Pota Focal Intergaelic
Scríobh focal Gaeilge nó Béarla. Type a word in Irish or English.
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
ag sodar i ndiaidh trotting after
" Nuair a fheiceann muintir na mbailte móra daoine faoin tuath ar an teilifís ag sodar i ndiaidh lucht na gcótaí dearga agus iad ag marcaíocht go hardnósach trasna na tíre (cosúil le radharc as úrscéal de chuid Thomas Hardy), ní bhíonn mórán suime acu sna fiorfhadhbanna atá le fáil faoin tuath.
Ag sodar i ndiaidh na n-uaisle toadying to the gentry
" Cad é eile a dtiocfadh libh bheith ag dúil leis ach amháin teip, agus sibh ag gabháil do chluichí na nGall!!'" Ag sodar i ndiaidh na n-uaisle agus na nGall atá lucht seirbhíse na tíre seo dar le Balorina na Súile Glinne Nimhe.
ag sodar i ndiaidh na n-uaisle toadying to the gentry
" Ó nár dheas sin! Ach cá bhfuil a leithéid d'áit? Ní thig le duine ar bith a chur ina leith riamh go mbíonn Balor an Bhéil Bhinn ag sodar i ndiaidh na n-uaisle, ach, agus é ag iarraidh cinneadh a dhéanamh sa chás seo, smaoinigh sé ar an cheann scríbe a bhí nó a bheas ag roinnt de mhaithe agus de mhóruaisle na tíre seo agus iad ag dul ar a laethanta saoire i mbliana.
ag sodar i ndiaidh George Bush trotting after George Bush
" Cé go raibh Kilfoyle in aghaidh an chogaidh ón tús, agus gur cháin sé Tony Blair go láidir agus an dóigh a raibh sé ag sodar i ndiaidh George Bush, ní raibh sé ag iarraidh pointí polaitiúla a dhéanamh nuair a bhí Ken Bigley i mbaol báis.
ag sodar i ndiaidh na bPoncánach trotting after the Yanks
" Eisean a d'athraigh an nós sin, agus anois tá muintir na hÉireann ag sodar i ndiaidh na bPoncánach lena gcuid *en-suites *agus téitheoirí *patio*.
ag sodar i ndiaidh trotting after
" Leis an rialtas agus na meáin chumarsáide ag sodar i ndiaidh "a mórgachta" an mbeidh déagóirí na tíre meallta trasna na teorann go dtí an oifig earcaíochta i mBéal Feirste? An cuma le Enda Ó Cionaoith faoi seo? An mbeidh sé i láthair ag na sochraidí?
ag sodar i ndiaidh na barántúlachta rabidly seeking trustworthiness
" Cuireann bodacht, mímhúinteacht agus maistíneacht Waltz alltacht ar a bhean Winslet, agus chuir riamh, ach nár fhéad sí é sin a chur in iúl go dtí gur thug an chogaíocht bhinbeach go léir agus na taoscáin fuisce misneach di; tiomáineann géilliúlacht agus filistíneacht Reilly a bhean mhóiréiseach Foster thar imeall na foighne freisin ; pléascann Reilly chomh maith céanna – scread príomhordúil an fhir chéile, an *‘regular guy’* ar beagán oideachais ag cur suas thar na blianta fada le mustar, soncanna beaga agus tón ardmhórálta na soithe ardnósaí a phós sé fada siar, céastóir néaróiseach a bhíonn de shíor ag sodar i ndiaidh na barántúlachta agus na bréag-ghalántachta araon.
ag sodar i ndiaidh na huaisle (the act of) arse-licking the nobility
" Maíonn siad go fíochmhar nach bhfuil an t-idirdhealú aicme sóisialta atá ina ghné lárnach i sochaí na Breataine, an mháthairthír, le sonrú abhus, agus is fuath leo daoine a bhíonn ag sodar i ndiaidh na huaisle.