Pota Focal Intergaelic
scum | slam | slám | slim | slua
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
sluma mícháiliúil infamous slum
" Brennan, a d'éirigh aníos i sluma mícháiliúil Five Points i Nua-Eabhrac.
slumaí slums
" Ní fhaca mé féin aon slumaí ansin, mar shampla, agus níl an galar SEIF chomh forleathan is atá sé i dtíortha eile (2% den daonra atá buailte aige).
slumaí slums
" Ní fhaca mé féin aon slumaí ansin, mar shampla, agus níl an galar SEIF chomh forleathan is atá sé i dtíortha eile (2% den daonra atá buailte aige).
na slumaí ba lofa the most rotten slums
" Ghlanadar amach na slumaí ba lofa, ceann i ndiaidh a chéile.
ó phlódcheantair na gcathracha from the city slums
" Ba iad na caogaidí aimsir fhás na mbruachbhailte, agus déantar trácht go forleathan anois ar "*White Flight*" – teitheadh na ndaoine geala ó phlódcheantair na gcathracha amach go dtí na bruachbhailte.
sna plódcheantair in the slums
" Mura ndéanfar amhlaidh, fanfaidh siad sna plódcheantair ar feadh trí ghlúin eile.
shlumaí suaracha piteous slums
" Faoi dheireadh na gcaogaidí, bhí bunús tacaíochta faoin pháirtí ar fud na tíre a bhí bunaithe ar dhearcadh maoth pobalach: thaobhaigh siad le cúis na poblachta le mórán briathra agus le beagán beart; bhí tuiscint shimplí shoineanta acu ar an tsaol faoin tuaith; mhaígh siad go raibh siad ag seasamh ar son lucht oibre na gcathracha – rud a raibh craiceann na fírinne air ón uair a thug siad faoi shlumaí suaracha Bhaile Átha Cliath a fheabhsú agus a ghlanadh sna tríochaidí.
slumaí slums
" Cathair inimirceach atá inti gan na slumaí, an chreachadóireacht, an brú tráchta agus gan an cúngach céanna a bhaineann le cathracha móra eile i Meiriceá Thuaidh.
plódcheantair slums
" Bhí na cathracha agus na bailte ag fás de réir mar a bhí an geilleagar ar fud na hEorpa a thionsclú ach bhí bunús na ndaoine ina gcónaí sna plódcheantair.
bplódcheantair slums
" Cónaíonn an chuid is mó de dhaoine Gorma i bplódcheantair sna cathracha anois, áit a bhfuil bochtanas agus dífhostaíocht go forleathan.