Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
sóisialaithe socialists
" Bhí daoine as CND ann, comhshaolaithe, sóisialaithe, cóir ag caitheamh léinte dearga agus ag canadh go bríomhar leo, Moslamaigh ina n-éadaí traidisiúnta, agus a lán daoine ag iompar bratacha agus fógraí mar "Not in my name" agus "Two bombs don't make a right".
páirtí a thréig a chuid préamhacha sóisialacha a party that deserted its socialist roots
" Níl fáth ar bith nach n-éireodh le hEnda Kenny na vótóirí sin a mhealladh ar ais, agus tuilleadh vótóirí a mhealladh ó Pháirtí an Lucht Oibre, páirtí a thréig a chuid préamhacha sóisialacha go hiomlán le linn na 1990í.
sóisialaithe socialists
" Bhí suim mhór ag muintir na háite sa scéal, go mór mór na hÉireannaigh agus na sóisialaithe, agus bhí mé féin ar an pharáid a bhí ann i 1977 ó lár Walton go dtí an reilig chun leacht cuimhneacháin a nochtadh.
sóisialaithe socialists
" Ní cúis iontais é, mar sin, go raibh an bua ag an Partido Socialista, go háirithe nuair a chuireann tú san áireamh gur fhógair Zapatero i rith an fheachtais go mbeadh na trúpaí Spáinneacha ag dul abhaile dá mbeadh an bua ag na sóisialaithe.
shóisialaí socialist
" "Dá mbeadh orm teideal a chur ar mo chreideamh polaitíochta, agus tá go leor teideal nach ndiúltóinn dóibh, déarfainn go bhfuil mé i mo shóisialaí go cinnte, Marxach.
páirtí sóisialach socialist party
" Ach cá bhfuil an páirtí nach bhfuil ceangailte le taobh amháin den phobal nó leis an taobh eile? Agus cén fáth nach bhfuil páirtí sóisialach go mór chun tosaigh i limistéar a bhfuil an oiread sin bochtaineachta ann.
ó chúlra sóisialach from a socialist background
" Bhog daoine cumasacha ó chúlra sóisialach ón pholaitíocht isteach sna ceardchumainn agus grúpaí pobail, agus d'fhág an pholaitíocht leamh a chleachtítear sna Sé Chontae ag na polaiteoirí.
iarrthóirí sóisialacha socialist candidates
" Ach cén seans a bheadh ag iarrthóirí sóisialacha sa chóras faoi láthair? Beag an seans, ar ndóigh, go háirithe nuair is gá a rá sa Tionól - má bhíonn a leithéid arís ann - gur páirtí náisiúnach nó aontachtach thú.
sóisialach socialist
" Tuigeann Ibarretxe go maith nach mbeidh idirbheartaíocht cheart ann idir na dá rialtas agus tá sé ráite aige le rialtas sóisialach Zapatero nach dtuigfidh an chuid is mó den phobal Bascach drogall an rialtais lárnaigh dul i gcomhairle leo chun teacht ar shocrú.
shóisialaí socialist
" Ba shóisialaí agus cheoltóir é a athair agus d'oibrigh sé i muileann plúir i Sráid Duibhis, agus bhí muinín an domhain aige as Wee Joe Devlin.
Poblacht Shóisialach Socialist Republic
" Chan amháin go raibh siad ag troid ar son Éire Aontaithe ach bhí Poblacht Shóisialach mar aidhm acu fosta.
Phoblacht Phoblachtánach Shóisialach Iarthar Bhéal Feirste the Republican Socialist Republic of West Belfast
" Dá mbeadh údar *The Necessity for de-Anglicising Ireland *beo, seans maith go mbeadh taom croí aige! Níl a fhios agam cad é a shílfeadh An Craoibhín Aoibhinn nó Pádraig Mac Piarais dá bhfeicfeadh siad an t-ómós seo d’fhoireann sacair Sasanach i lár Phoblacht Phoblachtánach Shóisialach Iarthar Bhéal Feirste.
mar fhostát sóisialach as a socialist substate
" Saol crua a bhí ag Polannaigh mar fhostát sóisialach de chuid an Aontais Shóivéadaigh agus cé gur tír dhaonlathach neamhspleách anois í an Pholainn, atá ina ball de NATO agus den Aontas Eorpach, tá rian millteach ré an chumannachais fós le haithint ar an tír agus ar na daoine.
ba shóisialaithe neamhspleácha iad an chuid is mó acu most of them were independent socialists
" Ba Chumannaigh iad, cuid acu ina mbaill de Chumann Uí Chonghaile, dála Uí Ríordáin féin, ach ba shóisialaithe neamhspleácha iad an chuid is mó acu agus bhí neart iarthrodaithe de chuid na Briogáide Idirnáisiúnta ina measc.
poblachtánach sóisialach Protastúnach a socialist Protestant republican
" Bhí neart Éireannach eile, nach raibh sásta a bheith sa Chathlán Briotanach, sna Lincolns agus bhí Padaí an-chairdiúil le Liam Tumilson, poblachtánach sóisialach Protastúnach as Béal Feirste.
rialtas sóisialach socialist government
" Ar ndóigh, ba Bhascaigh, Catalónaigh agus Spáinnigh iad an chuid is mó de na daoine a mharaigh na faisistigh agus, sa lá atá inniu ann, tá rialtas sóisialach na Spáinne ag déanamh iarrachta déileáil le hoidhreacht Franco.
poblacht shóisialach socialist republic
" Is tír eile ar fad í Éire 2007 agus is aisling (bhréige?) poblacht shóisialach na 32 chontae.
an Ghluaiseacht Shóisialach Náisiúnta, the National Socialist Movement,
"an Ghluaiseacht Shóisialach Náisiúnta, mar shampla, ag cur John Taylor Bowles chun tosaigh mar iarrthóir.
fá Phoblacht Shóisialach 32 Contae about a 32-county Socialist Republic
" Agus an mana fá Phoblacht Shóisialach 32 Contae mar dhlúthchuid dá *raison d'être* polaitiúil, shílfeá go mbeadh lántacaíocht an Aire ag na cúntóirí ranga atá i gcoimhlint lena bhfostóirí - na Boird Oideachais agus Leabharlann – le 12 bhliain anuas maidir le cúrsaí pá.
nárbh fhiú aon phoblacht nach raibh sóisialach. that any republic which was not socialist wasn't worth it.
" Bhí Sinn Féin ar buile gur crochadh an póstaer seo taobh amuigh d’fhoighneamh s’acu ar Bhóthar na bhFál, an ceann a bhfuil múrphictiúr clúiteach Bobby Sands air, ach chaill siad an phointe; Bobby Sands féin, dúirt sé nárbh fhiú aon phoblacht nach raibh sóisialach.
sóisialach socialist
" Nochtfar leacht cuimhneacháin d’Éireannach sóisialach eile anseo ar an 3 Feabhra – Robert Noonan.
Aontas na bPoblachtaí Sóivéadacha Sóisialacha Union s of Soviet Socialist Republics
" Coinníodh gach rud faoi cheilt in Aontas na bPoblachtaí Sóivéadacha Sóisialacha (APSS) na laethanta sin.
na brionglóide móire sóisialaí of the great socialist vision
" Ach cad chuige na dallóga, agus cad a bheidh ar siúl sa seomra dorcha sin? Seans gur léiriú, b’fhéidir, ar theip spioradálta na brionglóide móire sóisialaí atá sa scannán seo.
sóisialaí socialist
" An sóisialaí a sheasann an fód leis an ngnáthdhuine in éadan an chórais.
Daonlathais Shóisialaigh socialist democracy
" Agus 56% de na vótaí aici, fuair Rousseff an lámh in uachtar ar a céile comhraic, José Serra ó Pháirtí an Daonlathais Shóisialaigh Bhrasaíligh (PSDB.
sóisialaithe socialists
" Tá leacht cuimhneacháin breá ar an uaigh anois, mar is laoch é Noonan do sóisialaithe i Learpholl agus ar fud an domhain.
sóisialaithe socialists
" "* Bhunaigh sóisialaithe an Téad Dearg i 1980 agus tá 500 ball ann anois i gcraobhacha i Sasana agus in Albain.
Iarshóisialach ex-socialist
" (Ó hUiginn Mór Sóisialach atá i gceist anseo, seachas Ó hUiginn Beag Iarshóisialach).
mar shóisialach is mó atá aithne ar mostly known as a socialist
" Dorset i mBaile Átha Cliath ach is mar shóisialach is mó atá aithne ar O Casey an fear polaitiúil.
sóisialaí ba mhó dár mhair riamh the greatest socialist who ever lived
" An rud ba mhó ina saol ag an am sin, ag fáil amach gurbh é Íosa Críost an sóisialaí ba mhó dár mhair riamh.
caomhacha agus sóisialta conservative and socialist
" Bheadh a leithéid iontach sásúil i dteoiric don eite chlé mar go ndéanfaí idirdhealú don chéad uair ó bhunú an stáit idir na páirtithe polaitíochta caomhacha agus sóisialta.
IRSP Irish Republican Socialist Party
" D’fhág mé an eagraíocht agus chuaigh mé leis an IRSP 1974.
roinnt áirithe sóisialaithe a certain few socialists
" Agus tugann Moore le fios dúinn go raibh meas thar na bearta aici ar roinnt áirithe sóisialaithe sna Coimíní, ach go háirithe na feisirí bochta cosúil le James Griffith agus Harold Wilson fiú a tháinig chun Londain ar son na “*underdogs*” (sin nath Thatcher).
sóisialachas daonlathach socialist democracy
" Léiríonn nósanna na vótála é seo agus, de réir Ascherson, léiríonn an comhrá náisiúnta in Albain go bhfuil siad níos dílse don NHS agus don sóisialachas daonlathach ná mar atá boic Londain.
páirtí sóisialach socialist party
" Cén fáth, a fhiafraíonn Robert McMillen, nach bhfuil páirtí sóisialach tagtha chun cinn sna Sé Chontae, limistéar a bhfuil oiread bochtaineachta ann.
sóisialaithe socialists
" Tá sé ag dul dian ar Shinn Féin a bheith ina sóisialaithe agus iad i gcumhacht, mar a mhíníonn Robert McMillen.