Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
splanc a bhaint as an tsaol enjoy life
" Bíonn an tréimhse sin i do shaol nuair atá coibhneas tréan idir an scáthán agus tú féin, nuair nach bhfuil ar d'intinn ach an bóthar a bhualadh agus splanc a bhaint as an tsaol.
splanc a bhaint as an tsaol enjoy life
" Bíonn an tréimhse sin i do shaol nuair atá coibhneas tréan idir an scáthán agus tú féin, nuair nach bhfuil ar d'intinn ach an bóthar a bhualadh agus splanc a bhaint as an tsaol.
splanc spark
" Nuair a bhuail scata as Conamara isteach chugainn le linn sheisiún an Domhnaigh baineadh splanc as an urlár ar níos mó ná bealach amháin! An tOireachtas ======= Chaithfinn a rá freisin go raibh Oireachtas thar barr ann sa Daingean.
splanc spark
" Ní raibh gá ach le splanc nó tintreach a thosódh an dó.
splanc flash
" Laige eile atá ar na webcams go minic ná nach mbíonn splanc acu, agus go mbíonn orthu a bheith ceangailte le ríomhaire de ghnáth.
splanc spark
" Measann sé go raibh Dave Fanning thar barr mar láithreoir tráth ach go bhfuil an splanc caillte aige, gur agallaimh is mó a bhíonn aige ar an chlár anois, agus go bhfuil an chuma ar an scéal nach gceannaíonn sé mórán ceoil nua.
splanc spark
" Scríbhneoirí óga/nua a aimsiú a bhfuil splanc ina gcuid scríbhneoireachta.
splanc spark
" Ach an bhfuil an splanc speisialta sin ann a thabharfas ar dhaoine tacaíocht a thabhairt dó agus dá pháirtí, beag beann ar a chuid polasaithe agus ar a chuid dáiríreachta? Tá an splanc sin ag Bertie.
mar a thitfeadh splanc orm like a bolt from the blue
" Ach bhuail sé mé mar a thitfeadh splanc orm agus mheas mé nach raibh an dara rogha agam ach leanúint orm.
splanc chéille spark of sense
" Willie bocht! Níl aon iontas go bhfuil sé briste! Anois teacht an earraigh beidh a chiall ag imeacht le gaoth arís agus tar éis na Féile Bríde beidh a raibh de splanc chéille riamh aige i ndiaidh é a thréigean.
splanc thintrí flash of lightning
" " Post le Gaeltarra Éireann ======= Cé hé Tutenstein? Buachaill beag de sheargán nó *mummy *is ea Tutenstein, a bhíonn ar taispeáint in iarsmalann chathrach nuair a bhuaileann splanc thintrí é.
Splanc flash
" Splanc bheag de bhándearg, duine ag bogadh.
splanc spark
" Bhí mé i mo chónaí sa chathair iontach álainn sin ar feadh ceithre bliana agus, cé nár fhoghlaim mé focal amháin Gaeilge sular fhág mé Bostún, d'aimsigh mé an splanc a spreagfadh an tine i bhfad ní ba déanaí: an ceol Éireannach.
splanctha i ndiaidh duine dá mhúinteoirí mad about one of his teachers
" Thit sé i ngrá le scannáin den chéad uair toisc go raibh sé splanctha i ndiaidh duine dá mhúinteoirí sa mheánscoil! Murach go raibh múinteoir Fraincise tarraingteach i Meánscoil Ghlaisín i gCorcaigh, tá gach seans nach mbeadh fáil againn ar na cáipéisí stairiúla atá san obair a dhein Marcus le Gael Linn - nó ar na cláracha faisnéise eile atá déanta aige le linn a shaoil.
splanc spark
" Tá gníomhaíochtaí radacacha úrnua ag teastáil agus tá an chuma ar an scéal nach ón Ghaeltacht a thiocfaidh an splanc an iarraidh seo.
splanc spark
" An splanc curtha sa sponc aige, na Balcáin ina mbladhm lasrach arís.
ag a mbeadh splanc céille. who had any sense.
" Ansin, maidin bhreá Sathairn, fuair mé léargas ar an spórt a chuirfeadh ar an mbealach abhaile éinne ag a mbeadh splanc céille.
daoine atá splanctha ina ndiaidh. people who are mad about them
" Dar ndóigh, tá lucht éisteachta díograiseach ag na ceoltóirí seo, daoine atá splanctha ina ndiaidh.
ar thóir na splaince, searching for the bolt
" Deir sé nach mbíodh na ceoltóirí sin in iomaíocht lena chéile ach go mbíodh siad i gcónaí “ar thóir na splaince, an mhothúcháin” agus gur éirigh leo é sin a chur in iúl fiú sa stiúideo taifeadta.
splanctha i ndiaidh crazy about
" ” Mire mhílaoiseach Ach má tá Palin claonta i leith Iosrael (d’inis sí do Shimon Peres nach raibh ach bratach amháin ina hoifig!), tá a leathbhádóir sinsearach, John McCain, splanctha i ndiaidh na tíre bige sin.
splanc céille a bit of sense
" Don Taoiseach is mian liom go dtabharfaí ranganna deaslabhartha agus aoibh phléisiúrtha; do Mhary Harney vaicsín acmhainn grinn (saor in aisce ar ndóigh); ticéad chuig The Lion King don Tánaiste; bachall mhór don Phríomh-Aoire le smacht a choinneáil ar na cúlbhinseoirí, do Mhary O'Rourke cárta leighis óna nia, conradh úr do Inda Kinny, cnámh droma (in-athnuaite) do John Gormley, roinnt iarrthóirí le dealramh do Shinn Féin, bliain gan tubaiste don HSE, leac cuimhneacháin do na PDs, splanc céille do Chonor Lenihan agus téipeanna Buntús Cainte do Mhichael Ring.
splanc flash
" Is ón ngluaiseacht fánach seo a thagann splanc ceoil chugam go minic, nó uaireanta eile is ó bhotúin a dheinim sa tseinnt nó uaireannta eile ó thorann tráchta, blúire amhránaíochta ar shráid lárchathrach, feadaíl fear oibre, rithim inneall traenach, gáire linbh nó ó aon ní i sruth an tsaoil.
splanc spark
" Fiú sula gcasann sí ón fhuinneog, fiú muna gcuireann sí uirthi ach gúna cadáis scagach le fuadar a cuid drúise - gúna a bhfuil an dá chnaipe uachtarach fós á gceangal aici nuair a briseann sí doras an tí amach - tuigimid, pé rud eile a tharlós sa scannán seo, go bhfuil splanc domhúchta lasta cheana féin idir an bheirt aonarach neamhchoinbhinseanúla seo.
splanc spark
" Is í seo an bhean a chuirfidh spleodar ar ais sa Roinn Éadóchais agus a chuirfidh splanc i seomraí foirne scoileanna na tíre.
splanc tintrí flash of lightening
" An mbuailfear é le splanc tintrí má théann sé in aice na haltóra? Céad Litir an Duine Anaithnid 2: Maidir le m’iníon Maidir le m’iníon, is glór duine mé ag éamh san fhásach.
splanc flash (in the pan)
" Ar íorónaí an tsaoil é, Ramsay Macdonald agus Páirtí an Lucht Oibre a bhí i gceannas sa Bhreatain, ach Aontachtaithe Uladh a bhí i réimeas ó thuaidh ach sna tríochaidí ní raibh san aontas trasphobail sin ach splanc.
splanc an chló thintrí the flash of a shaft of lightening
" An féidir leis an matamaitic í a dhriogadh dúinn i bhfoirm dhíreach shimplí, foirmle a shlogann uimhreacha ar thaobh amháin di agus a chuireann os ár gcomhair amach radharc an rós ag bláthú, nó splanc an chló thintrí? Mar is léir ó na híomhánna ríomhghinte atá ar fáil ar an idirlíon, tá an cumas sin ann gan amhras, agus anuas air sin tá íomhánna á ndéanamh anois le cruthanna iontu nár shamhlaigh duine riamh, íomhánna a bhaineann bíogadh asainn lena gcuid áilleacht aduain.
tháinig splanc a las an spéir a flash lit the sky
" I gciúnas agus olldorchadas na hoíche, bhreathnaíomar amach fuinneoga uachtar ár dtí ar íor na spéir - ba chosúil le taispeántas tinte ealaíona é - gach leathnóiméad nó mar sin tháinig splanc a las an spéir agus lean toirneach na pléisce é cupla soicind ina dhiaidh.
Níl na Daoine Chomh Splanctha people aren’t as crazy
" Nó, an é gur lú an líon daoine atá in ann deoch mheisciúil a cheannach go rialta, go háirithe daoine óga, siocair an ghanntanais airgid? Níl na Daoine Chomh Splanctha ============= Tá smaointe eile ann nach mbeifeá ag súil leo.
Saíocht Splanctha Ár Linne our viral era
" Saíocht Splanctha Ár Linne =========== Leagtar an-béim ar chaomhnú na teanga seo, ach baineann tábhacht i gcónaí le hathnuachan na teanga.
Ag splanc na hóige atá an mhúscailt seo youthful spirit had this awakening
" Ag splanc na hóige atá an mhúscailt seo idir ‘*Wake me Up*’, ‘Anois an tAm’ agus a leithéidí, ba é seo teacht i dtír na Gaeilge ar chultúr splanctha nó ‘*viral*’ na linne seo.
nach mbuailfidh splanc Tindrí tusa leis Tender may strike you like lightening also
" Féach é agus cá bhfios nach mbuailfidh splanc Tindrí tusa leis?
An chéad splanc the first flash
Lasann splanc solais a flash of light shows
" Lasann splanc solais aghaidh na mná agus tarraingíonn sé ár n-aird ar a craiceann síodúil lonrach.
splanctha i ndiaidh mad about
" Tá Colm Ó Snódaigh splanctha i ndiaidh Nina Simone i ndiaidh dá chuid suime a bheith múscailte inti in athuair le déanaí.
splanc spark
" Shíl muid go bhféadfadh Pól Ó Muirí splanc a thabhairt don iris agus dúshlán a thabhairt don Chailín sin sa Chathair.
Bhuail splanc fiannaíochta a fit of fenian tales hit
" Bhuail splanc fiannaíochta Eoin Mac Aodha Bhuí ach cén t-ionadh nó is i mbun taighde a bhí sé ar an áis ríomhaireachta, nó an áis tochmhairc, Tinder.