Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
sliotair hurley ball
" a bhíodh i mbun an bháire agus gasúir de gach aois amuigh sa pháirc ag bualadh sliotair (nó an liathróid spúinse nuair nach mbíodh sliotar ceart ar fáil).
ag breith ar an sliotar catching the ball
" An chéad rud a thug sé faoi deara ná go raibh na buachaillí ansin iontach ag breith ar an sliotar san aer, rud a bhí difriúil ó áiteanna eile ina raibh sé.
go mbídís ag lascadh an tsliotair ina choinne they used to be lashing the ball against it
" Scéal amháin greannmhar a bhí ag Billí Riocaird ina dhírbheathaisnéis, *No Hurling at the Dairy Door*, ná go mbíodh a mháthair de shíor ag fógairt orthu gan a bheith ag iomáint i gcoinne dhoras chró na mbó mar go mbídís ag lascadh an tsliotair ina choinne gach seans a d'fhaighdís.
taistealaíonn sliotar níos tapúla ná duine a ball travels faster than a person
" Cosc ar ruathair aonair - chuirfeadh sé le luas an chluiche mar taistealaíonn sliotar níos tapúla ná duine.
i seilbh an tsliotair in possession of the ball
" Gan cead bheith ach ag duine amháin tabhairt faoin bhfear atá i seilbh an tsliotair.
sliotar hurley ball
" Nuair a shroicheann na himreoirí, nó a bhformhór, barr feabhais ar feadh 70 nóiméad le himirt lúfar, bhríomhar agus an sliotar ag scinneadh den talamh ó cheann ceann na páirce ar luas lasrach, níl radharc spóirt ar domhan inchurtha leis.
leis an sliotar i gcúl na heangaí with the sliotar in the back of the net
" D’aimsigh Cian Mac Giolla Bhríde as Coláiste Eoin an cúl agus bhí baint ag a chomhscoláirí as Coláiste Eoin, Seán Ó Seanáin agus Joe Ó Meachair, leis an gcomhimirt a chríochnaigh leis an sliotar i gcúl na heangaí.
dírithe ar an sliotar nó ar an liathróid focused on the sliotar or ball
" Ní féidir leo géilleadh do smaointe diúltacha – a bheith ag ceapadh go bhfuil an fhoireann nó imreoir ar leith níos fearr, cuir i gcás – agus caithfidh a n-aird a bheith dírithe ar an sliotar nó ar an liathróid i gcónaí.
sliotar the ball
" Measaim féin go gcaithfidh foireann iarracht a dhéanamh an cluiche a imirt ar bhealach nach bhfeilfidh sé do Chill Chainnigh - an sliotar a choinneáil ag gluaiseacht go híseal agus go tapa ó thaobh go taobh agus i dtreo na gcúinní agus síos fan na gcliathán, nó, mar a rinneadh ó am go ham cheana, imreoir a thógáil as na tosaithe agus a chur ag imirt taobh thiar dá leathchúlaí láir mar a rinne Áth Cliath i gcoinne Chill Chainnigh le déanaí.
sliotar ball
" Ag tíocht ag deireadh an chluiche, bhí Corcaigh dhá chúilín chun deiridh, nuair a fuair Christy Ring an sliotar ina láimh agus chuaigh sé ar ruathar i dtreo cúl Thiobrad Árann, caipín ar a cheann.
sliotar ball
" Míbhuntáiste eile a bhaineann leis an ngreille a bhíonn os comhair aghaidh an imreora ná go gcuireann sé as dá amharc ar an sliotar ar uairibh.
sliotair ball
" Thabharfadh sé leis na camáin agus na sliotair.
sliotar ball
" Leis an gcumas a bhí i bhfearaibh na hAlban an sliotar a thiomáint ón talamh go fada, go hard agus go cruinn, bhíodar in uachtar sa chéad leath.
Seachain an Sliotar don’t hit the ball
" Buail an Camán is Seachain an Sliotar! ================== Grianghraf suimiúil eile ná ceann a foilsíodh sna nuachtáin an lá tar éis chluiche ceannais na hÉireann in 2008.
sliotar hurley ball
" Chuir mé suim sa tionscadal seo ar an ábhar go mb’fhéidir go bhféadfadh an t-aireagán nua seo anailís a dhéanamh chomh maith céanna ar luascadh an chamáin agus ar an mbuille a tharraingítear ar an sliotar.
sliotair hurley balls
" Déantar an réamhullmhúchán mar is gnáth - sliotair anonn is anall idir imreoirí, imreoirí anonn is anall ag bualadh an tsliotair ó dhuine go duine, síneadh agus searradh na matán agus mar sin de.
an sliotar the ball
" Tharla le déanaí mar shampla gur ceadaíodh cúl do Chill Chainnigh i gcoinne an Chláir in ainneoin go raibh cosúlacht láidir ar an scéal go raibh an tosaí a scóráil an cúl, Mathew Ruth, istigh sa chearnóg bheag roimh an sliotar.
Cosnaíonn camán agus sliotar a hurling stick and ball cost
" Is breá liom an ceann simplí seo: Cosnaíonn camán agus sliotar €1.