Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
a réiteach to solve
" Ní raibh iontas ar dhaoine nuair a léirigh na figiúirí oifigiúla an mhí seo caite go raibh an GMP i measc na bhfórsaí is measa sa tír - níor éirigh leo ach níos lú ná 10% de na coireanna sa réigiún a réiteach.
í a leigheas solve it
" Mura n-aithníonn muid an fhadhb cad é mar is féidir í a leigheas? Na mílte ar na sráideanna ======= Nuair a maraíodh Danny McColgan, agus nuair a thosaigh an foréigean ag dul ó smacht, tháinig na mílte oibrí amach sa doinnean lena nglór a thógáil in éadán an tseicteachais.
a réiteach being solved
" Tá an freasúra ag maíomh nár cheart go mbeadh aon reifreann ann, gur féidir na fadhbanna a réiteach le reachtaíocht Oireachtais.
réitithe solved
" Níl an cás réitithe agus tá amhras faoi roinnt daoine, comharsana ina measc agus cara den teaghlach, síceolaí darb ainm Anna Satragni, an chéad duine a tháinig i gcabhair ar an mháthair nuair a thosaigh sí ag screadaíl.
chun coir a réiteach to solve a crime
" I *Terrible Angel*, cuirtear an reibiliúnach glic Éireannach ón saol eile chun coir a réiteach i Greenwich Village sna 1990í.
ag réiteach fadhbanna teicneolaíochta solving technological problems
" Ó lá go lá bíonn an fhoireann ag ullmhú ceachtanna, ag caint le daltaí thar an idirlíon, agus ag réiteach fadhbanna teicneolaíochta.
an scéal a leigheas to solve the problem
" Níor tharla a leithéid riamh cheana agus tá an Rialtas agus eagraíochtaí turasóireachta ag iarraidh an scéal a leigheas.
á réiteach being solved
" Cén obair atá idir lámha agaibh faoi láthair? Tá úrscéal nua Éilís Ní Dhuibhne, *Cailíní Beaga Ghleann na mBláth*, á phoibliú againn; tá eagar á chur ar leabhar faoi stair an mhúinteora in Éirinn le Caoimhe Martin; tá fadhbanna teicniúla a roinneann le foilsiú innéacs 500 leathanach don *Chlaidheamh Soluis *ar CD-ROM á réiteach; tá ábhar á sholáthar againn do thionscadal de chuid ITÉ (corpus Gaeilge), tá clúdaigh á ndearadh, tá ábhar breise á réiteach don suíomh gréasáin, srl.
conas an fhadhb a réiteach how to solve the problem
" Ní fhéadfaí úsáid ar bith a bhaint as na ríomhairí sin - go fiú chun dul ar an idirlíon chun léamh faoi conas an fhadhb a réiteach.
le réiteach to be solved
" Is é mo bharúil go bhfuil fadhbanna i bhfad níos tromchúisí ná an seicteachas le réiteach in Albain.
cad chuige nár fhuascail Trimble agus Adams an cheist why did Trimble and Adams not solve the problem
" An raibh a fhios acu siúd nach dtiocfadh le Trimble glacadh leis an doiléireacht ab éigean don IRA, dar leo féin, a chur thart ar an díchoimisiúnú? Má bhí a fhios, cad chuige nár fhuascail Trimble agus Adams an cheist sular thosaigh an damhsa? Agus an SDLP fágtha in áit na leathphingine - is cinnte go dtitfidh siad níos faide ar chúl Shinn Féin - agus na haontachtaithe scoilte, fágann sin *Godzilla *versus *Megalon*, Sinn Féin in éadan an DUP, san idirbheartaíocht d'anam na Sé Chontae i ndiaidh an toghcháin seo.
le réiteach to be solved
" Tá roinnt ceisteanna eile, cuid acu tromchúiseach, cuid acu nach bhfuil, le réiteach sna míonna atá amach romhainn.
chun sin a réiteach to solve that
" Cuideoidh sé go mór leis an Chomhairle an t-airgead a dháileadh amach ar bhealach cothrom, agus má bhíonn ceisteanna nó achrann ann faoin stádas atá ag an cheol dúchais, an bealach is fearr chun sin a réiteach ná leis an fhochoiste seo.
le réiteach to be solved
" Tá a fhios againn go bhfuil fadhbanna le réiteach ag na polaiteoirí maidir leis na ceisteanna seo, ach tá muid in amhras ann an bhfuil na slite is éifeachtaí aimsithe acu le dul i ngleic leo.
fadhbanna le réiteach problems to be solved
" Cosúil le gach leagan "a haon ponc a náid" de chlár ríomhaireachta, tá roinnt rudaí beaga le ceartú agus fadhbanna le réiteach in EasyReader faoi láthair.
an réiteoidh sin na fadhbanna seo will that solve those problems?
" Tuigeann gach ball den eagraíocht go bhfuil brú airgid ar CLG agus ar Pháirc an Chrócaigh, ach an réiteoidh cúpla cluiche sacair agus rugbaí idir seo agus an t-am a bheas an pháirc úr ar Bhóthar Lansdúin tógtha, an réiteoidh sin na fadhbanna seo? Tá cuid mhór ball den eagraíocht amhrasach fá dtaobh de sin.
a gcuid fadhbanna a réiteach to solve their problems
" "An rud a bheidh i gceist leis an gcúig euro sa mhí de dhifríocht, b'fhéidir, idir muidne agus dream eile ná luach sa tseirbhís - seirbhís mhaith chustaiméara le cabharú leo a gcuid fadhbanna a réiteach, guth cairdiúil ar an taobh eile den ghuthán agus guth i nGaeilge a chuirfidh ar a suaimhneas iad.
le réiteach to be solved
" "Má bhí fadhb ann bhí sí le réiteach; mura raibh rud ar eolas agat, ní hé gur duine dúr a bhí ionat ach go raibh an rud sin fós le foghlaim agat.
a réiteach to solve
" "Ach tá difear idir sin agus socruithe cruthaitheacha a aimsiú le fadhbanna a réiteach.
a réiteach to solve
" Anois tá an Tánaiste Mary Harney tar éis glacadh leis an dúshlán na fadhbanna ollmhóra atá ann a réiteach.
a réiteach to solve
" Is dóigh nach bhfuil aon dul as mar, tar éis an tsaoil, tá easpa fuinnimh sa tír, agus is trí thógáil an damba a bheidh siad in ann an fhadhb seo a réiteach.
an fhadhb a fhuascailt to solve the problem
" Ach caithfear an fhadhb a fhuascailt mar go bhfuil staid Ghiobráltar ag teacht salach ar dhlíthe na hEorpa agus ní féidir dlíthe áirithe a reáchtáil ansin gan an fhadhb seo a réiteach.
inréitithe possible to solve
" Ach is laige é seo atá inréitithe, go háirid le háiseanna theicneolaíocht an eolais.
á réiteach being solved
" Cén fhadhb atá á réiteach le tabhairt isteach na gcomhad poist in aon chor? Dar le Bord Soláthair an Leictreachais (BSL), mar shampla, bhainfí úsáid astu nuair a bheadh fadhb ag custaiméir.
á réiteach being solved
" Cén fhadhb atá á réiteach le tabhairt isteach na gcomhad poist in aon chor? Dar le Bord Soláthair an Leictreachais (BSL), mar shampla, bhainfí úsáid astu nuair a bheadh fadhb ag custaiméir.
a réiteach to solve
" Chuir seo brú ar Rialtas an Stáit seo agus ar Rialtas na Breataine iarracht na cúiseanna ba bhunshiocair le bunú na Sealadach sa chéad lá a réiteach, ag súil go stopfaidís den chogaíocht.
a réiteach to solve
" Oiliúint ======= Déanann an MRHPU iarracht fadhbanna a réiteach sula dtéann siad os comhair na cúirte.
i bhfuascailt na faidhbe in solving the problem
" Deirtear i gcás alcólaigh gurb í an chéad chéim i bhfuascailt na faidhbe ná a aithint go bhfuil fadhb ann.
a leigheas to solve
" Is dea-scéala é, mar sin, go bhfuil an tAire Cumarsáide, Noel Dempsey, ag caitheamh súile ar shlite leis an fhadhb seo a leigheas.
le réiteach to be solved
" Scríobh mé freisin tráth a ghlac CLG leis an gcinneadh in 2005 Páirc an Chrócaigh a “oscailt” don sacar agus don rugbaí gurb é an GPA an chéad cheist mhór eile a bheadh le réiteach ag an gcumann.
agus go réiteodh sé sin chuile shórt and that that would solve everything
" Ach mar a dúirt duine de na daoine ag an gcruinniú, bheadh sé amaideach a cheapadh gur féidir le dream daoine geala a theacht le chéile, airgead a chaitheamh ar phóilíní agus go réiteodh sé sin chuile shórt.
a réiteach to solve
" Ach, so what? Cad é an tábhacht phraiticiúil atá leis seo in Éirinn an lae inniu? Ní féidir fadhb a réiteach mura dtugann tú aghaidh ar an chomhthéacs as a bhfáisctear grúpaí, smaointe, gluaiseachtaí, is cuma cén taobh.
le réiteach to be solved
" Ar dtús, ar ndóigh, tá ceist an A380 le réiteach.
le réiteach to be solved
" Ar dtús, ar ndóigh, tá ceist an A380 le réiteach.
réitithe solved
" Táthar ag súil, nuair a thaitneoidh an ghrian ar Farnborough i mí Iúil 2008, go mbeidh fadhbanna Airbus réitithe, go mbeidh sé ag eitilt níos tapúla agus ar bhealach níos suaimhní arís.
an fhadhb seo a réiteach to solve this problem
" Ní bheadh sé costasach an fhadhb seo a réiteach in Éirinn agus bheadh turasóireacht gheimhridh agus samhraidh againn.
réiteach solving
" D’fhéach an Roinn Oideachais cúpla uair le réiteach a dhéanamh ar an rud agus theip ar na hiarrachtaí.
i mbun fhadhbanna coiriúla an tSaorstáit a réiteach engaged in solving the criminal problems of the Free State
" Agus beidh comhrialtas Fhianna Fáil agus Shinn Féin ina suí go te, agus beidh an tAire úr Dlí agus Cirt Máirtín Míleata Mac Gnéas i mbun fhadhbanna coiriúla an tSaorstáit a réiteach agus a shocrú ina bhealach díreach diúid féin.
a réiteach, to solve,
" Beidh siad in ann éirí as an leaba anois, féachaint ar an leabhar chun an fhadhb atá ag dul timpeall ina gcloigeann a réiteach, agus filleadh ar ais ar an leaba ansin! Chomh maith leis sin ba mhaith liom go mbeadh eolas luachmhar ag na glúnta de phíobairí a bheidh ag teacht inár ndiaidh.
caithfear an fhadhb sin a réiteach. that problem must be solved.
" Tá ag teip ar CLG dul in iomaíocht le cineálacha eile spóirt sa lá atá inniu ann agus caithfear an fhadhb sin a réiteach.
le réiteach to be solved
" Dála go leor áiteanna san Afraic, bhí an phóitseáil ina fadhb mhór anseo tráth, agus is fadhb í atá fós le réiteach i gceart.
an fhadhb a réiteach. to solve the problem.
" Nuair a bhí deora allais ag titim díom mar gheall ar an phian agus nuair a bhí cailliúint comhfheasa i gceist, bheartaigh mé gur chóir dom cúrsaí a fhiosrú le fáil amach an dtiocfadh liom an fhadhb a réiteach.
réiteach. solve
" Bhí Sir John Kerr ina ard-ghobharnóir i rith na tréimhse sin agus bhris sé Gough Whitlam, a bhí ina phríomh-aire ag an am, as a phost leis an ngéarchéim a réiteach.
a chuid fadhbanna síceolaíocha a réiteach to solve his psychological problems
" Nuair a chuireann Lars a pháirtí nua – Bianca – in aithne dá dheartháir agus dá dheirfiúr chéile agus iad ag ithe dinnéir i dteach s’acusan, síleann siad go bhfuil sé ag dul as a mheabhair go dtí go míníonn comhairleoir dóibh go bhfuil Lars ag déanamh iarrachta a chuid fadhbanna síceolaíocha a réiteach agus go bhfuil Bianca, a leannán sileacóin, ag cuidiú leis.
leis an bhfadhb a réiteach to solve the problem
" Chuir an rialtas náisiúnta reachtaíocht nua i bhfeidhm leis an bhfadhb a réiteach.
fhadhb a réiteach to solve the problem
" Bhí meath ar shaol na mainistreach agus cuireadh glaoch air, féachaint an mbeadh sé ábalta cuidiú leo an fhadhb a réiteach.
fuascailt solve
" Bhí rud a bhí ina rún diamhair le fuascailt acu: an mhistéir mhór faoin chúis go bhféadfadh buntáiste fostaíochta a bheith ag duine le Gaeilge ar an duine nach raibh aige ach an Béarla.
le réiteach to be solved
" Is mór an trua sin mar is fadhb le réiteach fadseasta é seo.
le réiteach to be solved
" Bheul, nuair is neamhfhéidearthacht sa chaidrimh idir fir is mná is ábhar duit, cé eile a roghnófása chuige, ach bandia na neamh-infhiosaitheachta ban féinig! ’Sí an fhadhb atá le réiteach ag Kiarostami i gcónaí ná conas aestéiteacht a chruthú nuair is bealach an fhíorama, trí seatanna fada cainteacha, a rogha inste.
an fhadhb is mó atá le sárú againn the problem we have to solve
" Tá breall orthu siúd a áitíonn orainn ad nauseum gurb í an fhadhb is mó atá le sárú againn ná an deacracht geilleagair.
an fhadhb mhór atá le réiteach the large problem to be solved
" ’Sé fírinne an scéil nach é an chríchdheighilt fisiciúil idir na sé chontae i dTuaisceart Éireann agus an 26 contae an fhadhb mhór atá le réiteach ach an deighilt sa phobal ó thuaidh maidir le dílseacht agus féiniúlacht.
ina bhfuil fadhbanna le réiteach iontu which have problem solving in them
" Tá Wii agus tá PSP againn agus d’éirígh leis na gasúir am a chur isteach ag imirt cluiche ar an meaisín DVD fiú! B’fhearr i bhfad leo suí siar le cluiche in ionad clár teilifíse agus go dtí seo tá níos mó spéis acu i gcluichí ina bhfuil fadhbanna le réiteach iontu nó sprioc ar leith in ionad cluichí “*shoot-em-up*”.
ag tabhairt faoina réiteach setting about solving it
" Deir na corparáidí seo i gcónaí go dtuigeann siad an fhadhb agus go bhfuil siad ag tabhairt faoina réiteach.
le réiteach to be solved
" Tá go leor fadhbanna móra le réiteach ag an chomhlacht Airbus sna blianta atá amach romhainn, mar a mhíníonn Pádraig Mac Éamoinn.
le réiteach to be solved
" Tá go leor fadhbanna móra le réiteach ag an chomhlacht Airbus sna blianta atá amach romhainn, mar a mhíníonn Pádraig Mac Éamoinn.