Pota Focal Intergaelic
Scríobh focal Gaeilge nó Béarla. Type a word in Irish or English.
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
sochtheangeolaíocht socio-linguistics
" Bíonn urraíocht agus maoiniú sa bhreis ag teastáil le haghaidh cuid de na tionscadail, an MA nua sa tsochtheangeolaíocht, mar shampla.
sa tsochtheangeolaíocht, in sociolinguistics
" Is éard atá i gceist agam ná go gcuireann an saothar in iúl don léitheoir na rudaí ar fad ar chóir dóibh a bheith ar an eolas fúthu ó thaobh na Gaeilge de agus go dtugann sé túsphointe an-mhaith do mhic léinn atá ag tabhairt faoi chéim sa Ghaeilge, sa teangeolaíocht, sa tsochtheangeolaíocht, sa stair nó sa tsocheolaíocht.
ó thaobh na sochtheangeolaíochta, in socio-linguistic terms
" Tuigim go maith, ó thaobh na sochtheangeolaíochta, cén fáth a bhfuil sé tábhachtach go mbeadh nuachtán laethúil ag pobal mionteanga: cothú aontas an phobail, scaipeadh na nuathéarmaíochta, cruthú fostaíochta d’ardchaighdeán do dhaoine óga srl (cé nach ngéillim go bhfuil sé riachtanach).
shochtheangeolaíochta socio-linguistics
" Tá comhdháil shochtheangeolaíochta ag titim amach in OÉG agus seo á bhrú isteach ar an mhéarchlár agam.
modhanna na sochtheangeolaíochta sociolinguistic methods
" An rud is suntasaí faoin phlé a dhéantar ar an Ghaeilge le blianta beaga anuas ná go bhfuiltear ag cur modhanna na sochtheangeolaíochta chun tairbhe, go háirithe an méid a bhaineann le teangacha atá i mbaol, nó go fiú, an tuiscint a bhaineann le bás teangacha.
sochtheangeolaíochta sociolinguistic
" Dúradh sa tuarascáil faoin sprioc 250,000 cainteoirí laethúla Gaeilge nach bhfuil “fáil i láthair na huaire ar bhunlíne taighde de shonraí sochtheangeolaíochta chun tacú leis an réamh-mheastúchán sin.
tsochtheangeolaíocht sociolinguistics
" Tháinig mé go Stanford le mo dhochtúireacht a chríochnú – tháinig mé ann le hobair a dhéanamh faoi stiúir Joe Greenberg ach d’aistrigh mé go dtí an tsochtheangeolaíocht le Charles Ferguson ansin agus chuir sin brón, is dóigh, ar Joe Greenberg, ach bhí mo chroí doirte isteach sa tsochtheangeolaíocht, dháiríre, cé gur tábhachtach an obair í rangú theangachaí an domhain.
tSochtheangeolaíocht sociolinguistics
" ie)** An Cheist ===== Cé scríobh an léirmheas Béarla san Irish Times 12/05/2012 ar an leabhar ‘An tSochtheangeolaíocht: Feidhm agus Tuairisc’? Seol do fhreagra chuig oifig@beo.
ghnéithe éagsúla den tsochtheangeolaíocht various aspects of socio-linguistics
" , Praghas: €20, Foilsitheoir: Cois Life, ISBN: 9781907494253 Sraith alt cuimsitheach ó pheann 14 údar ar ghnéithe éagsúla den tsochtheangeolaíocht.
faoi ghnéithe sochtheangeolaíochta about sociolinguistic matters
" Tá bordáil ar chúig leathanach faoi ghnéithe sochtheangeolaíochta i nGaelscéal (24 DFómhair).
i réimse na sochtheangeolaíochta in the area of sociolinguistics
" Tugtar ‘feiceálacht teanga’ nó ‘linguistic landscape’ i mBéarla ar an léiriú poiblí teanga seo agus tá fás as cuimse tagtha faoin staidéar atá á dhéanamh ar an ngné seo ‘feiceálacht teanga’ ar fud na cruinne, go háirithe i réimse na sochtheangeolaíochta.
sa tsochtheangeolaíocht, in sociolinguistics
" Leabhar thar a bheith suimiúil is ea é a thaitneoidh go mór le daoine a bhfuil spéis acu sa Ghaeilge, sa tsochaí Éireannach agus sa tsochtheangeolaíocht, dar le Caoimhe Ní Laighin.