Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
fá smúit despondent, depressed
" Tá Balor, ar nós achan duine eile sibhialta ar chlár an domhain, fá smúit agus scamall an mhí seo, ag na huafáis a bhain do mhuintir bhocht Mheiriceá.
smúit smoke
" Bhí Ó Fiannachta ar a shlí chun turas a thabhairt ar an Lárionad Trádála Domhanda i Nua-Eabhrac agus nuair a tháinig sé aníos ón subway chonaic sé an smúit agus na brící ar fad ó na túir ag titim.
smúite dust
" Chuaigh mé síos chuig mo bhricfeasta agus léigh mé an páipéar, ag amharc os a chionn anois agus arís ar bhean an tí a bhí ag tógáil smúite den urlár.
smúit grime
" Le gairid tháinig Dáithí, an dealbh chlúiteach le Michelangelo, amach faoin scáth agus smúit a bhí á chlúdach le beagnach 500 bliain.
smúite dust
" Dúirt sí seo sa ráiteas a thug sí don fhiosrúchán oifigiúil, The Fennell Inquiry, ach shéan an rialtas go raibh an locht ar an tseirbhís phríobháideach glantóireachta, cé gur thosaigh an tine i measc smúite, snáithíní agus salachair a bhí meascaithe le gréisc faoin straighre beo.
chuimlíodh sé salachar agus smúit ó fholúsghlantóir díobh he used to brush dirt and dust from a vacumn cleaner against them
" Agus iad péinteáilte aige, chuimlíodh sé salachar agus smúit ó fholúsghlantóir díobh le cuma na haoise a chur orthu.
smid smúite a piece of dust/smoke
" Ach na muilte atá le déanamh is le crochadh ar fud na hÉireann: Dá dtairbhe, fostófar roinnt daoine ar fud na tíre nach mbeadh ag obair dá n-uireasa, b’fhéidir; Ach na muilte a bheith crochta, séidfear an breosla chugainn saor in aisce gan a dhath a dhó ná smid smúite a scaoileadh san aer inár dtimpeall; Is lú an méid breosla dá réir a loscfar sna stáisiúin ghinte leictreachais agus is lúide an dochar imshaoil an méid sin; Is lú an méid gáis agus artola a allmhaireofar ar loing nó i bpíplíne feasta le haibhléis a ghiniúint in Éirinn, rud a fhágfas an t-airgead abhus inár measc.
faoi smúit an gheimhridh in wintery gloom
" Ba chomhartha dóchais an fás nua san Earrach tar éis do gach rud a bheith sioctha síos go dorcha rúnda faoi smúit an gheimhridh.
smúit dust
" 
Mar atá a fhios againn, ba iad Tuatha Dé Danann a bhunaigh an Phoblacht i 1921 nuair a spréigh siad púdar draíochta ar chuid mhór d'Éirinn, éacht a chruthaigh an oiread sin sonais agus só go raibh na Sasanaigh deasa in ann filleadh chun an bhaile! Ach níor bhain an smúit draíochta cuid de thuaisceart na tíre amach agus d'éirigh na daoine ansin feargach agus thosaigh ag bualadh a gcomharsana, daoine macánta a shíl gur leo an áit.