Mar sin, nuair a bhailigh oifigigh phoiblí, ceoltóirí agus daoine mór le rá le chéile Dé Máirt, 16 Iúil chun an t-ionad a oscailt atá mar chuimhneachán ar an Ghorta Mór a mharaigh breis is milliún Éireannach, ócáid shollúnta a bhí i gceist.
Ag a gcruinniú anuraidh thug ceannairí na Stát Aontaithe, Cheanada, na Fraince, na Gearmáine, na hIodáile, na Seapáine, na Breataine agus na Rúise gealltanas sollúnta go gcuirfí na hacmhainní ar fáil do na tíortha is boichte le go bhféadfaí gach buachaill agus cailín sna tíortha sin dul ar scoil faoin mbliain 2015.
Nuair a tháinig Bertie Ahern go baile Thuama in oirthear na Gaillimhe sa mbliain 1996, thug sé gealltanas sollúnta do mhuintir an bhaile nach ndúnfaí an t-ospidéal beag príobháideach a bhíodh ar an mbaile ó d'oscail na Siúracha *Bon Secours *é caoga bliain roimhe sin.
Conradh agus Cúnant Sollúnta UladhUlster Solemn League and Covenant
Pléifidh mé an Titanic am éigin feasta, ach is é an cuimhneachán polaitiúil is mó a bheas ar siúl i mbliana, 2012, ná Conradh agus Cúnant Sollúnta Uladh caipéis a shínígh ceathrú milliúin duine ar an 28ú Meán Fómhair 1912 inar thug géillsinigh seo Sheoirse V móid go seasfadh siad taobh le taobh lena chéile agus “an ghéarchéim” faoi Pharlaimint Riail Dúchais a bhunú in Éirinn a fhuascailt.
Dhearbhaigh sé ná féadfaí méid agus uafás an *‘mighty scourge of war’* a thuiscint munar deineadh iarracht sollúnta na nascanna a cheangail an dá eite den chogadh a thuiscint agus a shoiléiriú.
Níor thaithin sé le cuid mhaith de chúlbhinseoirí an Lucht Oibre go raibh orthu vótáil ar son reachtaíochta a laghdódh pá na n-oibrithe sa tseirbhís phoiblí, cé go raibh geallúint sollúnta tugtha ag an rialtas i 2010, nach mbeadh aon laghdú ann go dtí deireadh 2014, ar a thúisce.
Ag doras an tséipéil, a bhí ar a laghad fiche troith síos le fána, bhí dealbh mhór den easpag déanta as cré-umha ag seasamh ansin le cuma an-sollúnta air.