Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
an tsoineantacht innocence
" D'fhágamar an seansaol agus an tsoineantacht i Manhattan.
soineantacht innocence
" Léiríonn siad a ndomhan go hoscailte agus le soineantacht.
soineantacht naivety
" Ach tá soineantacht ag baint leis an dearcadh cúng sin.
mo shoineantacht my innocence
" Chaill mé mo shoineantacht uilig agus muinín in achan duine ach ionam féin.
shoineantacht innocence
" Baineadh mí-úsáid as an stádas seo agus tháinig siad i dtír ní hamháin ar shoineantacht na ndaoine óga a d'ionsaigh siad ach ar shoineantacht an náisiúin frí chéile.
soineantacht agus sonas innocence and happiness
" Cé nach bhfuil “gach rud” ag muintir na Maláive, tá saibhreas spioradálta as cuimse acu, agus tá soineantacht agus sonas le brath taobh thiar de gach meangadh gáire, in ainneoin dheacrachtaí an tsaoil, deacrachtaí nach féidir linne a shamhlú.
a shoineantacht his naivety
" Táthar den tuairim gur duine macánta é Obama, ach ní léir cé acu an bhfuil a shoineantacht ina mhíbhuntáiste.
daoine ar thángthas i dtír ar a soineantacht people whose naivety was exploited
" Is é fírinne an scéil ná go raibh na daoine a bhí i gceist ar an teorainn: fir de réir an dlí, ach daoine ar thángthas i dtír ar a soineantacht dar le lucht déanta an scannáin.
soineantacht naivety
" ***Míbhuntáistí:* **Bíonn soineantacht ag baint le cuid dá mbíonn le rá aige 13.
an tsoineantacht naviety
" Ní fhéadfaí a chur ina leith riamh gur duine ciniciúil í; is amhlaidh go ndéarfainn féin gur duine í a bhfuil an tsoineantacht ag baint léi, cé go bhfuil i bhfad níos mó uafáis feicthe aicise ina saol ná mar a fheicfidh an chuid is mó againn.
soineantacht naivety
" Is deacair a oibriú amach an í soineantacht nó féinmhealladh atá ar siúl acu, ach is léir nach bhfuil ag teastáil uathu ach teachtaireachtaí simplí a thugann réitigh ar fhadhbanna, mar dhea, agus is é seo atá ar siúl ag lucht na dtionscal mór.
soineantacht innocence
" Scannán a fhiosraíonn téamaí míchompórdacha na beatha - aonaracht, an coimhthíos, an grá agus sléacht, i dtaca le soineantacht agus a cailliúint.
Meabhrú na soineantachta a symbol of innocence
" Meabhrú na soineantachta, ach náiriú poiblí san am céanna.
soineantacht innocence
" ---------- Léirmheas na Míosa ‘*The Lovely Bones*’ le Peter Jackson In ainneoin sárthaispeántas Saoirse Ronan, i bpáirt Susie Salmon, agus carachtracht láidir, scanrúil inchreidte Stanley Tucci, an péidearastach comharsan a dhúnmharaigh í, agus tá an bheirt acu sainiúil sa dá pháirt sin, in ainneoin chomh maith crógacht an ábhair – an slad doleigheasta a imrítear ar shaol chuile dhuine i dteaghlach óna sciobtar páiste i gcúinsí mar iad, fiú ag cur san áireamh leis grásta agus soineantacht chumasach an bhanaisteora óg is foirfe ina raon aoise dá bhfaca mé le tamall, is teip chruthaitheach san iomlán é ‘*The Lovely Bones*’.
soineantacht innocence
" Cáineann an tAire Airgeadais, George Lee, leanbaíocht agus soineantacht McWilliams.
shoineantacht innocence
" Nuair a amharcaim ar mo mhac óg – nach bhfuil ann go fóill ach leanbán – téann a áilleacht agus a shoineantacht i bhfeidhm orm.
Soineantacht innocence
" Soineantacht an t-aon leithscéal amháin a bhí againn – i ndáiríre bhí sé deacair a chreidiúint go mbeadh tionchar ar bith ar an timpeallacht ag ár ngiotaí beaga bruscair.
gan soineantacht having lost their innocence
" Dar leis, thainig sruthanna intleachtúla éagsúla i dteannta a chéile gan choinne ná chiall, go fiú díreach tar éis na Muirthéachta, iad araon ar thóir phríomhnamhaid an chomhphobail nua-aimseartha úrnua acu, an Gealt arís, na daoine sin gan smacht, gan anam, gan soineantacht, iad ar aon beag beann ar chuspóirí uilíocha na Jacobins.
soineantacht innocence
" Agus, b’fhéidir an tréith is mealltaí ar fad a chruthaíonn Joon Jeong-hee i Mija ná a soineantacht.
toircheas agus soineantacht embodied promise and innocence
" Thuig an BBC gur tharla an tubaiste seo ag tús lá breá Samhraidh brotallaigh, agus d’úsáid siad tírdhreach glas chun toircheas agus soineantacht na bhfear óg a cailltear a bhéimniú.
ba mhór aige soineantacht na n-óg he highly regarded youth’s innocence
" How did she answer her child’s question — the big one, the obvious one?*” Níor theastaigh páistí ó Wallace féin de réir dealraimh, ach ba mhór aige soineantacht na n-óg, rud a léiríodh ina scéal galánta, ‘*Forever Overhead*’, scéal fé cheiliúradh bhreithlá buachalla i lár linn snámha (“*you are mostly good…though not without spine*”).
tháinig sé i dtír ar a gcuid soineantachta he took advantage of their innocence
" Bhain sé mí-úsáid as an stádas seo agus tháinig sé i dtír ar a gcuid soineantachta.
a shamhlaím le soineantacht which I associate with innocence
" Ní comórtas é a shamhlaím le soineantacht agus nádúr na hóige a raibh Ní Dhomhnaill ag déanamh cur síos air sa dán grámhar úd.
Samhlaigh soineantacht imagine the innocence
" Agus cad faoi Chiwetel Ejiofor, Samuel Northup an scéil? Samhlaigh soineantacht Belefonte, éirim Poitier agus dínit Mandela agus tá sé agat in aon abairt amháin.