Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
In ainneoin in spite of the fact
" In ainneoin go n-aithníonn muid an t-aimhleas a dhéanann buidéal eile Seicteachais, nó leathcheann eile Seirbhe dúinn, ní thig linn stopadh.
in ainneoin in spite of
" Tá an tAire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta, Éamon Ó Cuív, ag tógáil seasamh láidir i gcoinne an fheachtais seo agus é ag maíomh go bhfuil na bailte fearainn tuaithe ina gcóras traidisiúnta maireachtála, agus gur cheart leanúint leis mar pholasaí stáit tacú leo, in ainneoin thuairimí An Taisce.
d'ainneoin in spite of
" Ní mór an cuntas atá againn ar Sheosamh Mac Grianna ná ar an ghalar a bhí air d'ainneoin a bhfuil scríofa faoi, agus an chéad uair eile a léifidh mé *Dá mBíodh Ruball ar an Éan *beidh drithle bheag éigin sholais agam as scéal Nash leis an eolas a dhéanamh dom a fhad le tuiscint ar leabhar an Ghriannaigh nár bhain mé amach roimhe.
d'ainneoin in spite of
" Ní mór an cuntas atá againn ar Sheosamh Mac Grianna ná ar an ghalar a bhí air d'ainneoin a bhfuil scríofa faoi, agus an chéad uair eile a léifidh mé *Dá mBíodh Ruball ar an Éan *beidh drithle bheag éigin sholais agam as scéal Nash leis an eolas a dhéanamh dom a fhad le tuiscint ar leabhar an Ghriannaigh nár bhain mé amach roimhe.
in ainneoin an léargais sin in spite of that insight
" ” Ach in ainneoin an léargais sin, i ndeireadh na dála cuireann O’Toole an milleán ar an IRA Sealadach – beart údaraithe dá gcuid, dar leis.
in ainneoin in spite of
" Má tá tosaíocht le bheith ag an iomáint i mBaile Átha Cliath (agus ní léir go bhfuil fós in ainneoin na mbuanna thuasluaite) is gá na hiománaithe is fearr a choinneáil ag iomáint go fiú más gá iad a mhealladh trí shaoire thar lear, bronntanais, scoláireachtaí tríú leibhéal, postanna agus araile.
In ainneoin na drochthaithí in spite of the bad experience
"In ainneoin na drochthaithí a bhí ag Lunny le Phil Coulter agus albam Emmet Spiceland á thaifeadadh, bhí baint lárnach ag fear Dhoire le Planxty i mblianta tosaigh sin an ghrúpa.
le drochrud with/ out of spite
" Tá mé ag iarraidh a thuigbheail, - b’fhéidir go bhfuil barúil agat féin cad é an fáth a bhfuil siad á dhéanamh - ní fhéadfadh siad a bheith á dhéanamh le drochrud, ach mar sin féin, tá siad ag déanamh dochair.
gangaid spite
" Samhlaítear roinnt de na tréithe seo a leanas leis an bhfocal bronco: cíocras; gráin; díocas; binb agus gangaid.
gangaid sheicteach sectarian spite
" Chothaigh an reachtaíocht deiridh seo gangaid sheicteach in amanna.
goimh aisteach iontu they possess a strong spite
" Smacht in Ionad na hAinrialach =========== Tá an iomarca daoine róghortaithe sa saol agus tá sciar líonmhar a gortaíodh agus a bhfuil laige éigin fanta iontu, nó go bhfuil goimh aisteach iontu ó shin.
An Nimh san Fheoil badness, spite
" An Nimh san Fheoil ====== Agus seo chugainn anois sampla eile nach bhfuil naimhde na teanga sa chóras oideachais imithe ar shiúl bíodh a fhios agat, ná baol air.
in aghaidh farraige arda an Bhéarla in spite of the English threat
" Ba léir Dé Sathairn go bhfuil muintir na Gaeltachta i Maigh Eo ag lorg an tsaineolais len iad féin a threorú chun cuain in aghaidh farraige arda an Bhéarla.
in ainneoin in spite of (the fact)
" Bíonn ceiliúradh mór ann i gcónaí nuair a thagann foireann sacair na hÉireann abhaile ó chomórtas idirnáisiúnta, in ainneoin nach n-éiríonn leo riamh aon rud a bhuachaint.