Roghnaíodh cúig dhuine dhéag, meascán idir Éireannaigh a tháinig chun na hAstráile ar inimirce agus dhaoine de shliocht Éireannach, agus iarradh orthu a mbaint reatha le hÉirinn a insint.
sliocht thíos excerpt below
" Feictear dom go léiríonn an sliocht thíos an fáth a bhfuil an ardurraim seo tuillte go maith ag Éireannaigh na hAstráile.
sliocht as an excerpt from
" Nílim chun a bheith ar mo shóchúlacht le haon scannán a thosaíonn le sliocht as Job, gearrtha le léiriú fíorálainn den Ollphléasc a chuir tús le slabhra na beatha, más fíor don teoiric léannta.
sleachta excerpts
" (Tá sleachta as an Leabhar Glas ag ceann thíos an ailt seo.
sliocht an excerpt
" Léigh sé sliocht as an ráiteas a thug an Príomhaire Tony Blair 31ú Bealtaine 1997: *"That one million people should have died in what was then part of the richest and most powerful nations in the world is something that still causes pain as we reflect on it today.
de shliocht Gaelach of Irish extraction
" Tugann taighde Val Noone agus Mary Doyle (Astrálaigh de shliocht Gaelach agus daoine atá lárnach i bpobal na Gaeilge i Melbourne) an-léiriú ar stair na Gaeilge i Victoria agus tá leabhar á scríobh acu faoi láthair ar an ábhar sin.
shliocht na hÉireann Irish descent
" Agus faraor sin, mar is é Meiriceá Thuaidh ceann de na margaí is mó don teanga, le 38 milliúin daoine a thugann le fios gur de shliocht na hÉireann iad.
sleachta dialainne diary entries
" I ndeireadh an lae, sin atá i Sunday Miscellany chomh maith, gur míreanna eolais atá i gceist, slámanna staire, sleachta dialainne, gach aon chineál scríbhneora, polaitíocht le ‘p’ beag, is dóigh agus taisteal, gach aon chineál ruda.
shliocht backgroung
" Ba é Kerouac, ar de shliocht Francach-Cheanadach é – ba Cheilteach é i ndáiríre mar is sloinne Briotánach é Kerouac – eisean a dúirt: *The only people for me are the mad ones, the ones who are mad to live, mad to talk, mad to be saved, desirous of everything at the same time, the ones who never yawn or say a commonplace thing, but burn, burn, burn, like fabulous yellow Roman candles exploding like spiders across the stars, and in the middle, you see the blue center-light pop, and everybody goes ahh.
sliocht na n-imirceach the immigrants descendants
" Chruthaigh meascán na gcultúr ar fad saíocht úr ar leith, agus maireann sliocht na n-imirceach sin ar an oileán go dtí an lá inniu.
an sliocht the people
" Ba é clann Mhic Neachtain - McCracken - a bhunaigh an nuachtán, an sliocht ónar shíolraigh Henry Joy McCracken, duine de cheannairí na nÉireannach Aontaithe a crochadh i lár Bhéal Feirste i mí Iúil 1798.
sliocht descendants
" Deirtear gur sa chathair seo a shocraigh sliocht Mhíl Espáinne ar theacht chun na hÉireann.
le sliocht with a piece
" Chríochnaigh sé le sliocht ó Parnell: "nach raibh cead ag duine ar bith, bac a chuir roimh dhul chun cinn náisiún.
a shliocht air signs on it
" Tá an galar ag sileadh isteach chuig an damhsa ar an sean-nós agus a shliocht air, beidh an halla lán go buimbéal arís ag Oireachtas na Gaeilge amach sa bhliain.
de shliocht na Gearmáine of a German pedigree
" Ní luaitear go minic gur de shliocht na Gearmáine a shíolraíonn clann ríoga na Sasana, dálta clanna ríoga eile ar mhór-roinn na hEorpa.
de shliocht Éireannach of Irish descent
" Deirtear go minic go bhfuil an Astráil ar an tír is Gaelaí ar domhan, taobh amuigh d’Éirinn í féin, agus meastar gur de shliocht Éireannach iad suas le tríocha faoin gcéad de mhuintir na tíre.
ná lena sliocht éalú ón scáth sin nor their offspring in escaping from that shadow
" ”* An Bhrionglóid Seirce ========= Ní éireodh riamh le muintir na Gearmáine ná lena sliocht éalú ón scáth sin dar le máthair Hugo.
duine de shliocht one of the descendants
" I measc iad siúd a bheas i láthair beidh Johnny Joyce duine de shliocht na Seoigheach a dúnmharaíodh.
a mbíonn siad ag aithris sleachta as which they recite
" Nach mór an trua nár léigh roinnt de na dílseoirí Caibidil 13 den leabhar deiridh den Bhíobla a mbíonn siad ag aithris sleachta as go minic.
a bhfuil sliocht as leis which has left descendants with
" ’ Is iomaí sloinne ó thuaidh a bhfuil sliocht as leis an dá mhórchreideamh ar nós mhuintir Scullion.
Ní raibh sliocht ar an gCeallach féin Kelly didn’t have any children
" Ní raibh sliocht ar an gCeallach féin, ach tugadh a thaisí do shliocht a mhuintire.
tugadh a thaisí do shliocht a mhuintire his remains were given to his siblings’ descendants
" Ní raibh sliocht ar an gCeallach féin, ach tugadh a thaisí do shliocht a mhuintire.
sliocht na sclábhaithe the offspring of the slaves
" Ní bhaineann ceisteanna an chiníochais leisean, dar leo, ach le sliocht na sclábhaithe a tháinig anseo na céadta bliain ó shin, atá fós ag fulaingt faoi ualach chrua na sclábhaíochta sna hiamhchríocha fud fad na tíre.
sliocht ón soiscéal an excerpt from the gospel
" Mar sin, cuirim an cheist seo orm féin: ‘Caidé a déarfadh Íosa Críost faoi seo?’ Seo sliocht ón soiscéal: Chuir fear óg saibhir ceist ar Íosa lá: “A Mháistir mhaith,” a dúirt sé, “caidé atá le déanamh agam chun go mbeinn páirteach sa bheatha shíoraí?” Dúirt Íosa leis “Is eol duit na haitheanta.
athfhriotal ar shliocht a chuir i leith repeating an excerpt aimed at
" Má bhí sé de rún aige athmhuintearas a chothú idir an dá phobal, b’olc an tús a chuir sé leis an obair nuair a thug sé aitheasc sa bhliain 2006 ina ndearna sé athfhriotal ar shliocht a chuir i leith Muhammad go raibh an t-olc ag baint le cuid mhór dá ndearna sé.