Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
spagaí an dreama the purses of the group
" Chuig spagaí an dreama is mó a thacaíonn leo.
spaga teoranta a limited budget
" Ach an bhfuil dosaen stiúrthóir de dhíth i ndáiríre ar Údarás na Gaeltachta le spaga teoranta a riaradh? An bhfuil aon ghá le 24 ball ar bhord stiúrtha Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge? Cad faoi bhord Fhoras na Gaeilge ar a bhfuil cúig bhall déag? An gcuireann sé le héifeacht Choiste Gnó Chonradh na Gaeilge go bhféadfadh idir 25 agus 60 ball a bheith air? An bhfuil gá i ndáiríre le Coiste Naisiúnta ar a bhfuil dhá scór ball le féile an Oireachtais a stiúradh? Cén sórt amaidí a d'fhág go raibh a trí oiread ball ar bhord MFG ná mar atá ar bhord Apple? Feidhm Boird ======= Is minic fosta go mbíonn dul amú ar bhaill de bhoird sa tír seo faoin ról atá le cur i gcríoch acu.
spaga teann airgid a large wad of money
" Is féidir í a mharú ina dhiaidh sin féin, ach triail ar thíortha na hAfraice, cuir i gcás, spaga teann airgid a thabhairt leat, agus dul i mbun creiche.
Má tá an spaga teann agat if you’ve money to burn
" Má tá an spaga teann agat agus am le caitheamh, labhair le habhcóide agus tabhair caingean in aghaidh aon mheán cumarsáide a dhéanann beag is fiú díot mar gheall ar do chúlra, aicme, teanga/saíochta, creidimh nó ar aon bhun faoin ghréin.
scaoil sé dhá spaga óir he let two small bags of gold
" Os rud é go raibh fuinneoga na beirte ab’ óige dúnta scaoil sé dhá spaga óir síos an poll deataigh acu, ach thit ceann acu isteach i stoca a bhí crochta den chlabhar ag triomú ansin cois tine! Taisí Naomh na Tarrthála ============ Bhog sé go Myra níos déanaí ina shaol áit ar déanadh easpag de.
spaga beag folamh an rialtais áitiúil local government’s small empty purse
" Is eagal le Ciarán Mac Aonghusa gur spaga beag folamh an rialtais áitiúil a d’fhág é ag santú comhlachtaí a chuirfeas muilte gaoithe ar mhullach gach cnoic.