Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
spás atá á 'roinnt' space being 'shared'
" net/)) ag cuir an choincheapa de spás atá á 'roinnt' ag daoine éagsúla i bhfeidhm.
spás dánlainne gallery space
"spás dánlainne san fhoirgneamh, áit a mbíonn taispeántais mhíosúla ag na healaíontóirí ó na stiúideonna.
cruthaíodh níos mó spáis more space was created
" Tháinig rud maith amháin as sin: cruthaíodh níos mó spáis sna pictiúrlanna do scannáin áitiúla.
dhá oiread spáis twice as much space
" Go hidéalach tá siopa le dhá oiread spáis de dhíth orainn.
an spás seo a roinnt to share this space
" Tá air an spás seo a roinnt anois le triúr dochtúirí eile.
spás folamh empty space
" "Nuair a bhuailtear an ghabhlóg thiúnta líontar an spás folamh thart timpeall air le creathanna beaga atá inláimhsithe .
ag amharc uaithi staring into space
" Bhí an bhean bhocht ina suí ansin ag amharc uaithi agus anois agus arís dhéanfadh sí méaradradh ar iris a bhí ina suí ar thábla roimpi.
spás taispeántais exhibition space
" Chomh maith le spás taispeántais a bheith ann d'ealaíontóirí, bíonn ranganna ealaíne don phobal ar siúl ansin chomh maith.
ag amharc uait day-dreaming, staring into space
" "Éirigh amach as sin leat! Ná bí do shuí ansin ag amharc uait agus an obair ag éirí thuas orainn.
spás craolacháin broadcasting space
" Níl an spás craolacháin ag SBS chun freastal ar na grúpaí nua agus na seanghrúpaí le chéile.
oileánspás island space
" Nuair a thug Máire Mhic Róibín cuairt mar Uachtarán na hÉireann ar Shabhal Mòr Ostaig, campas ollscoile na Gàidhlig san Eilean Sgitheanach in Albain i 1997, labhair sí faoin tábhacht a bhí le "oileánspás a chruthú dúinn féin lena bhfuil ag Albain agus ag Éirinn i gcomhar lena chéile a cheiliúradh".
de cheal spáis because of lack of space
" Bhí Gobharnóir úr Cholifórnia, Arnie Swartze Knickers, ag dul thart ag cuartú mná le crúbáil, ach b'éigean dó éirí as de cheal spáis.
spás craolacháin broadcasting space
" Níl an spás craolacháin ag SBS chun freastal ar na grúpaí nua agus na seanghrúpaí le chéile.
easpa spáis lack of space
" Laigí: Tá easpa spáis san Áras i láthair na huaire, cé go mbeidh beagán faoisimh againn ón bhfadhb seo go luath de bhrí go bhfuil muid ag athchóiriú Choláiste Cholumba, foirgneamh atá in aice an Árais, a ceannaíodh cúpla bliain ó shin, agus tá súil againn aistriú ann tar éis na Nollag.
fholmhach empty space
" Cac an diabhail ar an té a dúirt nach raibh sa ghlór sin ach macalla na gaoithe ag séideadh fríd an fholmhach idir a dhá chluais.
ag amharc uaidh staring into space
" Bhí Dónall ina shuí sa tseomra ranga agus é ag amharc uaidh.
bhí spás de dhíobháil air he needed space
" " Measann sé anois go mbíonn méid áirithe brú de dhíth le cinntiú go n-éireoidh leat caighdeán ard a bhaint amach ar uirlis ach bhí spás de dhíobháil air lena shuim sa cheol a mhuscailt ann féin agus thug a athair mór an spás sin dó.
an spás lom the empty space
" Bhí an pictiúr ar iarraidh ar feadh dhá bhliain agus le linn na tréimhse seo sheas na mílte Francach i scuainí chun féachaint ar an spás lom a bhí fágtha ar an bhalla! Agus deirtear nár tháinig an t-íosachas chun cinn go dtí na seascaidí! *Is as Doire ó dhúchas í Ciara Nic Gabhann ach tá sí ina cónaí i mBaile Átha Cliath anois, áit a bhfuil sí ag obair mar mhúinteoir ealaíne.
spásanna crioslaithe enclosed spaces
" Tá an gairdín ollmhór lán spásanna crioslaithe a bhfuil radharcanna le feiceáil uathu nach mbeifeá ag súil leo.
neart spásanna páirceála plenty of parking spaces
" Ní hionann sin is a rá, áfach, go bhfaighidh tú seirbhís mhaith! Más mian leat do chomhlacht a aistriú ó lár na cathrach go dtí oifigí nua ar an imeall, cuimhnigh air seo: cé go mbeidh neart spásanna páirceála ann, is dócha go mbeidh sé deacair oibrithe sóisearacha a fháil, mar go minic ní bhíonn gluaisteán acu.
spás fálaithe enclosed space
" Go bunúsach, íocann sealgairí trófaithe, a thagann ó chuile chearn den domhan, airgead mór (suas le $10,000 uaireanta) chun ainmhí a mharú i spás fálaithe.
laghdaigh an spás eatarthu go ríthapa the space between them decreased very quickly
" In ainneoin a chrutha, laghdaigh an spás eatarthu go ríthapa mar bhí an strainséir ag treabhadh chun cinn mar a bheadh tarbh beag, tréan.
i ngeall ar easpa spáis because of lack of space
" Is i ngeall ar easpa spáis a bhog muid chuile uair, mar bhí méadú ag teacht i gcónaí ar an líon daoine a bhí sa chraobh.
sa spás a chuirtear ar fáil dóibh. in the space provided to them.
" Is suíomh é inar féidir le daltaí scoile agus ollscoile cuntais a chruthú dóibh féin, agus neart rudaí a scríobh agus a chur sa spás a chuirtear ar fáil dóibh.
neart spáis plenty of space
" *Cliché* a chloistear go minic ag an am seo bliana ná “there’s no room in the inn” ach dá mbeadh Naomh Iosaef agus a chomhluadar ina steillbheatha arís, is dócha go ndéarfaí leo go bhfuil neart spáis sa teach leanna.
spás agus deiseanna space and opportunities
" Tugann siad spás agus deiseanna do cheoltóirí a bheith ag seinm os comhair an phobail mar chuid de “Acoustic Slice” ((www.
ionad caomhnaithe preservation space
" Is é an straitéis atá ag an dá eagraíocht seo talamh a bhfuil réimse leathan de ghnáthóga agus d’ainmhithe dúchasacha orthu, ach atá á úsáid anois le haghaidh beithíoch nó caorach, a cheannach ar an ngnáthmhargadh i gcoimhlint le feilméaraí, an stoc a dhíol agus ionad caomhnaithe a thabhairt do na hainmhithe dúchasacha a chosnódh iad in aon triomach, dá olcas é.
go leor spáis enough space
" Saolaíodh clann dóibh, ach lean an bheirt orthu ag atáirgeadh go dtí nach raibh go leor spáis ann do na mic.
is gá spás a chruthú it is necessary to create a space
" Uaireanta is gá spás a chruthú le fáilte a chur roimh rud atá nua.
nach raibh spás ar bith that there wasn't any space
" Bhí an leoraí chomh mór sin nach raibh spás ar bith do fheithicil eile dul síos an taobhshráid agus mar sin, ní raibh a thuilleadh contúirte i gceist ó fheithiclí eile.
sa spás in space
" Go deimhin, is gá béim a chur ar an bpointe seo: a fhad is a bhí na Meiriceánaigh i mbun pléascadh rudaí, bhí muintir na Seapáine ag cur satailít nua sa spás a chuirfidh seirbhís iontach tapa idirlín ar fáil do mhuintir na hÁise, mar aon le teilifís ardghléine ar bhonn trialach freisin.
le grianghraif a thógáil ón spás, to take photographs from space
" Mar gheall ar go n-úsáidtear satailítí le grianghraif a thógáil ón spás, is féidir eolas a bhailiú go tapa agus cabhraíonn na seirbhísí teileachumarsáide le comhordú na seirbhísí éigeandála agus iad i mbun tarrthála.
an spás is tábhachtaí the most important space
" Is é an spás is tábhachtaí ar an bpáirc imeartha, a deirtear, ná an spás idir dhá chluas an imreora.
bláir phoiblí open public spaces
" Gné lárnach den phlean freisin ab ea na bláir phoiblí atá le feiceáil ar fud na cathrach.
sa réimse seo den taighde spáis in this area of space research
" ” Sular imigh sé uaim, bhí orm ceist a chur ar Hugh faoin dóigh ar chuir an saineolaí spáis seo suim sa réalteolaíocht agus sa réimse seo den taighde spáis i dtosach.
in imeacht cúpla bliain. in the space of a couple of years
" Léiríonn taighde nach bhfuil ach tuairim is 100 acu in ann an teanga a labhairt go líofa ach mar sin féin is mó an t-athrú é in imeacht cúpla bliain.
Spásanna páirceála parking spaces
" Spásanna páirceála an gearán is mó atá acu anois, agus ní dhéanann siad agóid mhillteanach fá dtaobh de sin, fiú.
spás a chur ar leataobh to set aside space
" Mura bhfuil ach líon an-teoranta ar fad cainteoirí Gaeilge ina gcónaí i mbaile faoi leith, cur i gcás, cad is fiú don siopadóir spás a chur ar leataobh do nuachtán Gaeilge (gan trácht ar spás suntasach) nuair a bhíonn breis is dosaen teideal eile – as Éirinn, Sasana agus oirthear na hEorpa – le díol aige go laethúil? Mar sin, tagann an cheist chun cinn: an bhfuil aon mhargadh ann do nuachtán laethúil Gaeilge? Mar iar-eagarthóir ar nuachtán Gaeilge, is oth liom a admháil nach measaim go bhfuil.
spáschoimhthíoch space traveller
" Cá bhfios céard a tharlóidh san am atá fágtha idir seo agus lá an toghcháin? An scéala gur rugadh grápháiste Barack Obama de Madonna? Gur spáschoimhthíoch í Sarah Palin? Gur feallmharaíodh (agus faraor, d'fhéadfadh an ceann seo tarlú) duine de na hiarrthóirí? Tá feiniméan sna Stáit Aontaithe a dtugtar an "October Surprise" air ina dtarlaíonn rud ollmhór a athrós dreach an toghcháin as cuimse.
spás bán a blank space
" Rinneadh gach tír, seachas an Bhreatain – (a léiríodh mar spás bán, tagairt gan amhras, do sceipteachas frith-Eorpach na tíre sin) a léiríú i bhfoirm míreanna móra crochta ar fráma tiúbach gorm déanta as miotal agus gi nár tháínig tír ar bith slán ó ghéíre Cerný, tháinig roinnt tíortha amach níos fearr ná an chuid eile! Ní raibh muintir na Bulgáire róshásta go raibh a dtír léirithe mar leithreas Turcach – an cineál a seasfaidh tú ann - agus cháin ionadaí na tíre, Betina Joteva, go dóite é ag rá: ‘Ní thig liom glacadh le leithreas ar léarscáil mo thíre.
ní sa chúngach no lack of space
" ” Ach in ainneoin an tslua, ní sa chúngach a bhí muintir Creedon.
slí space
" Clár Oibre Tá clár leathan beartaithe ag foireann na Cultúrlainne don bhliain seo agus chomh maith le háiseanna a chur ar fáíl trí Ghaeilge, tá ranganna Gaeilge, ceoil, damhsa agus ranganna ealaíne le bheith ann chomh maith le clubanna don aos óg, amharclann a bhfuil slí ann do dhá chéad duine, siopa leabhar agus ceardaíochta, ionad gorlann ghnó agus spás oifige.
cheal spáis due to lack of space
" Ní scrúdóimid cúiseanna na géarchéime san Fhionlainn, cheal spáis.
fliúirse slí plenty of space
" An trá is áille ar domhan, an fharraige is goirme ar domhan agus fliúirse slí ann dom le dul ag spaisteoireacht im’ aonair, nuair nach mbínn ag dul ar mire le mo dheartháireacha.
slí space
" Ní raibh slí don 5,000 a bhí ann sa halla agus, dá bhrí sin, eagraíodh an cruinniú taobh amuigh agus taobh istigh san am céanna! Labhair James Wray, a chaill a mhac Jim Wray (22) ar Dhomhnach na Fola go ciúin faoin ár agus faoi na trioblóidí.
taiscéalaí spáis space explorer
" Fiú iontaisí ar de dhéantús an duine iad – an t-ilstórach is airde, nó an taiscéalaí spáis is faide in imigéin uainn, is matamaitic bhreá ghalánta a dhéanann cur síos orthu, agus déarfadh matamaiticeoir leat go bhfuil a áilleacht féin ag baint le gach aon cheann acu.
nach bhfuil slí there’s not space
" Tá an méid sin d’iarsmaí an tseansaoil sa bhaile is nach bhfuil slí do gach rud taobh istigh den iarsmalann, agus chaith mé an lón a bhí liom i mo shuí ar bhun colún Rómhánach sa chlós, le hiarsmaí eile ar gach taobh díom.
in achar in the space
" Chaill an chathair 300,000 cónaitheoirí in achar tríocha bliain, agus b'shin ba chúis leis an gcuma smolchaite ar na fobhailte, go háirithe na cinn in aice lár na cathrach.
ní raibh slí ann there wasn’t space
" I dteach pobail an Holy Name a bhí sé, míle ó mo theach féin agus ní raibh slí ann do na céadta a bhí i láthair.
gan mhoill in a short space of time
" Chuaigh na hinnill i gcion go mór ar mhuintir NSW gan mhoill agus tháinig borradh suntasach faoi líon na gclubanna sa stát dá bharr.
in achar in the space
" Dhún dhá shiopa leabhar i Sligeach in achar roinnt seachtainí, an Booknest agus Keohanes.
ag líonadh spás filling the space
" Is deacair ar na saolta seo neamhaird a thabhairt ar cheist atá ag crá údaráis an Chumann Lúthchleas Gael le tamall de bhlianta agus atá, ceal cluichí móra le tuairisciú, ag líonadh spás na gcluichí Gaelacha ar leathanaigh na nuachtán náisiúnta agus eile.
a teilgeadh an chéad diúracán sa spás when the first rocket was fired into space
" Bhí nuachtáin ina measc freisin ón lá a teilgeadh an chéad diúracán sa spás i 1969; bhí trí nuachtán ó chuairt an Phápa go hÉirinn i 1979 agus sleamhnáin, clár agus ticéid ó chluichí Oilimpeacha Munchen i 1972.
achar space, distance
" Tugtar ‘an díog’ ar an achar seo agus tugtar ‘an caidreamh tras-Tasmáine’ ar ghnóthaíocht idir an dá thír.
leabhar spás-sobalach a space-soap book
" I *Fringe* tá cumarsáid le cruinne eile taobh lenár gceann féin ina bhfuil na daoine céanna (déan *google* ar *Fauxlivia* agus *Walternate* agus tuigfidh tú); i *Star Trek*, i measc eile, bíonn *‘warp drives’* mar atá in an-chuid scannán is leabhar spás-sobalach mar a déarfá.
saoire spáis a space holiday
" org/drift/) Ach céard faoi saoire fíornua-aimseartha? Saoire sa todhchaí? Cinnte, ní hé go bhfuilim tar éis teacht ar sheirbhís amthaistil, ach tá comhlachtaí ann atá ag cur saoire spáis ar fáil.
le fiche bliain anuas over the space of 20yrs
" D’éiríomar cleachta le fiche bliain anuas as íoc go daor as cupán caife móide gabhdóg aonar uaigneach amháin, nó sruán, ar €4.
In imeacht in the space
" In imeacht ceithre bliana go leith, ní raibh ach cruinniú amháin idir feidhmeannaigh ón dá eagraíocht faoin ábhar cé go raibh a gcuid ceannáras lonnaithe i bhfoisceacht cúpla céad méadar dá chéile.
le linn ré órga na spástaiscéalaíochta during the golden era of space travel
" Ach rinne Kittinger a éacht le linn ré órga na spástaiscéalaíochta.
spásrás faoi lán tseoil space race was going full pelt
" Bhí an spásrás faoi lán tseoil nuair a thug Apollo 11 aghaidh ar an Ghealach sa bhliain 1969.
an garspás near space
" Níor bhain sé ach an garspás (near space) amach agus ar scála mhéid an domhain, bhí sé fós measartha íseal.
na spástaistealaithe the space travelers
" com/twisst158/status/260797807806525440> ón seirbhís uathoibritheach seo agus uair nó dhó bhí mé in ann seasamh amach sa gháirdín chúl agus lámh a creathadh leis na spástaistealaithe ar an ISS.
thionchar an spáis ar chodladh the effect of space on sleep
" ie/> atá lán le carachtar an tsaineolaí seo atá ag déanamh taighde ar thionchar an spáis ar chodladh is ar bhunfheidhmeanna colainne eile.
ag díol spásanna fógraíochta selling advertising space
" Thosaigh an Veinéis ag díol spásanna fógraíochta roinnt blianta ó shin ar mhaithe le costaisí móra cothabhála a ghlanadh agus feictear toradh an chinnidh sin inniu sna fógraí móra, ag díol só-earraí atá le feiceáil fud fad Piazza San Marco.
ag druidim isteach ar an slua closing in on peoples’ space
" Brú, Bagairt is Béicíl gan Ghá ============= Ansin thosaigh siad ag béicíl agus ag drantú agus ag druidim isteach ar an slua a bhí fós ag caint agus ag comhrá i bhforsheomra an óstáin.
an easpa spás cúlstáitse the lack of backstage space
" Bhain an stiúrthóir, Niall Henry, feidhm as stíl shimplí ach sílfeá scaití go raibh cuma amaitéarach uirthi, ach bhain deacracht leis de dheasca dhearadh simplí an tseit agus an easpa spás cúlstáitse sa Project Arts Centre.
san achar beag gearr in the short space of time
" Is iontach an t-athrú atá tagtha ar réimse na teicneolaíochta san achar beag gearr idir na nóchaidí, nuair a thosaigh mé ag obair mar innealtóir don chéad uair, agus an lá atá inniu ann.
Tugtar deis análaithe breathing space is given
" Tugtar deis análaithe do scéal atá an-chasta.
Fathaigh aisteoirí in aon chúngach le chéile giants of actors all in one small space
" Fathaigh aisteoirí in aon chúngach le chéile.
tá an spás i gcroílár gach gníomh cumhachta space is at the epicentre of every act of energy
" Scríobh an fealsúnaí Francach Michel Foucault: "L'espace est fondamental dans tout exercice du pouvoir" (tá an spás i gcroílár gach gníomh cumhachta) agus “Is árthach don chumhacht shóisialta i gcónaí é an spás.
Is árthach don chumhacht shóisialta i gcónaí é an spás space is always a container of social power
" Scríobh an fealsúnaí Francach Michel Foucault: "L'espace est fondamental dans tout exercice du pouvoir" (tá an spás i gcroílár gach gníomh cumhachta) agus “Is árthach don chumhacht shóisialta i gcónaí é an spás.
i bhfad uainn i spás far away in space
" Cruthaíonn Banks fís réadúil den tsibhialtacht seo i bhfad uainn i spás ach a bheith comhaimseartha linn.
Tá neart slí sa charr there’s plenty of space in the car
" Tá neart slí sa charr chun rudaí a stóráil – agus go leor pócaí inti do nithe beaga.
cláraigh leo in achar cúig bhomaite registered with them in the space of five minutes
" Nuair nach raibh an leabharlann áitiúil in ann cuidiú liom, thiomáin mé chuig an chontae is gaire dom, cláraigh leo in achar cúig bhomaite, agus fuair cúrsa maith móide roinnt leabhar ar iasacht.
Fágtar spás beag bán a blank space is left
" Fágtar spás beag bán in aghaidh gach lae inar féidir leis an léitheoir a c(h)uid nótaí/meabhrán féin a scríobh.
Is ar éigean atá slí suí do there’s hardly enough space to seat
" Is ar éigean atá slí suí do cheithre scór sa seoimrín seo, ach ba anseo a bhí seoda beaga gleoite le fáil don té ar spéis leis an ealaín a dhéantar ar bheagán airgid gan mórán cainte.
In imeacht coicíse in the space of a fortnight
" In imeacht coicíse tháinig Seachtain! Forlíonadh ildaite é a dháilfear mar fhorlíonadh de chuid an *Irish Independent* chuile Chéadaoin.
le dornán blianta anuas over the space of a few years now
" Léiríonn figiúirí ón Audit Bureau of Circulation go bhfuil meath leanúnach tagtha ar líon léitheoireachta phríomhnuachtáin na hÉireann agus dhruid nuachtáin aitheanta ar nós an *Sunday Tribune* agus *Irish Daily Star Sunday* le dornán blianta anuas.
ionad spásléirithe an (arts) exhibition space
" uk) cead úsáid a bhaint as sa bhliain 2007 mar ‘ionad spásléirithe,’ agus tá sé ag dul ó neart go neart ó shin.
Tiontaíodh compal míleata a military area/space was altered
" Tiontaíodh compal míleata, Beairic Ebrington os comhair Halla na Cathrach ar an taobh eile den abhainn, ina piazza ealaíne díreach in am do thosach na bliana; beart a raibh intinn nath an Bhíobla faoi chlaimhte a bhualadh amach ina soic chéachta agus sleánna a thiontú ina gcorráin taobh thiar de ach, sa chás seo, gur deiseanna ealaíne an toradh a bhí ar an bhualadh amach.
níl aon easpa slí ann there’s any amount of space in it
" Maidir leis an taobh istigh den charr, tá sé breá sócúil agus níl aon easpa slí ann.
in achar gearr ama in a short space of time
" Tá éirithe thar cinn leis na heagraíochtaí sin torthaí suntasacha a bhaint amach in achar gearr ama.
an bhearna idir dhá chuaille the space between two poles
" Bata leadóige nó camán, liathróid leadóige agus cipíní crainn a bhíodh ann don chruicéad, geataí tosaigh na dtithe nó an bhearna idir dhá chuaille BSL mar chúil do na cluichí móra peile agus iomána.
móide 3 bhearna plus three spaces
" Bíodh go bhfuil an leagan Gaeilge ‘Garraithe Náisiúnta na Lus’ níos giorra (23 litir móide 3 bhearna) ná an leagan Béarla (25 litir móide 2 bhearna), bheartaigh an t-údarás bóthair feidhm a bhaint as cló níos lú don ainm Gaeilge ar an gcomhartha a threoraíos daoine ann.
in achar gairid 10 mbomaite in the short space of ten minutes
" Bhí fear amháin a d’fhreastail ar mo chúrsa in ann 12 cineál féir a aimsiú ar thaobh an bhealaigh cóngarach d’Oideas Gael in achar gairid 10 mbomaite! Ach cúpla lá tar éis sin, chuaigh fear áitiúil thart ag scairdeadh fiailnimhe ar chiumhais an bhóthair agus mharaigh sé gach rud! In ionad lusanna ildaite, tá gach rud dóite agus liath anois agus tá cuma uafásach air agus tá dochar déanta don ghnáthóg seo.
ó Ghníomhaireacht Spáis na hEorpa from the European Space Agency
" Labhair Eithne Ní Ghallchobhair le heolaí ildánach ó Ghníomhaireacht Spáis na hEorpa, an Dr.
a bhuíochas sin ar mhisean an spásárthaigh Phoenix thanks to the space craft Phoenix's mission
" Táimid ar tí fáil amach an bhfuil beathraí ar Mhars, a bhuíochas sin ar mhisean an spásárthaigh Phoenix.
faoina thuairimí mar gheall ar chúrsaí spáis about his opinions regards matters relating to space
" Hugh Deasy, le gairid faoin mhisean agus faoina thuairimí mar gheall ar chúrsaí spáis.
in imeacht in the space
" Díoladh suas is anuas le milliún cóip de leabhar nuafhoilsithe sa Bheilg agus sa Fhrainc in imeacht ráithe agus cheannaigh PJ Mac Gabhann a chóip féin.
blianta gairide dornálaíochta short space of time boxing
" Ní haon ribín réidh ar bhain Katie Taylor amach in imeacht blianta gairide dornálaíochta.