Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
Sprid spirit
" (b) Sprid na hóige i measc na dtuismitheoirí.
spréach spark, spirit
" Cé nach n-áirím mé féin ina measc siúd, is fíor a rá go gcuireann an samhradh spréach bhreise ionam.
spiorad na hoscailteachta the spirit of openness
" Ar thaobh tosaigh na seacht mbancnóta, "seasann na pictiúir d'fhuinneoga agus de gheataí do spiorad na hoscailteachta".
biotáilte spirits
" B'fhearr liom biotáilte ná barrúil le fada anois.
Thug fear eile ardú meanman dúinn Another man raised our spirits
" Thug fear eile ardú meanman dúinn nuair a scríobh sé: "Táim i mo chónaí anseo in Áth Luain ach déanaim mo chuid guí fós trí Ghaeilge.
lagmhisnigh lowness of spirits
" Cad chuige a raibh an oiread sin lagmhisnigh ar an pháipéar áirithe aontachtach seo, go raibh scéal i ndiaidh scéil ag tabhairt le fios go raibh an IRA ar tí dul i mbun an fhoréigin arís? Luaigh mé an briseadh isteach i gCaisleán an Riabhaigh roimhe seo.
ardú meanman raising of spirits
" Taobh amuigh d'ardú meanman agus spreagadh a thabhairt do dhaoine, mórtas cine agus féinmheas a spreagadh iontu, tá lucht an CLG ag íoc cánach go díreach de bharr a rannpháirtíochta sa Chumann.
ardú meanman raising of spirits
" "Ó thaobh na hailtireachta de, bíonn muid de shíor ag iarraidh cur ina luí ar na cliaint a bhfuil Gaeilge acu gur ráitis mhuiníneacha iad na foirgnimh a dhearann muid, a bhfuil sé mar aidhm acu ardú meanman a thabhairt don phobal agus don teanga.
sracadh strength and spirit
" Caithfidh mé a rá i dtaca le holc, go dteachaidh lucht na Gaeilge i bhfeidhm orm ar bhealach mar seo, agus an fuinneamh is an sracadh atá iontu i gcónaí.
a chuirfeadh ardú meanman that would raise your spirits
" Bhí radharc den chineál céanna le feiceáil ar fud na Gaeltachta thiar, ó Bhearna go Carna mar a deir siad, ar feadh an tsamhraidh, radharc a chuirfeadh ardú meanman agus gliondar croí ar dhuine ar bith gur mór leis na cluichí Gaelacha.
géilleadh don lagmhisneach give in to low spirits
" '" Goilleann sé uirthi go bhfuil an Ghaeilge ag dul i léig sa Ghaeltacht ach ní duine í atá sásta géilleadh don lagmhisneach.
faoi anáil an spioraid nua seo under the influence of this new spirit
" Má thagann muintir na Gaeltachta faoi anáil an spioraid nua seo atá sna bailte móra san oirthear, feicim gach seans, ní hamháin go sábhálfar an teanga mar theanga phobail ach go dtiocfaidh méadú ar na Gaeltachtaí.
sú na heorna spirits distilled from barley
" "Áááá, nár bhreá liomsa bronntanas Nollag a fháil ón Aire Rialtais sin a bhí chomh fial flaithiúil lena chairde ar chostas an Stáit: sú na heorna, brandaí agus todóga gan iarraidh, gan íoc.
bhiotáille spirits
" Bí cinnte nach aon bhiotáille bhroghach bháite de chuid Jameson nó Paddy nó fiú Powers féin a bhí ann, ach fíor-bheathuisce Preispitéireach aduaidh as Bushmills, an cineál fuisce is fearr leis an chineál is fearr de dhaoine, Cathaoirleach Údarás na Galltachta as an chuntas! Ach, ar an drochuair, is dóiche ná a mhalairt nach bhfaighidh mé ach an gnáthdosaen cloigeann seanbhlastúil caorach arís i mbliana," a cheasnaíonn Balor na Baothchainte.
aigeanta spirited, cheerful
" " Ba mhór ag Aoife dá dtabharfadh Gerry faoi seo ar dhóigh aigeanta, chroíúil mar athrach, seachas smut a bheith air a leagfadh leathdosaen.
bheocht spirit
" Nuair a thugann tú cuairt ar Bhóthar na bhFál agus nuair a shiúlann tú isteach sa Chultúrlann, spreagann an fuinneamh agus an bheocht atá le feiceáil gach áit go mór tú.
lagmhisneach low spirits
" Níor chuir sé sin lagmhisneach ar Mundy, áfach, mar a tharlódh i gcás daoine eile.
trí chumhacht an spioraid chruthaithigh through the spirit of the creative spirit
" "Ní gá dúinn a bheith inár dtomhaltóirí - is féidir linn ár nglór a chur i bhfeidhm trí chumhacht an spioraid chruthaithigh .
spiorad daonna human spirit
" Fógraíonn *graffiti*, T-léinte le manaí, bratacha, péintéireacht, múracha agus dealbhóireacht go bhfuil rud éigin daingean ionainn mar dhaoine a dhiúltaíonn do chaimiléireacht agus a chinntíonn go bhfuil an spiorad daonna beo.
meanman spirit, morale
" Is ardú meanman é do phobal a labhraíonn mionteanga, agus d'eagraíochtaí an phobail sin, bíodh siad deonach nó ag feidhmiú mar ghnó, dream a fheiceáil ag tabhairt faoi pháipéar laethúil a fhoilsiú sa teanga sin.
In ísle brí in low spirits
" In ísle brí, chuir mé scairt ar an Commission for Racial Equality (CRE) agus chuir siad comhairle orm.
bromach teaspaigh a spirited colt
" Ní i gcónaí a bhí sé ar bhóthar a leasa, mar raid sé an chairt go maith le linn a óige mar a dhéanfadh bromach teaspaigh, ach ó bhronn Dia céile iontach air, Delia, agus, ar ndóigh a bheirt mhuirir, bhíodar sin ina gcnámh droma agus ina *raison d'être *aige.
aigne spirit
" Bhí Mícheál lán de chroí is d'aigne agus ní chreidfeá go bhfuil 97 mbliana aige.
lagmhisneach lowness of spirits
" Agus ghríosaigh siad mé go rialta nuair a tháinig lagmhisneach orm.
uaibhreach proud, spirited
" * Gluais &#149; Glossary as an tom coillfrom the hazel bush scoilbsplinters ina chiotógin his left hand cloch speilescythe-stone faobharsharp edge lann na scinethe blade of the knife dheamhan a gcloisfeadh sé béicíl na ngasúrhe wouldn't hear the shouting of the children araebecause clósyard i ngeall ar an mbáisteachbecause of the rain a ghoilehis stomach dornán eileanother small quantity slámamount ag an gcrann mór darachat the big oak tree beartbundle lagweak an scoththe best cáilreputation a bhí uaidhthat he wanted garbhchomhaireamha rough count deich scillingten shillings gadwithe, rope chuir sé an ruaig ar an madrahe chased the dog seascaircosy, snug caonachmoss stoc storrúil an chrainnthe strong trunk of the tree choisrigh sé é féinhe blessed himself éadan síonchaite rocachweather-worn wrinkled face ar mhullach a chinnon the top of his head scáinteacht ghruaigesparseness of hair bun tornapathe bottom of a turnip eala bhána white swan ag fairewatching thuirling an spideog ar an talamhthe robin landed on the ground le dúilwith desire ag preabadhjumping ruainnín aráina small piece of bread beathafood sprúillemorsel ag samhlúimagining síógínlittle fairy dea-shíóga good fairy de dhoirte dhairtedartingly, suddenly a dhá luaithe isas soon as in airde ar leac na fuinneoigeup on the window-sill a broinn deargher red breast giodamachfrisky, jaunty mífhoighdeachimpatient ag bíogaílchirping go háiridespecially uaibhreachproud, spirited ar leathadhopen lena bréagadhtoo woo her babhtaísometimes cuinneogchurn drisiúrdresser dos cabáistetuft of cabbage máimín fataía handful of potatoes ag cuardach na nuachreafóigesearching the new soil cruimhmaggot bagrachthreatening binnsweet a ghlaoití amanta air féinhe used to be called sometimes spideoga difriúladifferent robins á leanúintfolllowing him conairpathway ag moilliúslowing nuair a d'iniúch séwhen he examined súil ribesnare (of thin cord or wire) d'fheith siseshe waited de réir dealraimhapparently ina ghnóthaíin his affairs ar nós gasúirínlike a young child go n-abrofaíthat it be said gileacht a súlthe brightness of her eyes frídthe smallest thing go beachtprecisely chomh haerach céannaevery bit as lively achairína very short time seafóidnonsense <td cl
sprid an iolrachais the spirit of pluralism
" Agus má dhéanann an DUP cleas Tony Blair, nuair a ghoid sé polasaithe Tóraíocha agus chuir pacáiste New Labour thart orthu, má thagann an DUP ar sprid an iolrachais atá folaithe ina gcroíthe leis na cianta, b'fhéidir gur seo an dé deiridh do pháirtí James Craig agus Basil "I wouldn't have one about the place" Brookborough.
meanman morale, spirits
" Thug an damhsa agus an phíobaireacht bhríomhar ardú meanman don slua chomh maith.
bíonn meanma mhaith acu they are in high spirits
" Caitear siar cúpla deoch sula dtéann an teaghlach a luí; bíonn meanma mhaith acu agus bíonn siad ag súil go mór leis na baill den teaghlach atá ina gcónaí i gcéin a theacht chun an bhaile don lá dár gcionn.
saol an tsaorspioraid life of the free spirit
" "Tá daoine ann a bhaineann taitneamh as a bheith ina n-'ealaíontóirí', as saol an tsaorspioraid a bheith acu, as na héadaí cearta 'ealaíonta' a chaitheamh.
tógáil croí lifting of the spirits
" Sílim féin gurb é an láidreacht is mó atá againn faoi láthair ná an spreagadh, an teacht le chéile agus an tógáil croí a thugann Gaeilgeoirí óga na naíscoile agus na bunscoile don phobal.
spiorad comhoibrithe a spirit of cooperation
" Cothaíonn an caidreamh sin spiorad comhoibrithe sa rang.
meanma spirit
" " "Is seans iontach í an fhéile chun spiorad an Bhaile Munna nua agus meanma dhrámaíocht na Gaeilge a thaispeáint," a deir Gearóidín Ní Ghioballáin.
meanma spirit
" Tháinig breis is 70% de na himeachtaí a bheidh le feiceáil i mbliana ón fheachtas poiblí a eagraíodh chun ábhar tionscadal nua a mhealladh isteach agus tá na heagraithe dóchasach go léireofar spiorad agus meanma na hEorpa ar bhealach an-dearfach in éagsúlacht agus i bhfuinneamh na dtionscadal a fuarthas.
spiorad an aontais the spirit of unity
" I measc na ndeacrachtai eile, tá an oiread sin teangacha éagsúla a bheith á labhairt - tuairim is 600 acu, rud nach spreagann spiorad an aontais.
spiorad na hiargúlach the spirit of the outback
" B'fhéidir go bhfuil deacrachtaí ann faoi láthair - ach níl deireadh le spiorad na hiargúlach ná baol air.
rud a chothaigh spiorad iontach comhair something which fostered a great spirit of co-operation
" I rith na bliana, ach le linn shéasúr na máirseála go háirithe, dhéanadh dílseoirí ionsaithe ar an cheantar go rialta, rud a chothaigh spiorad iontach comhair i measc na ndaoine.
tógfaidh seo an cian díot this will lift your spirits
" Seo, tógfaidh seo an cian díot,” ar sé agus tharraing sé buidéal mór seaimpéin as an chuisneoir.
ardmheanma high spirits
" Is léiriú an t-athrú nóis seo, b’fhéidir, ar an fhéinmhuinín agus ar an ardmheanma atá le brath i measc aos ealaíne na hÉireann faoi láthair.
sprid spirit
" Cén fáth ar bunaíodh PCT? Bunaíodh Pléaráca Teoranta: (a) Chun sprid agus meanma na ndaoine sa bpobal a ardú agus a gcomhfhiosacht mar phobal Gaeltachta a neartú.
meanma spirit
" Cén fáth ar bunaíodh PCT? Bunaíodh Pléaráca Teoranta: (a) Chun sprid agus meanma na ndaoine sa bpobal a ardú agus a gcomhfhiosacht mar phobal Gaeltachta a neartú.
anamúil lively, spirited
" Ní raibh duine orthu nar thaitin thar barr liom, agus b&#146;anamúil gealgháireach an dream iad.
ardú meanman raising of spirits
" ardú meanman ======= Bhí imeachtaí eile ar siúl i mbliana a chuidigh leis an ardú meanman i measc mhuintir na hiomána.
lagmhisneach lowness of spirits
" Ní haon ionadh é nach bhfuil ach céatadán beag cat ann a bhfuil bua na péintéireachta acu agus más rud é nach bhfuil bua na scuaibe ag do mhogaí féin, ná bíodh aon lagmhisneach ort.
aigeanta spirited
" Anois siúlaim leat i gcaorán na bhfuiseog is éistim le monabhar abhna do bhriathra ó Bhéal an Áthaagus cuirim mo bheola le do chneas atá cumhra, a ghrá, le sméara dubha Ghleann an Átha &#133;i dtobainne, tá mé lán díot, a mhian, is níl a dhath le déanamh agam ach luí síos leat go dianar leaba seo an dáin agus tú a bhriatharú chun beatha &#133; Gluais &#149; Glossary glao coiligh a póigethe rooster call of her kiss mullaightop of house buí-ómrayellow-amber bruth análahot breathing múr teasabank of heat cága callánachanoisy jackdaws á ngríosúinciting them a ngiúmaráilhumouring them go breabhsántasprightly meall gréineorb cabhail chathrachcity body spréite go hanástaspread awkwardly tnáitejaded basár a brollaighthe bazaar of her bosom ag borradhswelling dlaoithe casacurly tresses cabhsaí dúshlánachachallenging lanes á gclutharú féinhiding themselves méalasorrow buairtvexation cruachásdistress ag déanamh tochtagrieving silently an tréanthe strong ag tromaíocht ar an truadenigrating the wretch meannánkid méileachbleating scrínteshrines bean feasa na gclós ársawise woman of the ancient yards dhorchaigh spéir a súlthe sky of her eyes darkened ceannaircrevolt a d&#146;fheall orthuwhich failed them boige paidrethe softness of prayer le báinífurious bhruth bréan bildeálathe foul heat of the building site ag déanamh angaidhfestering i bhforógraí bagracha lucht léirsithein the threatening proclamations of the demonstrators bhachlógachindistinct siogairlínípendants glémhaiseachexquisitely beautiful go ríogúilregally teanga túisetongue of incense ag clingireachtringing bantracht bheoshúileachthe quickeyed women le coim na hoícheat nightfall ag spréamh cheannbhrat glé an dorchadaisspreading the bright canopy of darkness bioráinpins ag lonrúshining clóca sróilcloak of satin aigeantaspirited buimefoster-mother deoch shuainsleeping-draft spréachspark súgachmerry ag glinniúintsparkling tú a mhuirniúto caress you linntepools cumhaloneliness le tú a aoibhnniúto make you blissful ionúinbeloved másaíthighs a niamhraigh mo dhánwho made resplendent my poem i gcaorán na bhfuiseogin the bog of the larks monabharmurmur chneasskin cumhrafragrant miandesire
spiorad éacúiméineach an chomhghéillithe the eucumenical spirit of compromise
" Fear a mhol an rann seo leanas mar rosc náisiúnta nua in ionad “Amhrán na bhFiann”, anois go raibh spiorad éacúiméineach an chomhghéillithe san aer: God save our gracious Hyde! God save our noble Hyde! God save our Hyde! When Dev and Cosgrave clash He will do nothing rash, God bless his old moustache God save our Hyde! Shleamhnaigh an Bunreacht thar cheist stádas na poblachta.
lán le sprid full of spirit
" An ceol lag go maith ach lán le sprid, lán le dóchas, lán leis an tsuim agus an cur chuige a thugann saorchead don cheol gluaiseacht ó ghlúin go glúin beagnach i ngan fhios do dhaoine.
sprid na maidine the spirit of the morning
" Maura Derrane agus Mark Cagney &ndash; na láithreoirí &ndash; lán le sprid na maidine agus de mholadh don cheirnín.
misniúil agus ardaidhmeannach spirited and ambitious
" Is duine í Natasha Fennell atá misniúil agus ardaidhmeannach agus is cinnte go gcloisfear go leor fúithi sna blianta atá romhainn.
spiorad foirne team spirit
" Seans go bhfeileann imirt agus spiorad foirne na hEorpaigh níos fearr ná na Meiriceánaigh.
an t-ardú misnigh the raising of spirits
" Sílim go bhfuil an t-ardú misnigh a thugann rud mar TG4 do phobal beag an-tábhachtach.
dílis do spiorad ealaíne agus spiorad Ainu a athar loyal to the art spirit and the Ainu spirit of his father
" Ach anocht tá mac Oki, a iníon, a bhean chéile agus roinnt dá theaghlach anseo chun éisteacht leis ag canadh i láthair spiorad a athar &ndash; é dílis do spiorad ealaíne agus spiorad Ainu a athar ach níos dílse fós dá theaghlach.
chroch Balor suas a mhisneach Balor raised his spirits
" Ach i ngach aon chás chroch Balor suas a mhisneach agus dúirt *boy boy* leo.
an spiorad céanna the same spirit
" Agus, gan slua i láthair, ní bhíonn aon atmaisféar agus gan atmaisféar ní bhíonn an spiorad céanna sna cluichí, dá fheabhas iad na himreoirí.
go raibh sprid an ghrúpa ag teip that the spirit of the group was failing
" Bhí scéal ann gur fhreastail sé ar scoil, Coláiste na Carraige Duibhe, sna héadaí céanna, gur cuireadh abhaile é lena éadaí a athrú ach nuair a d’fhill sé go raibh culaith oíche eile á caitheamh aige! Teip ar an sprid Tháinig deireadh leis an ngrúpa ag Live Aid ach tá sé soiléir ón DVD agus ó leabhar Geldof, *Is That It?*, go raibh sprid an ghrúpa ag teip ar feadh roinnt blianta sula stopadar.
spréach spark, spirit
" Is breá liom an bhríomhaireacht atá ina chuid amhránaíochta freisin, an spréach atá aige! AÓF: An tú féin a cheannaigh iad seo nó an bhfuair tú mar bhronntanas iad? TM: Fuair mé *The Dusty Miller* mar bhronntanas agus cheannaigh mé an ceann eile.
spréach agus úire spirit and newnesses
" Ceannródaithe a bhí i Barbera agus a pháirtí, William Hanna, agus chuir an bheirt acu spréach agus úire i gcúrsaí beochana le cartúin mar *The Flintstones*, *Scooby Doo*, *Yogi Bear*, *The Jetsons *agus *Tom and Jerry*.
an t-ógánach spionnúil aigeanta, the spirited cheerful young person,
" Bhí suim mhór ag Rembrandt san aghaidh dhaonna agus d’fhill sé ar an ábhar sin arís agus arís eile ar feadh a shaoil &ndash; seanaghaidheanna agus aghaidheanna óga agus go háirithe a ghnúis féin, ó Rembrandt an t-ógánach spionnúil aigeanta, go dtí an seanduine spíonta, ag machnamh ar an saol.
ardú meanman raising of spirits
" Nach gcuireann sé ardú meanman i gcónaí orainn gar a dhéanamh do bhráthair? É tugtha faoi deara agam nach bhfuil leigheas níos fearr ar an ngalar dubhach ná gar a dhéanamh do chomharsa i ngátar.
lán le sprid, full of spirit,
" Sa leabhar seo, áfach, is éard atá againn ná léargas ar fhear óg muiníneach, lán le sprid, lán le ceol, le grá don saol, é i mbun fionachtana in iarthar na tíre ag cuartú saoil a bhí ag sleamhnú uainn, ag iascaireacht fonn a bhí beagnach ar ghrinneall na farraige agus ag fiach amhrán a bhí i bhfolach i bhforaoisí an ama.
spreagadh agus ardú meanman encouragement and raising of spirits
" Saothar, go díreach, a thabharfadh aitheantas dearfach do Learpholl mar ardchathair chultúrtha na hEorpa agus spreagadh agus ardú meanman dá mhuintir.
téann spioraid chun na háite seo spirits go to this place
" Dar le scéalta na Maorach, téann spioraid chun na háite seo i ndiaidh dóibh a gcoirp fhisiciúla a fhágáil.
agus na spioraid ag gabháil thairsti. when the spirits pass over it.
" Deirtear nach féidir ceol na habhann a chloisteáil agus na spioraid ag gabháil thairsti.
spiorad Eorpach ar leith a special European spirit
" In ómós dóibh siúd atá tagtha chugainn ó thíortha eile le blianta beaga anuas, beidh spiorad Eorpach ar leith le brath ar Fhéile na bliana seo.
an Spiorad Neafaiseach. the Trite Spirit.
" “Beidh muintir Paisley ann, mar is iondúil - an tAthair, an Mac agus an Spiorad Neafaiseach.
spiorad fiosrach cruthaitheach inquisitive creative spirit
" Tugtar léargas in *Eye Rhymes* ar spiorad fiosrach cruthaitheach na mná óige seo tríd an saothar eispriseanaíoch nua-aimseartha a scríobh sí, chomh maith le grianghraif agus íomhánna faisin de chuid Plath atá curtha i gcló den chéad uair anseo.
meanma náisiúnta national spirit
" Maítear gur tréisíodh an feachtas go mór nuair a fuair foireann chruicéid na hAstráile an ceann is fearr ar fhoireann a tíre athartha &ndash; arbh é Sasana &ndash; mar gur múisclíodh an meanma náisiúnta de thoradh an bhua.
Ní raibh uchtach agam a dhul a dhath níos faide. I didn't have the spirit to go any further.
" Ní raibh uchtach agam a dhul a dhath níos faide.
spiorad fiontraíochta spirit of entrepreneurship
" Easpa fiontraitheChuir iar-Eagarthóir *The Sun*, Kelvin MacKenzie &ndash; fear nach ndeachaigh ar chúl sceiche riamh lena chuid tuairimí nó nach bhfuil cáil na ceartaiseachta polaitiúla air &ndash; olc ar go leor Albanach i mí Dheireadh Fómhair nuair a chuir sé ina leith nach raibh aon spiorad fiontraíochta sa tír agus go raibh níos mó scile acu i gcaitheamh airgid ná á ghiniúint.
in ísle brí, in low spirits
" Tá an dá chontae i mbarr a réime agus, ag an am céanna, tá an iomaíocht lag &ndash; nó in ísle brí, fiú.
brí agus spiorad animation and spirit
" Ní amháin go gcuireann sé brí agus spiorad sa té a thógann é, ach smaoinígí air seo &ndash; ní bhfuair duine ar bith riamh bás siocair é a chaitheamh in éineacht le cúpla pionta.
caillfear an spiorad agus an t-anam. the spirit and the soul will be lost
" Nó chomh luath is a éiríonn an teagasc agus an seachadadh ró-mhatamaiticiúil nó rófhoirmiúil, caillfear an spiorad agus an t-anam.
Bhí meanma an-mhaith aige he was in very good spirits
" Bhí meanma an-mhaith aige agus caithfidh mé a rá go raibh sé thar a bheith béasach agus siamsúil.
meanma spirit
" Ag an bpreasagallamh céanna, dúirt an Príomh-Aire Rudd go mbeidh ar chumas Bryce meanma nua chomhaimseartha na hAstráile a chothú agus a thabhairt ar aghaidh.
bhí meanma an-mhaith aige he was in good spirits
" (Ach níos mó ina thaobh sin ar ball!) Nuair a bhuail mé le de Spáinn, bhí meanma an-mhaith aige agus é ag caint faoi na nithe corraitheacha atá ag titim amach sa Chonradh faoi láthair.
rud a thug ardú meanman dom, something which raised my spirits
" Thaitin pé ní a bhí agam go mór leis, rud a thug ardú meanman dom, óir thuigeas cé chomh géar is a d'éist sé.
nach raibh ár ndóthain bia spioradálta á fáil againn that we weren't getting enough food for the spirit
" Cinnte, d'éirigh go hiontach leis na ceolchoirmeacha agus dhíolamar slám mór dlúthdhioscaí, ach sílim nach raibh ár ndóthain bia spioradálta á fáil againn astu.
domheanma low spirits
" Níor chuir an méid a bhí scríofa sa *Tuarascáil ar Stádas Caomhnaithe in Éirinn* iontas orm agus mé á léamh ar na mallaibh, cé go chuir sé domheanma orm.
spiorad spirit
" ” Scéal dóchaisCé go bhfuil go leor bróin agus fulaingthe i gceist sa chlár, is scéal dóchais é go príomha, dar le Roche &ndash; ní hamháin ó thaobh an léargais a thugtar ann ar an dul chun cinn atá bainte amach ag The Chernobyl’s Children’s Project International, ach ó thaobh an léargais a thugann sé ar spiorad agus ar dhaonnacht na nÉireannach.
i neart an Spioraid Naoimh in the strength of the Holy Spirit
" Is Críostaí go smior í a bhfuil na blianta caite aici mar bhall den Eaglais Chincíseach agus creideann sí go láidir i neart an Spioraid Naoimh agus i rudaí mar labhairt-i-dteangacha.
misneach nua agus meanma iontu they've new courage and spirit
" Ba chríoch dhíomách é seo do na cailíní, ach tá misneach nua agus meanma iontu i mbliana, a bhuí sin don tslí ar chruthaigh siad ag an gCraobh Eorpach dheireanach.
biotáillí spirits
" Caithfear fíon agus biotáillí a cheannacht ó na “Vinmonopolet” &ndash; siopa atá á reáchtáil ag an stát.
meidhréis meanma happy spirits
" Anamchara a thiomáinfidh thar barr do chéile neomat amháin tú, is a chuirfidh meidhréis meanma díchéillí ort an chéad nóiméad eile.
fásann meanma spirit grows
" Tríd an allagar seo uile, fásann meanma agus misneach Eric an phoist.
spriolladh spirit
" Díreach ar mhúnla na nglún a chuaigh romhainn, is breá linn ár gcairde agus is mór againn an spraoi, an spriolladh agus an spórt; siamsa simplí an tsaoil, mar a déarfá.
mheanma na hóige youthful spirit
" Níl ann ach go bhfuil bonneagar nua tagtha ar an bhfód atá ag bagairt ar mheanma na hóige agus ag teacht salach ar na daoine is goilliúnaí inár measc.
go meanmnach in good spirits
" ) (Patsaí Dan go meanmnach anseo: http://www.
in ísle brí in low spirits
" Ní iontas ar bith di a bheith in ísle brí.
ainsprioraid evil spirit
" Creidtear gur eascair vaimpírí as lucht míghnímh, daoine a chuir lámh ina mbás féin, as cailleacha nó ainsprioraid a ghlac seilbh ar anamacha daoine eile.
ghus strength, spirit
" An corrdhuine a raibh sé de ghus iontu labhairt amach go poiblí, dheántaí magadh fúthu: dúirt Bertie Ahern i 2007, nár thuig sé cén fáth nár chuir na saineolaithe geilleagair, a bhí ag ceistiú a chuid polasaithe ag an am, deireadh leo féin! Bonn Náisiúnach Ilaicmeach D’fhás mise aníos in Éirinn, a bhí faoi smacht polaitíochta ag Fianna Fáil.
spreacadh fanta spirit remains
" Ar mhodh agus ar shiocair éicin nach dtuigim, braithim go bhfuil spreacadh fanta in go leor againn in Éirinn le gníomh úr aisteach éicin a dhéanamh go fóill.
meanma spirit
" Is cuimhin linn meanma ollmhór an dóchais a fuair greim ar shamhlaíocht na ngnáthdhaoine nuair a tháinig Tony Blair i gcomharbacht ar John Major i 1997.
mheanma spirit
" Bhí caidreamh casta aici lena hathair agus cé go raibh meas aigesean ar mheanma agus ar bhua a iníne, bhí an ghráin aici siúd ar a nádúr teasaí tiarnasach magúil agus ar an dóigh a mbíodh sé i gcónaí ag cothú caidrimh le mná eile taobh thiar de dhroim a máthar, Joséphine.
anamúil spirited
" Bhí seisiún ‘cur is cúiteamh’ tar éis an léimh, seisiún a bhí beo agus anamúil agus is léir go bhfuil Roddy Doyle ar a shuaimhneas ar ócáid mar seo, i Learpholl go háirithe.
misneach spirit
" Deir saineolaithe go bhfuil Katie Taylor inchurtha le fear ar bith maidir le scil agus teicníc, agus i ndiaidh a catha i gcoinne Queen Underwood, is léir go bhfuil misneach agus diongbháilteacht dochloíte aici freisin.
croí spirit
" Déanta na fírinne, is geall le faoiseamh é go bhfuil contae eile anois ag fógairt go bhfuilid fós beo agus go bhfuil an cluiche ársa fós á imirt le croí is le fuinneamh i gcontaetha eile.
uaisleacht decency of spirit
" Cuireann sé béim ar na nithe bunúsacha a bhaineann le himirt an tsacair agus le bainistiú foirne: simplíocht, meas, eagrú, féinmhuinín, obair dhian, uaisleacht.
spiorad muirthéachta revolutionary spirit
" Tá tráchtairí polaitíochta ann a mhaíonn gur mhúch Lula spiorad muirthéachta na cosmuintire le liúntais teaghlaigh, arduithe íosphá agus líon teoranta d’infheistíochtaí feiceálacha.
in ísle brí in low spirits
" Cén fáth an diamhracht go léir faoi na seanadóirí teifeacha? Téann sé ar ais sé mhí nó mar sin, nuair a bhí Meiriceá agus an Páirtí Daonlathach in ísle brí mar gheall ar thitim an gheilleagair.
á imirt go dea-chroíoch being played in good spirit
" B’fhéidir go scaoilfeadh réiteoir le mionchalaois anseo is ansiúd má bhíonn an cluiche á imirt go dea-chroíoch.
An Mheanma a Mhúscailt to awaken the spirit
"An Mheanma a Mhúscailt ============ Labhair muid ar leabhar úr John Walsh, Contests and Contexts: The Irish Language and Ireland’s Socio-Economic Development, a léiríonn go bhfuil nasc idir cur chun cinn na Gaeilge agus forbairt gheilleagair na hÉireann.