giorraisc
blunt-speaking
"Ní scríobhtar leabhair i mbeáir," a dúirt McEvoy, ar fear
giorraisc go maith é, leis an *Irish Voice *an mhí seo caite, le linn lóin i mbialann Indiach ar 29th Street.
bua na cainte
talent for speaking
Bhí, agus tá i gcónaí,
bua na cainte ag Seán agus chabhraigh sé sin go mór leis ag an tús chun na himreoirí a thabhairt leis.
staraithe Béarla
English-speaking historians
"Cad é an díospóireacht a spreag sé? An mó duine a léigh é? Tá níos mó cloiste agam ó
staraithe Béarla mar gheall air ná mar atá cloiste agam ó lucht léinn na Gaeilge.
ag trácht ar
speaking of
Agus
ag trácht ar ról MI6 sa stát seo bhí sé le rá ag Kenneth Lindsay, iarbhall eile de chuid seirbhísí rúnda na Breataine, "the news media in particular has been infiltrated at all levels … by either British or American Intelligence.
chun labhairt na Gaeilge a spreagadh
to encourage the speaking of Irish
An té a cheapfadh nach bhfuil a lán Gaeilgeoirí anseo i bpríomhchathair na hEorpa, an Bhruiséil, ní bheadh an ceart aige in aon chor! Ní thógann sé ach duine amháin
chun labhairt na Gaeilge a spreagadh agus is iontach an rud é an "*domino effect*" a fheiceáil.
ag caitheamh anuas ar
speaking slightingly of
Braithim go dtuigeann sé go maith go mbíonn cuid den dream acadúil
ag caitheamh anuas ar an Ghaeilge mar ábhar i gColáiste Phádraig agus nach bhfuil oiread measa acu ar Roinn na Gaeilge ansin is ba cheart dóibh.
ag plobarnaíl leis
speaking incoherently
Níl le déanamh agat ach cúpla focal a rá fá dtaobh dá mháthair a fhad is atá sé
ag plobarnaíl leis le stop a chur lena chuid breallaireachta ar an toirt.
pobal na Gaeilge a mhéadú
to increase the Irish-speaking community
Cén fáth ar bunaíodh é?
Bhí dhá chuspóir i gceist:
pobal na Gaeilge a mhéadú i gceantar Leath Chathail, Contae an Dúin;
freastal a dhéanamh ar riachtanaisí phobal na Gaeilge.
deiseanna cainte
speaking opportunities
Rinne muid a lán oibre i bpéirí, agus d’athraigh muid go páirtí nua go minic, mar sin fuair muid a lán
deiseanna cainte.
ag caint os íseal
speaking in low voices
Mánas agus Denis
ag caint os íseal le chéile.
chumas labhartha
speaking ability
Is ar
chumas labhartha sa Ghaeilge go príomha a dhíríonn an bonnleibhéal agus an gnáthleibhéal agus tá an inniúlacht a lorgaítear an-teoranta.
chumas labhartha
speaking ability
Is ar
chumas labhartha sa Ghaeilge go príomha a dhíríonn an bonnleibhéal agus an gnáthleibhéal agus tá an inniúlacht a lorgaítear an-teoranta.
ag caitheamh anuas air féin
speaking badly of himself
”
Ach admhaíonn Ó Coileáin gur nós leis an Ríordánach bheith
ag caitheamh anuas air féin ar gach aon saghas slí agus go raibh sé uiríseal os comhair daoine.
ár modh cainte a athrú?
to change our way of speaking?
B’fhéidir leagan beacht atá caillte ag an aoisghrúpa seo a athbheochan? Nó meascán de gach rud?
Ar chóir dúinn Gaeilge mhianaidhme a úsáid ar an teilifís, agus glacadh leis go mbeidh sé deich mbliana eile sula mbeidh naíonáin an lae inniu ina ndéagóirí agus ag súil go mbeidh siad ag caint mar sin? An bhfuil cumhacht ag lucht scripte
ár modh cainte a athrú?
Tá mo bharúil féin agamsa.
go mbeadh sé chomh maith acu Fraincis a labhairt linn.
that they might as well be speaking French to us
Ach na Francaigh – thiocfadh leo a bheith sa tír le tríocha bliain agus bíonn Béarla s’acu chomh “*t’ick*”
go mbeadh sé chomh maith acu Fraincis a labhairt linn.
labhairt, cluastuiscint, léamhthuiscint agus scríobh.
speaking, listening comprehension, reading comprehension and writing
Tá na scrúduithe bunaithe ar na ceithre scil teanga:
labhairt, cluastuiscint, léamhthuiscint agus scríobh.
ar thuiscint agus ar labhairt na teanga.
on understanding and speaking the language
Ag an mBonnleibhéal, cuirtear an-bhéim
ar thuiscint agus ar labhairt na teanga.
ag labhairt go poiblí
speaking publicly
Ach d’fhéadfaí a chur ina leith go mbíonn sé ag bualadh bob ar mhuintir na tíre seo go minic agus gur cur i gcéill é an *persona* a bhíonn i gceist agus é
ag labhairt go poiblí – is é sin, *persona* an ghnáthdhuine a labhraíonn mar a labhraíonn an gnáthdhuine.
ó thaobh na tíreolaíochta
geographically speaking
Ní fada uainn Manainn in aon chor
ó thaobh na tíreolaíochta – dhá uair an chloig ar an mbád, 35 nóiméad san eitleán – ach is mó ár suim na laethanta seo i gcríocha tarraingteacha carbónbhunaithe i bhfad i gcéin uainn.
deiseanna labhartha
opportunities for speaking
Cuireadh tús le *Oieghyn Gaelgagh* (Oícheanta
Gaelacha) ar fud an oileáin chun
deiseanna labhartha a thabhairt d’fhoghlaimeoirí.
labhairt-i-dteangacha.
speaking in tongues
Is Críostaí go smior í a bhfuil na blianta caite aici mar bhall den Eaglais Chincíseach agus creideann sí go láidir i neart an Spioraid Naoimh agus i rudaí mar
labhairt-i-dteangacha.
ag caint le hiriseoir de chuid nuachtáin áitiúil
speaking with a journalist from a local newspaper
Agus é
ag caint le hiriseoir de chuid nuachtáin áitiúil i nDoire, dúirt David Armstrong go raibh an baile chomh biogóideach is a bhí sé riamh.
saol an Bhéarla
the English-speaking world
Réalta Saol Fódlach
SMM: Is cáiliúla thú, ar shlí, i
saol an Bhéarla – tarraingíonn tú an-aird ina measc, mar gur de threibh mhuintir na Gaeilge agus na Gaeltachta thú.
ó cheart
properly speaking
Ainmníodh an chóilíneacht, Talamh Mháire nó Maryland
ó cheart, i ndiaidh Maria, bean chéile an rí Séarlas, agus ardchathair na cóilíneachta i ndiaidh an Tiarna é féin.
Galltachta
English speaking Ireland
Tá gné aisteach fíorchumhaíúil le háireamh le linn atuile Gaeilge na
Galltachta.
Galltachta
English speaking area
Go Feiceálach, i Lár an Aonaigh
==================
**SMM: An bhfeiceann tú tábhacht le feiceálacht na Gaeilge i saol na
Galltachta, nó iar-Ghaeltacht más fearr leat?**
BNC: Ceapaim go bhfuil an rud feiceálach, - go mbíonn tionchar an-mhór aige ar an duine, ar an nGaeilgeoir agus ar an té nach labhraíonn í.
plámás na taidhleoireachta
speaking in diplomatic terms
Ní raibh i gcaint an chuairteora Shínigh ach
plámás na taidhleoireachta, ach mar sin féin, chuir ráiteas Xi ag meabhrú mé ar an chaoi a ndearna geilleagar na tíre seo a bhealach isteach sa nua-aois, agus ar an tSín féin, a bhfuil leathchos amháin aici sa nua-aois agus cos eile fanta sa ré réamhthionsclaíoch.
Rua-Indiaigh ag labhairt a dteanga féin
first nation people speaking their own language
Bhí na
Rua-Indiaigh ag labhairt a dteanga féin, Cheyanne, Apache nó cibéard.
is nach mbíonn á labhairt ach seanduine thall is abhus
and only old people are speaking it here and there
Síleann siad gur teanga mharbh í
is nach mbíonn á labhairt ach seanduine thall is abhus.
ag labhairt go cneasta
speaking in a friendly way
Choinnigh muid beirt, súil ar an bheirt bhan taobh eile na sráide ag caint, an bhean aibí
ag labhairt go cneasta leis an mbean óg fíorálainn seo.
ar shliabh Galltachta
on a mountain in English speaking Ireland
Cúpla lá ina dhiaidh sin
ar shliabh Galltachta bheannaigh mé don chúigiú duine, b’fhéidir, anuas im’ éadan.
nár cuireadh ceamradóir le Gaeilge amach
an Irish speaking camera man wasn’t sent out
Thuig mé go maith nach í an tuairisceoir ba chúis leis an iompar náireach seo agus dúras leí go mba é an trua
nár cuireadh ceamradóir le Gaeilge amach in éindí leí chun an scéal a thaifeadadh.
ag labhairt a dteanga féin
speaking their own language
Is dócha, nuair a bhí mé i mo chónaí i Los Angeles go mór mór, gur bhuail mé le daoine as tíortha éagsúla agus bhíodar
ag labhairt a dteanga féin, Spáinnis mar shampla, agus is dócha gur mhothaigh mé go mba cheart go mbeinn in ann Gaeilge a labhairt.
ag caint go mothúchánach
speaking with feeling
Ach don chéad uair riamh gan aon áibhéil - chuala mé aontachtach ó cheann de na páirtithe móra
ag caint go mothúchánach ar cheist nach raibh baint aige le féiniúlacht nó le seasamh na fóide ar son an aontais.
ag labhairt theanga an námhad
speaking the enemy’s language
Agus bhí sé
ag labhairt theanga an námhad, an Rúisís bhréan, ar thalamh bheannaithe na Rómaine.
dhaoine a bheith ag déanamh tóin dá mbéal
people speaking crudely
I ndáiríre, ba chuma faoi
dhaoine a bheith ag déanamh tóin dá mbéal ar na téipeanna.
faoi Ghaeilg a labhairt i gcuideachta daoine eile
for speaking Irish in other people’s company
Béal an Mhuirthead
==========
Cuimhním ar an mbaile sin, Béal an Mhuirthead, mar gheall ar an ionsaí ba fíochmhaire a rinneadh orm in áit ar bith ar domhan
faoi Ghaeilg a labhairt i gcuideachta daoine eile, breis is fiche bliain ó shin.
Iar-Ghaeltacht
an ex-Irish speaking area
(Ní hionann Galltacht is
Iar-Ghaeltacht, ná Réamh-Ghaeltacht.
Réamh-Ghaeltacht
a pre-Irish speaking area
(Ní hionann Galltacht is Iar-Ghaeltacht, ná
Réamh-Ghaeltacht.
as ceantar breac-Ghaeltachta
from a semi-Irish speaking area
**CMacS: Cé as a dtáinig do shuim sa Ghaeilge?**
AÓC: Is
as ceantar breac-Ghaeltachta do mo mháthair agus bhí an-spéis sa Ghaeilge i gcónaí sa bhaile; bhíodh cuairteoirí ag teacht chuig an teach agus Gaeilge acu.
chuig tír nach labhraítear Béarla inti
to a non-English speaking country
Tá daoine eile ag fáil bháis ach is líonmhaire na Gaeil-Airgintínigh agus, faoi láthair, tá tuairim’s leathmhilliún Gael-Airgintíneach sa tír, an diaspóra Éireannach is mó
chuig tír nach labhraítear Béarla inti.
cuntasóir Béarlóra
an English speaking accountant
D'inseoinnse an scéal ó thús deireadh go fial, fonnmhar, ach bhí daoine eile sa gcomhluadar,
cuntasóir Béarlóra as Baile Átha Cliath, agus beirt as Londain, rud a thug orm freagra gonta a thabhairt ar an gceist ar fhaitíos go gcuirfinn bréantan ar an gcóisir le saineolas.
sa ghalltacht a thuilleadh
in English speaking Ireland anymore
Ní raibh mé
sa ghalltacht a thuilleadh, nó bhí sin leáite ina ceo.
an chuid is mó den locht ar lucht na Gaeilge
the Irish speaking community is mostly to blame
Ach is í mo thuairim féin go bhfuil
an chuid is mó den locht ar lucht na Gaeilge nárbh fhiú dóibh an nuachtán a cheannach go rialta.
saol na Gaeilge
the Irish speaking society
Tá sé in am ag
saol na Gaeilge dul i ngleic leis na ceisteanna atá curtha faoi chaiteachas an stáit ar chúrsaí Gaeilge dar leis.
ag caint níos boige i leith
speaking more benignly about
Bhuail Colm Mac Séalaigh leis an bhfear a chuir Kevin Myers, fiú amháin,
ag caint níos boige i leith na Gaeilge, Bernard Dunne, iarchuradh dornálaíochta an domhain.